Seanad debates

Thursday, 5 July 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)

 

1:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Níl ag an Aire Stáit ach é féin agus tá iallach air freagra a thabhairt do gach duine.

Táimid ag cur acmhainní isteach i Raidió na Gaeltachta. Táimid ag cur acmhainní isteach sna foilseacháin Ghaeilge. Déarfainn go mbeadh €1 billiún sa bhliain curtha isteach againn. B'fhéidir nár leor é ach táimid ag brath ar dhaoine an t-airgead a thabhairt dúinn. Nuair a gheobhaimid ár neamhspleáchas eacnamaíochta, when we regain our economic and financial independence, tá súil agam go mbeidh níos mó airgid le cur isteach.

Níl, áfach, airgead chun an Ghaeilge a thabhairt ar ais. No, people cannot be bought to speak a language, it has been proved again and again. Mar a dúirt mé, níl ach dóigh amháin leis an Ghaeilge a choinneáil slán sa Ghaeltacht agus le daoine a chuidiú taobh amuigh den Ghaeltacht: iad a mhealladh agus a mholadh, agus comhairle agus cuidiú a thabhairt dóibh. Dá n-éireodh leis an straitéis a bhí againn ó bunaíodh an Stát, ní bheadh aon fhadhb agam inniu agus sinn go léir ag labhairt Gaeilge agus ní bheadh deacracht ag éinne. Tá mise ag iarraidh tarrtháil a thabhairt ar an Ghaeltacht, tá mé ag iarraidh cuidiú leis an Ghaeilge ar fud na tíre agus sin an fáth go bhfuil mé thar a bheith sásta leis an Bhille atá againn ag an phointe seo. Sin an fáth nach mbeidh mé ag glacadh le haon cheann de na leasuithe seo, leasuithe Uimh. 11, 12, 13 nó 14.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.