Dáil debates

Wednesday, 6 March 2013

10:40 am

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá a fhios aige go maith go bhfuil áiseanna ann a thabharfadh deis do na gardaí agus na grúpaí eile a shiúl amach ó na díospóireachtaí a chuid argóintí, tuaraimí agus conspóidí a lua. Tá roinnt gardaí i dtrioblóid lena morgáistí, ach tá daoine eile i dtrioblóid freisin. Is í sin an fhadhb lena bhfuil an Rialtas ag déileáil. Nuair a bhí an Teachta Martin sa Rialtas, níor ghlac sé leis an fhírinne a bhí á nochtú os a chomhair chuile lá. Dúirt sé nach raibh sé seo ag tarlú ar chor ar bith - nach raibh deacracht ar bith ann. Dúirt an Taoiseach a bhí ann ag an am gur chóir do dhaoine a cheap go raibh deireadh ag teacht leis an tsórt infheistíocht a bhí ar siúl rud éigin eile a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.