Seanad debates

Thursday, 24 November 2011

Oifig an Choimisinéara Teanga

 

11:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Labhair an Aire Stáir mar gheall ar an athbhreithniú atá á dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá mé iontach míshásta leis an bhfreagra a fuair mé. Ní aontaím leis an cur chuige atá ag an Rialtas. Má léiríonn an aiseolas a fhaigheann an Rialtas ón bpobal i leith Oifig an Choimisinéara Teanga, i gcomhthéacs an athbhreithniú atá ar siúl i leith Acht 2003, gur cheart go bhfanfadh an neamhspleáchas atá ag an oifig sin mar atá sé faoi láthair, an bheidh an Rialtas sásta dul siar ar an gcinneadh seo?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.