Seanad debates

Wednesday, 23 November 2011

Water Services (Amendment) Bill 2011: Committee Stage (Resumed)

 

10:00 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)

I move amendment No. 9:

In page 5, to delete lines 9 to 11 and substitute the following:

"(e) in the case of an application under subsection (2), there will be no fee required.".

Tá an amendment seo agus amendment Shinn Féin beagnach mar an gcéanna agus tá an bheirt againn aontaithe ar an leasú seo. Táimid ag tarraingt aird ar an táille atá nochtaithe sa Bhille seo, an "prescribed fee" mar atá sé leagtha amach sa Bhille agus an táille a rachfaidh le sin agus na himpleachtaí a bhaineann leis ó thaobh tamall síos an bóthar nuair a thiocfaidh leis an táille sin a fháil i bhfad níos airde ná mar atá leagtha amach sa Bhille. Tá sé leagtha amach ag €500 in aghaidh an teach. Má chuirtear an €500 sin in aghaidh gach teach i gcomhthéacs go bhfuil 475,000 teach sa tír atá dabhach séarachais ceangailte leo, ciallódh sin go mbeadh beagnach €24 milliúin, €23.75 milliúin, ag teacht isteach as an táille seo. Glacaim leis go bhfuil an tAire ag iarraidh an Bille seo a bhrú tríd an Teach de bhrí go bhfuil an deis ann an Bille a bheith glactha ag an Seanad agus curtha tríd an Dáil roimh an cáinaisnéis sa dóigh go mbeidh an Rialtas in ann €24 milliúin breise a fháil sa cháinaisnéis agus gur sin ceann de na príómh pointí a bhaineann leis an Bille seo. B'fhéidir go bfhuil smaoineamh eile ag an Aire, ach sin an dóigh a amharcann se ón taobh seo den Teach.

Táimidne ag cur i gcoinne go mbeadh aon táille ceangailte leis an Bille seo, mar go bhfuil na daoine atá ina gcónaí i gceantracha tuaithe faoi láthair, cosúil le duine ar bith atá ina chónaí in aon cheantar eile, faoi go leor brú airgeadais de bhrí go bhfuil morgáistí agus billí acu. Maidir le duine ar bith nach bhfuil ag obair, tá costais móra orthu agus a n-ioncam íslithe de bhrí, b'fhéidir, gur chaill duine sa bhaile post. Ar an dtaobh eile den scéal, duine ar bith atá ag obair, tá táillí móra orthu de bhrí morgáistí, cúram páistí agus go leor táillí tí eile agus go leor rátaí eile atá ag dul le teach a choinneáil ag dul ar aghaidh.

An rud is mó faoin táille seo aa chuireann imní mór orainn ar an dtaobh seo den Teach ná go bhfuil an Rialtas ag moladh táille chláracháin a thabhairt isteach do ghach duine a bhfuil dabhach séarachais acu. Aontaím go gcaithfidh dóigh éigin a bheith ann chun clárú a bheith ann, ach ní chóir go mbeadh táille ceangailte le sin de bhrí go bhfuil-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.