Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 24 March 2026

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Múineadh na Gaeilge T2 i mBunscoileanna agus Córas na nDíolúintí: Plé (Atógáil)

2:00 am

Photo of Shónagh Ní RaghallaighShónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein) | Oireachtas source

Nach dtaispeánann sé sin dúinn go bhfuil fadhb eile ann? An fhadhb ná nach bhfuilimid ag tabhairt na dtacaíochtaí don mhúinteoir agus don phríomhoide. Tá fadhb sceidiúlach ann. Tá siad ag cur Gaeilge ar siúl san am céanna le tacaíocht sa bhreis. Tá tuismitheoirí ag lorg sosa don pháiste. Nílimid ag tabhairt na tacaíochta don pháiste. Nuair a bhí mise ag múineadh, bhí páistí agam le discalculia, agus níor cuireadh ceist orm riamh díolúint a thabhairt dóibh sa mhata. Bhí orm idirdhéalú a dhéanamh don pháiste sin ionas gur féidir leo dul i ngleic leis an gcuraclam mata ar a chumas féin. Ní raibh ceist riamh maidir le díolúint a thabhairt dóibh sa mhata toisc go raibh riachtanais acu le mata. Cén fáth a bhfuil an riachtanas á thabhairt againn i dtaobh an teanga? Tá sé soiléir dom gur easpa measa don teanga, agus claontacht i gcoinne ár dteanga náisiúnta, atá i gceist anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.