Seanad debates
Thursday, 5 July 2012
Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)
11:00 am
Brian Ó Domhnaill (Fianna Fail)
Nach bhfuil cead agam a rá nach aontaím leis an dóigh atá an Bille seo á bhrú tríd an Teach? Tá a fhios agam nach bhfuil sin ceart. Nílim ag cur lochta ar an Aire Stáit ná ar an feidhmeannaigh, ach tá Ceannaire sa Teach seo agus tá sé ag iarraidh an Bhille seo a bhrú tríd an teach inniu. Tá sin náireach, mar nach bhfuil deis againn é a phlé thar ceann pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Is masla go huile agus go hiomlán é ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta go bhfuiltear ag iarraidh an Bhille seo a bhrú tríd an Teach gan deis a thabhairt dúinn na pointí sonrach a phlé.
This goes totally against the word of the Minister for Finance in this House last Tuesday. What has changed between Tuesday and today?
No comments