Seanad debates

Thursday, 5 July 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)

 

3:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Sílim go bhfuil cur chuige réasúnta agus praiticiúil san alt atá sa Bhille faoi láthair. Is léir dom, ón eolas agus ón taithí atá agam ar an údarás, go ngníomhóidh sé leis na heagraíochtaí pobail ar fud na Gaeltachta agus go mbainfidh siad úsáid as an Ghaeilge i gcónaí. Sílim, agus é sin curtha san áireamh, go gclúdaíonn an alt seo, mar atá sé, an chúis imní atá ag an dá Sheanadóir. Níl sé i gceist agam glacadh leis an leasú atá molta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.