Seanad debates

Tuesday, 10 December 2013

Water Services (No. 2) Bill 2013: Committee Stage

 

4:50 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá Sinn Féin i gcoinne an roinn seo den Bhille. Léiríonn an rud atá á dheánamh an bun prionsabal atá ag an Rialtas maidir le Uisce Éireann agus tá muide i Sinn Féin i gcoinne sin, go príomha ar chuid mhaith de na cúiseanna a léirigh an Seanadóir Ó Domhnaill mar a tharlaíonn sé, ach is ait liom go raibh Fianna Fáil ag cur chun cinn na polasaithe sin roimh an toghchán deireannach chomh maith céanna. Go bunúsach, dar linne nach bhfuil sé seo - an mhaoin seo a aistriú ó na comhairlí contae go dtí an lár eagraíocht mór seo - chun na fadhbanna atá againn maidir le cúrsaí uisce a leigheas, ar na cúiseanna atá luaite. Níor chóir go mbeadh muid ag glacadh inniu le aistriú muna bhfuil a fhios againn céard iad na táillí a bheidh á ghearradh, cén liúntas a bheidh ag daoine nó cé mhéad uisce saor in aisce a bheidh le fáil acu. Níl an Rialtas tar éis cúrsaí airgid a chur san áireamh. Táimid ag caint ar an rud céanna a bheith le n-íoc ag an té atá ar ioncam íseal agus an té atá ar ioncam ard.

Luaigh an tAire go bhfuil an príomh fheidhmeannach atá i bhfeighil an chomhlachta nua seo, Uisce Éireann, ar thuarastal de €200,000. Beidh an táille céanna le n-íoc ag an té sin agus a bheidh ag duine atá ag strachailt faoi láthair le cuid mhaith chostas eile. Níl sé seo chun an fhadhb atá ann a leigheas. Ní leigheasfaidh sé an fhadhb maidir le uisce ag dul le sruth. Tá cuid mhaith uisce ag dul le sruth in áiteanna éagsúla. Ba chóir go mbeadh infheistíocht i bhfad níos mó déanta sa gcóras. Táimid ag caitheamh thar €500 milliún ar cur isteach na méadair nuair ba chóir dúinn a bheith ag cur isteach píopaí nua agus píopaí níos fearr ná na píopaí atá ann i láthair na huaire.

Níor tógadh san áireamh ach oiread na costais breise atá gearrtha ag an Rialtas ar dhaoine le roinnt buiséad anuas, ar a áirím an household charge, an ardú ar chostas bhreosla, an laghdú ar an liúntas bhreosla, 2% breis VAT atá ag cur isteach ar dhaoine ar ioncam íseal, ardú sa chostas bhoilscithe, ardú ar chostais iompair agus ardú ar chúrsaí eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.