Dáil debates

Thursday, 26 May 2011

Progress on the 20 Year Strategy for the Irish Language: Statements

 

11:00 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá áthas orm deis a bheith agam labhairt ar an ábhar seo. D'éist mé go cúramach leis an méid a bhí le rá ag an Aire agus ag an Aire Stáit. Thug cuid den mhéid a bhí le rá aige misneach dom. Chuir cuid eile a bhí le rá aige fíor droch-mhisneach orm.

Mar a dúirt an t-Aire Stáit é féin, tá an Ghaeilge, go mórmhór san nGaeltacht, faoi bhagairt. In ainneoin an dul chun cinn atá déanta ag an nGaeilge ar fud fad na tíre, níl aon amhras faoi, mar gur pobail an-bheag iad na pobail Gaeltachta, ach go bhfuil an Ghaeilge faoi bhrú istigh san nGaeltacht féin agus i gcroí lár na Gaeltachta. Tá go leor cúiseanna leis sin. Tá roinnt cúiseanna stairiúil le daoine gan labhairt Gaeilge lena gclann ar fhaitíos go dtiocfaidís thar sáile gan Béarla, rud nach dtarlódh ach go bhfuil imní fós ag an bpobal faoi. Cúis eile ná go bhfuil daoine ag bogadh isteach san nGaeltacht an t-am ar fad, rud atá intuigthe. Pósann daoine isteach san nGaeltacht, agus mar sin de. Cuireann sé sin brú ar an teanga.

Cloisimid na leathscéalta ón Rialtas faoi bhrú airgid. Tá rud luachmhar sa tír seo, rud má chailltear é nach féidir a fháil ar ais go brách na breithe. Mar a scríobhadh sa bhliain 1950 nuair a bhí an tír seo faoi bhrú airgid, nár díobháltach an rud é dá gcaillfí an Ghaeilge agus muide i dtír saor nuair a mhair sí nuair a bhí daorsmacht sa tír. Cé mhéid airgid a thógfaidh sé, agus is airgead an-bheag ar fad atá i gceist as an Státchiste, leis an nGaeilge a thabhairt slán, ba cheart go dtiocfadh sé sin roimh aon rud eile. Mar a dúirt mé, is seoid luachmhar an Ghaeilge. Ní hamháin gur seoid náisiúnta í seo ach ar theangacha an domhain tá tábhacht stairiúil faoi leith ag baint leis an nGaeilge. Is í an teanga scríofa is sine ar an taobh seo des na hAilp. Bheadh an domhan mór thíos leis dá gcaillfí an Ghaeilge.

Le deich mbliain anuas, tá go leor déanta ar son na Gaeilge. Bhí Coimisiún na Gaeilge againn, cuireadh Acht teanga i bhfeidhm agus tá a thoradh sin le feiceáil ar fud na tíre. Anois, nuair a cuirtear comharthaíocht poiblí suas tá sé dátheangach agus tá an Ghaeilge chomh mór leis an mBéarla. Níl aon fhadhb ag éinne leis ach thóg sé na blianta, agus reachtaíocht, len é sin a chur i bhfeidhm ar na heagraíochtaí Stáit. Tuigtear anois nach bhfuil aon fhadhb sa tír seo, ag fáil thar na fadhbanna siceolaíochta atá ann, agus rudaí atá indéanta i ngach uile thír eile ar domhain a dhéanamh anseo. Is é sin, comh-mheas a thabhairt don dá theanga oifigiúil i gcomharthaíocht agus i rudaí den chineál sin.

Tá an-mheas agam ar an Teachta Mathews. Tá nós éigin sa Teach seo, muna bhfuil Gaeilge ag daoine nach bhfuil siad sásta na cluasáin a úsáid. Dá dtiocfadh na daoine céanna go dtí Parlaimint na hEorpa agus nach dtuigfeadh siad an Fhraincis nó an Ghearmáinis chuirfidís na cluasáin orthu agus ní bheadh níos mó faoi. Istigh sa Teach seo, b'fhearr leo gan eisteacht leat. B'fhéidir go mbeadh údar acu gan éisteacht linn scaití. B'fhearr le daoine gan éisteach leat ná na cluasáin a chur orthu. Ní thuigim é sin. Muna bhfuil teanga agamsa agus má tá mé ag iarraidh a fháil amach céard atá duine ag rá cuirim orm na cluasáin agus tá mé ceart.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.