Dáil debates

Wednesday, 6 April 2011

Bank Reorganisation: Statements (Resumed)

 

6:00 pm

Photo of Joe HigginsJoe Higgins (Dublin West, Socialist Party)

I, too, will work on Saturday and Sunday. I know how hard many public representatives work.

Lig dom leanúint ar aghaidh mar sin, a chathaoirligh. I gcionn dhá nó trí bliana beidh fiacha náisúnta de €220 billiún ag an tír seo. Beidh íocaíochtaí úis suas le €10 bhilliún faoi 2013. Má cuirtear san áireamh go mbeidh caiteachas ar oideachas na tíre - idir bhunoideachas, meánoideachas agus an tríú leibhéal - ag €9.2 bhilliún an bhliain seo, is féidir a fheiscint chomh tubaisteach is atá an scéal seo. Tá sé do-dhéanta. Dá mba rud é go ndéanfaí sclábhaithe amach is amach de lucht oibre na tíre seo ní fhéadfaí na fiacha seo a ais-íoch. Dá bhrí sin, ní féidir iad a ais-íoch agus beidh géarchéim millteanach mór i gcionn cúpla nó trí bliana.

Cén fáth go bhfuil an Rialtas ag cur ár ndaoine trín fhulaingt oll-mhór seo i dtreo's go gcríochnódh sé i ngéarchéim ar aon nós? Ní ceart pingin rua a íoc le lucht speiciléiréachta. Ba cheart na billiúin sin a chur isteach in infheistíocht infrastruchtúra chun na mílte post a chruthú, chun an lucht oibre a chur ar ais ag obair, chun saibhreas a chruthú agus chun teacht as an ngéarchéim eacnamaíochta uafásach atá ann i láthair na huaire.

Ba cheart ath-eagraíocht a dhéanamh ar na bainc, ach trí na bainc a thabhairt in úinéireacht phoiblí agus faoi stiúradh daonlathach ins an tslí is go bhféadfaí creidmheas a thabhairt do dhaoine féin-fhostaithe, do fiontair beaga agus do dhaoine go ginearálta. Chomh maith leis sin, ba cheart na billiúin a chur isteach in infheistíocht in infrastruchtúir chun na postanna atá ag teastáil a chruthú.

Is géarchéim Eorpach atá anseo anois. Tá lucht oibre na Gréige, na Portaingéile agus na Spáinne thíos leis an ngéarchéim seo chomh maith. Ba cheart go dtiocfadh lucht oibre na hEorpa le chéile chun cumhacht tubaisteach uafásach seo na margaí a bhriseadh agus córas daonlathach airgeadais a chur i bhfeidhm ar mhaithe leis an sochaí, le tromlach na ndaoine agus le gach cúrsa sóisialta, seachas a bheith ag cur níos mó airgid isteach ins na hinstitiúidí príobháideacha seo ins an Eoraip d'fhonn níos mó brabúis a dhéanamh dóibh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.