Dáil debates

Wednesday, 16 October 2013

Financial Resolutions 2014 - Financial Resolution No. 8: General (Resumed)

 

1:20 pm

Photo of Joe HigginsJoe Higgins (Dublin West, Socialist Party) | Oireachtas source

Working class people have to organise and fight back against the Government in order that the disastrous policies of austerity are changed.

Tá éagóir nua á dhéanamh ar ghnáth-lucht oibre na tíre - go mórmhór daoine aosta agus daoine óga - i mbuiséad na bliana 2014. Tá ionsaithe nua fiachmhara i gceist sna polasaithe déine atá á gcur i bhfeidhm ar mhaithe le lucht na speiciléireachta, lucht na mbannaí, na baincéirí móra agus córas na margaí airgeadais le cúig bliana anois. Tá sé náireach faoi mar a dhírigh an Rialtas sé ar dhaoine aosta le gearradh an liúntas teileafóin agus leis na mílte cartaí leighis a chur ar ceal. Is uafásach an ionsaí atá á dhéanamh ar dhaoine óga atá gan obair de bharr na géarchéime. Tá sé scannalach go bhfuil islú mór á dhéanamh ar an liúntas cuardaitheora poist. Is comhartha é seo nach bhfuil leigheas ná freagra ar bith ag an Rialtas seo ar fadhbanna móra eacnamaíochta na tíre seo. Tá sé sin soiléir sna polasaithe atá curtha chun cinn. Dá bhrí sin, tá malairt bunúsach ag teastáil chun an saibhreas atá ann a infheistiú ar mhaithe le tromlach na ndaoine. Caithfidh daoine óga, an lucht oibre agus daoine aosta seasamh anois agus troid in aghaidh na polasaithe déine seo chun malairt amach is amach a chur i bhfeidhm in eacnamaíocht na tíre seo agus muintir na tíre a chur ar ais ar a gcosa.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.