Seanad debates
Friday, 17 December 2010
Order of Business
10:30 am
Labhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Ar nós gach éinne eile, guím rath Dé ort, a Chathaoirligh, ar na Baill go léir agus ar na hoifigigh ar fad a bhíonn ag saothrú ar ár son. Cé go mbíonn easaontas go minic sa Teach seo, bíonn aontas anseo freisin. Caithfidh easaontas a bheith ann - is é sin buntáiste an daonlathais. Bíonn seans againn ár dtuairimí a nochtú agus na torthaí is fearr a bhaint amach. Bíonn aontas eadrainn maidir leis na rudaí bunúsacha; mar shampla, dínit na ndaoine, ina measc iad siúd atá thíos sa saol nó nach bhfuil cearta sibhialta acu.
No comments