Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 17 April 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Taithí Oibre agus Intéirneachtaí do Chéimithe Tríú Leibhéal i TG4 - Féidearthachtaí agus Deiseanna: TG4

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an cruinniú seo ar siúl mar ghnáthchruinniú i seomra coiste 4 i dTithe an Oireachtais ach go bhfuil gné fhíorúil Microsoft Teams mar chuid de freisin. Is féidir linn tús a chur leis an gcruinniú seo agus beidh an seisiún poiblí againn inniu chun breathnú ar an ábhar taithí oibre agus intéirneachtaí do chéimithe tríú leibhéal i TG4 - féidearthachtaí agus deiseanna, le hionadaithe thar ceann TG4. Leanfaidh an cruinniú seo ar aghaidh go dtí 4.30 p.m. más gá. Tá leithscéal faighte againn ón Seanadóir Rónán Mullen.

Is mian liom fáilte a fhearadh roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh chomhaltaí eile atá ag freastal ar an gcruinniú agus roimh ár lucht féachana ar Theilifís an Oireachtais. Ba mhaith liom fáilte a fhearadh freisin roimh an stiúrthóir margaíochta, forbartha agus comhpháirtíochta, Lís Ní Dhálaigh; an stiúrthóir oibríochta agus acmhainní daonna, Trevor Ó Clochartaigh; agus an bainisteoir cumarsáide, Áine Lally, iad ar fad í láthair ó TG4. Chomh maith leis sin ba mhaith liom fáilte a fhearadh roimh na hintéirnigh atá ag obair i TG4 faoi láthair, mar atá: Laura Pakenham, Cúán de Búrca, Chloe Ní Ghríofa, Saoirse Nic Aogáin, Caitríona Nic an tSaoir, Oisín Ó Conaill, Laura Ní Aoidhne, Rút Ní Theimhneáin agus Clíodhna Nic Gafraidh.

Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe ar fad atá ag freastal ar an gcruinniú inniu anseo agus lonnaithe i seomra coiste 4 taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Sula ndéanaimid ár mbreathnú ar an ábhar seo, taithí oibre agus intéirneachtaí do chéimithe tríú leibhéal i TG4 agus na féidearthachtaí agus na deiseanna a bhaineann leo sin, tá sé dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na gcomhaltaí, na mball foirne agus na bhfinnéithe atá ag freastal ar an gcruinniú seo. Meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill foirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is de bharr riachtanais bhunreachtúla a dhéantar é sin. Má tá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl fad is atá siad ag labhairt leis an gcoiste le go mbeidh siad féin le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le haon fhinnéithe freisin a bheidh ag teacht isteach ar an cruinniú go fíorúil. Ba chóir dúinn a chinntiú sa chás go bhfuil daoine ag teacht isteach ar an gcruinniú go fíorúil go mbeadh na micreafóin atá acu múchta nuair nach mbeidh siad ag labhairt linn.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe inniu go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Níl finnéithe in ann brath ar an gcosaint seo agus fianaise á thabhairt acu ó áit taobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéantar amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo. Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon an cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfeadh siad leis an ordú sin láithreach má eisítear é.

Is iad sin na rialacha. Tá na finnéithe ceart go leor. Ní chuirfear i bpríosún iad ach tá sé tábhachtach go dtuigeann daoine an príomhriail ansin, is é sin nach féidir líomhaintí a dhéanamh in aghaidh daoine ar leith ná clú daoine a mhilleadh. Measaim go dtuigeann na finnéithe é sin. Oibríonn siad in earnáil ina bhfuil na rialacha seo i bhfeidhm.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá dualgas orthu é a athrá.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

É a athrá?

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An raibh siad ag éisteacht?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is féidir leo é a athrá. Iarraim anois ar Lís Ní Dhálaigh a ráiteas tosaigh a dhéanamh thar ceann TG4. Tar éis di é sin a dhéanamh, iarrfaidh mé ar na hintéirnigh ráiteas gairid a dhéanamh don chomhchoiste duine ar dhuine. Tabharfaidh mé in ord aibítre iad. Tá naonúr ann so ní foláir dóibh a bheith gonta, más féidir in aon chor. Tabharfaidh sé sin deis dúinn ceisteanna a chur orthu i leith na n-ábhar atá ardaithe acu nó i leith ábhar atá gaolta leo sin. Ní féidir linn ceisteanna a chur orthu maidir leis an fheidhm seo mar níl sé clúdaithe i dteideal an ábhair atá á dhéanamh againn inniu.

Ms L?s N? Dh?laigh:

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as cuireadh a thabhairt dúinn deiseanna intéirneachta i TG4 agus an fhís atá againn ó thaobh fhorbairt na hearnála a phlé leis.

Tá forbairt ar shruth tallainne le Gaeilge ag croílár straitéis TG4 ó bunaíodh sinn in 1996. Tá daoine cumasacha tagtha tríd i ngach aon ghné den ghnó agus iadsan le feiscint ar scáileáin go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tá aitheantas ar leith ag dul d'Údarás na Gaeltachta as a bheith ceannródaíoch i bhforbairt na hearnála meán Gaeilge.

Ó thaobh na n-intéirneachtaí, aithníonn TG4 go bhfuil sé tábhachtach do dhaoine atá ag tosú amach sa ghnó taithí praiticiúil a fháil. Chuige seo, gach aon bhliain, déanaimid fógairt ar scéim intéirneachtaí laistigh de TG4 ina dtugtar suas le hochtar isteach ag obair linn ar feadh tréimhse bhliana. Faigheann siad taithí i réimsí meán sóisialta, teicniúla agus léiriúcháin. Go dtí seo, tá taithí oibre curtha ar fáil do suas le 30 duine tríd na scéimeanna ó thosaigh muid leo in 2018.

Mar chraoltóir-foilsitheoir, tá sé an-tábhachtach do TG4 taithí a bheith á cur ar fáil do dhaoine san earnáil neamhspleách chomh maith. Chuige sin, tá scéim rathúil ar bun againn le hÚdarás na Gaeltachta agus leis na comhlachtaí léirithe ina dtugtar taithí oibre bliana do dhaoine istigh sna comhlachtaí léiriúcháin. Go dtí seo, tá suas le 40 duine tagtha tríd an scéim sin agus taithí faighte acu in 18 comhlacht atá ag obair trí mheán na Gaeilge nó atá lonnaithe sa Ghaeltacht.

Cé go bhfuil go leor beartais dearfacha ar bun ag eagrais difriúla le hoiliúint agus forbairt a dhéanamh sna meáin Ghaeilge, tá go leor de na beartais seo ag feidhmiú ar bhealach atá neamhspleách ar a chéile agus atá ad hoc. Creideann TG4 go bhfuil seans ann borradh a chur faoin traenáil agus oiliúint sna meáin Ghaeilge tríd straitéis aontaithe idir TG4, Údarás na Gaeltachta agus Fís Éireann a d'fhéachfadh le hacmhainní a threisiú agus a threorú ar bhealach a bheadh tairbheach d'fhorbairt na hearnála Gaelainne. Molann muid go gcruthófaí aonad forbartha na meán Ghaeilge a bheadh ag tiomáint na hoibre seo.

Tá an-chuid buntáistí ann le hinfheistiú i bhforbairt na hearnála Gaeilge. Tá an earnáil fréamhaithe don mhórchuid sa Ghaeltacht agus sna réigiúin agus tá formhór na fostaíochta á chruthú sna Gaeltachtaí agus sna réigiúin. Is eiseamláir ar leith iad ceantar Gaeltachta Chonamara agus ceantar Gaeltachta na Rinne mar go bhfuil os cionn 400 duine fostaithe agus glúin óg lonnaithe sa Ghaeltacht atá i mbun oibre atá nuálaíoch, ceannródaíoch agus teangabhunaithe.

Gabhaim buíochas leis na baill as éisteacht leis seo. Tá deis acu anois bualadh le cuid de na hintéirnigh ábalta atá ag obair linn.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dúradh liom go raibh an liosta déanta in ord aibítre ach tá liosta nua cumtha.

Clerk to the Committee:

Ní raibh siad sásta le mo liosta.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén uair a thosaigh "P" ag teacht chun tosaigh ar "T"? Rachaidh mé ar aghaidh de réir an liosta seachas in ord aibítre. Glaofaidh mé ar Laura Pakenham ar dtús.

Ms Laura Pakenham:

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht an deis a bheith ag caint leis inniu. Táim ag obair mar chomhordaitheoir ar ábhair oideachais le TG4 Foghlaim, ardán foghlama TG4 ar líne agus ar na meáin shóisialta. Is é an t-ábhar a bheidh á phlé leis na baill agam inniu ná na meáin shóisialta mar uirlis chun an Ghaeilge a chur chun cinn lasmuigh de phobal labhartha na Gaeilge. Is as Contae an Longfoirt mé agus rinne mé mo scolaíocht uilig trí Bhéarla go dtí gur bheartaigh mé céim trí Ghaeilge a bhaint amach. Níorbh éasca an tasc a bhí ann ach d’éirigh liom agus bhain mé baitsiléir san oideachas trí mheán na Gaeilge ó Institiúid Oideachais Marino amach anuraidh. Ba é an plean a bhí agam ag an am ná an Ghaeilge a chur chun cinn laistigh den seomra ranga ach bhí mé meallta i dtreo eile, chun an Ghaeilge a chur chun cinn dóibh siúd lasmuigh de phobal labhartha na Gaeilge go hilmheánach.

Nuair a bhí mé féin ag fás aníos, bhí ról amháin ag an nGaeilge i mo shaol. B'shin mar ábhar scoile. Ní bhreathnaíonn dóibh siúd nach bhfuil sáite sa teanga ar bhealach amháin nó ar bhealach eile - ar scoil, sa bhaile nó sa phobal - ar an nGaeilge mar theanga laethúil. Dar le figiúirí a tháinig amach ó Tusla le déanaí, caitheann daoine óga in Éirinn dhá uair an chloig go ceithre uair a chloig in aghaidh an lae ar na meáin shóisialta. Breathnaím air sin mar ceithre uair an chloig in aghaidh an lae chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gcomparáid le rang Gaeilge amháin ar scoil in aghaidh an lae. Muna bhfuil an Ghaeilge le brath, le feiceáil nó cloisteáil agus í á úsáid go nádúrtha mar theanga chumarsáide, smaoineofar uirthi mar ábhar scoile amháin. Feiceann agus cloiseann daoine mé féin agus cruthaitheoirí eile ag úsáid na Gaeilge go laethúil ar na meáin shóisialta. Sa chaoi sin, cuirfear i gcuimhne do dhaoine lasmuigh de phobal labhartha na Gaeilge go bhfuil sí beo agus go bhfuil sí in úsáid, ní hamháin sa seomra ranga. Mar sin, is spás luachmhar é na meáin shóisialta chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus chun dearcadh dearfach fúithi a chothú i measc an phobail.

Mr. C??n de B?rca:

Beidh mé ag labhairt leis an nGaeltacht mar chroílár na teanga. Rugadh agus tógadh mé i lár na cathrach anseo i mBaile Átha Cliath. D’fhreastail mé ar Ghaelscoil agus ar mheánscoil Choláiste Mhuire trasna na Life. D’oibrigh mé i dteach tábhairne lán-Ghaeilge suas an bhóthair uainn agus chaith mé ceithre bliana ag déanamh staidéir ar an nGaeilge i gColáiste na Tríonóide béal dorais. Mar sin, tá tuiscint mhaith agam ar an gcuma atá ar phobal na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Is as an tuiscint sin a eascraíonn mo mheas ar thábhacht na Gaeltachta féin, áit a bhfuil mé ag obair faoi láthair. Níl pobal Gaeilge na galltachta mar ionadaí ar an nGaeltacht ar chor ar bith. Cailliúint as cuimse a bheadh i mbás na Gaeltachta. Chuile lá, ceannaím lón i dTigh Durcan, an siopa áitiúil i mBaile na hAbhann. I nGaeilge a labhraím leis na siopadóirí, is Gaeilge bhreá dhúchais a chloisim i mo thimpeall agus is i nGaeilge a chloisim máithreacha ag labhairt lena bpáistí. Cá bhfaighfeá a leithéid sin taobh amuigh den Ghaeltacht? Anuas ar an méid sin, ní hionann caighdeán na Gaeilge a mhúintear ar scoil agus caighdeán, blas agus saibhreas álainn aoibhinn na Gaeilge dúchais, teanga an chliabháin sa nGaeltacht, an t-aon áit amháin sa tír ina maireann sí mar ghnáth-theanga laethúil an phobail. Tá an dualgas ar an Stát na Gaeltachtaí a chaomhnú. Is iadsan an taisce is luachmhara dá bhfuil fágtha dár gcultúr dúchais uathúil féin.

Tá teipthe amach agus amach ar rialtas i ndiaidh rialtais an dualgas seo a chomhlíonadh. Bliain i ndiaidh bliana, laghdaíonn méid na nGaeltachtaí, íslíonn líon na gcainteoirí laethúla, casann pobail ar an mBéarla agus faigheann pobail bás. D’imigh Gaeltacht an Chláir agus Gaeltacht Luimnigh ar shlí na fírinne 60 bliain ó shin. Fuair Gaeltacht an Eachréidh bás blianta beaga ó shin. Agus mé ag labhairt leis an gcoiste inniu, tá Gaeltacht Mhaigh Eo in arraingeacha a báis féin.

Thar aon ní eile, feictear domsa gurb í an easpa deiseanna sna Gaeltachtaí don aos óg údar an mheatha seo. Tá na Gaeltachtaí i measc na gceantar is boichte sa tír. Chuile bhliain, fágann daoine óga, cuisle agus croí an phobail, slán leis an nGaeltacht. Imíonn siad leo sa tóir ar phoist, ar thithíocht agus ar shaol sásúil dóibh féin, todhchaí i ngalltacht na hÉireann nó thar lear. Le gach aon duine óg a léimeann ar bhus, ar bhád nó ar eitleán, éiríonn an Ghaeltacht níos lú agus níos lú arís.

Tá sé mar chúram, mar dhualgas agus mar fhreagracht bhunúsach ar an Rialtas agus ar na baill stop a chur le meath na Gaeltachta agus an Ghaeltacht a shlánú, a chaomhnú, a bhuanú agus a neartú, is é seo le rá, an scéal seo a iompú droim ar ais sula mbeidh sé ródhéanach. Creidim gur féidir é seo a dhéanamh, má ghníomhaíonn muid le dúthracht, le huaillmhian agus le dóchas láithreach bonn. Impím ar na baill an méid sin a thabhairt leo; mura n-éiríonn linn, beidh seoid nach féidir luach a chur uirthi imithe uainn go deo na ndeor.

Ms Chloe N? Ghr?ofa:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach, na Teachtaí agus na Seanadóirí as cuireadh a thabhairt dúinn teacht os comhair an chomhchoiste inniu. Táim fíorbhuíoch as an deis iontach seo.

Is as deisceart Thiobraid Árann dom. Agus mé ag fás aníos, ní raibh mórán Gaeilge timpeall orm i mo cheantar. D’fhreastail mé ar Scoil Náisiúnta Chluainín, bunscoil lán-Bhéarla, agus is dócha gur shin an áit ar spreagadh an grá atá agam don teanga i dtosach toisc go raibh béim curtha ar an teanga ann. D’fhreastail mé ar Scoil Ruáin, meánscoil lán-Bhéarla i gCill Náile, chomh maith agus bhí an t-ádh liom go raibh an deis agam freastal ar choláistí samhraidh sa Ghaeltacht i Ros Muc agus Ráth Chairn le linn an tsamhraidh mar dhalta agus mar chinnire, áit inar chuir mé spéis mhór sa Ghaeilge agus inar bheartaigh mé céim a bhaint amach sa Ghaeilge ina dhiaidh.

