Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 25 November 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta: Conradh na Gaeilge

2:00 am

Mr. Julian de Spáinn:

Ar son Chonradh na Gaeilge, gabhaim buíochas mór leis an gCathaoirleach, leis na Teachtaí Dála agus leis na Seanadóirí as an deis a bheith anseo inniu chun maoiniú earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta, séanadh cearta teanga, tithíocht sa Ghaeltacht, agus soláthar an oideachais Ghaeilge do dhaltaí a phlé leo. Ós rud é go bhfuil a lán i gceist le téama an chur i láthair inniu, tá sé i gceist agam plé a dhéanamh air trí na héilimh a bhí agus atá fós ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a cuireadh chun cinn ag an agóid náisiúnta, CEARTA, a eagraíodh ar an 20 Meán Fómhair i mBaile Átha Cliath. Mar is eol don choiste, shiúil 25,000 duine ar son éileamh faoi leith le dul i ngleic leis an maoiniú éagothrom stairiúil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, leis an ngéarchéim tithíochta Ghaeltachta, leis an éigeandáil sa chóras oideachais agus leis na cearta teanga nach bhfuil feidhmithe. Táimid an-bhuíoch as an tacaíocht atá tugtha ag an gcomhchoiste seo dúinn leis na fadhbanna seo ar fad a réiteach roimhe seo agus gabhaim buíochas do na baill den chomhchoiste a bhí i láthair ag CEARTA ar an lá.

Tá sé ríthábhachtach an comhthéacs stairiúil a thógáil san áireamh maidir leis an maoiniú éagothrom stairiúil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Ní raibh ach 0.15% de chaiteachas iomlán an Stáit ó Dheas in 1956 á chaitheamh ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht. In 2025, tá an caiteachas sin tite go 0.10% de chaiteachas iomlán an Stáit do Roinn na Gaeltachta. Nuair a chuirtear boilsciú san áireamh, tá 45% níos lú maoinithe ag Foras na Gaeilge ná mar a bhí aige 20 bliain ó shin, cé go bhfuil an líon grúpaí atá le maoiniú sa phobal aige tar éis fás go tréan sa tréimhse chéanna. Dá mbeadh an ráta fáis céanna ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge is a bhí ag an gComhairle Ealaíon le 20 bliain anuas, bheadh buiséad €50 milliún ag Foras na Gaeilge anois. Ina áit sin, áfach, bhí buiséad de €17 milliún ag an bhforas in 2025, an méid céanna is a bhí aige 20 bliain ó shin.

Le dul i ngleic leis an éigeandáil i maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta, táimid ag éileamh go n-aithneofar éagothroime stairiúil an bhonnleibhéil mhaoinithe don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus an tionchar diúltach a bhí aige seo ar fhíorú chearta teanga an phobail thar na blianta, agus go maoineofar an plean fáis, plean infheistíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta, atá aontaithe ag breis is 130 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta. Chinnteodh maoiniú an phlean fáis go mbeadh maoiniú sásúil ann don phleanáil teanga laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Thacódh sé le tithíocht Ghaeltachta, leis na comharchumainn agus leis na coláistí samhraidh Gaeltachta. D’fhreastalódh sé chomh maith ar dhaoine óga faoi mhíbhuntáiste leis an teanga a fhoghlaim agus chinnteodh sé maoiniú sásúil do na meáin Ghaeilge i measc go leor leor moltaí eile sa phlean.

Mar is eol don choiste, bhain an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, an Teachta Dara Calleary, an t-ardú is mó i maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta le fada an lá amach i gcáinaisnéis 2025. Tá ardmholadh ag dul dó as an dul chun cinn seo a dhéanamh, don choiste as brú a chur ar an Rialtas le méadú suntasach a chur ar fáil agus, go háirithe, do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta as an maoiniú breise a éileamh ní hamháin ar na sráideanna ag CEARTA ar an 20 Meán Fómhair, ach tríd an stocaireacht a rinneadh le tamall de bhlianta. Cé go bhfuil fáilte curtha roimh an ardú seo, níor chóir glacadh leis go bhfuil an éagothroime mhaoinithe curtha ina ceart fós nó baol air.

