Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 24 March 2026
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Múineadh na Gaeilge T2 i mBunscoileanna agus Córas na nDíolúintí: Plé (Atógáil)
2:00 am
John Connolly (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Glacaim leis go hiomlán gur ábhar casta é seo. Níl sé éasca. Níl sé gan fhadhb. Caithfidh mé a rá, aon uair gur tháinig tuismitheoir chugam i mo shaol proifisiúnta ag lorg díolúine, bhí siad go hiomlán den tuairim go raibh siad ag déanamh a ndícheall ar son a bpáiste. Caithfimid glacadh leis sin agus an ábhar seo á phlé againn. Maidir leis an rud a luaigh Brendan Doody níos luaithe, is é an tuiscint atá ag an tuismitheoir atá ag lorg díolúine ná nach mbeidh aon Ghaeilge á dhéanamh ag a bpáiste ar scoil arís. Má tá rud éigin difriúil sa chiorclán, tá orainn é sin a ardú, a fhoilsiú arís agus a thabhairt do scoileanna agus tuismitheoirí timpeall na tíre ionas go dtuigfidís nach bhfuil sé i gceist nach mbeidh aon Ghaeilge á dhéanamh ag a bpáiste riamh arís. Is é an meon atá ann faoi láthair ná nach mbeidh an Ghaeilge á dhéanamh acu. Tá difríocht tuiscine ansin agus tá orainn soiléiriú a thabhairt do na scoileanna agus do na tuismitheoirí. Nuair a bhí ionadaithe ó Chumann Múinteoirí na hÉireann anseo linn an tseachtain seo caite, mhol siad dúinn gur chóir don Roinn oideachas bileog eolais a thabhairt do gach scoil ionas go mbeadh sé ar fáil d’aon tuismitheoir a thagann ag lorg díolúine le taispeáint dóibh céard a chiallaíonn sé i ndairíre. Ní chiallaíonn sé, mar atá ráite, nach mbeidh aon Ghaeilge á dhéanamh ag an bpáiste arís. An measann na finnéithe go mbeimid in ann bileog eolais mar sin a chruthú agus a chur timpeall?
No comments