Díreoidh mé isteach ar an tábhacht agus na féidearthachtaí atá ann leis an teicneolaíocht agus an Ghaeilge. Tá an teicneolaíocht ag fás agus ag forbairt timpeall orainn lá i ndiaidh lae agus tá sé ríthábhachtach go bhfuil an teanga ag bogadh leis. Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an ionad Adapt in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus an tsaotharlann foghraíochta agus urlabhra i gColáiste na Tríonóide mar gheall ar an bplean digiteach don Ghaeilge. Ina measc sin, tá an sintéiseoir cainte, ABAIR, a chuireann ar chumas an phobail aon téacs digiteach a léamh amach os ard ina rogha canúna, agus an tionscadal eSTÓR, a chuireann ar chumas daoine atá ag obair sa riarachán poiblí ar fud na hÉireann sonraí teanga a bhailiú agus a roinnt trí ardán tiomnaithe ar líne.

Tá an tús seo iontach agus tá sé ríthábhachtach an teicneolaíocht a chomhtháthú le teangacha, lena n-áirítear mionteangacha ar nós na Gaeilge, chun a gcaomhnú, a n-inrochtaineacht agus a n-oiriúnú don aois dhigiteach a chinntiú. Gan infheistíocht sheasmhach a dhéanamh sa teicneolaíocht, tá an teanga i mbaol. Is éard atá i gceist le hinfheistíocht sa teicneolaíocht ná meaisínaistriúchán agus intleacht shaorga le go mbeidh an Ghaeilge ar chomhchéim le teangacha eile san Eoraip, mar ba cheart.

Mar fhocal scoir, trí leas a bhaint as cumhacht na teicneolaíochta, ní hamháin gur féidir linn caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge a chinntiú, ach is féidir linn freisin éabhlóid agus ábharthacht na Gaeilge a chothú san aois dhigiteach.

Ms Saoirse Nic Aog?in:

Bail ó Dhia ar na baill ar fad. Is as Gaeltacht Ráth Chairn i gContae na Mí dom. Bíonn mise ag obair le BLOC TG4, fobhranda de chuid TG4 atá bunaithe ar líne agus dírithe ar dhaoine óga, rud atá bainteach leis an ábhar a theastaíonn uaim a chur faoi bhráid an chomhchoiste inniu, is é sin, tábhacht na meán don déimeagrafach idir 18 agus 30 bliain d’aois.

Ag an aois seo, tá daoine óga ag imeacht ón gcóras oideachais isteach go dtí an coláiste nó poist éagsúla. Agus iad ar scoil, tá oideachas éigin trí Ghaeilge ar bun acu ach, mura ndéanann duine an cinneadh leanúint ar aghaidh leis an teanga san ollscoil, cailltear an teanga faraor. Anuas air sin, is é seo an aois ina bhfuil daoine óga ag cruthú a gcaidreamh féin leis an gcultúr agus an teanga agus iad imithe anois ón scoil. Mura bhfuil fáil fhairsing acu ar mheáin Ghaeilge, ní féidir leo leanúint ar aghaidh leis seo. Tá sé an-deacair rud nach bhfuil ann a chothú.

Cabhraíonn na meáin leis an tumadh agus leis an gcleachtadh teanga. Is é sin an tábhacht atá le BLOC TG4. Cuireann muid ábhar ar fáil don déimeagrafach seo, rud nach bhfuil ar fáil dóibh in áiteanna eile faoi láthair. Ba chóir go mbeadh tuilleadh meán ar fáil do dhaoine óga atá feiliúnach don chaoi ina n-úsáideann siad na meáin. Níl daoine óga ag breathnú ar an teilifís ar an mbealach traidisiúnta mar a bhíodh. Tá siad uilig ag breathnú air ar líne. Tá ardú tagtha ar sciar Sheinnteoir TG4 le cúpla bliain anuas de bharr daoine óga a bheith ag breathnú air ar líne tríd a bhfóin nó tríd a ríomhairí glúine.

Is léir go bhfuil éileamh ann do mheáin Ghaeilge do dhaoine óga. Má bhreathnaítear ar an ngrúpa seo mar shampla, is mise an t-aon intéirneach arbh as an Ghaeltacht di. Tá chuile dhuine eile anseo tar éis freastal ar oideachas trí Bhéarla agus tá siad tar éis obair na gcapall a chur isteach chun seasamh os comhair an chomhchoiste inniu. Samhlaigh dá mbeadh fáil acu ar mheáin Ghaeilge. Samhlaigh dá mbeadh sé normálta dul ar líne agus ábhar a fháil trí Ghaeilge. Tá éileamh ann dó seo, leithéidí "An Cailín Ciúin" agus scannán Kneecap mar shampla.

Ba chóir go mbeadh meáin Ghaeilge ann do dhaoine idir 18 agus 30 bliain d’aois chun an teanga agus an cultúr a chothú. Is muidne an chéad ghlúin eile ach is faoi na baill é atá sé an difríocht seo a chruthú.

Ms Caitr?ona Nic an tSaoir:

Gabhaim buíochas as an deis labhairt leis an gcoiste inniu. Is riarthóir cumarsáide agus láithreoir aimsire mé le TG4. Is as Contae Aontroma dom agus, de bharr chomhthéacs na Sé Chontae, ní bhíonn ranganna Gaeilge againn ar an bhunscoil. Bhí cuid mhaith Gaeilge agam ó mo thuismitheoirí, áfach, sular thosaigh mé á foghlaim mar ábhar i meánscoil Bhéarla. Is é an rud is mó a spreag mé féin agus na céadta eile ó Thuaidh le titim i ngrá leis an Ghaeilge ná na cuairteanna a thug muid ar chúrsaí samhraidh i nGaeltacht Thír Chonaill agus leithéidí Choláiste Gael Linn i Machaire Rabhartaigh. Is cúis imní bheith ag léamh le tamall faoi na deacrachtaí atá ann mná tí a fhostú do na coláistí Gaeilge. Ba mhór an tubaiste don ghlúin óg é dá dtiocfadh meath ar na cúrsaí Gaeltachta. Go raibh fada uainn an lá sin.

Tá réimse de scileanna nua a bhaineann le saol na hoibre sa lá atá inniu ann fíorthábhachtach i gcur chun cinn na Gaeilge. Tá ganntanas cúrsaí trí Ghaeilge ann ina gcuirtear béim ar mhargaíocht, an saol digiteach, bainistiú tionscadal agus araile san am i láthair. Is sampla maith de chúrsa mar sin ná an mháistreacht sa bhainistíocht agus gnó digiteach tríd an Ghaeilge in DCU, a rinne mé féin le déanaí. Tá líon mór scoláirí ag teacht tríd na Gaelscoileanna agus b’fhéidir go bhfuil na cúrsaí atá ar fáil ag an tríú leibhéal ródhírithe ar na hábhair acadúla, aistriúcháin agus oideachais faoi láthair.

Beatha teanga í a labhairt, ar ndóigh, agus sa chomhthéacs sin ba mhaith liom sampla Charn Tóchair i gContae Dhoire a lua. Tá a fhios agam go bhfuil an-mheas ag an chomhchoiste ar an mhúnla forbartha Gaeilge ansin. Creidim gurb é an ghné is suntasaí den mhúnla ná an oiread deiseanna praiticiúla a thugann sé do Ghaeilgeoirí idir óg agus aosta teacht le chéile agus Gaeilge a labhairt go nádúrtha ar an iliomad cúiseanna. B’iontach na ceachtanna ón mhúnla sin a fhoghlaim ar bhonn níos leithne.

Mr. Ois?n ? Conaill:

Is as Baile Átha an Rí in Eachréidh na Gaillimhe mé. D'fhreastail mé ar Ghaelscoil Dara agus ar Choláiste an Eachréidh, áit ar fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge ar fad. Táim anois ag obair le TG4 mar chomhordaitheoir ar na meáin shóisialta do Spórt TG4. Is meascán iontach é an post seo de dhá rud atá mé an-phaiseanta faoi, an spórt agus an Ghaeilge.

I TG4, is é an spórt ceann de na hábhair is luachmhaire dúinn ó thaobh lucht féachana de. Bíonn breis is 100,000 duine ag breathnú ar chláir ar leith, ar nós "GAA Beo". Cé go mbíonn na figiúirí iontacha seo againn, is annamh a chloistear Gaeilge ó na himreoirí ná ó na bainisteoirí sna hagallaimh tar éis na gcluichí. I mo cheantar féin, tá an Cumann Lúthchleas Gael iontach láidir, cosúil le go leor ceantair fud fad na tíre. Ach é sin ráite, ní fhaigheann an Ghaeilge an méid céanna suime cé gur dhá rud iad atá fite fuaite lena chéile i gcultúr na hÉireann. Gan an teanga, tá seans maith nach mbeadh an Cumann Lúthchleas Gael againn ar chor ar bith. Smaoinigh ar na focail Ghaeilge a thugann brí do na cluichí: sliotar, camán agus caid. Tá stair an Chumann Lúthchleas Gael neadaithe sa Ghaeilge. Is spóirt iad a d’imir laochra Éireannacha leithéidí Cú Chulainn agus na Fianna. Anois, ní fheictear an Ghaeilge ach ar chúl na ngeansaithe nó b’fhéidir go gcloisfidh tú abairt nó dhó ó chaptaen éigin nuair atá sé ag glacadh an choirn. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin sásúil.

Ag deireadh an lae is Éireannaigh ar fad muid agus, go dtí an lá atá inniu ann, is í an Ghaeilge a thugann brí dúinn ó thaobh ár sloinnte, ár n-oidhreacht, ár logainmneacha agus ár spóirt. Is iontach an rud é go bhfuil na cluichí Gaelacha ag dul ó neart go neart bliain i ndiaidh bliana ach ní cóir go mbeadh páirt amháin dár gcultúr chomh rathúil sin nuair atá an pháirt is tábhachtaí ag streachailt. Is é an spórt ceann de na rudaí is tábhachtaí i saol an duine óig inniu. Mar gheall air seo, ba chóir dúinn níos mó a dhéanamh chun an nasc idir an spórt agus ár dteanga dhúchais a léiriú.

Déarfainn gur chuala chuile dhuine anseo duine ag rá cheana nach raibh suim acu i nGaeilge mar thoradh ar an tslí ar múineadh í ar scoil. Sa chás sin, cén fáth nach múinfidh muid an Ghaeilge inár gcleachtaí spóirt? Is bealach úr, spraoiúil é chun an teanga a fhoghlaim. Feictear clubanna ar nós Gaeil na Gaillimhe i gCathair na Gaillimhe, agus Na Gaeil Óga, a úsáideann an Ghaeilge mar an príomhbhealach cumarsáide. Tá neart suime ag daoine sa taobh spórtúil den chultúr agus is é an dualgas atá orainn ná an tsuim sin a chothú chun go dtiocfaidh borradh ar an ngné is tábhachtaí den chultúr, is é sin, ár dteanga.

Ms Laura N? Aoidhne:

Gabhaim buíochas leis an choiste uilig as ucht an deis a bheith ag labhairt leis inniu. Is comhordaitheoir ar na meáin shóisialta le Molscéal, TG4, mé. Is ardán meán sóisialta é Molscéal a thugann ardán do phobail Ghaeltachta na hÉireann. Caithfidh mé a rá gur pribhléid é a bheith ag obair air sin. Leis an obair atá ar bun agam i bpobal na Gaeltachta, buailim achan lá le daoine atá sáinnithe sa ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht. Ní féidir a shéanadh go bhfuil an ghéarchéim tithíochta go forleathan fud fad na tíre ach nuair atá forbairt na teanga á plé againn, caithfear aird faoi leith a thabhairt don Ghaeltacht.

Tá todhchaí an phobail ag brath ar dhaoine óga a bheith in ann maireachtáil ina gceantair féin. Séantar cead pleanála ar dhaoine ar an ábhar, dar leis na comhairlí áitiúla, nach bhfuil riachtanais áitiúla acu. Tagann sé seo salach ar pholasaí an Rialtais ó thaobh na pleanála teanga de, mar a léirítear in Acht na Gaeltachta, 2012. Anuas air sin, chuala an coiste ón eagraíocht ó Chonamara darb ainm BÁNÚ, a labhair faoin lóistín atá ar fáil go gearrthéarmach i gcomparáid leis an lóistín atá ar fáil go fadtéarmach. Is cuimhin liom ag tús na bliana seo, agus muid ag tosú amach san intéirneacht seo ag lorg lóistín, ní raibh áit ar bith le haimsiú. Rinneadh staidéar ar dheich n-áit i gceantair Ghaeltachta sa tír agus bhí os cionn 600 áit ar fáil go gearrthéarmach ar Airbnb i gcomparáid le sé áit ar fáil go fadtéarmach. Is é sin 100 uair níos mó. De bhun ailt 29 agus 31 den Acht pleanála, tá srianta de dhíth ar eastáit tithíochta agus ar thithe saoire. Muna bhfuil daoine óga na Gaeltachta in ann clann a thógáil sa Ghaeltacht, cad é atá don Ghaeilge?

Luaigh mé an eagraíocht BÁNÚ agus is iad na bríonna leis sin ná depopulation, devastation, desolate agus unoccupied. Tá achan rud atá luaite agam inniu leagtha amach go cuimsitheach ar shuíomh Chonradh na Gaeilge agus impím ar bhaill an choiste é a léamh chun níos mó eolais a fháil ar an fhadhb phráinneach atá linn agus conas go dtig linn é a réiteach. Go dóchasach, ciallaíonn bánú an lae “dawn of the day” agus fágfaidh mé é ansin leis an dóchas go dtiocfaidh réiteach ar an chás.

Ms R?t N? Theimhne?in:

Dia daoibh agus buenas tardes, is comhordaitheoir na meán sóisialta de chuid TG4 mé. Sular thosaigh mé le TG4, d’oibrigh mé mar theagascóir Gaeilge agus Spáinnise in ollscoileanna éagsúla, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Ollscoil Mhá Nuad agus Ollscoil Ottawa i gCeanada ina measc.

Is as Cnoc Tlachta mé, taobh le Gaeltacht Ráth Chairn i gContae na Mí. Ní ansin a thosaigh ár scéalsa, áfach. Is Baile Átha Cliathach é m’athair agus is as Asunción, Paragua i Meiriceá Theas í mo mháthair. D’fhás mise aníos i dteach ilteangach agus ilchultúrtha. Labhraím féin agus mo dheartháireacha meascán idir Gaeilge, Béarla, Spáinnis agus Guaráinis sa teach. Iompaíonn mo thuismitheoirí idir Spáinnis agus Gaeilge agus iad i gcomhrá linn. Is é sin an gnáthrud dúinne. Agus mé óg ar scoil idir 2002 agus 2009, ní raibh aon duine eile i mo rangsa a labhair teanga eachtrannach sa mbaile. Sa lá atá inniu ann, tuigeann muid nach é seo an cás. In Éirinn, labhraítear níos mó ná 120 teanga. Cloiseann muid éagsúlacht teangacha anois ag geataí na scoile, ar an gcóras iompair phoiblí agus ar fud fad na tíre.

Is gnáthrud é níos mó ná teanga amháin a bheith ar do thoil agat. Tá 42% den domhan dátheangach. Níor chóir go gcuirfeadh sé ionadh orainn nuair a deir duine go labhraíonn siad níos mó ná teanga amháin. Ba chóir go mbeadh ionadh orainn nuair a deir duine nach bhfuil ach teanga amháin acu. Is fiú tábhacht agus béim a leagan ar theangacha sa tír seo. Is teanga oifigiúil na tíre seo í an Ghaeilge agus ní féidir í a fhágáil ar leataobh.

