Dáil debates

Tuesday, 18 February 2014

An Coimisinéir Teanga a Cheapadh: Motion

 

7:10 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tairgim:

Go molann Dáil Éireann an tUasal Rónán Ó Domhnaill lena cheapadh ag an Uachtarán mar An Coimisinéir Teanga.
Ba mhaith liom a rá i dtús báire go bhfáiltím go mór roimh an deis an rún seo, go molann Dáil Éireann an tUasal Rónán Ó Domhnaill lena cheapadh ag Uachtarán na hÉireann mar Choimisinéir Teanga, a chur faoi bhráid an Tí. Tá sé i gceist go dtiocfaidh an tUasal Ó Domhnaill i gcomharbacht ar an gCoimisinéir Teanga reatha, an tUasal Seán Ó Cuirreáin, atá ag éirí as oifig ar 23 Feabhra 2014, tar éis deich mbliana a chaitheamh san oifig sin. Is oifig reachtúil neamhspleách é Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla a bunaíodh sa bhliain 2004 faoi alt 20 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 chun monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Achta. Is é Uachtarán na hÉireann a cheapann an Coimisinéir Teanga ar chomhairle an Rialtais tar éis do Thithe an Oireachtais rún a rith ag moladh an cheapacháin. Maireann téarma oifige an Choimisinéara Teanga ar feadh sé bliana. Is féidir é nó í a athcheapadh don dara téarma nó do théarmaí eile ina dhiaidh sin.

Leagtar amach feidhmeanna an Choimisinéara Teanga faoin Acht mar seo a leanas: faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Achta ag comhlachtaí poiblí; gach beart riachtanach atá faoi réim a údaráis nó a húdaráis a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí forálacha an Achta; imscrúduithe a dhéanamh, cibé acu ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin, ar iarraidh ón Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta nó de bhun gearán, i gcás ina líomhnaítear go bhfuil teipthe ar chomhlacht poiblí a dhualgas a chomhlíonadh faoin Acht; comhairle a sholáthar don phobal maidir lena gcearta faoin Acht; comhairle a sholáthar do chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais faoin Acht; agus imscrúduithe a dhéanamh, cibé acu ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin, ar iarraidh ón Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta nó de bhun gearán, i gcás ina líomhnaítear nach bhfuil foráil d'aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge á chomhlíonadh.

Tá sé de dhualgas ar an gCoimisinéir Teanga faoin Acht tuarascáil bhliantúil faoi obair Oifig an Choimisinéara Teanga a sholáthar don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le leagan os comhair Thithe an Oireachtais; agus cuntais bhliantúla faoi chaiteachas Oifig an Choimisinéara Teanga a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a sholáthar don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le leagan os comhair Thithe an Oireachtais. Baineann na dualgais agus na cearta seo ar fad le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a bhfuil sé mar phríomhaidhm aige a chinntiú go mbeidh seirbhísí poiblí ar fáil níos fairsinge trí Ghaeilge agus go mbeidh caighdeán níos airde ag baint leo.

Mar is eol do Theachtaí, tá athbhreithniú déanta ag mo Roinn ar Acht na dTeangacha Oifigiúla i gcomhréir leis an ghealltanas a tugadh i gclár an Rialtais. Ba í an aidhm a bhí leis an athbhreithniú ná a chinntiú go bhfuil caiteachas ar an nGaeilge dírithe ar an mbealach is éifeachtaí ar fhorbairt na teanga agus go bhfuil dualgais á gcur i bhfeidhm go cuí ag brath ar éileamh ó shaoránaigh. Mar thoradh ar an athbhreithniú, tá na cinn do Bhille na dteangacha oifigiúla (leasú) 2014 dréachtaithe. Tá mé ag súil go dtabharfar os comhair an Rialtais go luath iad. Tá sé i gceist na cinn a fhoilsiú ansin agus iad a thabhairt os comhair an Chomhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Chultúr agus an Ghaeltacht. Tá sé i gceist chomh maith torthaí an phróisis comhairliúcháin poiblí, a reáchtáil mo Roinn, a fhoilsiú i dteannta le cinn an Bhille.