Níl an méid maoinithe curtha ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht trí Roinn na Gaeltachta mar chéatadán de chaiteachas iomlán an Stáit ach méadaithe ó 0.1% go 0.11%. Tá an €2 mhilliún sa bhreis curtha ar leataobh d’Fhoras na Gaeilge agus tá ceist ollmhór ann an mbeidh sé indéanta an t-airgead sin a thabhairt d’Fhoras na Gaeilge leis an struchtúr maoinithe reatha, atá briste ag an bhforas, i bhfad Éireann ró-íseal. Tá €2 mhilliún ag teastáil ó na ceanneagraíochtaí Gaeilge amháin leis na poill inár mbuiséad ó 2015 a líonadh, gan caint ar na poill i ngach scéim eile atá ag an bhforas a líonadh. Ní cóir dearmad a dhéanamh gur chóir go mbeadh buiséad de €50 milliún ag an bhforas ag an bpointe seo, in ionad an €19 milliún atá aige in 2026, dá mbeadh an ráta fáis céanna ar a bhuiséad agus a bhí ar bhuiséad an Chomhairle Ealaíon. Is mór an bhearna idir €19 milliún agus €50 milliún.

Bhí an bonnleibhéal maoinithe don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ró-íseal riamh don teanga agus tá sé sin fíor fós i ndiaidh cáinaisnéis 2026 a bheith fógartha. Fágann an bonnleibhéal ró-íseal seo nach bhfuil maoiniú sásúil ann do go leor rudaí práinneacha atá de dhíth sa phobal. Mar shampla, ba chóir go mbeadh na hoifigigh pleanála teanga agus na bainisteoirí comharchumainn íoctha go sásúil ag, ar a laghad, an leibhéal d’ardoifigeach feidhmiúcháin sa Státseirbhís. Tá siad freagrach as inbhuanaitheacht na Gaeltachta agus a chinntiú go mbeidh rath ar a gcuid pleananna teanga. Deirtear go minic go bhfuil an Ghaeltacht ann mar fhoinse agus thaca don phobal uile. Mar sin, tá na fostaithe seo ag feidhmiú ní hamháin ar bhonn áitiúil ach ar leas na tíre iomláine, ach níl an tuarastal a chuirtear ar fáil dóibh ag aithint an ról ollmhór atá acu. Caithfear é sin a chur ina cheart mar ábhar práinne. Tá gá le hoifigigh óige i ngach limistéar pleanála teanga. Cé go mbeidh méid áirithe maoinithe curtha ar leataobh le tús a chur leis seo in 2026, níl a dhóthain curtha ar fáil le hoifigeach óige a fhostú i ngach limistéar pleanála teanga Gaeltachta agus níl an maoiniú nua seo le bronnadh ar na coistí pleanála teanga féin faoi mar a éilíodh. Ciallaíonn sé sin nach mbeidh na hoifigigh nua seo freagrach go díreach as an bplean teanga áitiúil a chur i bhfeidhm faoi stiúir na gcoistí pleanála teanga. Is botún é seo agus sampla eile d’easpa éisteachta le mianta an phobail féin.

Níl ansin ach cúpla sampla de na himpleachtaí den easpa maoinithe atá ann. Iarraim ar an gcoiste éagothroime stairiúil an bhonnleibhéil mhaoinithe don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a aithint agus gníomhú linn lena chinntiú go maoineofar an plean fáis, plean infheistíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta, atá aontaithe ag breis is 130 grúpa Gaeilge, Gaeltachta agus eile.