Táim cinnte go bhfuil ar a laghad cuntas amháin meán sóisialta ag gach duine sa seomra seo. Ar amlínte na meán sóisialta, cloistear Fraincis, Gearmáinis, Seapáinis agus Portaingéilis. Is cuma linn cé atá ag caint, más féidir linn éalú ón ngnáthshaol ar feadh 30 soicind agus gáire nó caoineadh a dhéanamh le strainséir éigin ar TikTok, déanfaidh muid é. Le cabhair ó fhotheidil, is féidir linn ábhar ó aon chultúr, aon teanga agus ó aon choirnéal den domhan a fhí isteach inár saol laethúil. Caithfear an Ghaeilge a chur sa spás seo freisin agus í a chur ar an leibhéal céanna le teangacha eile na hEorpa agus an domhain. Tá an chumhacht againne ar fad sa seomra seo an íomhá i leith na Gaeilge a athrú agus a fhorbairt. Mar sin, is fiú dúinn leanúint ar aghaidh ag cur na siamsaíochta seo ar fáil i nGaeilge, go forleathan, go bródúil agus go práinneach. Tá sé mar dhualgas orainn atá ag obair sna meáin, i gcomhpháirt leis an Stát, na seirbhísí seo a chur ar fáil ní hamháin do dhaoine anois ach don chéad ghlúin eile freisin. Gabhaim buíochas leis an gcoiste. Muchas gracias. Aguyje.

Ms Cl?odhna Nic Gafraidh:

Is mian liom mo bhuíochas a ghabháil le Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge as an gcuireadh a thug sé dúinn labhairt anseo inniu.

Táim ag obair faoi láthair i mo chomhordaitheoir ar na meáin shóisialta le Cúla4 mar chuid de scéim taithí oibre TG4. Is é Cúla4 an chéad chainéal Gaeilge do dhaoine óga agus is pribhléid dom a bheith ag obair leis an gcainéal, go háirithe le linn a chéad bhliana ar an aer. Beidh mé ag leanúint orm ag obair le Cúla4 tar éis m’intéirneachta i mo chúntóir léirithe agus táim iontach sásta go mbeidh an deis sin agam.

Inniu, is mian liomsa labhairt faoin nGaeilge agus an t-aos óg. Is as an Muileann gCearr dom. D’fhreastail mé ar Ghaelscoil An Mhuillin agus ansin ar Choláiste Loreto. Níl mórán Gaeilge sna contaetha lár tíre agus ní haon eisceacht í an Iarmhí. Tá dá Ghaelscoil sa Mhuileann gCearr anois, ach fós níl Gaelcholáiste ann, cé go raibh sé seo geallta agus mise ag imeacht ón mbunscoil thart ar 12 bhliain ó shin. Is cinnte go raibh an Ghaeilge le cloisteáil i mo shaol agus mé ag fás aníos, ach sa scoil amháin a bhí sé sin. Tá seans mór ann nach bhfuil Gaeilge iomlán líofa ag gach duine a bhí ar an mbunscoil liom anois toisc nach raibh an deis ag gach duine acu freastal ar Ghaelcholáiste nó ar chúrsa Gaeltachta, b’fhéidir. Tuigim go raibh an t-ádh dearg orm go raibh mé in ann leanúint ar aghaidh le mo chuid Gaeilge le Coláiste Spleodar i gConamara. Ní bhíonn an eispéireas seo ag gach duine agus is trua ollmhór é sin.

Sular thosaigh mise ag obair le Cúla4, bhí post agam i mo chomhordaitheoir dara leibhéal le Conradh na Gaeilge. Laistigh den bhliain sin ag obair leis, thug mé cuairt ar bhreis is 150 meánscoil. Bíonn sé deacair tuiscint a fháil ar an leibhéal Gaeilge a bhíonn ag daoine agus iad ag críochnú na meánscoile. Má dhéanann tú staidéar ar theanga eile don ardteist, cosúil leis an Spáinnis nó an Fhraincis, an-chuid den am tagann tú amach le leibhéal B2. Ní sin an cás leis an nGaeilge agus níl aon amhras ann gur gá go mbeadh athrú air seo. Is gá go mbeidh nasc ann idir an Ghaeilge agus an comhchreat tagartha na hEorpa um teangacha.

Ón tréimhse atá caite agam ag obair le daltaí meánscoile, tuigim an géarghá atá ann ní hamháin do Ghaelscoileanna ach do Ghaelcholáistí freisin. Ón am atá caite agam ag obair le Cúla4 agus le Coláiste Spleodar, tuigim an difríocht a dhéanann an tumoideachas. Caithfimid tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sa teanga. Caithfimid a chinntiú go mbeidh an deis ag gach dalta sa tír seo tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht. Caithfimid a chinntiú go mbeidh fáil ar gach páiste sa tír seo ar oideachas trí Ghaeilge sa bhunscoil agus sa mheánscoil. Gan é seo, níl muid ag tabhairt an deis do dhaoine óga a bheith mar chuid den phobal iontach seo, is é sin, pobal na Gaeilge.

Cuirim fáilte roimh aon cheisteanna dom nó do mo chomhghleacaithe. Gabhaim buíochas leis an gcoiste.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le Clíodhna Nic Gafraidh agus leis na finnéithe eile as na cuir i láthair. Bhí siad breá spreagúil agus tá súil agam go mbeidh an éisteacht cheart ann. Is é seo an píosa deacair anois; caithfidh na finnéithe ceisteanna a fhreagairt agus a leithéid.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá fáilte roimh na finnéithe go léir agus go háirithe roimh Trevor Ó Clochartaigh. Bhí obair na gcapall déanta aige nuair a bhí sé anseo. I gcónaí, faigheann an duine an moladh nuair atá sé nó sí imithe. Ina ainneoin sin, tá sé tábhachtach é sin a rá. Molaim Áine Lally as ucht an coincheap agus an smaoineamh. Is iontach go bhfuil siad ann. Is dócha go bhfuil naoi gcontae i gceist agus níl ach duine amháin ón Ghaeltacht agus is iontach an rud é sin. Is ardú meanman i ndáiríre a bheith ag éisteacht leis na finnéithe. Níl a lán ceisteanna agam ach is mian liom cloisteáil ó na finnéithe ó thaobh cad atá ag teastáil uathu uainn, mar pholaiteoirí, agus ón gcóras. Is difríocht ollmhór anois a bheith ag cloisteáil an dearcaidh chomh dearfach sin faoi na deiseanna agus féidearthachtaí atá ann. De ghnáth, tagann dreamanna os ár gcomhair maidir le fadhbanna agus tá frustrachas orainn go léir gan dabht ó thaobh an méid fadhbanna atá ann, cúrsaí tithíochta go háirithe agus araile.

Mo bhuíochas le TG4 agus an méid oibre atá á dhéanamh aige. Bhí mé ag éisteacht leis na finnéithe agus is dócha gur gáir chatha atá i gceist ó Chúán de Búrcha, ó hOisín Ó Conaill agus ó na finnéithe go léir, chun rud a dhéanamh ar son na Gaeilge. Fuair mé an frása sin. Ní raibh mé in ann smaoineamh ar an bhfrása “battle cry” ach is é sin é. Is gáir chatha atá i gceist ó na finnéithe inniu chun rud a dhéanamh. Tá siad á chur sin trasna dúinn ar bhealach a bhfuil thar a bheith tábhachtach maidir leis na deiseanna agus rudaí.

Stopfaidh mé ag caint anois agus éistfidh mé leis na finnéithe, ach is iad na téamaí a léim amach ná tábhacht na gcoláistí samhraidh agus tábhacht na gcúrsaí cearta a chur ar fáil ar an tríú leibhéal. Is maith an rud é go bhfuil sé feabhsaithe agus go bhfuil cúrsaí ann. Déanaim tagairt d’Institiúid Oideachais Marino go háirithe agus luaigh duine de na finnéithe é. Don chéad uair, tá cúrsaí trí Ghaeilge ann ach tá gá le réimse leathan cúrsaí ar an tríú leibhéal. Tá Carn Tóchair ann atá mar eisileamar dúinn go léir.

Bhí Oisín Ó Conaill ag dul ar ais go dtí an spórt agus na féidearthachtaí atá ansin. Luaigh sé na focail sliotar, camán, caid agus araile. Tá na focail sin ag daoine go nádúrtha, beag beann ar a gcumas sa Ghaeilge. Is féidir tógáil air sin.

Is é an frustrachas a bhíonn orm i gcónaí anseo agus mé ag éisteacht le daoine ná go bhfuil muid chomh báúil don nGaeilge ach tá sí fós i mbaol. Cén chaoi ar féidir é sin a iompar ar ais agus tógáil ar na mothúcháin sin?

Ní rachaidh mé ar aghaidh. Is mian liom cloisteáil ó na finnéithe, i ndáiríre. Is rud thar a bheith spreagúil é go bhfuil siad anseo agus is mian liom cloisteáil uathu anois faoi na rudaí is tábhachtaí dóibh.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén finné is mian leis labhairt ar dtús? Tá roinnt de na finnéithe tar éis roinnt rudaí a lua sna cuir i láthair. Anuas air sin, an bhfuil aon rudaí ar leith a shíleann siad gur féidir leis an gcóras polaitiúil a dhéanamh chun cuidiú leis an méid atá luaite?

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí BÁNÚ os ár gcomhair an tseachtain seo chaite. Is maith liom go bhfuil sé sin iompaithe ar ais ag na finnéithe go bánú an lae agus tús nua. Bhí BÁNÚ os ár gcomhair agus is iontach go bhfuil tús le gluaiseacht mar sin. Tá sé ag teastáil go géar.

Ms Caitr?ona Nic an tSaoir:

Luaigh mise an cúrsa a rinne mé le DCU ar na mallaibh, b'shin máistreacht sa bhainistíocht agus gnó digiteach. I dtaca leis an chúrsa sin, bhí cúlra agam san oideachas roimhe agus níor shamhlaigh mise riamh go mbeinn ag dul isteach chun staidéar a dhéanamh ar an saol digiteach agus cúrsaí a bhaineann leis na meáin chumarsáide. Is é an rud is mó a mheall mé chun an cúrsa sin a dhéanamh ná go raibh sé ar fáil trí Ghaeilge. Go bhfios dom, níl an oiread sin cúrsaí mar sin ar fáil trí Ghaeilge ar fud na tíre. D’oscail an cúrsa sin súile s’agamsa ar ghné iomlán úr ó thaobh saol oibre de agus bhí mé in ann gné i bpearsa s’agam a athrú. Tá post faighte agam anois sna meáin chumarsáide agus bím ag foghlaim go leor rudaí faoi chúrsaí cumarsáide agus poiblíochta agus mar sin de. Is cinnte gur chuidigh an cúrsa sin go mór liom. Tá mé ag iarraidh an cúrsa sin a mholadh go mór. Is é an fáth go raibh sé ar fáil trí Ghaeilge an rud a spreag mé le cur isteach air.

Mr. Ois?n ? Conaill:

Is gné den saol é an spórt atá chomh tábhachtach dúinn, go háirithe mar Éireannaigh. Bheadh sé an-úsáideach an nasc atá ann idir an spórt agus an Ghaeilge a léiriú arís, ní hamháin leis An Cumann Lúthchleas Gael ach leis na spóirt eile chomh maith. Má breathnaítear ar an rugbaí, tá na foirne ar fad bríste síos de réir cúige, mar a bhí na treibhe fadó fadó. Tá roinnt mhaith nascanna leis an teanga go fóill ach b’fhéidir nach bhfeiceann na daoine nach bhfuil Gaeilge acu na nascanna sin a thuilleadh. Ba chóir dúinn iad sin a thaispeáint dóibh arís. B’fhéidir go mbeifí in ann campaí samhraidh agus rudaí mar sin, mar a luaigh an Teachta Connolly, a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Ní hé go bhfuil an fhoclaíocht ó thaobh an spóirt de iontach casta. Piocann daoine suas í de réir mar a bhíonn siad ag dul ar aghaidh, go háirithe nuair atá siad dírithe ar an spórt, an craic agus an spraoi. Is é sin an bealach is fearr chun an grá a fháil don teanga arís agus sílim go mbeidh an spórt an-úsáideach ó thaobh an teanga a spreagadh arís.

Ms ?ine Lally:

Maidir leis na focail scoir a bhí ag Clíodhna Nic Gafraidh níos túisce gur stopadh an scolaíocht trí mheán na Gaeilge, ní raibh aon scolaíocht trí mheán na Gaeilge ag Laura Packenham atá i mo theannta agus stopadh í ag aois a 12 do Chlíodhna Nic Gafraidh. B’fhéidir gur mhaith leis an mbeirt acu forbairt a dhéanamh ar an dá phointe sin.

Is as lár tíre do chuid mhaith den dream timpeall an bhoird, actually. Téann siad isteach sa scolaíocht lán-Ghaeilge agus bíonn fuadar agus chuile shórt fúthu agus ansin stopann chuile shórt ag aois a 12, nó ní cuirtear tús léi ar chor ar bith, b’fhéidir. Tá easpa Gaelcholáistí fud fad na tíre agus go háirithe i lár na tíre. Is pointe é sin gur theastaigh uathu a dhéanamh. Is é sin an rud atá ag cur as dó go mór, b’fhéidir. B’fhéidir gur fiú forbairt a dhéanamh ar na pointí sin.

Ms Cl?odhna Nic Gafraidh:

Tá taithí agam a bheith ag obair le daltaí meánscoile. D’fhreastail mé ar bhreis is 150 scoil nuair a bhí mé ag obair le Conradh na Gaeilge ag tabhairt ceardlann dóibh. Tá sé brónach le feiceáil go bhfuil siad chomh paiseanta faoin nGaeilge agus nach raibh fiú scoil amach nach raibh 90% den tseomra paiseanta faoin teanga agus ag iarraidh an teanga a fhoghlaim ann, ach níl an caighdeán ró-mhaith acu. Is sa mheánscoil a chailleann muid daoine leis an nGaeilge. Ní haon cabhair í go bhfuil easpa Gaelcholáistí ann.

Maidir le coláistí samhraidh, bhí mé i gcoláiste Spleodar ó bhí mé 12 aois go dtí dhá bhliain ó shín, ag obair mar chinnire, ard-chinnire agus cúntóir. Tá an difríocht a dhéanann sé sin le feiceáil. Tá daltaí feicthe agam a thagann isteach ar an gcéad lá den chúrsa le habairt nó dhó as Gaeilge agus, tar éis trí sheachtain sa Ghaeltacht, tá siad a bheag nó a mhór líofa. Tá sé sin go hálainn le feiceáil go bhfuil muinín acu ina dteanga dúchais. Is gá go mbeadh an ceart ag gach uile dalta sa tír oideachas a fháil trí Ghaeilge más é sin atá uaidh nó uaithi. Is gá go mbeadh an ceart aige nó aici dul chun na Gaeltachta agus tréimhse a chaitheamh ansin because déanann sin an difríocht dóibh. Tá sé feicthe agam thar na samhraí ar fad.

Ms Laura Pakenham:

Le tógáil air sin, is trí thimpiste go bhfuil mé i mo Ghaeilgeoir, ní mar gheall ar mo thimpeallacht, ar an gcóras oideachas ina raibh mé, nó ar na deiseanna a bhí curtha os mo chomhair. Is go hiomlán trí thimpiste a tharla sé. Rinne mé baitsiléir san oideachas trí mheán na Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino, a thosaigh in 2019. Níor thuig mé cad a bhí i gceist leis an gcúrsa. Arís, is trí thimpiste a thosaigh mé. Níor tháinig Marino isteach fiú go mo mheánscoil mar is dócha go raibh sé ag iarraidh daltaí a mhealladh isteach don chúrsa ó scoileanna Gaeltachta agus Gaelcholáistí. Níor tháinig sé go Longfort agus definitely níor tháinig sé go Cnoc Mhuire i nGránard ach fuair mé áit ar an gcúrsa agus d’éirigh liom.

