Dáil debates

Thursday, 26 May 2011

Progress on the 20 Year Strategy for the Irish Language: Statements

 

11:00 am

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)

Gan dabht, beidh an Teachta ar ais. Cuirim fáilte roimh an díospóireacht seo agus gabhaim comhghairdeas leis an Aire Stáit. Thug sé misneach dúinn sa mhéid a dúirt sé inniu nuair a labhair sé faoin Ghaeilge a d'úsáid an Uachtarán Obama agus an Bhanríon Éilís. Ba abairt an-mhaith a bhí ina óráid nuair a dúirt se go bhfuil an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ar an gcloch is mó ar a phaidrín dó mar Aire Stáit. Tá sin tábhachtach agus tugann sé misneach dúinn.

Tá mé buartha áfach faoi chuid de na rudaí a dúirt an tAire Stáit, go háirithe i dtaobh an gearradh siar ar airgead don údarás. Tá an-jab á dhéanamh ag an údarás maidir le fostaíocht agus feidhmeanna fiontar agus caithfidh an tAire Stáit labhairt leis an Roinn Airgeadais maidir le seo. Tá laghdú ar an airgead atá ar fáil. Deirtear go bhfuil €6 milliún imithe agus go bhfuil €12 milliún ag teastáil don údarás don bhliain seo chugainn. Tá súil agam go mbeidh níos mó airgid ar fáil. De réir na figiúirí, tá níos mó ná 7,000 duine fostaithe ag an údarás sna Gaeltachtaí, an chuid is mó acu i nGaillimh agus Dún na nGall. Is daoine iad ata fostaithe i dtionscnaimh ag a dtugann an t-údarás tacaíocht. Tá sin an-thábhachtach.

Maidir le cúrsaí oideachais, deirtear go bhfuil ábhair eile taobh amuigh den Ghaeilge le foghlaim sa bhunscoil agus is ceann de na moltaí sa straitéis é déileáil le seo. Luaitear sa straitéis freisin go mba ceart, go háirithe ag an dara leibhéal, go mbeadh ábhair ar nós litríocht agus stair na Gaeilge ar an gcuraclam. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann an polasaí maidir le seo a shoiléiriú. Leagtar béim sa straitéis ar oiliúint mhúinteoirí agus ar na cúrsaí atá ar fáil d'ábhair múinteoirí. Tá sé tábhachtach an cheist seo a phlé agus ceisteanna a fhreagairt maidir leis an t-am is fearr sa bhliain gur cóir cúrsaí éagsúla a chur ar fáil. Caithfidh leanúint ar aghaidh le cúrsaí d'ábhair múinteoirí.

Bhain moladh 32 den straitéis leis an méid Gaeilge atá ag daoine sa Stát Seirbhís. Ba mhaith liom soiléiriú a fháil ón Aire Stáit ar an cheist sin chomh maith. Bhain moladh 33 leis na comharthaí bóthar. Tá na comharthaí nua i bhfad níos fearr ná na cinn eile. Sílim gur cóir go mbeadh na comharthaí dhátheangach mar atá molta.

Labhair an Teachta ó Cuív mar gheall ar an chaighdeán Gaeilge sna bunscoileanna agus dúirt sé - agus bhí an ceart aige - gur ceart go mbeadh an Ghaeilge ar fáil i ngach scoil, ach tá béim ar leith ar an Ghaeilge sna gaelscoileanna. I suirbhéanna atá déanta maidir leis an daonra agus an plean forbartha, feictear gur ceart go mbeadh gaelscoileanna ann. Tá súil agam go dtiocfaidh feabhas maidir le sin. Tá gaelscoileanna i mo dháilceantar agus b'fhéidir go mbeidh seans agam labhairt faoi sin ar ball.

Ar ais go dtí an t-údarás, tá an-chomhoibriú idir an t-údarás agus na comhairlí contae i dtaobh na comharthaí bóthar agus seirbhísí áitiúla cosúil le seirbhísí dóiteán, leabharlanna agus cúrsaí pleanála. I mo thuairim, áfach, is í an fhostaíocht an cúram is fearr a thugann an t-údarás faoi. Bhí cúpla ceist agam le chur ar an Aire Stáit faoi seo. Mar shampla, bhí díospóireacht againn faoin jobs initiative. An bhfuil airgead curtha ar fáil don údarás le haghaidh an initiative sin nó le haghaidh an scéim feabhsúcháin Gaeltachta, forbairt na n-oileán agus araile? Ba cheart na tionsnaimh sin a chur ar bun. Ba cheart freisin scéim tithíochta sa Ghaeltacht a chur ar bun, go háirithe d'iarrthóirí nua. Cén baint atá idir an Roinn agus Coimisiún Forbartha an Iarthair, the Western Development Commission? Tá neart roghanna le déanamh maidir le sin agus tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann an cheist a shoiléiriú.

Luaigh an Teachta O'Reilly an comhchoiste don straitéis ar a bhfuil an Taoiseach mar chathaoirleach. Caithfidh an coiste sin dul chun cinn a dhéanamh. Tá mórán le rá faoi oícheanta chultúir nó faoi Culture Nights 2011. Tá súil agam go mbeidh baint ag na ceantair Gaeltachta leis an bhféile sin agus go mbeidh airgead ar fáil don fhéile agus do na tionscnaimh spórt agus pobal sa Ghaeltacht.

Ba mhaith liom meabhrú don Aire Stáit go bhfuil cúnamh á lorg ag gaelscoileanna i ngach dáilcheantar agus i nGaillimh. Ba mhaith liom an Gaelscoil i dTuaim a lua go háirithe agus Gaelscoil Riabhach i mBaile Locha Riach. Tá siad ag iarraidh go ndéanfar dul chun cinn ar na tionscnaimh atá ar bun acu. Tá súil agam go n-éireoidh leis an Aire Stáit sin a dhéanamh. Tá súil agam freisin go mbeidh muid in ann an cheist seo a phlé nuair a bheidh Ceisteanna againn i gceann coicíse.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.