Maidir leis an ngéarchéim tithíochta Ghaeltachta, creideann muid go gcaithfear a chinntiú go mbeidh an ceart ag pobal na Gaeltachta a bheith ina gcónaí ina gceantar dúchais, an soláthar cuí a dhéanamh leis seo a chinntiú agus, mar thoradh air seo, cabhrú leis an teanga a shlánú agus a láidriú mar theanga phobail sna ceantair chéanna. Tá éigeandáil tithíochta náisiúnta ann, ach tá práinn bhreise agus éagsúil ag baint léi sa Ghaeltacht ná mar atá in aon cheantar eile sa tír. Má thagann bánú ar cheantar Gaeltachta, ní hamháin go mbeidh an pobal tuaithe sin imithe, ach beidh an Ghaeilge dhúchasach shaibhir sa chuid sin den Ghaeltacht imithe go deo chomh maith agus beidh teanga na tíre níos laige dá bharr. Níl ach 20,261 cainteoir laethúil Gaeilge ann sa Ghaeltacht faoi láthair. Tháinig laghdú 12.8% ar líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht idir 2011 agus 2022. Tá freagracht ar phobal na Gaeltachta nach bhfuil ar phobail eile fud fad na tíre, is é sin, go mbaineann caomhnú shaibhreas na Gaeilge leo. Níor lorg siad an dualgas seo ach tá an tír ar fad ag brath orthu an cúram a dhéanamh. Chuige sin, ba chóir a chinntiú go mbeidh pobal na Gaeltachta in ann cónaí sa Ghaeltacht féin agus go mbeidh tacaíocht curtha ar fáil dóibh chuige sin.

Ní fheictear dúinn go bhfuil réiteach na géarchéime san áireamh i bplean nua tithíochta an Rialtais. Cé gur chuir muid fáilte go bhfuil sé aitheanta sa phlean go bhfuil sé riachtanach go mbeidh rochtain ar mheascán de thithíocht oiriúnach d'inbhuanaitheacht na Gaeltachta agus go bhfuil sé molta ann go bhfiosrófar an fhéidearthacht d’Údarás na Gaeltachta a bheith ag obair le hUisce Éireann agus na húdaráis áitiúla le tacaíocht a chur ar fáil chun tithe a thógáil do phobal na Gaeilge, níl mórán eile nua ann sa phlean. Tá foilsiú na dtreoirlínte pleanála Gaeltachta, nó an ráiteas náisiúnta pleanála Gaeltachta, mar a thugtar orthu anois, a gealladh ar dtús in 2021, curtha siar go 2027. Níl aon tagairt do scéim deontais nó leasú ar scéim reatha tithíochta le cabhrú le pobal na Gaeltachta tithe a thógáil. Níl aon chumhacht shonrach bhreise luaite d’Údarás na Gaeltachta agus níl aon ról sonrach comhordaithe tugtha dó. Níl aon sprioc intomhaiste luaite leis an nGaeltacht ach tá sa cháipéis i réimsí eile, mar shampla, le líon na dtithe a thógfar.

Le dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta Gaeltachta agus ag aithint na bearnaí ollmhóra sa phlean náisiúnta tithíochta, táimid ag lorg thacaíocht na mball leis na rudaí seo a leanas a bhaint amach. Ba chóir go dtabharfar an chumhacht reachtúil d’Údarás na Gaeltachta i mBille Údarás na Gaeltachta talamh agus réadmhaoin a cheannach ar mhaithe le tithíocht, seirbhísí agus áiseanna sóisialta nó cultúrtha a chur ar fáil. Ba chóir go gcuirfear an maoiniú breise cuí ar fáil d’Údarás na Gaeltachta le rannóg tithíochta a bhunú a bheadh freagrach as na cúraimí seo a leanas: straitéis tithíochta agus daonra Ghaeltachta a éascú do gach limistéar pleanála teanga Gaeltachta; comhordú leis na húdaráis áitiúla Ghaeltachta, Uisce Éireann agus na comhlachtaí ceadaithe tithíochta; agus comhordú ar fhorbairt phleananna na gceantar tosaíochta sa Ghaeltacht faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024.