Nuair a bhí me sa chéad bliain, bhí mé ag breathnú ar dhaoine i mo chúrsa ón nGaeltacht agus a d’fhreastail ar Ghaelscoileanna. Bhí mé ag rá liom féin go raibh mé san áit mhícheart, ach chuir mé an obair isteach agus d’oibrigh sé. Bhain mé amach é.

Ní raibh ann ach mé féin agus duine amháin eile ó mo bhliain nuair a bhí mé sa chúigiú bliain agus séú bliain a d’fhreastail ar choláiste samhraidh. Arís, ba thrí thimpiste a bhí sé. Bhí mo chara ag dul agus dúirt sí liom teacht léi. B'shin an caoi ar tharla sé agus b'shin an céad léargas dom i mo shaol, nuair a bhí mé 16 nó 17, gur teanga bheo í an Ghaeilge. Roimhe sin, bhí sí díreach mar ábhar scoile dom. Rinne mé 40 nóiméad Gaeilge in aghaidh an lae agus trí nó ceithre uair in aghaidh na seachtaine ar scoil agus b'shin an léargas a bhí agamsa ar an nGaeilge. Níor thuig mé gur teanga bheo í. Níor thuig mé gur teanga chumarsáide í agus ná go raibh an Ghaeilge in úsáid ag daoine. Bhí sí curtha isteach i mbosca mar ábhar scoile, agus nuair a bhí mé sa Ghaeltacht agus nuair a chonaic mé go raibh an Ghaeilge in úsáid ag daoine, b'shin nuair a d’oscail m’intinn agus mo chloigeann i leith na Gaeilge. Tháinig mé ar ais ón nGaeltacht le togha na Gaeilge agus bhí mo mhúinteoir ag rá liom cad sa domhan a tharla ansin? Dúirt mé léi go raibh mé i gColáiste Lurgan agus b'shin an méid a tharla.

Déanaim tagairt d’aitheantas a thabhairt do dhaoine sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht gur féidir leis an teanga maireachtáil agus gur féidir le daoine Gaeilge mhaith álainn a bhaint amach ón nGaeltacht. Is dócha go gcaithfear béim a chur ar an aitheantas agus cineál presence don teanga sna háiteanna mar sin.

Mar a luaigh mé, is féidir leis na meáin shóisialta an bhearna sin a líonadh go dtí go bhfuil níos mó Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ann agus infheistíocht déanta i scoileanna samhraidh agus rudaí mar sin. Go dtí sin, is é sin an rud atá mé ag iarraidh a dhéanamh ná é sin a thaispeáint do dhaoine trí na meáin shóisialta go bhfuil an teanga beo agus gur tháinig duine ó Longfort le bheith ag obair i TG4.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil aon duine eile ag iarraidh labhairt nó an bhfuil níos mó ceisteanna ag an Teachta Connolly?

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir le Rút Ní Theimhneáin, rith an abairt sin liom gur chóir go mbeadh ionadh orainn nuair a deir duine nach bhfuil ach teanga amháin acu. Is fiú tábhacht agus béim a leagan ar an abairt sin. An féidir léi beagáinín a rá faoi sin?

Ó thaobh TG4 de, an féidir léi tuilleadh eolais a thabhairt dúinn faoi na scoláireachtaí agus an taithí oibre? Tá siad ann ó 2018. An bhfuil a dhóthain acmhainn ag TG4 chun iad sin a leathnú amach nó cá bhfuil stádas na scoláireachtaí agus an chórais sin? An féidir liom dul ar ais go dtí Rút Ní Theimhneáin leis an gceist sin?

Ms R?t N? Theimhne?in:

Luaigh mé tacú ar fheabhas le hoideachas tríú leibhéal. Bhí mé ag obair in Ollscoil Mhá Nuad agus in Ollscoil Ottawa i gCeanada ag múineadh na Gaeilge do dhaoine nár chuala an teanga riamh. Bhí mé ag leanúint na treorach ón gcomhchreat tagartha na hEorpa um theangacha agus atá sé sin i bhfeidhm ag teastas Eorpach na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad. Go bunúsach leis sin, bheadh daoine nár chuala an teanga riamh, in aon seimeastar amháin tar éis a bheith sna ranganna uair nó dhó sa tseachtain, in ann an Ghaeilge a labhairt agus cúpla rud a rá fúthu féin, an teaghlach, an caitheamh aimsire bhí acu agus mar sin de. Feicim le teangacha na hEorpa, go mbíonn an córas céanna in úsáid agus bíonn A1 i gceist le glantosaitheoir, A2 le beagáinín níos mó ná sin, B1, B2 go dtí C1 agus C2. Ceapaim féin gur chóir an córas céanna a chur i bhfeidhm i leith na Gaeilge agus í a mhúineadh ó bhun go barr mar táimid ag labhairt faoin ngrá a bheith ann don teanga ach níl muid ag tabhairt an deis do dhaoine sa tír seo, daoine óga go háirithe, an teanga a bheith acu i gceart agus ó bhun agus í a fhoghlaim i gceart mar is cóir. Sílim féin nach bhfuil aon teanga níos tábhachtaí ná aon teanga eile agus gur chóir go mbeadh an Ghaeilge chomh feiceálach agus chomh lárnach agus muid ag labhairt faoi na meáin shóisialta agus na meáin go ginearálta. Tá an Spáinnis, an Fhraincis agus an Ghearmáinis ar fad mar an gcéanna mar is teangacha Eorpacha iad.

Ba bhreá liom píosa a rá faoin teanga eile a luaigh mé: an Ghuaráinis. Is í sin an teanga atá i bParagua, Meiriceá Theas. Is mionteanga í cosúil leis an nGaeilge ach níl an oiread tacaíochta is atá ag an nGaeilge in Éirinn ag an teanga seo in aon chor. Ní fheictear stáisiún teilifíse sa teanga seo, fógraíocht nó rud ar bith, agus í Paragua, an tír is dátheangaí i Meiriceá Theas, tá 90% den phobal a labhraíonn Guaráinis. Is rud thar a bheith eisceachtúil é sin agus is é an rud atá ag na daoine ná an grá. Ní fhéadfaí é sin a mhúineadh nó a thabhairt agus chaithfí é sin a fháil ón gcliabhán. Is é sin an deacracht atá againn ó thaobh teangacha de sa tír seo. Táimid ag labhairt faoi na deiseanna atá againn, ar bhonn acadúil go háirithe, agus airím faoi na rudaí sin ar fad cé chomh tábhachtach is atá siad, ach mar a bhí Oisín Ó Conaill ag rá freisin, caithfimid na rudaí atá grá againn dóibh a mhúscailt i ndaoine óga ón tús ar fad agus is sa teaghlach, sna scoileanna, sa phobal a tharlaíonn sé sin agus ansin, de réir a chéile, tagann sé sin i gcroíthe na ndaoine, is dóigh liom.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le Rút Ní Theimhneáin.

Ms L?s N? Dh?laigh:

Freagróidh mé an cheist ó thaobh oideachas agus na scoláireachtaí. Rinneadh na scoláireachtaí seo in éineacht le hÚdarás na Gaeltachta le cúig bliana anuas. Toisc go bhfuil cúig bliana déanta anois againn leo táimid ag féachaint chun cinn ar conas is fearr é seo a thabhairt chun cinn go dtí an an chéad thrí de chúig bhliain eile. Is é ceann de na rudaí atá an-tábhachtach atá ag ardú as na pointí atá déanta ag daoine ná go mbeadh cosán soiléir do dhaoine atá ag smaoineamh ó thaobh slí bheatha de. Is iad sin daoine atá suim acu ó thaobh na Gaeilge de ach go dtuigfidís an cosán nó an tslí bheatha atá ar fáil sna meáin chumarsáide.

Chuige sin, táimid ag moladh go mbeadh aonad forbartha na meán Ghaeilge a bheadh dírithe idir TG4, Údarás na Gaeltachta agus Fís Éireann, mar tá Fís Éireann an-tábhachtach sa spás seo freisin. Táimid ag breathnú ar an múnla atá in Northern Ireland Screen ó thuaidh. Tá aonad ar leith in Northern Ireland Screen taobh istigh den eagraíocht seo atá ag plé go díreach leis an nGaeilge ach toisc go bhfuil sé mar chuid de Northern Ireland Screen féin, ciallaíonn sé sin go bhfuil sé fite fuaite isteach i bhforbairt na hearnála níos leithne freisin. Tá an Ghaeilge ann mar aonad ach tá sé fite fuaite isteach san earnáil níos leithne, mar a deirim. Sílimid gur bealach dearfach chun cinn é sin TG4, Fís Éireann, agus Údarás na Gaeltachta a bheith ag obair as lámh a chéile.

Ó thaobh na hinfheistíochta de, tá thart ar €160,000 á infheistiú ag TG4 agus ag an údarás sa scéim intéirneachtaí leis na comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha. Ansin, cuireann na comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha a mhacasamhail chéanna isteach chomh maith.

Mr. Trevor ? Clochartaigh:

Más féidir liom cur leis sin. I dtosach báire, go raibh maith ag an gCathaoirleach as na focail dheasa ag an tús. Tá sé go deas a bheith ar an taobh eile den bhord ach feicfidh an comhchoiste nach ndeachaigh mé rófhada ach an oiread mar gach lá a théim ag obair, bíonn fuadar fúm mar gheall ar an dream atáim ag obair leo agus an obair iontach atá ar siúl.

Díreach le bheith soiléir, is é an dream atá os ár gcomhair inniu na hintéirnigh atá ag obair taobh istigh de TG4. Baineann an scéim eile atá á lua ag Lís Ní Dhálaigh. Baineann sé sin leis na comhlachtaí neamhspleácha. Tá dream eile amuigh ansin chomh maith céanna atá chomh cumasach céanna agus atá ag fáil na taithí chéanna leis na comhlachtaí neamhspleách ar fad.

Má thabharfaimid foireann TG4 i láthair na huaire; tá an tríú chuid den fhoireann atá tagtha isteach le cúig bliana anuas. I ndáiríre, tá meascán iontach againn idir na daoine atá ann le blianta fada, go leor acu a tháinig nuair a thosaigh an tseirbhís, agus an dream nua atá ag teacht isteach. Táimid ag feiceáil borradh dochreidte faoin dream atá ag teacht isteach agus is léir an pointe sin ó thaobh na n-intéirneach atá linn inniu agus an oiread cumais atá iontu.

Is é an rud a tharlaíonn freisin nó go bhfuil go leor intéirneachtaí éagsúla ar fud na tíre a bhféadfadh duine a dhéanamh ach is é an bhéim a chuirimid iontu i TG4 ná gur intéirneacht bliana atá i gceist, rud a thugann deis do na daoine seo fíorthaithí a fháil agus a bheith ag díriú isteach ar réimse faoi leith. Nuair a thagann siad isteach an doras, cuirtear go leor traenáil bhreise orthu. Cuirtear ar chúrsaí éagsúla iad agus bíonn siad ag obair le daoine éagsúla taobh istigh de na rannóga. Faigheann siad taithí an-mhaith sa réimse faoi leith ina bhfuil siad.

Bhíomar ag dul tríd an liosta idir na hintéirnigh a tháinig tríd an scéim seo taobh istigh de TG4 agus an dream a tháinig trí na comhlachtaí le ceithre nó cúig bliana anuas agus níor thángamar trasna ach ar dhuine amháin nach bhfuil fanta san earnáil agus is dóigh liom go fuair an duine sin PhD le deireanas. Chuaigh an duine sin ar ais i dtreo na hacadúlachta.

Léiríonn sé sin an cur chuige atá ag TG4 ón tús nach féidir linn a bheith ag brath i ndáiríre ar aon duine taobh amuigh dínn féin le píblíne tallainne a thabhairt chun cinn. Caithfimid a bheith ag fás agus ag cothú na ndaoine atá ag teacht chun obair linn mar gheall ar chúrsaí Gaeilge agus ar na scileanna éagsúla atá ag teastáil le stáisiún teilifíse a riaradh agus mar sin de.

Tá bearnaí éagsúla ó thaobh taithí de ina mbíonn sé deacair daoine a fháil iontu. Thosaigh na hintéirnigh seo i ndáiríre sna meáin shóisialta agus i gcúrsaí cumarsáide agus tá sé leathnaithe amach anois againn go dtí cúrsaí teicniúla. Beimid ag tabhairt togra mór teicniúil isteach anois go luath. Tá duine eile ag plé le bogearraí agus le códú. Is é sin ceann de na intéirneachtaí nua eile atá tagtha chun cinn. Tá Chloe Ní Ghríofa ag plé le grafaicí agus is í sin an chéad duine a bhí ag plé le grafaicí againn le roinnt blianta anuas.

Tá bearnaí sna réimse teicneolaíochta agus innealtóireachta agus i gcuid de na réimsí scile maidir le ceamara, fuaim, stiúrthóireacht, agus mar sin de, san earnáil chomh maith céanna. Tá gá breis tacaíochta a bheith againn sa phíblíne chun daoine agus tallann nua a chothú.

Is é an pointe mór eile freisin ná go bhfuil muid ag déanamh é seo ar an ngannchuid. Táimid thar a bheith buíoch as an taithí agus as an tacaíocht atá faighte ag TG4. Tá sé sin méadaithe ach táimid, mar a deir ár n-ardstiúrthóir, fós taobh thiar de na cainéil eile agus mar shampla, i gcomparáid le S4C sa Bhreatain Bheag, fós ag fáil thart ar leath an mhéid maoinithe a bhíonn ag an stáisiún siúd leis an jab céanna a dhéanamh. Dá bhrí sin, tá gá i gcónaí le gach taobh den Teach anseo agus le gach páirtí a bheith ag brú le go gcuirfear breis mhaoinithe ar fáil do TG4. Feicfidh an comhchoiste go bhfuilimid ag caitheamh an t-airgead ar bhealach an-fhiúntach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le Trevor Ó Clochartaigh. Anois, glaoim ar an Teachta Ó Laoghaire.

Photo of Donnchadh Ó LaoghaireDonnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Is lá mór don Oireachtas go bhfuil intéirnigh TG4 chomh cáiliúil anseo linn. Is dócha go dtuigeann formhór na ndaoine seo go bhfuil saghas social media phenomenon faoi intéirnigh TG4 ach go léiríonn sé sin agus an caighdeán daoine atá anseo an cur chuige atá ag TG4, mar atá ráite ag Trevor Ó Clochartaigh, a bhí ann ag TG4 ón tosach maille leis an tuiscint a bhí ag an stáisiún gur gá an phíblíne sin le tallann a bheith ann. Tá sé sin feicthe le blianta fada anuas anois. Is léir freisin, ní hamháin sin, ach go bhfuil an cur chuige atá ag TG4 i gcoitinne cruthaitheach le dearcadh úr nua i gcónaí ann.

Tá an fhís sin an-dearfach. Cuirim fáilte roimh Threvor Ó Clochartaigh, m’iarfhostóir, mar go raibh mé ag obair le Trevor le cúpla bliain nuair a bhí sé ina Sheanadóir. Tá súil agam go bhfuil sé fós chomh réasúnta mar fhostóir is a bhí sé ag an am sin.

