Dáil debates

Thursday, 14 April 2011

2:00 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)

Dúirt an tAire Stáit go bhfuil reachtaíocht á hullmhú leis an straitéis a chur i bhfeidhm. Cuirfidh mé i gcuimhne dó cad é atá ann sa straitéis. Go soiléir, beidh cúraimí fiontraíochta á gcoinneáil ag Údarás na Gaeltachta. Tá an tAire Stáit ag rá go bhfuil reachtaíocht á hullmhú leis sin a chur i bhfeidhm ach níl sé in ann a rá go mbeidh cúraimí fiontraíochta ag Údarás na Gaeltachta. Tuigimid uile go bhfuil géarghá le níos mó airgid chaipitil ag Údarás na Gaeltachta, luaigh an tAire Stáit sin nuair a bhí sé féin in a bhall den fhreasúra. Tuigimid fosta go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag cruthú 1,000 post gach bliain ar fud na nGaeltachtaí agus go bhfuil na comhlachtaí atá ag fáil tacaíochta ó Údarás na Gaeltachta ag cur isteach €1.5 billiún sa gheilleagar gach bliain. Tuigimid go bhfuil deacrachtaí ann ach tuigimid fosta go bhfuil sé go soiléir sa straitéis, go dubh agus bán, rud nach bhfuil an tAire Stáit toilteanach a rá inniu, go mbeidh cúraimí fiontraíochta ag Údarás na Gaeltachta.

Má tá an tAire Stáit ag rá go bhfuil an Rialtas ag ullmhú reachtaíochta teicniúla, ceart go leor, táimid uilig ar chúl fís na straitéise ach níl an Rialtas seo ar chúl fís na straitéise mura bhfuil sé in ann a rá go mbeidh cúraimí fiontraíochta ag Údaras na Gaeltachta mar sin ceann de na páirteanna atá sa straitéis go dubh agus go bán. Chreid pobal na Gaeltachta, nuair nach raibh sin ann sa dréacht-straitéis go dubh agus go bán, go bhfuair siad isteach é sa straitéis a foilsíodh. An féidir leis an Aire Stáit an comhartha ceiste sin a bhaint as an ábhar agus a rá go bhfuil sé ag seasamh leis an straitéis, go háirithe an pointe sin faoi chúraimí fiontraíochta ag Údarás na Gaeltachta, atá ag cruthú 1,000 post sa Ghaeltacht gach bliain agus ag tacú leis an gheilleagar le €1.5 billiún ó na comhlachtaí lena dtacaíonn an t-údarás?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.