Written answers

Thursday, 11 April 2024

Department of Housing, Planning, and Local Government

Pleanáil Teanga

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

33. To ask the Minister for Housing, Planning, and Local Government cén fáth nár foilsíodh na dréacht-treoirlínte pleanála don Ghaeltacht roimh an Cháisc, mar a gheall sé; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15538/24]

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá Grúpa Idir-Rannach (ina bhfuil oifigigh ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; agus ó Údarás na Gaeltachta) ag leanúint dá obair maidir le treoir shonrach phleanála a fhorbairt do cheantair Ghaeltachta. Tá Grúpa Oibre eile ann freisin ina bhfuil an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Údarás na Gaeltachta agus na húdaráis áitiúla ábhartha a bhfuil ceantair Ghaeltachta acu páirteach.

Ag cruinniú an Ghrúpa Idir-Rannaigh ar an 15 Nollaig 2022, cinneadh go dtionscnódh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán staidéar in 2023 maidir leis an modheolaíocht agus leis an bhformáid do Ráitis Tionchair Teangeolaíochta mar phríomhghné treoirlínte pleanála amach anseo do cheantair Ghaeltachta. Tionscnaíodh an staidéar ina dhiaidh sin i mí Feabhra 2023. Tá tograí tosaigh faighte ó na sainchomhairleoirí, agus a gcuid oibre beagnach críochnaithe, agus tá an méid sin ag déanamh eolas do dhréachtú na dtreoirlínte pleanála do na ceantair Ghaeltachta. Bhí roinnt cruinnithe an Ghrúpa Idir-Rannaigh ar siúl in 2023, agus táthar ag leanúint leis an rannpháirtíocht dhéthaobhach Roinne.

Tá na dréacht-treoirlínte pleanála do cheantair Ghaeltachta á dtabhairt chun críche faoi láthair le go ndéanfaidh mé athbhreithniú orthu ar dtús agus ansin scagadh éigeantach faoi dhlí an AE do Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST), agus chun críocha Measúnachta Cuí (MC) freisin. Tá sé i gceist, faoi réir thoradh na gcleachtaí scagtha, go bhfoilseofar dréacht-treoirlínte ansin le haghaidh comhairliúcháin phoiblí.

Beidh gach eagras áitiúil i gceantair Ghaeltachta agus gach duine den phobal lena n-áirítear grúpaí teanga in ann a gcuid tuairimí a chur isteach maidir leis an dréacht le linn na céime comhairliúcháin sin lena meas ag mo Roinnse.

Ba mhaith liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil sé ar intinn agam na Treoirlínte sin a fhoilsiú chomh luath agus is féidir, ag féachaint don ghá na cúrsaí casta atá i gceist a mheas agus i ndiaidh do thuilleadh teagmhála leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.