Dáil debates

Thursday, 18 November 2010

Straitéis 20 Bliain Don Ghaeilge: Ráitis

 

2:00 pm

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)

Gur fada buan mé mar sin. Feicimid conas mar a tharlaíonn sé. Leanfaidh mé liom mar tá neart le rá agam. Má thagann mo chomhghleacaithe, roinnfidh mé mo chuid ama leo. Is tábhachtach an díospóireacht í seo, go mórmhór inniu agus muid ag caint faoi toghchaí na tíre. Pé rud eile nach bhfuil faoinár smacht, is cinnte go bhfuil ár dteanga faoinár smacht. Faoi mar a deirtear, "tír gan teanga, tír gan anam".

Tá sé tábhachtach a rá go bhfuil teangacha ar fud an domhain faoi bhagairt agus faoi bhrú. B'fhéidir nach dtuigtear é seo sa Dáil, os rud é go mbíonn an chuid is mó de na díospóireachtaí anseo i mBéarla. Ta sé cinnte go bhfuil an Béarla in uachtar in a lán tíortha, seachas ar fud an domhain. Tuigim go bhfuil thart ar 6,000 teangacha fágtha sa domhain. De réir Indiana University sna Stáit Aontaithe, beidh 90% dóibh imithe faoin mbliain 2100. Dá bharr sin, tá caithfear bheith ar an airdeall go bhfuil na coinníollacha ann chun an Ghaeilge a bhuanú, a fhorbairt agus a choimeád beo. De réir obair ata déanta ag taighdeoirí, caithfidh ar a laghad 100,000 cainteoirí a bheith ag teanga ar bith ionas go mairfidh sí. Má tá níos lú ná 100,000 cainteoirí i gceist, tá teanga faoi bhagairt agus de réir dealramh, rachfaidh sí i laghad.

Ó thaobh na Gaeilge de, táimid ar an imeall. Tá sé mar sprioc sa straitéis líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais a mhéadú ó 80,000 go dtí 250,000. Tá sé sin thar a bheith neamhréadúil sa tréimhse atá leagtha amach. De réir mar a thuigim, níl bunús eolaíoch leis an bhfigiúr de 250,000. Caithfimid bheith réadúil faoin ábhar seo. Má táimid chun sprioc éigin a bhaint amach, b'fhéidir gur chóir dúinn iarracht a dhéanamh líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais a mhéadú faoi 5.7% gach bliain. Mhéadódh sé sin an líon cainteoirí Gaeilge ó 80,000 go dtí breis is 100,000. Dá dtarlódh ardú de 10% gach cúig bliana, bheadh 100,000 cainteoirí, ar a laghad, i gceist.

B'fhéidir gur cheart dúinn caint ní hamháin faoi na cainteoirí laethúla ach freisin faoi na cainteoirí seachtainiúla. Bíonn deacrachtaí ag neart daoine in Éirinn - go mórmhór iad siúd nach gcónaíonn i gcomhluadar Ghaeilge, ar nós an Ghaeltacht - an Ghaeilge a labhairt gach lá. Mar sprioc níos réadúla, ba chóir dúinn líon na ndaoine a labhrann an Ghaeilge go seachtainiúil a mheas agus a mhéadú, chomh maith leo siúd a labhrann an teanga go laethúil. Ní mór dúinn é sin a mheas.

Tá a lán rudaí maithe sa dréachtstraitéis. Ba cheart neart fuinneamh a úsáid chun í a chur i gcrích. Tá amhras agam maidir leis an moladh "údarás na Gaeilge" a dhéanamh de Údarás na Gaeltachta. Ta Údarás na Gaeltachta oilte go maith ó thaobh cúrsaí ghnó de. Tríd is tríd, áfach, ní dóigh liom gur éirigh ró-mhaith leis an údarás an Ghaeilge a bhuanú. Ní hé sin an oiliúnt cheart atá acu. Dá bharr sin, tá amhras agam maidir leis an moladh an túdarás a athrú go "údarás na Gaeilge". B'fhéidir go bhfuil mé mícheart - fan go bhfeicimid. An bhfuil éinne eile ag iarraidh an chuid ama seo a roinnt liom?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.