Chuige seo, bheadh foireann nua de sheachtar ag teastáil le buiséad de thart ar €650,000 sa bhliain de réir eolais atá faighte againn ó Údarás na Gaeltachta. Tá géarghá an maoiniú seo a chur ar fáil leis an rannóg seo a bhunú láithreach bonn. Ba chóir go bhfoilseofar an ráiteas náisiúnta pleanála Gaeltachta láithreach bonn agus go gcuirfear riachtanas phríomháit chónaithe ar chóiríocht ar cíos gearrthéarmach sa Ghaeltacht nuair a thabharfar isteach an clár cóiríochta ar cíos gearrthéarmach in 2026. Molaimid go mbunófar scéim cánach na dtithe saoire sa Ghaeltacht ar bhonn píolótach amhail is atá déanta sa Bhreatain Bheag agus go dtabharfar aitheantas ar leith don Ghaeltacht faoin scéim croí cónaithe, a chuirfeadh ar chumas na Roinne an scéim a úsáid chun deontas 20% níos airde a thabhairt sa Ghaeltacht do chainteoir gníomhach Gaeilge a bheadh ag iarraidh obair athchóirithe a dhéanamh ar theach folamh nó tréigthe sa Ghaeltacht. Ba chóir go leathnófar amach togra na dteaghlach Gaeltachta, scéim atá á reáchtáil ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, chuig ceantair Ghaeltachta eile agus an maoiniú a chur ar fáil trí Údarás na Gaeltachta chuige. Faoin scéim sin, tá tithe á gcur amach ar cíos agus ioncam saor ó cháin ar fáil ag na tionóntaí trí úsáid a bhaint as an ioncam sin chun scoláirí Gaeltachta a choimeád.

Tá éigeandáil sa chóras oideachais ó thaobh na Gaeilge de. Tá díolúine ó staidéar ar an nGaeilge anois ag duine as gach seachtar daltaí meánscoile. Tá an córas dolúbtha seo ag teip ar bhreis is 60,000 dalta meánscoile, córas a sheachnaíonn fadhbanna in áit aghaidh a thabhairt orthu. Ní dhearna 20% de dhaltaí meánscoile an Ghaeilge don teastas sóisearach. Tá 30 nóiméad sa tseachtain bainte ón am atá curtha ar fáil do mhúineadh na Gaeilge sa bhunscoil ó rang a haon go rang a sé. Cé gur gheall an Rialtas deireanach ó Dheas go n-oibreodh sé i dtreo an líon daltaí sa Ghaelscolaíocht a dhúbailt, thit an líon daltaí sa Ghaelscolaíocht 3% le linn tréimhse an Rialtais sin agus níl aon sprioc intomhaiste uaillmhianach ag an Rialtas nua seo leis an soláthar Gaelscolaíochta a mhéadú.

D’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Óige a plean gnímh dhá-bhliain do na scoileanna meán-Bhéarla agus polasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht le déanaí. Tá údar misnigh sna pleananna seo mar go mbeidh an Roinn ag cur acmhainní i dtreo an dá réimse seo. Mar sin féin, ní rachaidh ceachtar acu i ngleic le príomhthorthaí an taighde agus na gcomhairliúchán ar tugadh fúthu chun an polasaí agus an plean gnímh a fhorbairt. Ba léir sa dá phróiseas comhairliúcháin go raibh éileamh ann ar sprioc uaillmhianach agus intomhaiste chun soláthar an oideachais trí Ghaeilge a mhéadú go mór a chur san áireamh sa pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge. I gcás an phlean ghnímh, ba léir ó thaighde SEALBHÚ gurb é plean foriomlán do mhúineadh na Gaeilge bunaithe ar an bhfráma tagartha comónta Eorpach ceann de na clocha is mó ar ár bpaidrín. Níl ceachtar den dá thosaíocht seo san áireamh sa phlean gnímh dhá-bhliain do na scoileanna meán-Bhéarla nó sa pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Is é ceann de na rudaí is mó a chuireann frustrachas orainn ná go bhfeiceann muid arís agus arís agus polasaithe oideachais á bhforbairt go n-eagraítear próisis chomhairliúcháin agus go dtugtar cuireadh do pháirtithe leasmhara ionchur a bheith acu iontu, ach ansin, níos minice ná a mhalairt, déantar maolú mór nó fiú neamhaird iomlán ar na príomhphointí a thagann chun cinn sna polasaithe agus sna pleananna a eascraíonn as. Ní féidir leanúint ar aghaidh mar sin.

