Seanad debates
Thursday, 5 July 2012
Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)
1:00 am
Brian Ó Domhnaill (Fianna Fail)
Bhí plé leanúnach againn ar na leasuithe seo roimh an mbriseadh. Níl mé chun mórán níos mó a rá fúthu, ach tá mé chun iad a bhrú. Tá sé soiléir sa Bhille seo go bhfuil neamhaird iomlán déanta ar an staidéar teangeolaíochta a bunaíodh i 2007 agus a leag amach critéir chun pleananna teanga a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, agus os rud é nach bhfuil an tAire Stáit sásta glacadh leis an leasú seo, iarraim ar an Teach vótáil a dhéanamh air.
No comments