Dáil debates

Wednesday, 15 May 2013

Good Friday Agreement: Motion (Resumed) [Private Members]

 

8:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá Comhaontú Aoine an Chéasta tógtha ar comhionannas agus cuimsiú. D'átháin Comhaontú Aoine an Céasta dé-shaoránacht agus féiniúlacht muintir an Sé Chontae. Tá cearta teanga mar cuid lárnach den Comhaontú agus gheall an Chomhaontú an Gaeilge a chosaint.

Riomh an Comhaontú rinne an stáit sa Tuaisceart gach iarracht bac a chuir ar an Ghaeilge. Rinne an stáit gach iarracht an Gaeilge a imeallú. In ainneoin é seo tháinig borradh iontach ar an Ghaeilge sa Tuaisceart de bharr láidreacht agus chuid oibre an comhphobal.

I mBéal Feirste d’fhás pobal breá bríomhar Gaeilge ar Bóthar Seoige. Tríd a saothar féin chruth siad an céad Gaeltacht uirbeach sa tír seo. Tháinig fás agus forbairt ar an chomhphobal agus d’oscail siad an chéad Gaelscoil. Rinne an Rialtas san Tuaisceart gach iarracht bac a chuir ar an nGaelscoil sin. Ach lean siad ar aghaidh ag obair go díograsach chun an Gaeilge a chuir chun chinn.

De réir an Comhaontú Chill Rímhinn ní mór don Rialtas Sasanach Act na Gaeilge Tuaisceart Éireann a chuir I bhfeidhm. Is trua an rud é gur shocraigh na hAontachtaí dul i mbun feachtas in aghaidh an Act, gan deiseanna cur chun chinn éagsúlacht an chomhphobal a thuiscint i gceart. Theip Rialtas Sasana beart a déanamh de réir a mbriathar de bharr an feachtais aontachta seo.

Is rud uafásach an frith Gaelachas seo mar taispeánann sé easpa meas, easpa comhionannas agus easpa cearta agus leis an fhírinne a rá is rud nua é sin i measc na hAontachtaí. Bhí Aontachtaí i gcroí lár Athbheochan na Gaeilge sa tír seo. Chuir an hAontachtaí le forbairt na Gaeilge i mBéal Feirste go háirithe.

Tá cultúrlann lonnaithe i mBéal Feirste, agus tá an t'ainm atá ar in onóir beirt - an Cairdinéil Ó Fiach agus Robert Shipboy McAdam. Rugadh Robert i 1805. Preispitéireach a ba é. Bhí sé eolach i trí teanga déag. Ba bailitheoir lámhscríbhinn Gaeilge é agus shocraigh sé ar foclóir Gaeilge-Béarla a chruthú. Chaith sé a shaol ag chuir a Gaeilge chun cinn. Gan amhras is ómós iontach é an cultúrlann dó.

Is cuid den gcultúr de gach phobal sa tír seo an Gaeilge. Is cuma cén taobh den phobal a bhaineann tú leis. Tá stair coitianta againn agus tá cúlra coitianta againn agus caithfimid bheith bródúil as.

Ní bagairt é Comhaontú Aoine an Chéasta do éinne. Cosnaíonn sé saibhreas ár n-oidhreacht. Ní bagairt í an Gaeilge nó Acht na Gaeilge ach an oiread. Ní cheart go mbeadh diúltú an mionlaigh in ann bac a chuir ar dul chun cinn an Gaeilge nó ar cearta teanga muintir na Sé Chontae.

Caithfidh an Rialtas Sasana a chuid dualgais a comhlíonadh agus reachtaíocht a chruthú chun cearta teanga a chosaint. Ba cheart dóibh acmhainní a chuir chun fhorbairt na Gaeilge a láidriú.

Tá Rialtas na hAlbain agus Rialtas an Bhreatain Bheag tar éis reachtaíocht cosúil le seo a chuir i bhfeidhm agus tá a lán le foghlaim againn ó ár gcomharsan béal dorais.

Ceann de na rudaí rathúil a tháinig as an gComhaontú ná tuiscint níos fearr idir an Oirthir agus an Iarthar. Mar ball den Tionól Pharlaiminteach na Breataine agus na hÉireann is féidir liom tairbhe an comhoibriú a fheiceáil. Faoi láthair táim ag obair mar comhúdar ar tuarascáil ar seirbhísí an EIB  agus an slí is fearr níos mó tairbhe a bhaint amach as an EIB.  Is féidir liom fás san tuiscint agus san chomhionnas a fheicáil sa tionól.

Mar Gael, mar Phoblachtach Éireannach ba mhaith liom comhoibriú cothromach a fhobhairt idir an tír seo agus Sasana. Gan amhras tá fadhbanna ann ach is féidir linn iad a comhréitiú ach obair le chéile. Tá deiseanna tráchtála ann agus is féidir linn tairbhe iontach a bhaint amach ach obair le chéile. Ach chun é sin a déanamh caithfimid i bhfad níos mó a dhéanamh chun Chomhaontú Aoine an Chéasta a chuir i bhfeidhm. Tá an glúin seo a braith ar agus tá na glúin a tá le teacht ag breath ar.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.