Written answers

Tuesday, 28 June 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Tionscnamh Post

8:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 300: To ask the an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta Chun a fhiafraí den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar lorg sé airgead d'Údarás na Gaeltachta ón Rionn Airgeadais as an Tionscnamh Post a fógraíodh le gairid, ag cur san áireamh go háirithe ráitis an Aire Stáit nach bhfuil dóthain soláthair ann i mbliana don Údarás, má d'iarr cén toradh a bhí ar an iarratas agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17584/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá sé mar aidhm ag an Tionscnamh Post, a fógraíodh i mí na Bealtaine 2011, fostaíocht a spreagadh chun borradh a chur faoi chúrsaí eacnamaíochta an stáit. Mar bhall den Rialtas, bhí ionchur ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta sna comhráite Rialtais maidir le bunú an Tionscnaimh agus na himpleachtaí a d'eascródh as dá Roinn.

Tá roinnt mhaith gnéithe den Tionscnamh seo a mbeidh tionchar nach beag acu ar ghníomhaíochtaí Údarás na Gaeltachta chun eacnamaíocht na Gaeltachta a fhorbairt. San áireamh anseo tá:

· an laghdú ar an ráta CBL (VAT) i leith seirbhísí san earnáil turasóireachta;

· an laghdú ar an ráta ÁSPC (PRSI) d'fhostóirí i leith post a íocann suas go €356 in aghaidh na seachtaine;

· an tionscnamh chun soláthar creidmheasa don earnáil fhiontraíochta a éascú; agus

· rochtain níos fearr ar dheiseanna soláthair a fhorbairt chun tacú le comhlachtaí.

Is léir mar sin, go mbeidh tionchar dearfach ag an Tionscnamh Post ar an obair leanúnach atá ar bun ag Údarás na Gaeltachta chun deiseanna fostaíochta a chaomhnú agus a chruthú do phobal na Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.