Dáil debates

Tuesday, 13 February 2024

Reform of the Television Licence Fee Model: Motion [Private Members]

 

7:30 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Níl muinín ag pobal na hÉireann in RTÉ, faraor. Ní raibh muinín ag pobal na Gaeilge in RTÉ riamh. I bhfad sular tháinig an cur amú dochreidte airgid chun solais anuraidh, bhí daoine ann a dhiúltaigh ceadúnas teilifíse a íoc toisc go raibh RTÉ ag brú an Béarla amháin ar mhuintir na hÉireann seachas an Ghaeilge. Ach go háirithe, bhí sé á bhrú ar cheantair Ghaeltachta. Chaith leithéidí Brian Ó Baoill, Íte Ní Chionnaith agus Seán Ó Dálaigh seal i bpríosúin toisc nach raibh sé sásúil dóibh nach raibh ach 2% de chláir RTÉ i nGaeilge. Nochtadh i dtuarascáil an Choimisinéara Teanga in 2019 nach bhfuil fiú 1% dá chláir i nGaeilge. Níor chomhlíon RTÉ a dhualgas reachtúil i leith na teanga náisiúnta riamh. Ní haon ionadh nach bhfuil daoine sásta íoc as seirbhís a dhéanann neamhaird ar a gcúraimí faoin dlí. Chaith RTÉ na céadta míle ar talent shows, top talent, flip flops agus a leithéid ach diúltaíonn sé fiú an pá céanna a íoc dá n-oibrithe le Gaeilge as an obair chéanna. Diúltaíonn sé an pá céanna a íoctar dóibh siúd a oibríonn as Béarla a íoc dóibh siúd a oibríonn le Gaeilge. Tá sé náireach. Teastaíonn cothrom na Féinne ó Ghaeilgeoirí. Táimid fós ag fanacht ar stáisiún raidió i nGaeilge don dream óg. Tá TG4 ag déanamh éachta ar an bhfíorbheagán maoinithe i gcomparáid le RTÉ agus fiú S4C na Breataine Bige, a fhaigheann i bhfad Éireann níos mó maoiniú chun freastal ar phobal teanga níos lú. Níor chuir TG4 airgead amú riamh ar nós RTÉ agus is é TG4 atá thíos leis ó thaobh buiséid de. De réir rún Shinn Féin, beidh Coimisiún na Meán in ann ciste meán nua a dháileadh ar bhealach níos cothroime agus beidh deis aige a chinntiú go ndéanfar freastal ar phobal na Gaeilge mar is cóir faoi dheireadh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.