Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 24 March 2026

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Múineadh na Gaeilge T2 i mBunscoileanna agus Córas na nDíolúintí: Plé (Atógáil)

2:00 am

Photo of Shónagh Ní RaghallaighShónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim míle buíochas leis na finnéithe as ucht a bheith os ár gcomhair inniu chun an t-ábhar ríthábhachtach seo a phlé. Ba mhaith liom ar dtús díriú ar chóras na ndíolúintí. Cuirim an cheist go minic faoi líon na ndíolúintí a thugtar amach sa tír seo agus faighim na freagraí céanna - go mbaineann sé le líon na ndaltaí atá tar éis teacht ó thíortha eile agus leis an méadú ar líon na bpáistí le riachtanais bhreise - ach ní ghlacaim leis sin. Níl aon fhianaise ann ag rá gurb ionann riachtanas breise agus gan a bheith in ann teanga a fhoghlaim. Níl aon fhianaise ann nach féidir le duine ó thír eile an tríú teanga a fhoghlaim. De ghnáth, tá siad dátheangach nuair a thagann siad anseo. Ní ghlacaim leis sin. An féidir leis an Roinn anois a admháil nach bhfuil an córas díolúine seo ag obair? Chuir mé an cheist cheana. Ní raibh an Roinn in ann é a admháil an samhradh seo caite. Tá na ceardchumainn tar éis é a rá. Tá an coiste Gaeilge de chuid na Dála deireanaí tar éis tuarascáil a chur os comhair na Roinne. Níl sé ag obair. An féidir leis an Roinn é sin a admháil inniu?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.