Dáil debates

Thursday, 19 July 2012

Gaeltacht Bill 2012 [Seanad]: Committee and Remaining Stages

 

11:00 am

Photo of Joe HigginsJoe Higgins (Dublin West, Socialist Party)

Tá agus táim ag rá go gairid gur tús maith é an Bille seo a thabhairt isteach agus is é tús maith leath na hoibre. Ach an dara leath an rud is tábhachtaí anois. Tá fadhb leis an dara leath toisc nach bhfuil an Rialtas sásta éisteacht le heagraíochtaí na Gaeltachta agus daoine go bhfuil an Ghaeilge ina gcroí acu maidir le hathruithe gur ceart a dhéanamh don Bhille seo. Ní féidir suí anseo ar feadh na n-uaireanta, dul tríd an Bhille go foirmeálta agus gan aon mholadh substaintiúil a ghlacadh ós na daoine a dteastaíonn uathu an Bille, agus todhchaí na Gaeltachta, a shábháil.

Ráiméis amach is amach an méid adúirt an Tánaiste ar maidin mar gheall ar an Dara Chéim, gur chríochnáigh an díospóireacht go luath agus go bhféadfaí go mbéadh níos mó Teachtaí ag caint. Ní shin an cheist. Is í an cheist ná conas ar féidir an Bille a athrú. Ní féidir an Bille a athrú ar an Dara Chéim nuair atá daoine ag déanamh tairiscintí ginearálta. Is ar Chéim an Choiste ar cheart na hathraithe a chur i gcrích.

Iarraim ar an Rialtas éisteacht le heagrais na Gaeltachta agus na Gaoluinne agus le daoine a bhfuil an Ghaoluinn ina gcroí acu conas gur féidir an Bille a dhéanamh i bhfad níos fearr agus, dá bhrí sin, gníomh i bhfad níos éifeachtaí a chur i bhfeidhm chun an teanga a chaomhnú agus chun borradh agus bláth a chur faoin dteanga, chun deireadh a chur le bánú na Gaeltachta agus chun an Ghaoluinn agus an Ghaeltacht a chaomhnú agus a chur i mbláth arís.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.