Written answers
Tuesday, 14 February 2012
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Áiseanna Spóirt
9:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 386: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil cinneadh déanta aige ar iarratas le haghaidh áiseann spóirt atá déanta ag scoil dara leibhéal i gContae na Giiiaillimhe (sonraí leis seo); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8449/12]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Tá iarratas faighte ag mo Roinn ar dheontas chun áiseanna spóirt a fhorbairt don scoil atá luaite ag an Teachta.
Tar éis an t-iarratas a scrúdú, moladh don iarratasóir athbhreithniú a dhéanamh ar scála na forbartha chun an costas a laghdú. Moladh don iarratasóir chomh maith fiosruithe a dhéanamh leis an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir le cúnamh a fháil don tionscadal. Tá mo Roinnse ag fanacht ar aiseolas ón scoil maidir leis an ngné seo.
I bhfianaise líon na n-iarratas atá ag mo Roinn faoin scéim seo faoi láthair, agus an soláthar laghdaithe airgid atá ar fáil, tá sé ráite leis an iarratasóir nach mbeidh mo Roinn in ann aon deontas a cheadú sa chás seo sa ghearr-thréimhse.
No comments