Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 24 March 2026

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Múineadh na Gaeilge T2 i mBunscoileanna agus Córas na nDíolúintí: Plé (Atógáil)

2:00 am

Shane Curley (Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá fadhb ansin mar tá meon againn maidir leis an nGaeilge atá difriúil don dá ábhar eile - Béarla agus mata. Má tá fadhb ag dalta le mata nó Béarla, tagann muid ar bhealach timpeall air chun cabhrú leo dul i ngleic leis an ábhar sin, ach má tá an Ghaeilge ródheacair don dalta deirtear, "Fág é, agus faigh díolúine". Ní aontaím leis sin. Mar a dúirt an Dr. Kirk, tá seans go bhfuil fadhb le meon na múinteoirí agus na bpríomhoidí sna scoileanna ach tá fadhb ag leibhéal i bhfad níos airde sa chóras freisin.

Tá ceist amháin eile agam. Tá 2.2% díolúintí á dtabhairt amach sa bhunscoil. Cloisim go bhfuil 13% á dtabhairt amach sa mheánscoil. Tá éagsúlacht ollmhór idir an dá leibhéal. An nglacann na finnéithe leis go bhfuil tionchar ag caighdeán an oideachais a fhaigheann daltaí sna bunscoileanna air sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.