Níl mórán le rá agam ó thaobh roinnt de na saincheisteanna agus tá go leor díobh clúdaithe ag na daoine go léir a bhí ag caint. Rith roinnt rudaí liom. Bhí Chloe Ní Ghríofa ag caint faoin teicneolaíocht. Chun teacht ar ais ar chéim amháin, go ginearálta, nuair a bhítear ag caint le daoine nach bhfuil Gaeilge acu nó nach bhfuil mórán cur amach acu faoin nGaeilge ach go bhfuil a fhios ann go bhfuil suim acu inti, cuirtear an cheist cén staid ina bhfuil an Ghaeilge. Tá ábhar d’an-chuid dóchais ann ach tá ábhar an-chuid imní ann freisin. Uaireanta, tá sé deacair an dá rud a mheá i gcoinne a chéile. Tá go leor constaicí agus ábhar imní go háirithe ó thaobh na Gaeltachta ann agus tá roinnt de na rudaí sin faoi BÁNÚ agus an saghas ruda sin ag forbairt.

Sa Rinn cúpla mí ó shin, bhí daoine ag rá liom go bhfuil sé go hiontach do Dhún Garbhán ach níl sé de chumas ag daoine sa Rinn cur fúthu ann. Tá siad ag dul síos go Dún Garbhán agus áiteanna eile i gContae Phort Láirge. Tá an fhadhb sin ann go forleathan. Ach é sin ráite, tá ábhar an-chuid dóchais ann freisin agus is dóigh liom go bhfuil Chloe Ní Ghríofa agus daoine cosúil lenár n-aíonna mar chuid den ábhar dóchais sin.

Is é ceann de na dúshláin atá ann ná an teicneolaíocht. Chonaic mé rud le déanaí go mbeidh níos mó díobh ann. Táimid ag an tosach de faoi láthair ach maidir leis na teicneolaíochtaí seo, agus is dócha gurb é ChatGPT an ceann is cáiliúla díobh, tá siad sin bunaithe go mór ar na mórtheangacha, amhail Béarla, Fraincis, Sínis agus an saghas sin teanga. Ní hamháin maidir leis an nGaeilge ach maidir le teangacha ar fud an domhain, ní bheidh sé furasta mar go mbeidh sé an-deacair agus tábhachtach go mbeidh an Ghaeilge mar chuid de na teicneolaíochtaí seo. Beidh an-chuid oibre ag teastáil agus tá súil agam go bhfuil an Roinn ag féachaint air. B'fhéidir go bhfuil gnéithe eile den teicneolaíocht ann ach tá go leor le déanamh faoi sin.

Tá ceist agam do Shaoirse Nic Aogáin, a bhí ag obair ar bhlag TG4. Is dóigh liom go bhfuil an ceart aici nach bhfuil daoine óga ag féachaint ar an teilifís faoi mar a bhí siad. Tá siad ag teacht isteach tar éis na hoibre nó an choláiste, ag suí síos agus ag féachaint céard atá ar TG4. Tá na daoine sin ann go pointe áirithe ach, go forleathan, tá daoine ag lorg cláir faoi leith. Cloiseann siad go bhfuil sé seo nó siúd go maith agus tá siad á bhfáil ar streaming nó mar sin. Cad é a tuairim ar an saghas content agus cláir a bheidh ag teastáil ó dhaoine óga? Conas a bheidh sé de chumas ní hamháin ag TG4 ach ag craoltóirí i gcoitinne forbairt a dhéanamh ar na cláir i gceart le go mbeidh siad ar fáil trí mheán na Gaeilge?

Nílim cinnte an í Rút Ní Theimhneáin nó Clíodhna Nic Gafraidh a labhair mar gheall ar an bhfadhb atá ann de bharr nach bhfuil fáil ag formhór na tíre ar Ghaelscoil tar éis leibhéal na bunscoile. Is dóigh liom go bhfuil ceithre áit sa bhunscoil d’áit amháin sa mheánscoil. Is fadhb mhór é a chinntiú go bhfaigheann daoine oideachas trí mheán na Gaeilge ó aois óg go dtí an ollscoil. Tá fadhb dhearcaidh ann freisin. Tá an leaid is sine againne imithe ón mbunscoil go dtí an meánscoil agus tá sé ag freastal ar mheánscoil lánGhaeilge ach bhí mé ag labhairt le cuid mhaith de na tuismitheoirí agus bhíodar á rá nach mbeadh a bpáistí acadúil go leor don Ghaelcholáiste. Níl sé sin ceart nó cruinn ar chor ar bith ach tá an mhíthuiscint ann go bhfuil sé de chumas ag gach duine dul ar an mbunscoil ach, chun dul go dtí Gaelcholáiste, caithfidh duine a bheith acadúil agus go han-mhaith ag an nGaeilge. Níl sé sin fíor ar chor ar bith ach tá fadhb an ó thaobh dearcaidh de. Ní hamháin sin ach tá fadhb ó thaobh forbartha ann agus tá go leor áiteanna sa tír a bheadh go leor éileamh ann ach nach bhfuil forbairt déanta orthu.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil aon duine ag iarraidh léim isteach ansin? Glaoim ar Chloe Ní Ghríofa.

Ms Chloe N? Ghr?ofa:

Luadh an teicneolaíocht ansin. Ní smaoinítear ar an nGaeilge agus ar an teicneolaíocht le chéile, go mór mór, ach, mar a dúirt an Teachta Ó Laoghaire, tá maoiniú agus i bhfad níos mó acmhainní ag na teangacha eile ar nós an Bhéarla, na Sínise agus a leithéid, agus tá siad in ann bogearraí a thraenáil ar nós ChatGPT, meaisín aistriúcháin agus a leithéid. Luaigh mé an tionscadal eSTÓR atá maoinithe ag an Roinn agus tá foireann bheag ansin ag obair ar mheaisín aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge agus Gaeilge go Béarla. Leis an bhfoireann bheag sin, tá sé deacair dul chomh fada is a bhfuil na teangacha eile ag bogadh ó thaobh na mbogearraí sin de. Teastaíonn níos mó maoinithe agus acmhainní a chaitheamh ar na bogearraí sin agus ar na daoine atá ag obair orthu sin ionas go mbeidh siad in ann na bogearraí a thraenáil chun bheith ar chomhchéim leis na teangacha eile freisin. Is dócha go bhfuil sé sin nasctha leis an rud a dúirt Caitríona Nic an tSaoir níos luaithe faoi oideachas trí Ghaeilge freisin. Anois, den chuid is mó, táthar in ann an Ghaeilge a dhéanamh sa choláiste, tá sí ar an gcúrsa sin faoin ngnó digiteach, go bhfios dom, agus níl mórán cúrsaí ar fáil i réimsí eile cosúil leis an teicneolaíocht le gur féidir Gaeilge agus computer science, agus a leithéid, a dhéanamh. Tá na rudaí sin fite fuaite agus nuair a bheidh na daoine ann agus iad cumasach agus in ann an teicneolaíocht a úsáid agus a fhorbairt, beimid in ann bogadh ar aghaidh leis na teangacha eile agus a bheith ar chomhchéim leo. Tá baol ann anois faoi sin mar nach bhfuil an méid acmhainní sin ar fáil don Ghaeilge agus tá baol ann go mbeidh na teangacha eile ag bogadh ar aghaidh i bhfad níos tapúla ná atá an Ghaeilge ó thaobh na teicneolaíochta sin de. Chaithfí an maoiniú agus na hacmhainní sin a chur ar fáil ionas go mbeidh sé ar comhchéim.

Ms Saoirse Nic Aog?in:

B'fhéidir go gcoinneoidh mise orm ansin maidir le pointe an Teachta faoi chláir nó ábhair ar líne do dhaoine óga. Tá maoiniú de dhíth chun cláir a chur amach ar an Idirlíon nó ar líne do dhaoine óga mar ní bhíonn siad ag breathnú ar an teilifís ar an gcaoi thraidisiúnta níos mó. Mar a luaigh mé, le seinnteoir TG4, bítear ar an ríomhaire nó ar an bhfón agus an duine ag taisteal pé áit a bhfuil an duine. Ba chóir go mbeadh maoiniú ansin do chláir nó do chruthaitheoirí úrnua a chothú le go mbeidís in ann a bheith ar líne ag cruthú as Gaeilge. Maidir le cláir do dhaoine óga, is iontach an deis é go bhfuil Cúla4 ann, mar a bhí á rá ag Clíodhna Nic Gafraidh ach, mar a luaigh mise, bhí mé ag plé leis an dream ó 18 mbliana d'aois go 30 agus ní hé nach bhfuil tada ann ach tá easpa ábhair ann do m’aoise, mar shampla. Tá daoine ag fágáil na scoile agus an oideachais i lár a bhfichidí agus ní bhíonn an cur amach céanna acu ar an teanga. Bheadh sé go deas níos mó maoinithe a fheiceáil do chláir agus do chruthaitheoirí do dhaoine óga. Is léir go bhfuil an t-éileamh sin ann. Mar a luaigh mé, is mise an t-aon intéirneach reatha anois arb as an nGaeltacht di. Tá suíomh ag chuile dhuine anseo agus, mar a luaigh mé, nach mbeadh sé iontach dá mbeadh siad in ann dul ar an Idirlíon agus iad níos óige, na deiseanna a fháil agus rudaí a fheiceáil trí mheán na Gaeilge agus nach eisceachtaí iad. Ní eisceacht atá ann mar a dúirt Rút Ní Theimhneáin agus níor chóir go mbeadh iontas ar dhaoine go mbeadh muintir na hÉireann dátheangach. Tá éileamh ann. Bhí “An Cailín Ciúin”, a chuaigh chomh fada leis na hOscars, tá scannán Kneecap anois ann freisin a bhuaigh duaiseanna ar leith ag féile Sundance agus tá borradh le blianta beaga anuas ag teacht aníos air sin. Tá suim againn ar fad, tá an t-éileamh sin ann agus dá bhfaighimis an maoiniú sin, bheadh sé sin dochreidte. Táim cinnte go ndéanfadh sé an-difríocht do dhaoine óga.

Ms L?s N? Dh?laigh:

Teastaíonn uaim a lua, as na intéirneachtaí atá againn i TG4, tá duine amháin ón nGaeltacht ach maidir leis na hintéirneachtaí atá sna comhlachtaí neamhspleácha léiriúcháin: tá thart ar 50% ón nGaeltacht agus 50% ó lasmuigh den Ghaeltacht so tá meascán ann.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An-mhaith. An bhfreagraíonn sé sin an cheist don Teachta?

Photo of Donnchadh Ó LaoghaireDonnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is dóigh liom é. Ní cuimhin liom, ámh, cé go díreach a bhí ag déanamh an pointe faoi na meánscoileanna.

Ms Cl?odhna Nic Gafraidh:

Bhí mise ag caint faoi Ghaelcholáistí a bheith ró-bheag. Tuigim go bhfuil dearcadh faoi leith ann faoi Ghaelcholáistí agus tá sé sin feicthe agam go mbíonn daoine imníoch go pointe faoi pháistí a chur chuig Gaelcholáistí. Má thógaim mo bhaile féin, An Muileann gCearr, mar shampla, tá dhá Ghaelscoil iontach láidir ansin. Ní bhíonn spásanna ar fáil. Bíonn liostaí feithimh i gcónaí sna Gaelscoileanna sin. Muna bhfuilimid in ann Gaelcholáiste a fháil i mbaile cosúil leis sin, i lár na tíre, níl muid chun an dearcadh sin a athrú agus sin é. An Ghaelcholáiste is cóngaraí domsa ná scoil i Maigh Nuad agus níor oscail sé sin ach dhá bhliain nó trí bliana ó shin. Tá easpa Gaelcholáistí ann agus ní féidir linn an dearcadh sin a athrú gan níos mó Gaelcholáistí agus níos mó Gaelscoileanna a bheith ann sa tír seo.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim míle fáilte roimh na finnéithe ar fad. Bhí mé ag léamh na haighneachtaí nó na cur i láthair a rinne siad. Tá siad spéisiúil. Aontaím go bhfuil gá le tuilleadh Gaelcholáistí ach tá tuairim na bhfinnéithe - seachas Saoirse Nic Aogáin a thagann ón nGaeltacht - ag teastáil uaim ar rud eile. Tá rud amháin comónta idir mise agus iadsan: ní dheachaigh mé ag scoil lán-Ghaelach. Chuaigh mé go coláiste Gaeilge ceart go leor ach ní dheachaigh mé go bunscoil nó meánscoil lán-Ghaelach. Fiú dá mbeadh breis Gaelcholáistí ann, tiocfaidh formhór gasúr na tíre seo ag scoileanna atá ag múineadh trí Bhéarla. Tagann ceist úr aníos ansin, is é sin, cé chomh tábhachtach is a bhí sé do na finnéithe gur múineadh an Ghaeilge go maith sna meánscoileanna Béarla? Bhí sé thar a bheith tábhachtach domsa. Níor cheart dúinn ariamh dearmad a dhéanamh air sin. Ba mhaith liom tuairim na bhfinnéithe air sin a chloisteáil.

An dara rud ná go n-aontaímid ar fad le ceist an airgid faoi TG4. Níl sé cóir nó cothrom an chaoi a roinntear airgead an Stáit idir RTÉ agus TG4. Tá sé chomh simplí le sin. Tá éagothromas ollmhór i gceist ansin. Bíonn dearcadh faoi leith ag an státchóras i leith RTÉ Ie hais an dearcaidh atá aige i dtaobh TG4. Fágfaimid an cheist sin faoi na daoine sinsearacha anseo le freagairt.

Rud amháin a ritheann liom go minic ná go bhfuil go leor cláracha ann. Is iontach an rud é go bhfuil Cúla4 ann ach an bhfuil mórán ann ar chor ar bith do na daoine atá 13 agus 20 bliain d'aois? Tá sé cosúil le leabhair i nGaeilge. Tá raidhse leabhar i nGaeilge ann do pháistí óga, ach de réir mar atá siad ag dul in aois, go tobann, níl aon rud spéisiúil ann le léamh. Mar an gcéanna é le físeáin agus na rudaí seo ar fad. Is comhairleoirí iad na finnéithe agus caithfidh siad éisteacht libh. Is iadsan atá ag cur comhairle ar na daoine atá níos sine. Ní dhearfaidh mé níos críonna, mar tá dhá bhrí le críonna, ach na daoine atá níos sine. An bhfuil bearna ollmhór ansin, ní hamháin idir daoine atá 18 agus 30 bliain d’aois ach idir 13 agus 20?

Rud amháin a bhfuil an-spéis agam ann na úsáid na teicneolaíochta. Is féidir linn bheith ag tabhairt amach faoi rudaí, ach ag deireadh an lae caithfimid gníomhú agus rud éigin a dhéanamh. An gcuideodh sé leis an obair atá na finnéithe ag déanamh dá ndéanfadh an Stáit go lárnach i bhfad níos mó infheistíochta i dteicneolaíocht aistriúcháin agus ateangaireachta? Tá a fhios againn féin go mbíonn daoine ag labhairt ar an teilifís i dteangacha éagsúla agus bíonn guth á aistriú. I ndáiríre, leis an teicneolaíocht, ba cheart go mbeifí in ann guth an duine atá caint a chur orthu agus iad ag labhairt cibé cén teanga a theastaíonn. Tiocfaidh sé sin le AI in am agus níl aon amhras faoi sin. Ach tá an rud céanna ann faoi aistriúchán meaisín. Tá an-obair ar bun sa Teach seo ag aistriú na ndíospóireachtaí, na mBillí agus go leor rudaí anseo. Úsáideann siad teicneolaíocht. Ar cheart dúinn cur le chéile ar fad a dhéanamh agus go ndéanfadh an Stáit mór-infheistíocht in aistriúchán le go mbeadh na deiseanna aistriúcháin go dtí an Ghaeilge agus ón nGaeilge ann, chomh maith le deiseanna aistriúcháin, abair, idir an Fhraincis, an Ghearmáinis agus an Béarla?