Tógadh cinneadh Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman mar chuid de réimse gníomhartha athchóirithe faoi phlean athchóirithe an Rialtais don tseirbhís phoiblí a foilsíodh i mí na Samhna 2011. Tá sé beartaithe an cónascadh seo a chur i bhfeidhm trí Bhille na dteangacha oifigiúla (leasú) 2014. Faoin chónascadh, coimeádfaidh an Coimisinéir Teanga a chumhachtaí neamhspleácha faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus leanfaidh Oifig an Choimisinéara Teanga ag feidhmiú ó cheannáras atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Is gné lárnach d'Acht na dTeangacha Oifigiúla iad na scéimeanna teanga a dhaingnítear le comhlachtaí poiblí chun líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil a mhéadú ar bhealach eagraithe agus tomhaiste thar thréimhse ama. Is é Oifig an Choimisinéara Teanga a dhéanann monatóireacht ar fheidhmiú na scéimeanna teanga. Tá tuairim is 200 comhlacht poiblí clúdaithe faoin 113 scéim reatha atá i bhfeidhm faoi láthair. Tá plé gníomhach ar siúl ag mo Roinn, ar a bhfuil an fhreagracht scéimeanna a dhaingniú, le breis agus 120 comhlacht poiblí faoi láthair chun scéimeanna teanga nua a aontú nó scéimeanna atá i bhfeidhm cheana a athnuachan.

Aithním nach bhfuil córas na scéimeanna gan laigí agus go mbaineann dúshláin ar leith le scéimeanna a chur i bhfeidhm. Aithním chomh maith an comhoibriú agus an dea-thoil atá le sonrú i measc na gcomhlachtaí poiblí éagsúla agus iad ar a ndícheall na seirbhísí i nGaeilge atá á gcur ar fáil acu a fheabhsú. Beidh céimeanna chun feabhas a chur ar an bpróiseas i gcoitinne sonraithe sna leasuithe reachtúla atá beartaithe don Acht. Tá an cumas atá ag comhlachtaí poiblí seirbhísí trí Ghaeilge a sholáthar ag brath go mór ar na hacmhainní cuí a bheith ar fáil chuige sin, acmhainní daonna ach go háirithe. Tá an cheist maidir le hearcaíocht daoine le cumas Gaeilge i gcomhair post sa tseirbhís phoiblí lárnach don phlé seo. Ní haon ionadh é go bhfuil an cheist seo go mór i mbéal an phobail le tamall anuas. Tá sé tráthúil mar sin léargas a thabhairt ar na bearta atá tógtha ag an Rialtas chun cur leis an líon daoine sa Státseirbhís a mbeidh sé ar a gcumas feidhmiú go héifeachtach ar bhonn dhátheangach.

Is aidhm lárnach pholasaí de chuid an Rialtais é úsáid na Gaeilge. Tá sé ina ghné thábhachtach den pholasaí sin go mbeadh baill foirne atá inniúil sa Ghaeilge ar fáil sa Státseirbhís. Ceaptar gurb é an bealach is fearr chun an aidhm pholasaí seo a bhaint amach ná trí chur chuige níos spriocdhírithe a úsáid chun a chinntiú go mbeidh foireann leis na scileanna riachtanacha Gaeilge ar fáil chun seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge nuair a theastaíonn sin. Ceapadh scéim de mharcanna bónais don Ghaeilge beagnach 40 bliain ó shin. Glactar leis go coitianta nach bhfuil mórán déanta ag an ionstraim pholasaí seo chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge sa Státseirbhís. Mar gheall air sin agus mar thoradh ar chinntí a thóg an Rialtas i mí Dheireadh Fómhair 2013, tá na bearta seo a leanas chun teacht in áit an pholasaí de mharcanna bónais a tugadh as inniúlacht sa Ghaeilge.

Tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag iarraidh ar Ranna agus ar oifigí sainaithint a dhéanamh ar phoist agus ar réimsí oibre ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge mar chuid den phróiseas pleanála don fhórsa oibre. Táthar ag iarraidh ar Ranna aird ar leith a thabhairt ar phoist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a dhéanann freastal ar na ceantair sin. Beidh an próiseas seo lárnach i gcinntiú go ndéanfar foráil dóthanach i gcomórtais earcaíochta amach anseo do cheapacháin i bpoist ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge. Ina theannta sin, sonrófar na poist sin ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge i scéimeanna teanga amach anseo faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Mar chéad chéim sa chomórtas earcaíochta d'oifigigh feidhmiúcháin atá ar na bacáin i láthair na huaire, tá sé i gceist fo-phainéal de dhaoine le Gaeilge a bhunú nach rachaidh thar 6% den phainéal iomlán. Déanfar measúnú ar thoradh an chomórtais sin chun an t-éileamh atá ar oifigigh le Gaeilge ar fud na Státseirbhíse a mheas. Má tá an toradh sin dearfach, tá sé i gceist an socrú seo a chur i bhfeidhm de réir mar is cuí d'earcaíocht amach anseo agus d'arduithe céime i ngráid neamhspeisialtóra sa Státseirbhís.

Chun feabhas a chur ar inniúlacht Ghaeilge na Státseirbhíseach atá ann faoi láthair agus chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí i nGaeilge, tá sé i gceist córas nua do thástáil inniúlachta a chur i bhfeidhm faoina bhféadfar Státseirbhísigh atá ann faoi láthair a shannadh do phoist shonracha ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge, mar a shainaithnítear sin i scéimeanna teanga atá aontaithe faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Déanfaidh Ranna éascaíocht do Státseirbhísigh chun freastal ar chúrsaí oiliúna i nGaeilge agus chun scrúduithe a dhéanamh faoin gcreat náisiúnta cáilíochtaí nó faoi theastas Eorpach na Gaeilge. Beidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta freagrach as na córais nua oiliúna agus inniúlachta a chur i bhfeidhm faoi théarmaí an chomhaontaithe seirbhíse a aontaíodh leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe anuraidh. Creidim gur céim sa treo ceart é an polasaí seo. Don chéad uair le 40 bliain anuas, cuirfear córas úr i bhfeidhm faoina ndéanfar cuóta sonrach de phoist a shocrú chun daoine le cumas sa Ghaeilge a earcú don Státseirbhís. Ciallaíonn cur i bhfeidhm an pholasaí nua seo fosta go bhfuil ceann de bhearta tábhachtacha na straitéise 20 bliain don Ghaeilge á chur i gcrích. Moladh sa straitéis go ndéanfar díriú isteach ar an leibhéal earcaíochta i gcomhthéacs an fhadhb seo.

Tá obair an-fhiúntach curtha i gcrích ag Oifig an Choimisinéara Teanga le deich mbliana anuas. Glacaim buíochas arís le Seán Ó Cuirreáin agus le foireann a oifige as a saothar díograiseach i gcaitheamh na mblianta sin. Is mian liom an deis seo a thapú fosta gach rath a ghuí ar Sheán agus a theaghlach sna blianta amach romhainn. Tá áthas orm go bhfuil an tUasal Rónán Ó Domhnaill tar éis glacadh leis an ainmniúchán don phost mar Choimisinéir Teanga úr. Roghnaíodh é as measc 21 duine a rinne léiriú spéise i gcomhair an cheapacháin chuig an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do gach duine dóibh a rinne léiriú spéise sa phost seo. Is de bhunadh Ghaeltacht an Cheathrú Rua i gContae na Gaillimhe é an tUasal Ó Domhnaill ó dhúchas. Tá taithí leitheadach aige ar an Státchóras trína phost mar chomhfhreagraí polaitíochta le Nuacht RTÉ agus TG4 le seacht mbliana anuas. Ón aithne atá agam ar Rónán Ó Domhnaill, agus déarfainn ón aithne atá ag muintir an Tí seo ar Rónán Ó Domhnaill de thairbhe a chuid oibre, a phearsantacht agus a phroifisiúntacht mar chomhfhreagraí anseo le blianta anuas, sílim go nguífidh gach éinne gach rath agus sonas air sa phost atá á thairiscint dó. Tá mé cinnte go mbeidh tacaíocht gach duine san Oireachtas le fáil ag Rónán Ó Domhnaill nuair a bheidh a ainm á chur ar aghaidh chuig an Uachtarán lena cheapadh mar Choimisinéir Teanga. Sílim go gcuirfidh sé a shéala féin ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta sa tír seo. Molaim a ainm go hard don Teach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.