Written answers
Tuesday, 14 February 2012
Department of Agriculture, Marine and Food
Fishing Industry Development
9:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 560: To ask the Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara an bhfuil sé i gceist aige casadh le Comhar Caomháin, Inis Oírr leis an bhforbairt feilme éisc gar don oileán a phlé agus, go mór mór, an bhfuil sé i gceist aige na riachtanais bunstruchtúir ar an oileán a phlé leo le gur féidir leis an oileán an tairbhe is fearr is féidir a bhaint as an togra; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [7603/12]
Simon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Tá a fhios agam gur bhuail Bord Iascaigh Mhara le hionadaithe choiste forbartha Inis Oírr mar chuid de chlár fairsing comhairliúcháin sular cuireadh tús leis an bpróiseas iarratais oifigiúil le haghaidh ceadúnais maidir leis an tionscadal atá beartaithe.
Tuigim go ndearnadh raon leathan ceisteanna a phlé agus gur tugadh tacaíocht láidir an phobail don tionscadal faoi deara.
Déanfaidh mo Roinn an t-iarratas ar cheadúnas dobharshaothraithe a mheas de réir an Achta Iascaigh (Leasú), 1997. De réir mar a thuigim, ní mheasann BIM faoi láthair go mbeidh an bonneagar ar Inis Oírr ina bhac ar dheiseanna fostaíochta don phobal maidir leis an tionscadal.
No comments