Déanfaidh mé pointe amháin deiridh agus is pointe dóchais é. Tá go leor cainte faoi phleanáil agus rudaí. Rud maith amháin ná go bhfuil soláthar i bplean forbartha Chontae na Gaillimhe d'éinne de na finnéithe atá ag iarraidh socrú síos i gConamara. Aithnítear i bplean chontae na Gaillimhe má tá riachtanas tithíochta ag duine ar bith atá ag iarraidh clann a thógáil le Gaeilge, más teaghlach lán-Ghaeilge atá acu, gur féidir cead pleanála a fháil in áit nach féidir le héinne eile ón taobh amuigh é a fháil. Deirim sin mar eolas. Má theastaíonn ó na finnéithe fanacht, beidh deiseanna breise acu le pleanáil le hais mar a bhéas ag éinne eile. Is féidir leo é sin a sheiceáil le plean chontae na Gaillimhe faoi na míreanna a bhaineann leis an nGaeltacht.

Is iontach iad a fheiceáil sa choiste áfach agus guím chuile rath orthu. Tá súil agam go bhfanann siad ar fad ag obair leis an gcineál seo oibre, cibé cén áit a théann siad.

Rud amháin deiridh, bíonn muid ar fad ag breathnú ar an teilifís, agus, mar shampla, ag breathnú ar RTÉ agus na stáisiúin eile, cuireann sé iontas orm anois, le hais 20 bliain ó shin, cé mhéad de na hainmneacha a thagann aníos ar na credits i nGaeilge. Ar ndóigh, is é sin an scoil oiliúna atá ag TG4. Ní hamháin go bhfuil tionchar ollmhór aige ar shaol theilifís na Gaeilge ach go hindíreach tá TG4 ag déanamh an-obair ag cur daoine ar fáil do stáisiúin eile, TV3, RTÉ agus mar sin de. Is iontach an misneach gur cheart go dtabharfadh sin do na finnéithe mar osclaíonn an Ghaeilge doirse. I rith mo shaol, ní fhaca mé míbhuntáiste le seo riamh. Is iomaí áit a chuaigh mé agus corr áit go raibh mé i sáinn, agus an chéad rud eile casadh Gaeilgeoir orm. Ansin bhíomar ar fad istigh sa chlub céanna agus bhí liom.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil éinne ag iarraidh freagra a thabhairt maidir leis an scolaíocht agus an tábhacht le múinteoir maith nó cur chuige maith a bheith ann ó thaobh na Gaeilge de?

Ms R?t N? Theimhne?in:

Aontaím leis sin agus tá a fhios agam go bhfuilimid tar éis Gaelscolaíocht a lua anseo inniu. Is cinnte gurb é an sprioc atá ann ná go mbeadh an Ghaeilge á mhúineadh mar is ceart i ngach scoil. Mar a luaigh mé níos túisce, ba chóir go mbeadh an córas céanna is atá ag gach teanga Eorpach in úsáid againn don Ghaeilge chomh maith agus go mbeadh an t-am curtha ar leataobh go mbeadh sé mar phríomhaidhm ag gach scoil go dtiocfadh daoine amach ón scoil le Gaeilge líofa. Ní gá do dhaoine a bheith mar aoi speisialta chun dul go dtí na coláistí samhraidh nó, mar a dúirt Laura, go dtiocfá trí thimpiste ar an nGaeilge. Ba chóir go mbeadh sé sin mar phríomhaidhm ag gach múinteoir. Mar a luadh roimhe seo, tá an mhíthuiscint sin ann go mbaineann an Ghaeilge le saol acadúil agus go bhfuil scileanna áirithe de dhíth ar dhuine le bheith ag labhairt i nGaeilge. Níl sé sin fíor. Ní bhaineann teangacha le clisteacht nó le haon scil nó rud ar leith a bhaineann le duine éigin. Bímid ar fad ag déanamh cumarsáide. Labhraíonn gach duine ar domhan ar a laghad teanga amháin. Is rud nádúrtha é agus ba chóir go mbeadh sé mar phríomhaidhm i ngach scoil go mbeadh Gaeilge líofa ag na scoláirí.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aon duine eile?

Ms Laura N? Aoidhne:

Le cur leis an méid atá ráite ag Rút Ní Theimhneáin agus ag an Teachta maidir leis an mbearna idir an aos óg agus an tseanaois agus an Ghaeilge. Luadh an Ghaeilge mar ábhar scoile chomh maith. Tá mise sa chás céanna leis na cailíní agus an Teachta féin. Níor fhreastail mé ar bhunscoil nó meánscoil lán-Ghaeilge. Bhí an Ghaeilge agam mar ábhar scoile. Ní raibh seans agam ach an oiread freastal ar chúrsa samhraidh ar chor ar bith ach fós phioc me an Ghaeilge mar ábhar sa bhunchéim.

Thosaigh mo thuras leis an nGaeilge ar an ollscoil. Nuair a bhí mé ar an ollscoil, bhí mé i mo chónaí ar an scéim cónaithe agus d'oscail sé sin an ghrá ionam don Ghaeilge agus chur sé deiseanna ar fáil. Tá mé fós chomh mór leis na daoine a bhuail mé leis ar an scéim cónaithe is a bhí ansin. B’é sin an chéad uair a d'fhreastail mé ar Ghaeltacht ar chor ar bith. Is as Bealach Féich mé i nDún na nGall, giota beag fada ón nGaeltacht, agus an chéad Ghaeltacht a fhreastal mé air ná Gaeltacht Ráth Chairn. Is as Ráth Chairn do Saoirse Nic Aogáin. Bhí mé faoi gheasa aige. Níor chreid mé ar chor ar bith caidé a bhí i gceist leis an nGaeltacht agus níor chreid mé an cultúr a bhí le feiceáil i Ráth Chairn nuair a chuaigh mé ann. Bhí siad ag damhsa, ag canadh agus ag labhairt Gaeilge i mbealach chomh normálta ach níor chreid mise go raibh sé chomh normálta sin. Bhí an t-atmaisféar sa Ghaeltacht dochreidte. Ó shin, oibrím sa Ghaeltacht achan lá anois. Mar a lua Cuán De Búrca, bímid ag dul chuig an siopa agus labhraíonn achan duine Gaeilge lena chéile. Ní dóigh liom go bhfaigheann achan duine an deis sin. Ní raibh mé muiníneach ar chor ar bith agus mé ag labhairt Gaeilge, cosúil le an-chuid daoine sa tír. Mura bhfuil tú muiníneach agus rud éigin á dhéanamh agat, tá seans maith ann nach ndéanfaidh tú é agus is trua é sin. Nuair a chuirtear deiseanna ar fáil dúinn chun ár gcuid Gaeilge a fheabhsú agus a fhorbairt, feabhsaíonn sé. Tagann an muinín agus ansin bímid ar fad lánsásta Gaeilge a labhairt lena chéile. Is minic a chloisimid daoine ag rá gur bhreá leo a bheith in ann Gaeilge a labhairt. Má chuirtear na deiseanna sin ar fáil - cosúil leis na coláistí samhraidh, na Gaelcholáistí agus an intéirneacht atá muid ag déanamh - ceapaim go mbeadh sé sin galánta.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá rud beag amháin go ndearna mé dearmad a lua. Creidim féin gur buntáiste mór é intéirneacht bliana. Más intéirneacht trí mhí atá ann, bíonn mí ag tosaigh, mí ag obair agus mí ag críochnú. Is fearr i bhfad do chuile dhuine gur intéirneacht bliana atá i gceist.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe go léir. Tá sé iontach iad a fheiceáil agus tá an deis atá faighte acu iontach. Is cuma cén réimse ina mbeidh siad ag obair, tá súil agam go mbeidh siad ag úsáid na Gaeilge agus an taithí atá faighte acu. Tá na ceisteanna seo cosúil leis an méid a dúirt an Teachta Ó Cuív. Tá páistí ón Úcráin ag freastal ar scoileanna lán-Ghaelacha i gConamara agus tá ag éirí go maith leo leis an nGaeilge. An gciallaíonn sé sin, i dtuairim na bhfinnéithe, go bhfuil éinne in ann Gaeilge a fhoghlaim, go mór mhór nuair a thosaíonn siad ag aois óg?

Ms Laura Pakenham:

Is dócha gur fiú dom féin píosa a rá faoi sin le mo chúlra sa Ghaeloideachas agus rudaí mar sin. Nuair atá páistí sáite sa teanga, níl am ar bith níos fearr le héifeacht a bheith agat ar pháiste agus ar fhoghlaim an pháiste ná nuair atá siad óg, páistí bunscoile ach go háirithe. Is é sin bua an tumoideachais agus bua an éitis. Ní hamháin sna ceachtanna Gaeilge a mhúintear an Ghaeilge agus is dócha gurb é an t-éiteas foghlama comhtháite ábhar agus teanga an bua is mó atá ag bunscoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta. Bíonn an Ghaeilge á foghlaim le linn ghníomhaíocht nó imeachtaí eile. Bíonn píosa damhna á dhéanamh agus múintear na geáitsíochtaí agus na céimeanna a mhúineadh do na páistí trí Ghaeilge. Tá sé lán-soiléir má tá mise ag rá "ceann, gualainn, glúine agus cos" céard atá le déanamh ag an bpáiste agus foghlaimítear na bhfocal sa chaoi sin. Ní chaithfidh mé a rá leis an bpáiste go bhfuil mé chun codanna den chorp a mhúineadh anois. Teangach uilíoch é sin idir páistí ná an spraoi agus an suaimhneas. Tá sé tugtha faoi dearadh agam go bhfuil bua an oideachais ag TG4 le déanaí, go háirithe le TG4 Foghlaim, an branda lena bhfuil mé fein ag obair. Táimid ag iarraidh sá isteach sa domhain sin agus tacú le múinteoirí, daltaí agus foghlaimeoirí atá i gcásanna mar sin. Mar shampla, cuirimid gníomhaíochtaí ar fáil a chabhróidh le tuismitheoirí sa bhaile le páistí ón Úcráin nó tuismitheoirí ón Úcráin atá ag iarraidh díriú isteach ar an nGaeilge leis na páistí sa bhaile. Cuireann muid ábhair agus áiseanna ar fáil dóibh chun cabhrú leo. Cuireann muid áiseanna ar fáil d'fhoghlaimeoirí d'aon aois, fud fad na tíre, ní hamháin daltaí agus múinteoirí bunscoile agus meánscoile.

Rinne muid taighde le déanaí i gcomhpháirt le RED C agus léirigh na figiúirí a tháinig ar ais go mbaintear úsáid as ábhar físe TG4 agus TG4 Foghlaim mar áis foghlama i 77% de scoileanna timpeall na tíre agus i scoileanna lán-Ghaeilge. Is iontach an rud é sin le feiceáil. Arís, déanaimid athchúrsáil ar ábhair TG4. Ní i gcónaí go bhfuilimid ag cruthú sraith oideachasúil breá. Cruthaímid sraith le cabhrú le daoine snas a chur ar a gcuid Gaeilge. Tá sraith cruthaithe againn as “Ros na Rún” agus tá na heagráin agus na heipeasóidí sin deartha ar bhealach atá oideachasúil gur féidir le duine ar bith sa tír nó sa domhain úsáid a bhaint astu. Tá an dul chun cinn feicthe againn i TG4 Foghlaim ach go háirithe sa chóras oideachais agus san earnáil sin. Feictear dúinn go bhfuil tionchar againn ar na daoine sin atá ag foghlaim an teanga agus gur féidir linn cabhrú le duine ar bith le cúlra éagsúla leis an teanga. Tá sé de phlean againn leanúint ar aghaidh le sin.

Ms R?t N? Theimhne?in:

Bhí mé ag rá níos túisce nuair a bhí mise sa bhunscoil nach raibh éinne eile i mo rangsa a labhair teanga eachtrannach sa bhaile. Labhair mise Spáinnis - labhraím fós le mo mham - agus tá cúlra ilteangach agam. Ní chuireann sé ionadh orm nuair a deir daoine go bhfuil páistí ón Úcráin atá ag labhairt Gaeilge mar táim cinnte go bhfuil níos mó ná teanga amháin ag na páistí sin cheana féin, fiú sular tháinig siad go dtí an scoil in Éirinn.

Chun ceist an tSeanadóra a fhreagairt, is féidir le duine ar bith an Ghaeilge a fhoghlaim ag aon phointe ina saol. Mar a dúirt Laura Pakenham, áfach, cinnte tá sé níos fearr agus iad óg. Caithfear a chur amach ansin sa domhain mór go bhfuil teangacha riachtanach. Ní hamháin go bhfuil siad riachtanach dúinn mar dhaoine, cuireann siad leis an tuiscint atá againn ar an saoil. Má tá níos mó ná teanga amháin agat, tá níos mó deiseanna agat agus níos mó tuisceana agat ar dhaoine agus ar chultúir eile agus chuile shórt mar sin. Ní rud é atá chomh deacair sin nach féidir fiú an iarracht a dhéanamh. Uaireanta, bíonn an míthuiscint ar dhaoine go bhfuil an Ghaeilge chomh deacair nach fiú am a chaitheamh ar bheith ag breathnú ar TG4. Deirtear nach féidir an teanga a thuiscint, go bhfuil sí ró-chasta agus is rud í nach mbaineann leo. Ach níl sé sin fíor. Feicimid freisin go n-éiríonn go han-mhaith leis na páistí gurb as cúlraí éagsúla dóibh le teangacha go ginearálta. Is é sin an ghnáth rud a bhí mé ag labhairt faoi níos túisce. Dar le staitisticí ó Eurostat, tá dhá theanga ag 35% de dhaoine sa saol oibre san Eoraip agus níos mó ná dhá theanga ag 21%. Tá Éire taobh thiar ina thaobh sin. Mar a bhí mé ag rá, ceapann daoine sa tír gur rud eisceachtúil é a bheith dhátheangach ach ní shin an cás ar chor ar bith.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Céard é an t-athrú is mó a mholfadh na finnéithe sa chóras oideachais chun an teanga a láidriú?

Ms Cl?odhna Nic Gafraidh:

Is fiú dul ar ais go dtí an meánscolaíocht agus Gaelcholáistí cinnte, ach mar a bhí an Teachta Ó Cuív ag rá níos luaithe faoi mhúinteoirí Gaeilge, dá mbeadh siad spreagúil agus má tá siad díograiseach, bheadh Gaeilge líofa ag a gcuid daltaí. Is féidir é sin a bhaint amach. Tá sé feicthe agam i roinnt scoileanna Béarla nuair a bhí mé ag obair le Conradh na Gaeilge go bhfuil caighdeán an-éagsúil ag daltaí meánscoile na tíre seo ó thaobh na Gaeilge de. Sílim gur ghá dúinn dul ar ais chuig coláistí samhraidh freisin. Ba cheart go mbeadh tréimhse sa Ghaeltacht ag gach páistí sa tír. Bhí mé ag déanamh ceardlann cúpla bliain ó shin i scoil Béarla i mBaile Átha Cliath agus bhí mé ag rá liom féin go raibh Gaeilge dochreidte ag an dream sa rang cé nach Gaelcholáiste a bhí ann. Níor fhreastail an chuid is mó de na daltaí ar Ghaelscoil agus bhí mé ag iarraidh orm féin conas ar tharla sé seo. Bhí gach duine sa rang sin tar éis tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht. Is é sin an difríocht. Is é sin an t-aon rang a bhuail mé leis riamh i scoil Béarla ina raibh Gaeilge iomlán líofa ag na daltaí san idirbhliain. Is é sin mar gheall go raibh siad théis freastal ar choláiste samhraidh. Ó mo thaithí féin, is é sin a dhéanann an difríocht.

