Dáil debates

Thursday, 3 April 2014

Social Housing and Homelessness Policy: Statements (Resumed)

 

4:00 pm

Photo of Joe HigginsJoe Higgins (Dublin West, Socialist Party) | Oireachtas source

-----and then go for progressive taxation. We have shown again and again how a few extra percentage points on the corporate profits on the super-wealthy in the State would yield billions in terms of extra taxation and put that into the construction of the homes we need.

Tá géarchéim uafásach ann maidir le cúrsaí tithíochta sa tír seo - géarchéim náireach í agus teip thubaisteach ar thaobh an Rialtais é, le 90,000 duine nó clann ar na liostaí feithimh ag lorg tithíochta i láthair na huaire. Is teip uafásach í seo ar thaobh Fhine Gael agus ar thaobh Pháirtí an Lucht Oibre.

Má bhíonn muid ag brath i gcónaí ar na boic mhóra sa tionscal tógála chun tithe a chur ar fáil dár ndaoine, ní tharlóidh sé. Dá bhrí sin, caithfear céimeanna radacacha a chur chun cinn. Caithfear smacht a chur ar chíosanna agus caithfear an-chuid infheistíocht a chur isteach i dtionscail phoiblí maidir le tithe a thógáil, d'fhonn na mílte teach agus níos mó, a thógáil dár ndaoine atá ag fulaingt i láthair na huaire. Is céimeanna agus polasaithe radacacha atá ag teastáil, seachas a bheith ag brath ar an tionscal caipitlíoch agus ar an margadh príobháideach, rud nach dtarlóidh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.