Dáil debates

Wednesday, 13 April 2011

Communications Regulation (Postal Services) Bill 2010 [Seanad]: Second Stage (Resumed)

 

6:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil as an deis labhairt ar an Bhille rí-thábhachtach seo. Tá mé go huile agus go hiomlán i gcoinne aon athrú suntasach mar atá ag tarlú anseo i seasamh An Post. Sin atá i gceist anseo. Tá muid ag oscailt an mhargaidh do sheachadadh litreacha agus gach rud eile a dhéanann An Post do chomhlachtaí eile agus ag ligint dóibh córas agus seirbhísí An Post a réabadh.

Tá spéis faoi leith agam san ábhar seo toisc go n-oibríonn mo bhean chéile, mo dheartháir céile agus a bhean in An Post. Mar sin, tuigim go maith na hathruithe atá déanta ag siúd atá ag obair in An Post cheana féin maidir lena córas oibre agus leis na huaireanta a n-oibríonn siad - mar an gcéanna leis na hathruithe eacnamaíochta atá déanta ag gach duine eile - agus tuigim na hathruithe atá déanta acu maidir leis an ragobair, a laghad a fhaigheann siad agus na cinntí atá déanta le bliain nó dhá bhliain anuas chun a cinntiú go mbeidh An Post ullamh do chomórtas, má thagann sé in aon chor. Ba chóir go dtarlódh go leor de na hathruithe sin pé scéal é. Ba cheart go n-oibreódh gach cuid den tseirbhís poiblí go héifeachtach chun luach an airgid a fháil as an infheistíocht a dhéanann an Stáit. É sin ráite, ní chóir go mbeimid ag déanamh ionsaí ar seirbhísí poiblí nó ag tarraingt astu. Ní gá ach féachaint siar go dtí an tréimhse sula raibh Eircom réabtha sa bhealach chéanna. Nuair a d'osclaíomar an margadh fóin póca agus teileafóin eile don mhargadh, tháinig comhlachtaí eile isteach. Tá a fhios againn conas mar atá cúrsaí imithe ó shin agus an staid ina bhfuil Eircom faoi láthair. Tá seans ann go mbeidh teip iomlán ar an gcomhlacht sin aon lá anois, agus go gcuirfí 3,000 duine ar na scuainí dól.

Sa chás seo, tá má ag rá go bhfuil mé go hiomlán i gcoinne príobháidiú An Post. Tuigim nach bhfuil sé sin i gceist sa Bhille seo, go díreach, ach tá seans ann go dtiocfaidh sé i ndiaidh oscailt an mhargaidh. Má tá An Post san iomaíocht le comhlachtaí eile sa slí atá leagtha amach ag an Aontas Eorpach nó an Rialtas anseo, tosóidh an comhlacht ag cailliúnt airgid. Má tá níos lú litreacha, srl., á seachadadh timpeall na tíre, beidh sé níos deacra do An Post dul san iomaíocht. Tá fadhbanna móra leis an líon stuif atá á seachadadh. Má thagann comhlacht eile isteach sa mhargadh, agus tosnaíonn sé ag cailliúnt airgid, an bhfuilimid cinnte nach dtarraingeoidh sé amach? Dá mbeadh An Post brúite amach ó cheantair áirithe, an bhfuilimid cinnte nach mbeadh cuid den tír - cathair nó dhó, b'fhéidir - fágtha gan seirbhís poist? Cad a tharlódh dá mbeadh An Post tar éis tarraingt siar as déileáil lena leithéid?

Ba cheart dúinn féachaint siar ar na cinnithe míchearta a rinneadh ó thaobh An Post, nó an "P and T" mar a bhí, sna blianta atá imithe. Mar shampla, dhíol An Post an chomhlacht idirlíne - Ireland On-Line - a bhí acu. Dhein an comhlacht brabús suntasach ó shin. Ba cheart go mbeadh cosaint ceart déanta ag An Post ar an cash cow a bhí acu agus go mbeadh gach uile ghné de chumarsáid na tíre faoi smacht comhlacht amháin. Bhí an Roinn Poist agus Telegrafa freagrach ní hamháin maidir le seachadadh an phoist, ach freisin maidir le Telecom Éireann agus Ireland On-Line. Níl mé ag rá gur chóir go mbeadh gach cuid den chóras cumarsáide faoi smacht an Rialtais, ach gur chóir go mbeadh sé faoi riaracháin comhlacht amháin. Má ghlacfaimid leis an mBille seo, measaim go ndéanfar damáiste do chomhlacht a chuireann seirbhís poiblí ar fáil. Ní mór dúinn gnéithe áirithe don eacnamaíocht, ar nós seirbhísí poiblí, a chosaint.