Ms Saoirse Nic Aog?in:

Go bhfios dom, ag leanúint ar an bpointe sin, nuair a bhí mise mar bhean an tí - is é seo le peirspictíocht éagsúil a thabhairt air sin, agus b’fhéidir gur “cailín tí” a thugadh orm ag an am - bheadh daltaí ag teacht agamsa agus chonaic mé daoine as chuile chineál cearn den tír agus as tíortha éagsúla ag teacht ag an nGaeltacht agus iad 12, 13 nó 14 bliana déag. Ag tús na tréimhse bhí orainn an-chúnamh a thabhairt dóibh, ach ag deireadh na tréimhse trí seachtaine, deireadh chuile dhuine leat go raibh siad ag brionglóideach as Gaeilge. Is é sin an difríocht is féidir le cúrsaí samhraidh a dhéanamh. Tá sé ag dul in éag, is dóigh liom, agus tá deacrachtaí mná tí a aimsiú anois i Ráth Chairn, mar shampla. Bheadh sé iontach níos mó tacaíochta a fheiceáil do na cúrsaí sin de réir mar a bhí á rá ag Rút Ní Theimhneáin, Clíodhna Nic Gafraidh agus Laura Pakenham. Chonaic mé na céadta daltaí thar breis is deich mbliana agus mé ag fás aníos. D'fhás mé aníos leo sa teach agus bhí sé iontach é sin a fheiceáil. Tá go leor de na daoine seo ag obair trí Ghaeilge. Chuaigh siad ar aghaidh go dtí an ollscoil agus rinne siad Gaeilge. Cabhraíonn sé sin, mar a bhí á rá agamsa, toisc go gcruthaíonn daoine ag an aois agus an am sin a ngaol féin leis an teanga agus leis an gcultúr. Is é an t-am a chaitheann daoine sa Ghaeltacht, mar a bhí á rá ag Laura Pakenham, ina fheictear an cultúr agus cuireann sé sin borradh agus tugann sé misneach do dhuine leanúint ar aghaidh. Aontaím go láidir le Clíodhna Nic Gafraidh, chun leanúint ar an bpointe céanna sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na bhfinnéithe. Glaoim ar an Seanadóir Warfield labhairt anois.

Photo of Fintan WarfieldFintan Warfield (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim chun labhairt as Béarla ach táim sásta freagra a fháil i nGaeilge. Beidh mé ag éisteacht ar an Sony Walkman anseo. I read five days ago on the politico.com website that the French President, or possibly Prime Minister, was calling on French countries to coalesce around the need to take on the social media companies because the French language is under threat. I know that I have often met in the European Parliament advocates for the regional languages, and those in TG4 always talk about S4C as a comparative model. Since Brexit, however, we probably have to look beyond Britain. We probably have allies in the French Prime Minister talking about the risk of social media companies and the algorithm prioritising English-speaking content.

That brings me to the Netflix levy, which is being proposed as the European works levy. It is being possibly suggested that we could raise €25 million for local production in Ireland if we tax Netflix, Amazon Prime, YouTube and the big streamers. In that Bill, there is also 25% ring-fenced for Irish language content, so is TG4 optimistic about that? This might be significant and possibly €6.2 million might be available for Irish language content from that. Will TG4 update the committee if it has any information about the progress on this issue?

Mr. Trevor ? Clochartaigh:

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir as an gceist seo. Tagann sé go dtí pointe a bhí luaite níos túisce maidir le cúrsaí teicneolaíochta. Mar a tharlaíonn sé, bhí mé san Íoslainn an tseachtain seo caite. Tá 380,000 duine san Íoslainn a labhraíonn Íoslainnis. Is áit beag go leor í agus chas mé leis an Uachtarán a bhí ansin. Is é ceann de na rudaí is mó atá sé bródúil as ná nuair a chuaigh sé go Silicon Valley nuair a ceapadh ar dtús é, chas sé le Sam Altman. Chuir sé ina luí ar Sam Altman Íoslannais a bheith mar cheann de na chéad teangacha a bheadh ar fáil ar ChatGPT, agus cuireadh í ann. Mar sin, ní ceist mhéid i gcónaí í, ach ceist uaillmhéine agus ceist tola. Sílim go gcaithfimid a bheith uaillmhianach ó thaobh na Gaeilge de. Tá muidne mar stáisiún an-uaillmhianach ó thaobh na Gaeilge de ach caithfimid mar Stát a bheith níos uaillmhianaí óna taobh di. Tá formhór na bhfathach meáin shóisialta lonnaithe anseo in Éirinn. Ba chóir go mbeimid ag labhairt leo agus á rá, ós rud é go bhfuil siad anseo, go mba chóir dóibh a bheith ag tabhairt tús áite don Ghaeilge sna forbairtí teicneolaíochta atá á ndéanamh acu. Níl aon dabht faoi sin.

Luamar níos túisce na large language learning models atá ar siúl agus tá TG4 ag comhoibriú le haon eagraíocht a thagann chugainn atá ag iarraidh iad seo a bhrú chun cinn. Tá Roinn na Gaeltachta ag brú straitéis digiteach chun cinn faoi láthair ach tá na hacmhainní don obair sin ar an ngannchuid. Is fiú brú ar aghaidh le breis acmhainní agus tacaíocht a thabhairt don obair sin mar is iad sin an bunús do leithéidí ChatGPT. Mura bhfuil an tobar as a bhfuil ChatGPT ag tarraingt lán le Gaeilge, ní féidir leis oibriú chomh maith is a oibreoidh Béarla nó Fraincis nó teangacha eile. Táimid ag cabhrú leis sin ach tá ganntan ann ó thaobh acmhainní de sa réimse sin.

Bhíomar ag caint níos túisce freisin agus labhair an Teachta Ó Cuív maidir le cláir do dhaoine idir 13 agus 20 bliain d'aois agus cúrsaí oideachasúla. Thar na blianta, b'éigean do TG4 cinntí straitéiseacha a dhéanamh maidir leis an méid airgid a bhíomar ag caitheamh. Tugadh tús áite do Cúla4 agus do na páistí ag an aoisghrúpa sin. Cinnte, táimid ag iarraidh níos mó acmhainní a chur i dtreo ábhar d'ardchaighdeán do dhaoine idir 13 agus 20 bliain d'aois. Chabhródh rud éigin cosúil leis an tobhach Netflix ó thaobh cruthú breis táirgíochta de. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh cuóta de 25% ar thobhach den chineál sin ó thaobh ábhar Gaeilge de, bíodh sin ar TG4 nó in áit éigin eile, agus go mbeadh sé ag freastal ar phobal na Gaeilge. Tá sé sin iontach tábhachtach agus cabhrach.

Táimid ag labhairt faoi cé chomh maith is atá ag éirí le Cúla4 agus is é ceann de na rudaí is mó atá ag éirí leis nó “Nuacht Cúla4”, ach b'éigean deireadh a chur le “Nuacht Cúla4” i mí an Mhárta mar ní raibh dóthain maoinithe chun leanúint leis ar feadh na bliana. Fuaireamar maoiniú breise chun Cúla4 a chur ar bun agus táimid ag lorg tuilleadh tacaíochta chun é sin a leathnú amach. Tá súil agam go bhfaighfimid tacaíocht an chomhchoiste chuige sin. Ní easpa uaillmhéine atá ann agus tá sé fíorthábhachtach go bhfaighimid an tacaíocht sin. Sílimid go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh uaillmhian ag an Stát. Táimid ag tréimhse chinniúnach maidir le maoiniú na meáin seirbhíse poiblí. Tá plé á dhéanamh sna Tithe seo maidir leis an gceadúnas teilifíse agus céard a bheidh ag tarlú dó sin.

Tá an ceart ag an Seanadóir maidir linn a bheith ag déanamh comparáid i gcónaí le S4C. Táimid ag déanamh na comparáide sin mar tá sé an-chosúil linn mar mhúnla ach táimid an chosúil le RÚV san Íoslainn, an stáisiún teilifíse ansin, freisin. Déanaimid an chomparáid freisin leis an stáisiún teilifís i dTír na mBascach, agus má bhreathnaítear ar an dá shampla sin, táimid fós ar thart ar leathbhealach go dtí an méid maoinithe a theastaíonn uainn. Táimid faoi bhun go mór an mhéid mhaoinithe agus an maoiniú seirbhíse poiblí atá ag RTÉ le hábhar seirbhísí poiblí a chur ar fáil. Táimid ag rá nuair atá an plé sin á dhéanamh go bhfuil muid ag brath ar an gcomhchoiste, mar pholaiteoirí, chun a dhéanamh cinnte de go ndéanfar benchmarking ag an bpointe seo ar TG4 i gcomparáid leis an mbunlíne a bheidh á leagan síos do RTÉ, agus go mbeimid thart ar leath an mhéid a bheadh RTÉ ag fáil ó thaobh maoiniú seirbhísí poiblí de. Bheimis an-bhuíoch as tacaíocht an chomhchoiste chuige sin.

Photo of Fintan WarfieldFintan Warfield (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Keep up the good work on BLOC TG4. I follow it on Instagram.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus tá fáilte roimh ár n-aíonna. Gabhaim buíochas freisin as an gcur i láthair agus bhí deis agam níos luaithe a bheith ag éisteacht leo tríd an scáileán. Tá an fuinneamh agus an dearcadh dearfach ag tabhairt ardú meanman do gach duine agus fearaim fáilte rompu.

Is léir go bhfuil réimse leathan scileanna á dtabhairt ag na bhfinnéithe don chainéal. Tá siad tagtha trí chúrsaí éagsúla. Tuigim ó Laura Pakenham agus Rút Ní Theimhneáin gur tháinig siad trí chúrsaí a bhí déanta acu trí Ghaelainn. Ní fheadar an é sin an scéal na finnéithe go léir nó an amhlaidh gur cúrsaí as Béarla a rinne siad agus ansin go raibh suim faoi leith acu dul ag obair trí Ghaelainn? Bheadh suim agam, dá réir, sna cúrsaí a tháinig siad tríd agus an amhlaidh go bhfuil bearnaí ann chun fanacht ann chun go mbeadh daoine le Gaelainn ann chun iad a chur ar fáil? An bhfuil na coláistí ag soláthar na cúrsaí agus na mic léinn nó an amhlaidh gur daoine iad na finnéithe a bhfuil suim faoi leith acu sa Ghaelainn agus go ndearna siad cúrsaí trí Bhéarla, cúrsaí atá anois á gcur i bhfeidhm trí Ghaelainn?

Tá ról an-tábhachtach acu sa mhéid is go bhfuil na finnéithe ag cur na Gaelainne os comhair glúin nua mar ghnáth-theanga laethúil. Tá sé sin an-tábhachtach. Bhí deis againn plé a bheith againn le Meta cheana féin. Bhíomar á cheistiú mar gheall ar cheann de na gnáth-slite ina úsáideann an-chuid daoine na meáin shóisialta; sé sin, le video clips ar TikTok, Instagram nó pé ardán. Bíonn daoine ag iarraidh fotheidil a chur orthu seo ach níl na hardáin á gcur ar fáil trí Ghaelainn. Chuir sé ionadh orm nach raibh Meta á gcur ar fáil agus go raibh sé ag iarraidh go mbeadh thart ar 1,000 uair a chloig ábhair le fotheidil ann cheana féin. Shamhlófá go mbeadh sé sin ann. An bhfuil sé ann nó an bhfuil na fotheidil seo in úsáid? An bhfeiceann na finnéithe é in úsáid ina gnáthoibre? An bhfuil aipeanna ann chun fotheideal a chur ar fáil trí Ghaelainn agus chun a chinntiú go bhfuil sí á cur os comhair breis daoine nó á cur chun cinn i ngach slí gur féidir? Is iad sin an chéad cúpla ceist agus beidh ceist nó dhó agam do TG4 chomh maith ina dhiaidh.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé tá ag iarraidh léim isteach ar an ceisteanna sin?

Ms ?ine Lally:

Tá an rannóg innealtóireachta i TG4 ag obair ar cheist na bhfotheideal faoi láthair. Táimid ag iarraidh córas a chur i bhfeidhm ionas go mbeidh na fotheidil, chomh luath is atá píosa cainte imithe amach, ag dul in éineacht leis. Tá an rannóg ag forbairt córas ar an gcaoi sin go hinmheánach faoi láthair. Cosúil le chuile shórt eile, tá maoiniú agus tacaíocht ag teastáil ó thaobh é seo a fhorbairt tuilleadh chun go mbeidh sé in úsáid chuile lá, go rialta agus amach anseo agus go mbeidh sé mar choincheap go bhféadfadh stáisiún nó eagraíocht eile a úsáid iad féin. Is rud é sin ar a bhfuilimid ag obair go hinmheánach faoi láthair.

Tugadh saineolaithe AI isteach ón mBreatain an tseachtain seo caite agus bhí deis ag na hintéirnigh uilig éisteacht leo. Bhí triúr ann; beirt as Meiriceá agus Éireannach. The Future Communicator an t-ainm a bhí ar an eagraíocht. Casadh orainn ionadaithe na heagraíochta seo thall sa Bhruiséil agus bhímid ag foghlaim uathu. Arís eile, bhí siad thar a bheith tógtha leis an dul chun cinn ó thaobh na teicneolaíochta atá á dhéanamh ag TG4 ar pingineacha beaga suaracha. Dá mbeadh an infheistíocht ceart curtha isteach, mar a chonaic baill an choiste, tá an fuinneamh, an dea-thoil agus na scileanna ann. Táimid ag iarraidh bheith mar dream ceannródaíoch ar a leithéid de rud. Mo phointe ná go bhfuil an dream seo, a tháinig anonn as Sasana agus atá ag cur comhairle ar Rialtas na Breataine agus ar eagraíochtaí ar fud na cruinne, thar a bheith tógtha leis an méid atáimid ag déanamh gan againn ach pingineacha beaga.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis an gceist ó thaobh maoinithe de, an cheist í seo do Choimisiún na Meán i gcoitinne, nó an mbaineann sé le hairgead TG4 nó RTÉ? An chóir don choimisiúin déileáil leis?

Mr. Trevor ? Clochartaigh:

Tá sé mar chuid den mhórcheist maoinithe do na craoltóirí poiblí. Má thagann breis maoinithe, cuirimid in úsáid é.

Luaigh an Teachta an 1,000 uair a chloig a bheadh ag teastáil ó Meta. Má chuirimid ceist ar an dream atá anseo, déarfainn go ndearna siad thart ar 1,000 uair a chloig d’ábhar an tseachtain seo caite. Tá siad seasta síoraí ar na meáin shóisialta. Cuireann siad fotheidil Ghaeilge ar gach rud a chuireann siad amach, idir a bheith ag cur amach stuif iad féin agus ag úsáid an córas atá againn féin agus uathoibriú a dhéanamh air. Tá siad ag cur fotheidil ar an ábhar ar fad a bhíonn ag TG4 agus is mó scil atá acu. B'fhéidir gur mhaith leo labhairt faoi sin agus an próiseas oibre a bhíonn acu maidir leis na fotheidil a mhíniú, ar ábhair na meán shóisialta ach go háirid.