Táimid ag éileamh ar an Aire oideachais nua uaillmhian a léiriú agus gníomhú go práinneach le grúpa saineolach a chur ar bun láithreach bonn le polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón oideachas luathóige go dtí an tríú leibhéal bunaithe ar an bhfráma tagartha comónta Eorpach a fhorbairt, agus plean chun soláthar an oideachais trí Ghaeilge a mhéadú ó 6% go 20% thar thréimhse 20 bliain a fhorbairt.

Maidir le polasaí cuimsitheach don Ghaeilge bunaithe ar an bhfráma tagartha, chruthódh sé córas solúbtha trína bhféadfaí freastal ar dhaltaí ar a leibhéal cumais féin. Mar shampla, bheadh dalta le riachtanas breise a bhaineann le scríbhneoireacht in ann leanúint le foghlaim na Gaeilge labhartha go leibhéal na hardteistiméireachta, measúnú a dhéanamh bunaithe ar an scil sin agus na pointí cuí CAO a fháil, in áit bac a chur ar dhaltaí ag foghlaim na Gaeilge, mar a tharlaíonn go rómhinic faoin gcóras reatha díolúine. Bheadh an córas nua sin in ann freastal ar dhaltaí a thagann isteach sa chóras níos deireanaí. Mar shampla, bheadh dalta in ann tosú ar an leibhéal is ísle den fhráma má thagann siad isteach sa scoil sa chúigiú bliain agus d’fhéadfaí ansin an measúnú ardteistiméireachta a bhunú ar an leibhéal sin. Bheadh an córas ailínithe le polasaí níos leithne an Rialtais. Mar shampla, beidh an sprioc earcaíochta de 20% d’earcaithe san earnáil phoiblí a bheidh inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla, a bhfuil tús le cur leis ag deireadh 2030, bunaithe ar an bhfráma. Luíonn sé le réasún go gcinnteofaí tríd an gcóras oideachais go bhfaigheadh gach dalta oideachas bunaithe ar an bhfráma le go mbeidís in ann cur isteach ar na poist sin amach anseo.

Maidir leis an éileamh leis an soláthar Gaelscolaíochta a mhéadú, aithníonn muid go bhfuil tascfhórsa curtha ar bun ag an Roinn oideachais le déanaí le moltaí a bhreathnú maidir le bunú, forbairt agus inbhuanaitheacht múnlaí do sholáthar oideachais lán-Ghaeilge. Níl aon chinnteacht go dtiocfaidh an grúpa seo ar ais le haon sprioc uaillmhianach intomhaiste leis an líon soláthar a mhéadú. Níl an aidhm sin fiú luaite i dtéarmaí an tascfhórsa féin. Mar sin, caithfear an-bhrú a chur ar an Aire oideachais lena chinntiú go ndéanfaidh sí cinnte de go mbeidh sprioc intomhaiste uaillmhianach ann. Tá an conradh ag moladh go mbeidh sprioc ann leis an soláthar den oideachas trí Ghaeilge a mhéadú ó 6% go 20% thar thréimhse 20 bliain.