Nuair a tharla athruithe i dtíortha eile, theip go huile is go hiomlán ar na seirbhísí poiblí ar a dhéantar príobháidiú nó a cuireadh ar an margadh. Ligeann daoine áirithe orthu go bhfuil an margadh seo níos fearr ná aon rud eile sa domhan. Nuair a dhéanann siad léirscaoileadh ar seirbhísí poiblí, tarlaíonn rás go dtí an bun - race to the bottom - agus déantar laghdú nó íslú ar pá agus coinníollacha na n-oibrithe sna comhlachtaí a bhí ann roimhe. Bíonn na comhlachtaí nua-príobháidithe in iomaíocht de shíor le comhlachtaí osnáisiúnta. Toisc go bhfuil an margadh sa tír seo chomh beag, bíonn sé deacair dóibh iad féin a chosaint agus a tharrtháil i gcoinne na comhlachtaí móra seo. Tá dainséar ann go mbeidh orainn teacht ar ais anseo i gceann cúpla bliain nuair a deireann an Rialtas gur gá An Post a phríobháidiú toisc go gcosnaíonn sé iomarca airgid. Tá sé sin déanta i go leor gnéithe agus rudaí eile agus tá sé i gcomhréir leis an bplean agus an doiciméad a shínigh an Rialtas leis an IMF agus an ECB. Deireann an doiciméad sin go ndíolfaidh an Stát roinnt dá gnónna agus sócmhainní.

Ba chóir dúinn cur i gcoinne an méid atá sa Bhille seo. Seachas bheith ag gearradh siar ar seirbhísí poiblí, ba chóir go mbeimid ag déanamh infheistiú iontu. Ba cheart dúinn postanna a chosaint sa gheilleagar atá sa tír faoi láthair. Ba chóir dúinn cur leis an pá agus na coinníollacha a bhaineann le seirbhísí poiblí - ní hamháin i gcás An Post, ach i gcásanna Bus Éireann agus Bus Átha Cliath freisin. Chonaiceamar cheana conas mar atá an Rialtas ag caitheamh leo agus á dtarraingt siar. Tá a fhios againn cad a rinne an Rialtas le Aer Lingus agus le Aer Rianta, comhlachtaí eile a bhí cuíosach tábhachtach don oileán seo. Tá pleananna ann níos mó iomaíocht a thabhairt isteach i dtaobh Bord Soláthair an Leictreachais agus Bord Gáis, srl. Déanfaidh an Stáit níos lú brabús sa chás sin.

Caithfimid bheith cúramach nach bhfuil an Rialtas ag ullmhú chun fáil réidh le sócmhainní an Stáit. Tá sé soiléir go bhfuil sé ar aigne acu. Bhí gach ceann de na comhlachtaí seo an-bhrabúsach ag amanna difriúla. Bhaineadar úsáid as an brábús sin chun infheistíocht a dhéanamh i seirbhísí eile. Nuair a tháinig díbhinn ó Bord Soláthair an Leictreachais, Aer Lingus nó fiú Aer Rianta ag amanna difriúla, rinneadh infheistiú tríd an státseirbhís i scoileanna, bóithre nó pé rud eile. Ní gá ach smaoineamh ar an méid a tharla nuair a díoladh Irish Ferries agus Siúcra Éireann, agus an talamh a tháinig leo, roinnt blianta ó shin. Níor fuair an Stát an buntáiste ceart gur chóir go dtiocfadh as na comhlachtaí Stáit éagsúla a phríobháidiú nó a oscailt ar an margadh. Ní gá ach féachaint ar an debacle a tharla maidir leis an public service obligation a bhain leis an VHI. Theip ar na coinníollacha agus an chosaint a dúirt an Rialtas a bhí ann ó thaobh an VHI de nuair a chuaigh BUPA - nó pé comhlacht a bhí ann - chun na cúirte.

