Seanad debates

Monday, 8 March 2021

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

10:30 am

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire agus an Aire Stáit agus cuirim fáilte rompu. Tá seanfhocal ann i mBéarla faoi bheith ag fanacht ar an mbus agus ansin tagann dhá cheann. Níl a fhios agam an bhfuil a leithéid de sheanfhocal againn sa Ghaeilge. Beidh orm ceist a chur ar mo shean-mhúinteoir Brendy Ó Fiaich fá dtaobh de sin.É sin ráite agam, agus cé go dtuigim an ghéarchéim Covid, caithfidh mé a rá gur mór an trua atá ann gur ghlac sé chomh fada seo dúinn cúrsaí Gaeilge a phlé anseo sa Seanad. Mar atá ráite ag comhghleacaithe ar fud an Tí, tá a lán de na hábhair seo fá choinne Ghaeilgeoirí agus pobal labhartha na Gaeilge agus na Gaeltachtaí, chomh maith. Ba mhaith liom fosta tréaslú leis an méid oibre atá déanta ag Conradh na Gaeilge fá choinne Seachtain na Gaeilge agus mar a dhéanann siad achan uile bhliain. Is cúis cheiliúradh den chéad scoth é agus is é seal dúinn cuimhniú ar an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge agus an Ghaeilge a chur chun cinn. Dár ndóigh, is é seal fá choinne foghlaimeoirí agus daoine eile atá ag iarraidh snas a chur ar a gcuid Gaeilge úsáid a bhaint as an teanga le linn na tréimhse sin, ach go háirithe.

Caithfidh mé an cheist reachtaíochta Gaeilge ó Thuaidh a ardú. An tseachtain seo caite sa seomra seo, chuala an Coiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta ó Chonradh na Gaeilge faoin easpa reachtaíochta a bhí geallta ní amháin ag Comhaontú Aoine an Chéasta, Comhaontú Chill Rìmhinn, ach b’fhéidir an ceann is práinní ná an ceann a bhí aontaithe ag New Decade, New Approach. Dár ndóigh, mar chomhshínitheoir don chomhaontú sin, tá ról tábhachtach agus ról lárnach ag an Rialtas anseo i mBaile Átha Cliath chun cinntiú go bhfuil an reachtaíocht sin curtha i bhfeidhm gan mhoill. Tugadh gealltanas go mbeadh sí curtha i bhfeidhm i gceann an chéad céad lá den Fheidhmeannas nua. Aithníonn an pobal, dár ndóigh mar gheall ar na srianta Covid, go mbeadh moill ar an reachtaíocht sin a bheith curtha i bhfeidhm. Fosta, caithimid ár n-aird agus ár n-obair a dhíriú ar an obair sin atá os ár gcomhair. An fhadhb agus an chodarsnacht atá ann ná go bhfuil cearta agamsa, agus againne atá inár suí anseo, i mBaile Átha Cliath nach mbíonn agam nuair a théim abhaile suas an bóthar abhaile go Béal Feirste arís. Caithfimid an fhadhb sin a réiteach fa choinne gach duine ar fud an oileáin.

Leis sin ráite agam, ba mhian liom cúpla bomaite a chaitheamh ag labhairt faoin chathair dhúchais agam féin, Béal Feirste Cois Cuain. Is é Béal Feirste, ní amháin i mo thuairimse ach déarfainn go cinnte, cúis leis an athbheochan. Tá an Ghaeilge ag fás agus ag dul ó neart go neart an t-am ar fad, fiú in easpa na reachtaíochta atá luaite agam. Tá fás suntasach ann maidir le Gaelscoileanna, grúpaí agus gnóthaí Gaeilge, foireann spóirt trí mheán na Gaeilge, stáisiún raidió agus achan cineál gné de shaol na Gaeilge chomh maith.

Tá ceachtanna le foghlaim ag an Aire agus an Aire Stáit, agus ag an Rialtas anseo óna a bhfuil ag tarlú sna Sé Chontae fosta. Ba mhaith liom cuireadh a thabhairt don Aire agus don Aire Stáit, an Teachta Chambers, go háirithe, agus freagracht ar leith aige as cúrsaí Gaeilge. Tugaim cuireadh don bheirt acu cuairt a thabhairt ar an Cheathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste leis an fhuinneamh agus an ghníomhaíocht a bhaineann leis an Ghaeilge ansin a fheiceáil dóibh féin.

Cé go bhfuilimid i lár fíoraithe na físe i mBéal Feirste, tá fadhbanna ann fós. Ar na ballaí, chonaic muid ionsaithe ar chomharthaí dátheangacha i gceantar an mhargaidh, áit atá cóngarach do lár na cathrach. Bhí bagairtí scríofa ar bhallaí in oirthear Bhéal Feirste, áit atá cóngarach ina bhfuil mise i mo chónaí, faoin pholasaí nua dátheangach atá glactha ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste. Caithfimid cuimhneamh go bhfuil an bhiogóideacht sin ann fós agus tugann a leithéid de Sheachtain na Gaeilge agus an dearfacht a bhaineann léi an seal dúinn a thaispeáint cé chomh maith, cé chomh dearfach agus cé chomh fáiltiúil is atá ár dteanga dhúchais anseo.

Aithním go bhfuil an Bille teanga ag dul tríd an Dáil faoi láthair. Táim ag súil, mar atá mo chomhghleacaithe, é a fheiceáil anseo gan mhoill nuair a bheidh críoch leis sa Dáil. Mholfainn don Aire Stáit, an Teachta Chambers, go háirithe arís, gan fanacht go dtí go mbeadh an Bille tagtha anseo chun teacht ar ais chugainne le cúrsaí Gaeilge a phlé. Mar atá ráite agam cheana, ní chaitheann muid an saol seo againne trí mheán na Gaeilge le linn Seachtain na Gaeilge amháin.Is ábhar é fá choinne achan lá den bhliain. Baineann sé leis an méid sin daoine ó Thuaidh agus ó Theas. Tá sé tábhachtach nach bhfuil muidne srianta anseo i dtaca le cúrsaí Gaeilge a phlé agus nach ndeirimid linn féin gurb í an tréimhse idir 1 Márta agus 17 Márta an t-aon fhuinneog atá againn. Caithfimid a bheith i bhfad níos cruthaithí agus tiomanta don Ghaeilge ná é sin.

Mar atá ráite, is ábhar pobail é ábhar na Gaeilge agus Gaeltachta. Mar a dúirt an Seanadóir Clifford-Lee, tá a lán rudaí gur féidir linn a phlé le linn na ráitis seo. Is é sin an fáth go bhfuilim ag impí ar an Aire agus ar an Aire Stáit, agus dar ndóigh orainn mar Sheanadóirí, a dhéanamh cinnte de go bhfuil níos mó sealanna againn cúrsaí Gaeilge a phlé san áit seo agus glór an phobail amuigh ansin a ardú don Aire agus don Aire Stáit, sa dóigh gur féidir linn uilig a bheith ag obair ar son leas na Gaeilge agus iad siúd a labhraíonn agus a chaitheann a saol trí mheán na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.