Dáil debates

Wednesday, 13 April 2011

 

Scéimeanna Uisce agus Séarachais

9:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Aire Stáit as ucht teacht isteach sa Teach anocht. Tá súil agam go dtabharfaidh sé eolas an dáta dom faoin gceist seo. Is scéal fada é scéal uisce na Ceathrú Rua. Bhí truailliú ann blianta fada ó shin. Réitíodh an fhadhb sin nuair a cuireadh scéim nua séarachais isteach sa gCeathrú Rua, scéim atá fós le críochnú. Bhí contúirt ann go dtarlódh truailliú eile agus tharla sé sin le gairid nuair a sceith ola isteach san abhann agus isteach i Loch an Mhuilinn. Ag éirí as sin, tá gá le scrudú a dhéanamh cén fáth gur thóg sé chomh fada ón am a deir muintir na háite gur dhúirt siad leis an gcomhairle condae go raibh an fhadhb seo ann agus an t-am a dúirt an comhairle condae leis an bpobal nach ceart an uisce a úsáid. Tá sé fíor-thábhachtach go mbunóimid dea-chaidreamh arís idir an comhairle condae agus an pobal agus go bhfaighimid amach go díreach céard a tharla i gcaitheamh an ama sin.

An mhaidin a tharla an truailliú ní raibh urlabhraí ar fáil ó Chomhairle Chondae na Gaillimhe ar Raidio na Gaeltachta le míniú don phobal céard a bhí tarlaithe agus cén contúirt a bhain leis, nó nár bhain leis, dóibh siúd a d'úsáid an t-uisce, sula bhfuair siad an foláireamh. Ba é an trua é nach raibh an comhairle condae in ann urlabhraí a chur ar fáil don raidió an mhaidin sin. Tá súil agam anois nach fada go mbeidh sé sábhailte uisce na Ceathrú Rua a úsaid.

I rith mo thréimhse mar Aire Chomhshaoil, agus ní raibh mé ann ach scaitheamh an-ghearr, thóg mé an cheist leis an Roinn faoi cén fáth go dtógann sé an oiread sin ama ón am go gceaptar go mba cheart dul ar aghaidh le scéim uisce go dtí go dtógtar an scéim. Le fada an lá, ní raibh mé sásta go dtógann sé an oiread sin ama agus go mbíonn an oireadh sin céimeanna i gceist le scéim uisce a chur chun cinn.

I gcás scéim uisce na Ceathrú Rua, tá an scéim ag dul ar aghaidh leis na cianta. Bhí sé cosúil le ping-pong go minic, an chaoi a raibh na cáipéisí ag dul suas agus anuas idir an comhairle condae agus an Roinn. Níl mé ag cur locht ar an Aire Stáit mar tuigim go maith nach raibh sé sa Roinn, ach impím air féin agus ar an Aire díriú ar an gceist sin. I rith an achair an-ghearr a raibh mé sa Roinn, níor thuig mé ó thalamh an domhain cén fáth go gcaithfeadh innealtóirí a chuaigh ar an hollscoileanna céanna a bheith ag scrúdú obair a chéile. Feictear dom go mbeadh sé i bhfad ní b'fhearr dá dtabharfaí airgead dos na comhairlí condaethe, ar a laghad leis na scéimeanna measartha beaga a dhéanamh, seachas an chaoi a bhfuiltear ag oibriú i láthair na huaire.

Níl aon amhras ná gurb é an t-aon réiteach atá ar fhadhb an uisce, ní hamháin ar an gCeathrú Rua ach i gceantar na n-oileán agus i gCamus, Leitir Mucu agus an taobh sin ar fad, ná scéim uisce réigiúnach Chasla. Is é sin, an t-uisce a thógáil ó Loch Ghleannach Muireann atá thuas ins na cnoic in aice le Seanadh Phéistín. Ansin, bheadh uisce glan ann sa bhfad-téarm. Níl sé feiliúnach a bheith ag braith ar Loch an Mhuilinn mar tá an loch sin an-ghar do thithe i gceantair atá forbaithe go mór, agus beidh sé i gcontúirt i gcónaí. Tá an rud céanna fíor faoi na foinsí uisce i gceantar na n-oileán. Níl siad feiliúnach ach oiread. Tá i bhfad an iomarca contúirt ann má táthar ag braith ar locha beaga mar fhoinse uisce, go mórmhór locha beaga atá an-ghar do thithe.

Nuair a bhí mé mar Aire chuir mé tuairisc leis an Roinn faoi dul chun cinn na scéime seo. Dúradh liom ag an am go raibh costas measta ar an sceim de thart ar €15.3 milliún agus go mbeidh an t-uisce ag teacht as Loch Ghleannach Muireann. Dúradh liom freisin go raibh an Bord Pleanala tar éis cead a thabhairt don EIS, le coinníollacha daingean. Bhí seo thar a bheith tábhachtach mar cé go raibh siad daingean ba choinníolacha iad gur féidir glacadh leo. Dúradh freisin ag an am go raibh an tuarascáil EIS, maraon le na doicimeidi conartha, á scrudu ag an Roinn i gComhairle le Comhairle Condae na Gaillimhe, go raibh an cás á phlé agus go mbeadh cinneadh ar an scéim i mí a Bealtaine, nach bhfuil uainn ach coicís.

Bheinn buíoch dá bhféadfadh an tAire deimhniú go gcloífear leis an scála ama seo agus go dtabharfar an cead dul ar aghaidh. Bheinn níos buíoch fós dá ndéarfadh sé cén dáta a bhéas an cead á thabhairt. Bheinn buíoch freisin dá bhféadfadh sé a dheimhniú go mbeidh an t-airgead ar fáil le dul ar aghaidh láithreach don scéim agus leis na tairiscintí a lorg agus an scéim a thógáil. Bheinn an-bhuíoch freisin dá bhféadfadh sé a rá liom cén buille faoi thuairim atá ann anois faoi cén uair a bhféadfadh an scéim a bheith tógtha agus ag feidhmiú.

Ar deireadh, ó tharla go mbeidh an t-uisce ag teacht ó Ghleannach Mhuireann tá súil agam go ndéanfar cinnte go cuirfear uisce ar fáil do mhuintir Bhaile Ghleannach Muireann, ó tharla go bhfuil daoine ar an mbaile sin nach bhfuil soláthar sásúil uisce acu. Má tá an t-uisce á thógáil sa ghleann ins na cnoic, ba cheart go mbeadh buntáiste beag ag muintir na gcnoc as an uisce, chomh maith leis na ceantair maguaird agus Conamara fré chéile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.