Dá bhrí sin, measaim nach fiú aon rud a deireann iad siúd a mhaíonn go bhfuil seirbhís poiblí seachadadh poist na tíre seo á chosaint. Nuair a rachfaidh na comhlachtaí príobháideacha chun na cúirte, gheobhaidh siad réidh le aon chosaint a bheidh sa reachtaíocht seo. Sa réimse seo, don chuid is mó, tá reachtaíocht na hEorpa i gceannas a luaithe is a osclaítear an mhargaidh. Is é sin an dainséar a bhí ann nuair a ghlacamar leis na hathruithe a thógadh isteach i gconarthaí Nice agus Liospóin, ach go háirithe. Dúirt muid go raibh siad ag ullmhú don phríobháidiú agus d'oscailt an mhargaidh. Measaim nach bhfuil sé seo an deireadh - rachfaidh siad i ndiadh go leor de na seirbhísí a chuireann na húdaráis áitiúla ar fáil don phobal. Déanaim impí ar an Rialtas arís tarraingt siar ón treo ina bhfuil sé ag dul faoi láthair. An tseachtain seo caite, fógraíodh arís go bhfuil an Rialtas ag tarraight roinnt de na cumhachtaí ó na húdaráis áitiúla trí Irish Water a bhunú. Beidh níos lú cumhachtaí ag na húdaráis áitiúla amach anseo má dhéantar sin seachas bheith ag dul i dtreo dílarnú cumhachtaí, tá an Rialtas chun a mhalairt ar fad a dhéanamh. Ba chóir go mbeadh níos mó cumhachtaí ag na húdaráis áitiúla seachas níos lú.

Ag filleadh arís don Bhille atá os ár gcomhair, tá sé i gceist go mbeadh an margadh oscailte go hiomlán agus tá dainséir ansin. Ní gá ach féachaint ar cad a tharla nuair a osclaíodh margadh iarnróid i Sasan; bhí teip iomlán ann, bhí comhlachtaí ag teacht isteach agus amach agus ag titim agus bhí ar an Stát teacht isteach le hinfheistiú mór. I gcás seachadadh poist i Sasan, theip go huile is go hiomlán ar an léirscaoileadh a tharla sa mhargadh ansin. Tharraing Royal Mail siar, díoladh an chomhlacht agus tháinig Consignia isteach. Ansin rinne Consignia praiseach iomlán ar an chóras seachadta poist agus na hoifigí poist timpeall na tíre. Bhí ar Royal Mail teacht isteach arís agus an gnó ar fad a cheannach ar ais arís go mbeidh sé i gceannas an mhargaidh arís.

Is é sin an dáinséar nuair a thiocfaidh comhlachtaí isteach sa tír seo, go mbeidh siad ag súil go mbeidh cash cow acu, mar a rinne siad le Eircom, nuair dhíol siad píosa anseo agus píosa ansiúd don mhargadh agus ansin tharraing na carpet baggers as Eircom agus d'fhág siad comhlacht nach raibh in ann dul san iomaíocht. Má tá comhlachtaí ag teacht isteach cad é an gealltanas go mbeidh siad in ann an tseirbhís a dhéanamh go huile is go hiomlán agus go mbeidh siad in ann leanúint leis an tseirbhís sin a thabhairt don phobal?

Tá seirbhísí ann. Dá mbeadh spéis ar bith ag an Rialtas seo An Post a chosaint, déarfadh sé leis an Roinn Coimirce Sóisialaí go mbeadh na híocaíochtaí a dhéanann an Roinn ag dul go hiomlán tríd an bhanc atá ag An Post agus go mbeadh daoine ag bailiú na n-íocaíochtaí agus á gcur sna cuntais choigiltis ag An Post. Ní féidir leo sin a dhéanamh faoi láthair, caithfidh siad úsáid a bhaint as an chóras bhaincéireachta atá againn sa tír. Tá sin tubaisteach agus tá cúpla duine tar éis an cheist sin a ardú liom le déanaí, toisc go bhfuil Rabobank, nó cibé dream a bhí gafa leis An Post, i ndiaidh tarraingt amach agus go gcaithfidh na híocaíochtaí a chur i gcuntais de chuid AIB nó fiú Ulster Bank nó dream éigin mar sin. Ba chóir go mbeadh sé ag dul isteach san aon bhanc náisiúnta atá ag an Stát - An Post - nó go mbeadh na bainc atá faoi seilbh an Stáit go hiomlán náisiúnaithe, seachas go mbeidís á rith amhail is gur comhlachtaí príobháideacha iad.

Ba mhaith liom ceist a ardú faoi ghrúpa, Citypost, atá ag briseadh an dlí faoi láthair cionn is nach bhfuil an margadh oscailte go fóill. Tá súil agam go mbeidh an tAire sásta díriú isteach ar a leitheid atá ag briseadh na rialacha atá sa mhargadh, ag seachadadh poist i gcoinne an dlí. Tá an chomhlacht ag dul isteach in ainneoin nach bhfuil léirscaileadh ar an mhargadh, go mbeidh sí ullmhaithe. Caithfidh ar a laghad go bhfanfaidh an chomhlacht go dtí go mbeidh an margadh oscailte, fiú in ainneoin go bhfuil mise go hiomlán ina choinne sin.

