Dáil debates

Wednesday, 12 July 2017

Ministers and Secretaries (Amendment) Bill 2017: Committee and Remaining Stages

 

9:35 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Dúirt an Aire Stáit faoi chúrsaí teanga. Tá fíorthábhacht leis an teanga ach gan pobal na Gaeltachta ní bheidh an teanga ann. Thóg mise clann le Gaeilge sa Ghaeltacht agus, go deimhin, tá mo chlann ag tógáil a gclanna le Gaeilge taobh amuigh den Gaeltacht. Tháinig mise ó thaobh amuigh den Ghaeltacht, ó chlann a choinnigh an teanga beo ó ghlúín go glúín - ó ghlúin mo sheanaithreacha agus mo sheanmhaitreacha. Tá mó shaol tugtha don teanga. Creidim go bhfuil eolas faoi leith agam ar na dúshláin atá roimh tuismitheoirí atá ag tógáil gasúir le Gaeilge, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Ní thógfaidh mise aon léachtaí ó éinne a dtabharfadh le fios nach bhfuil díogras agam don teanga. Ní ghlacfaidh mé le tuiscint nach bhfuil spéis agam i gcainteoirí Gaeilge taobh amuigh agus taobh istigh den Ghaeltacht - Thuaidh agus Theas. I bhfad sula raibh mise sa Teach seo, bhí mé ag saothrú go dian doicheallach agus go leanúnach ar son na teanga. Ní hamháin go ndearna mé é ar an taobh seo den tír ach rinne mé é ó Thuaidh.

Bhí sé spéisiúil an méid a bhí le rá ag oifigeach na Roinne a d'éirigh as an tseachtain seo caite. Bhí an na hAirí Stáit, na Teachtaí McHugh agus Kyne, i láthair. Labhair sé ar ré órga sa Roinn. Nuair a chuaigh sé síos go dtí an tóstáil labhair sé go poiblí faoi Roinn a bhí ag plé le gnóthaí pobail agus le gnóthaí teanga. Tá go leor buntaistí go mbeadh na cúrsaí seo fite fuaite le forbairt tuaithe, go mórmhór gur tharla go bhfuil na hoileáin agus na Gaeltachtaí ar fad i gceantair tuaithe. Bheadh sé i bhfad níos ciallmhaire dá mbeadh na rudaí sin ceangailte le chéile ná iad a cheangal leis an Ard-Mhúsaem agus an Dánlann Náisiúnta - rudaí atá go maith iontu féin.

Chuile lá nuair a tagaim ar an Teach Dóite labhraím leis an bpobal atá ann. Is pobal a dhéanann a gnóthaí liom trí Ghaeilge é. Céard faoi a bheadh siad ag caint ach fadhbanna tuaithe? Níl a fhios acu cé a bheidh siad ag plé na bóithre, na céibheanna agus na rudaí a bhí faoin Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta leis le linn na blianta beag anuas. Is é an rud is measa faoi ná go bhfuil an-dochar á dhéanamh don teanga nuair atá scoilt agus deighilt á dhéanamh idir leas an phobail, na rudaí a ghabhann leis agus cúrsaí teanga. Tá go leor den phobal Gaeltacht gurb iad na cainteoirí is láidre Gaeilge iad. Tá go leor acu ag fiafraí cén mhaith teanga muna bhfuil muid ag breathnú amach ar na rudaí praicticiúla agus muna bhfuil an Roinn in ann rud ar bith a dhéanamh faoi ghnáthshaol an phobail? Níl mise ag iarraidh go raibh an Taoiseach ná an Rialtas á dhéanamh. Nílim in ann. Is iad na hAirí atá sa Rialtas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.