Maidir le cearta teanga nach bhfuil feidhmithe, tá roinnt cearta teanga, reachtaíochta teanga agus gealltanas Rialtais breise bainte amach le roinnt blianta anuas ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ach níl cuid mhaith acu feidhmithe agus ag soláthar na gceart cuí don phobal fós. Mar shampla, tá Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) i bhfeidhm ó 2021. Foilsíodh an plean náisiúnta um sheirbhísí poiblí Gaeilge in 2024, atá le pleanáil i dtreo feidhmiú fhorálacha an Achta ar nós na sprice earcaíochta go mbeidh 20% de na daoine a earcófar chuig an tseirbhís phoiblí faoi dheireadh 2030 inniúil sa Ghaeilge, an aidhm go mbeidh na hoifigí Stáit sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus araile. Cé gurbh é seo cur chuige an Rialtais, níl spriocanna intomhaiste ná uaillmhian sa phlean náisiúnta um sheirbhísí poiblí Gaeilge. Mar shampla, níl aon ról sonrach don Roinn oideachais sa phlean agus tá an chuid is mó de na gníomhartha luaite sa phlean le breith in ionad le feidhmiú. Níl an plean gníomhaíochta leis an bplean náisiúnta a chur i bhfeidhm foilsithe fós cé gur gealladh é san fhómhair in 2024. Níl na caighdeáin teanga don earnáil phoiblí a gealladh san Acht ar fáil go fóill. Níl aon soláthar déanta fós do lógónna, foirmeacha agus eile atá geallta san Acht.

Mar sin, táimid ag éileamh go bhfoilseofar an plean gníomhaíochta don phlean náisiúnta um sheirbhísí poiblí ó Dheas láithreach bonn agus go gcuirfear na gníomhartha seo a leanas san áireamh ann: an fráma tagartha comónta Eorpach a chur i bhfeidhm sa chóras oideachais ón oideachas luathóige go dtí an tríú leibhéal, rud a chinnteodh soláthar de dhaoine inniúil sa Ghaeilge don earnáil phoiblí leis an sprioc earcaíochta 20% a bhaint amach go fadtéarmach; cúrsaí Gaeilge atá ailínithe leis an bhfráma a chur ar fáil saor in aisce do mhic léinn tríú leibhéal; plean a chur le chéile agus a fheidhmiú leis an líon cúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge a fhás ó níos lú ná 1% go 5%; scéim a bhunú le cúrsaí Gaeilge ailínithe leis an FTCE a chur ar fáil saor in aisce do dhaoine faoi 25 bliana d’aois agus do dhaoine sa chóras oideachais, faoi mar atá ar siúl sa Bhreatain Bheag; agus an soláthar Gaeloideachais a ardú ó 6% go 20%, mar a luaigh mé cheana.

Mar fhocal scoir, níl aon dabht go bhfuil íomhá na Gaeilge in áit mhaith faoi láthair, bíodh sé sin mar thoradh ar an méid úsáide dearfacha den Ghaeilge ag ár nUachtarán nua Catherine Connolly - tapóidh mé an deis le tréaslú léi as a hinsealbhú mar Uachtarán na hÉireann, buíochas a ghabháil léi as an tacaíocht ar fad a thug sí thar na blianta, go háirithe mar Chathaoirleach ar an gcomhchoiste seo, don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus gach rath a ghuí uirthi ina ról nua - nó tionchar Kneecap, "An Cailín Ciúin", ambasadóir na Breataine a bheith ag úsáid na Gaeilge, nó eile. Caithfear an deis a thapú, áfach, leis an dea-thoil sin ar fad don teanga a aistriú go gníomh lena chinntiú go mbeidh cothrom na Féinne ann ó thaobh mhaoiniú na Gaeilge de, go mbeidh pobal na Gaeltachta in ann cónaí ina gceantar féin, go mbeidh córas oideachais ann a chinntíonn eispéireas sásúil foghlama Gaeilge do gach dalta ina rogha scoil a fheidhmíonn trí Ghaeilge nó trí Bhéarla, agus go mbeidh an pobal trí chéile in ann plé leis an Stát trí Ghaeilge agus an Stát ag cur tairiscint ghníomhach chun cinn go láidir i gcónaí.

Tuigim go bhfuil a lán moltaí agam don choiste inniu ach tá sé ríthábhachtach na héilimh ar shiúil 25,000 duine ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar a son ar an 20 Meán Fómhair a chur os comhair na mball. Gabhaim buíochas leis na baill as éisteacht liom agus as an tacaíocht leanúnach ríthábhachtach a thugann siad don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Tá súil agam go mbeidh siad sásta ní hamháin tacú leis na héilimh atá luaite agam, ach iad a chur chun cinn leis na hAirí cuí agus ina bpáirtithe féin chomh maith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.