Seanad debates

Wednesday, 29 June 2011

Whistleblower Legislation: Motion

 

6:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Ceart go leor. Ba mhaith liom a lua, ar aon chuma, go dteagaim leis an méid atá sa leasú agus an brí atá aige. Ba cheart go dtógfar ar bord an cineál imní atá orainn. Chuir muid an leasú seo chun cinn chun aird a tharraingt ar cúpla réimse eile den ábhar seo gur gá plé agus díospóireacht a dhéanamh fúthu. B'fhéidir nach bhfuil aon tagairt déanta ar chúrsaí polaitíochta go fóill. Tá cronyism ag tarlú sa tír seo le riar mhaith blianta. Baineann go leor de na fáthanna nach bhfuil daoine sásta an fheadóg a shéideadh le bhrú polaitiúil ar leibhéal áitiúil, leibhéal réigiúnach nó leibhéal náisiúnta. Tá faitíos orthu faoi céard a tharlóidh don eagraíocht ina bhfuil siad ag obair, an deontas a fhaigheann an cumann peile áitiúil, nó cad a tharlóidh a gclann ó thaobh na polaitíochta de amach anseo.

Is féidir linn breathnú ar na scannail a tharla i gcás Tobar Gáis na Coiribe - na rudaí a rinne Shell E&P Ireland, na socruithe ó thaobh pleanála de, an cos ar bolg ar an pobal áitiúl agus na líomhaintí maidir le mí-iompair na ngardaí a chualamar le déanaí. Dá mbeadh reachtaíocht den chineál seo in áit, ní dóigh liom go mbeadh rudaí den chineál sin tarluithe. Tá súil againn nach mbeadh, ar aon nós. Ní leor reachtaíocht a thabhairt isteach - caithfear an cultúr iomlán a athrú. Muna féidir linn é sin a dhéanamh, ní athróidh aon rud. Tá sé tábhachtach ní hamháin go ndéarfar na rudaí atá le rá, ach go gcloisfear iad, go dtógfar ar bord iad agus go ndéanfar rud éigin fúthu. Go leor den am, tá an Stát leatromach. Rachaidh mé ar ais go dtí an méid a tharla do na sceithirí i gcás MFG. Bhí orthu - an dream a bhí ag iarraidh aird a tharraingt ar an rud a bhí á dhéanamh mícheart - dul tríd an gCúirt Oibreachais agus déileáil le cúrsaí stailce. Cuireadh daoine ar ais ar an dól le haghaidh tréimhse gan aon pá reatha ag teacht isteach acu. Tá siad ag úsáid na hionstraimí atá againn, ach níl na hionstraimí sin ag feidhmiú ceal acmhainní. Má tá reachtaíocht den chineál seo le cur i bhfeidhm, tá sé tábhachtach go gcuirfear na hacmhainní-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.