B'fhiú don Rialtas smaoineamh go mbeidh níos lú poist ann, ní go mbeidh poist nua á gcothú. Tá fadhbanna ag An Post ó thaobh phost de toisc nach bhfuil go leor litreacha á seoladh ag daoine. Beidh An Post ag dul san iomaíocht le comhlachtaí a bheidh ag teacht isteach sa mhargadh agus a bheidh bunaithe sa chathair anseo, áit inar féidir níos mó brabús a bhaint as seachadadh litreacha; beidh siad ag díriú ar an chuid sin den mhargadh seachas aon chuid eile de. Tá an dainséar ann go mbeidh ar An Post daoine a dhéanamh iomarcach de thairbhe nach mbeidh an t-airgead aige chun iad a íoc. An impleacht atá ann ná sa chuid den mhargadh ina mbeidh an iomaíocht is mó ná sna ceantair uirbeacha; beidh daoine faoin tuath ag brath ar seirbhís níos lú cionn is nach bhfuil brabús le fáil ann mar tá sé níos deacra a dhéanamh agus cosnaíonn sé i bhfad níos mó do An Post é a dhéanamh faoi láthair.

Cá bhfuil an buntáiste a thiocfaidh do An Post as an tseirbhís sin a dhéanamh? Tá public service obligation ag An Post agus beidh go fóill agus ní bhfaighidh sé aon bhuntáiste nó aon compensation ó na comhlachtaí nua. Nuair a bhí sin ann idir BUPA agus VHI, chuaigh BUPA os comhair na cúirte agus theip go huile agus go hiomlán le VHI an córas sin a choinneáil. Caithfear déanamh cinnte nach mbeidh comhlacht in ann teacht isteach agus cherry picking a dhéanamh. Má tá an Rialtas dáiríre faoin Bhille seo a rith, ní chóir go mbeadh ach comhlacht amháin sa tír. I mo thuairim ba chóir go mbeadh an chomhlacht sin mar An Post agus má thagann comhlacht eile, go mbeidh uirthi gach uile rud agus atá An Post ag déanamh faoi láthair a dhéanamh go hiomlán.

Ba mhaith liom díriú isteach ar ghné eile den reachtaíocht seo atá beagáinín seafóideach: an cheist faoi phostchóid. Bhí díospóireacht mhór ann agus sa Bhille seo, déantar damáiste don infheistíocht a rinne An Post i dtreallamh toisc go raibh sé in ainm agus a bheith i gceannas ar sheachadadh poist amach anseo. Ní raibh An Post ag súil go mbeadh aon mhórathrú ag tarlú nuair a infheistíodh na milliúin euro i dtreallamh nua sórtála sa dóigh is nach mbeadh sé in ann aon chóras nua a chur i bhfeidhm. Beidh ar An Post na milliúin euro a chaitheamh chun athruithe a dhéanamh ar an chóras dá dtogfaí isteach postchóid in ionad an chórais atá aige faoi láthair atá ag obair go maith. Ba chóir cloí leis an seandlí: mura bhfuil sé briste, ní gá é a dheisiú. I gcás An Post, agus ní amháin sa chóras postchóid, mura bhfuil an margadh briste, ná deisigh é.

An rud a tharlóidh sa deireadh na go mbeidh an córas briste ó bhun go barr agus tá sé tubaisteach go bhfuil seo os ár gcomhair agus níos tubaistí fós go bhfuil Aire ó Pháirtí an Lucht Oibre i gceannas an léirscaoilte, rud atá go huile i gcoinne na tuairime a ba chóir a bheith ann, go mbeadh pá agus coinníollacha oibre cosanta agus nár laghdófaí seirbhísí poiblí don phobal in aon bhealach. Is cúis náire é go bhfuil an tAire ag dul ar aghaidh le reachtaíocht a cuireadh os ár gcomhair faoi réim an Rialtais dheireanaí, a raibh polasaí na PDs mar bhunús ann agus an tAire Charlie McCreevy ag fógairt thart timpeall na hEorpa gurbh é an léirscaoileadh an rud is fearr. Chonaic muid cad a rinne sin d'Éirinn, ní gá ach féachaint ar an damáiste a rinne sé don chóras bhaincéireachta sa tír seo. Táim ag tabhairt foláirimh go dtarlóidh sin arís.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.