Ms R?t N? Theimhne?in:

Cinnte. Mar a luadh ansin, bíonn ábhar i nGaeilge á chur amach againn gach lá ar na meáin shóisialta. Bíonn na hintéirnigh i mbun oibre ar an sceideal gach uile lá ach de réir mo thuisceana maidir leis an AI agus na fotheidil uathoibríocha, is ábhar arna ghiniúint ag úsáideoirí, user-generated content, atá i gceist leis an 1,000 uair a chloig atá de dhíth, rud a chiallódh go mbeadh an fón ós do chomhair agus go mbeadh 1,000 uair a chloig de sin á ghiniúint. B'fhéidir an rud atá in easnamh ná, seachas go gcruthaítear agus go dtugtar an t-ábhar dúinn agus is sin a chuirimid in airde, ná go gcaithfidh cruthaitheoirí iad féin a bheith ag úsáid TikTok agus ag caint níos mó. Is é sin an rud atá in easnamh. Arís, tagann sé sin le maoiniú. Caithfimid é sin a chur os comhair súile daoine.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén difríocht atá idir na fotheidil atá na finnéithe ag cur ar fáil agus an user-generated context?

Ms R?t N? Theimhne?in:

An rud atá i gceist anseo ná nach bhfuil an Ghaeilge aitheanta a dhóthain ar na meáin shóisialta. Mar shampla, má tá mise ag cruthú físeán Instagram agus mé ag labhairt i mBéarla, aithneoidh na fotheidil uathoibríocha ar an ardán gur Béarla atá á labhairt agam agus cruthóidh sé na fotheidil. Tá fotheidil eile againn a dhéanaimid ar ár gcuid físeán istigh sa teach atá scartha ó sin. Tuigfidh an gléas nó an aip - TikTok nó Instagram - gur Béarla atá á labhairt agam ach ní thuigfidh sé go fóilín gur Gaeilge atá in úsáid agus duine ag cruthú ábhar iad féin leis an bhfón, mar selfie nó mar fhíseán. Is é sin an rud atá in easnamh. Teastaíonn níos mó cruthaitheoirí chun ábhar a chruthú gach aon lá agus teastaíonn go mbeadh an corpas ansin ann le go gcloisfear Gaeilge in aon chanúint, aon bhlas, fear nó bean, agus go gcruthófar na fotheidil uathoibríocha sin ar an aip. Ach is rud é sin le haghaidh úsáideoirí - an gnáth-duine - ní le haghaidh na teilifíse. Bheadh sé iontach go gcuirfí maoiniú ar leataobh dó agus go n-iarrfaí céard atá ag teastáil ó na comhlachtaí seo agus ón dteicneolaíocht. Bheadh sé go hiontach dá dtuigfí go bhfuil níos mó Gaeilge ag teastáil sna hábhar ar na meáin shóisialta agus an t-am agus an t-airgead a chur ar leataobh chun an rud atá in easnamh a chruthú, seachas bheith ag fanacht ar feadh 20 bliain eile nuair a mbeidh na teangacha eile i bhfad níos cinn, mar a bhí Chloe Ní Ghríofa ag rá, nuair a fhaighimid na fotheidil. Níl sé sin maith go leor. Sílim gur sin an rud atá i gceist.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Shamhlófá le 1,000 uair a chloig gur sprioc íseal go leor é le go mbeadh a leithéid ann. Bhíos ag iarraidh tomhas an amhlaidh go bhfuil leisce ar Meta agus ar hardáin eile? Shamhlófá go mbeadh a leithéid de video clips ann cheana féin. Is é sin a bhí mé ag iarraidh a mheas leis na finnéithe.

Cad mar gheall ar an gceist eile: ar tháinig daoine tríd na gcúrsaí, cur i gcás cinn i mBéarla, agus ansin gur thosnaigh siad ag lorg post trí Gaelainn, nó ar dhein siad a bhun-cháilíocht trí Ghaelainn?

Mr. C??n de B?rca:

Rinne mise staidéar ar an nGaeilge cé go raibh suim agam in réimse leathan rudaí eile. Bhí suim agam sa scannánaíocht agus sna meáin. Mura mbeadh an Ghaeilge roghnaithe agam, ní bheinn in ann leanúint ar aghaidh léi san ollscoil. Is duine mise a d’fhreastail ar mheánscoil agus rinne mé m'oideachas ar fad trí Ghaeilge. Ní raibh taithí ar bith agam ar oideachas trí Bhéarla ach nuair a théann tú ar aghaidh go dtí an tríú leibhéil, níl ar fáil ach rudaí trí Bhéarla. Go bhfios dom, tá cúrsaí gnó le Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus cúrsaí oideachais ach níl suim agam san oideachas nó sa ghnó, i ndáiríre. Mura raibh mé tar éis staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, seachas corr imeacht de chuid an chumainn Ghaelach, ní bheadh an deis agam mo shaol a chaitheamh trí Ghaeilge mar ba mhian liom. An tsamhail atá agam don Ghaeilge ná nach teanga nó caitheamh aimsire nó féirín deas le tarraingt amach ag an deireadh seachtaine í, ach rud ina bhfuil mé ag iarraidh mo shaol a chaitheamh tríd. Is cinnte gur cheart go mbeadh níos mó cúrsaí ar fáil trí Ghaeilge ag an tríú leibhéil.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil TG4 ag dul i dteagmháil leis na coláistí ag rá leo go dteastaíonn daoine cosúil leis na finnéithe anseo, atá cáilithe?

Ms L?s N? Dh?laigh:

B'fhéidir go bhfuil níos mó ann ná mar atá mé ag tabhairt creidiúint dó. Tá cúrsa ag Nemeton thíos sa Rinn, mar shampla. Tá cúrsaí ar siúl ag Ollscoil na Gaillimhe. Ceann de na deacrachtaí atá ann ná nach bhfuil áit amháin lárnach inar féidir le duine óg atá ag teacht amach as an scoil, atá ag lorg slí bheatha sna meáin Ghaelainne, dul. Níl cosán amháin a léiríonn cén áit le dul. Tá níos mó rudaí ar fáil ach b'fhéidir nach bhfuil sé soiléir cá bhfuil teacht orthu.

Ms Cl?odhna Nic Gafraidh:

Aontaím le sin. Ní dhearna mé chéim sa Ghaeilge. Rinne mé céim gnó agus Spáinnise i gColáiste na Tríonóide. Mar chailín óg nár fhreastal ar Ghaelcholáiste - ní raibh fáil agam ar Ghaelcholáiste agus ní raibh Gaeilge ag éinne i mo chlann - níor thuig mé go raibh cúrsaí mar sin ar fáil. Is cinnte go bhfuil i bhfad níos mó cúrsaí ag teastáil. Níor thuig mé fiú go féidir gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Lean mé ar aghaidh le mo chuid Gaeilge tríd an gcumann Gaelach agus mé i gColáiste na Tríonóide.

Is iontach an rud iad na cumainn Ghaelacha atá i mbeagnach gach ollscoil agus coláiste sa tír anois. Reachtaíonn siad imeachtaí trí Ghaeilge agus tá sé sin thar a bheith tábhachtach. Is dóigh gurb é sin an chéad uair a chuala mé an Ghaeilge mar ghnáth-teanga labhartha ó thaobh imeachtaí sóisialta de. Déanann sé sin difríocht ollmhór do dhaoine ar an ollscoil.

Labhair Laura Ní Aoidhne faoin scéim cónaithe freisin. Bhí mise bainteach le sin i gColáiste na Tríonóide chomh maith. Bhí mé i mo chónaí ar champas Choláiste na Tríonóide agus bhí mé in ann mo shaol a chaitheamh iomlán trí Ghaeilge gach uile lá. Is iontach an rud é go bhfuil daoine in ann sin a dhéanamh i lár na cathrach. Déanann sé sin an-difríocht cé go bhfuil i bhfad níos mó cúrsaí tríú leibhéil de dhíth orainn freisin.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim go bhfuil a leithéid i gCorcaigh le hÁras Uí Thuama.

Ms Cl?odhna Nic Gafraidh:

Tá cúpla ceann eile. Tá ceann in Ollscoil Mhá Nuad freisin agus ceann sa Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath freisin.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tagaim chuig an gceist dheireanach atá agam. Mar a luadh, níl ach an t-aon intéirneach amháin ón nGaeltacht. Tá gach éinne ag teacht ó gach cúinne den tír. An bhfuil TG4 ag cur lóistín ar fáil nó conas a oibríonn sé sin má tá daoine ag teacht ó timpeall na tíre?

Mr. Trevor ? Clochartaigh:

Is dócha gurb é an rud is dearfaí ar fad faoi seo ná gurb iad seo an dream ar éirigh leo fáil chomh fada leis na hintéirneachtaí ach chuir grúpa mór millteach isteach orthu. Bíonn íocaíocht i gceist leis an intéirneacht chomh maith céanna. Bíonn pá i gceist don bhliain agus fágtar ansin faoi na daoine iad féin socruithe a dhéanamh ó thaobh lóistín agus mar sin de. Tá tuarastal bliana le fáil agus is é sin ceann de na húdair le go n-éiríonn leis an scéim. Tá sé sin fíorthábhachtach. Tá a gcuid socraithe féin ag gach duine den dream seo faoi cén áit gur mhaith leo a bheith ina gcónaí agus cé hiad na dreamanna gur mhaith leo a bheith ag cónaí leo. Fágaimid fúthu féin é sin a shocrú.

Ms L?s N? Dh?laigh:

Díreach le rá, tá na hintéirneachtaí atá leis na comhlachtaí léiriúchán lonnaithe sna Gaeltachtaí. Tá intéirneachtaí i nDún na nGall le Ligid Léiriúcháin Teoranta, nó thíos sa Rinn, nó i Múscraí le Súgradh Teoranta agus mar sin de.

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Gabhaim leithscéal leo nach raibh mé in ann a bheith anseo ón tús ach tá go leor cloiste agam fiú ón am gur tháinig mé isteach agus tá mé an-tógtha leis an méid atá cloiste agam. Tréaslaím le TG4 i dtosach báire as an scéim intéirneachta seo a chur ar fáil. Táim cinnte nach TG4 amháin a bhaineann leas as ach muid uilig sa tír. Cinnte is féidir a rá, ó bunaíodh é in 1996, nach bhfuil mórán eagraíochtaí atá tagtha ar an bhfód le blianta anuas a raibh tionchar chomh mór acu ar an tír is a bhí ag TG4. Buíochas le Dia go bhfuil sé amhlaidh.

Mar pholaiteoir ag déileáil leis na meáin, an dá rud a ritheann liom ó bheith ag déileáil le TG4 - agus Raidió na Gaeltachta freisin cé nach bhfuil sé leath chomh mór nó chomh cumhachtach lena dheartháir mór - léiríonn TG4 greim i bhfad níos fearr amanta ar an éagsúlacht tuairimíocht atá sa tír ar go leor rudaí. Ó bheith ag déileáil lena chuid iriseoirí fiú, feictear dom go bhfuil iarracht á dhéanamh i gcónaí nach mbeifí ag teacht isteach le réamh-bhreithiúnas déanta ar cheisteanna áirid, go háirithe ceisteanna conspóideacha a mbímse ag déileáil leo ó ham go céile, ach go bhfuil gach duine ar an leibhéal céanna i súile an iriseora. Tá fáthanna éagsúla leis sin. Bímis macánta faoi: tá sé tábhachtach do leithéidí TG4 agus Raidió na Gaeltachta go bhfuil daoine le Gaeilge ann chun déileáil leo. Táimid ag braith ar a chéile agus tá tábhacht áirithe ansin. Ach creidim freisin go mbaineann sé le TG4 a bheith gar don phobal. Tá sé i gceist agam dul i dteagmháil go luath le Sinéad Ní Neachtain faoi rud atá ag dul ar aghaidh leis an Beara-Breifne Way a théann gar domsa in oirthear na Gaillimhe. Tá a fhios agam go bhfaighidh mé cluas éisteachta go héasca ar a laghad agus feicimid i ndiaidh sin céard a tharlóidh. Is é sin rud amháin a ritheann liom.

Ag smaoineamh ar an rud atá ar siúl ag na hintéirnigh, bhí mé chun an cheist céanna a chur maidir leis an íocaíocht nó pá a fhaigheann siad nó cén chaoi a n-oibríonn sé. Tá sé sin fíorthábhachtach. Ní féidir an soiscéal a scaipeadh ach nuair atá bia sa bholg.

Is cuimhin liom nuair a bhí mé ar an ollscoil i nGaillimh. Bhain mé an-tairbhe as Coláiste na bhFiann nuair a bhí mé sa mheánscoil. Measaim gur bhuail mé le Lís Ní Dhálaigh ag an am sin. Mo bhuíochas i gcónaí le Peadar Mac an Iomaire a bhí mar stiúrthóir na Gaeilge labhartha i nGaillimh go raibh an scéim sin ann do lucht na fochéime nach raibh Gaeilge á dhéanamh acu mar ábhar mar nach raibh sé sin á dhéanamh agamsa. An rud a bhí i gceist acu, agus an coincheap laistiar den chúrsa, ná go mbeadh innealtóirí, lucht leighis agus cibé rud le Gaeilge amach ansin a mbeadh in ann seirbhís a chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge sa tír. Is cuimhin liom ag an am a bheith dom cheistiú féin n’fheadar an bhfaigheadh siad luach a gcuid infheistíochta asam. Ní raibh ach an BA á dhéanamh agam agus ní raibh a fhios agam céard a bhí in ann dom. Ní innealtóir a bheadh ionaim. Ach de réir a chéile, bhí mé ag obair mar phreasoifigeach agus bhíodar do mo lorg chun agallamh a dhéanamh. Cloiseann na finnéithe anois nach bhfuil mo chuid Gaeilge foirfe ach d'éirigh go maith liom ar na cúrsaí sin. Bhí Italia 90 ag dul ar aghaidh ag an am céanna agus d'fhoghlaim muid an-chuid rudaí sa Chistin freisin ar An gCeathrú Rua, ní hamháin in Áras Mháirtín Uí Chadhain ag an am.

Le bheith dáiríre faoi, toisc na cúrsaí sin a bheith á dhéanamh againn, bhí sé de féinmhuinín agamsa a bheith toilteanach dul i ngleic leis na hagallaimh sin. Ní leor brass neck, bíodh is go bhfuil sé sin agam. Tá gá le caighdeán áirid a bheith agat le go mbeadh tú sásta dul os comhair na meán chumarsáide. Is éard atá á rá agam ná dá mbeinnse ar ais i mbun na bunchéime arís, táim cinnte go mbeinn ag cur isteach ar an intéirneacht seo le TG4. Nílim ag rá go nglacfaí liom ach is rud fíorthábhachtach é.

Tá ceist amháin agam, agus tá súil agam go maithfidh na finnéithe dom é go gcuirim é. Mar pholaiteoir a bhíonn ag déileáil le rudaí, bíonn tú gnóthach agus is minic gur mhaith leat labhairt i nGaeilge. Bímse ag fáiltiú roimh na hiriseoirí le Gaeilge a thagann chugam ach caithfidh mé a admháil gur dúshlán níos mó dom é mar bíonn a fhios agam go gá dom iarracht níos mó a dhéanamh má tá aon saghas líofacht le bheith agam. Amanta éiríonn liom agus amanta teipeann orm. Ach murach na cúrsaí sin a bheith déanta agam ar An gCeathrú Rua na blianta sin, bheadh sé i bhfad níos deacra fós. Mothaím fós, mar pholaiteoir, nach gcaithim dóthain ama ag iarraidh barr feabhais a chur ar mo chuid Gaeilge le go mbeidh mé in ann seirbhís níos fearr a thabhairt do lucht labhartha na Gaeilge sa tír.

An cheist atá agam, más féidir liom é a chur, gur léir domsa go bhfuil Gaeilge álainn ag gach duine de na finnéithe ach is féidir linn uilig cur lenár gcuid Gaeilge i gcónaí. An bhfuil na deiseanna sin ann? Tá sé deacair mar tá tú ag iarraidh daoine a mholadh ar thaobh amháin ach tá dúshlán romhainn uilig cur lenár gcaighdeán Gaeilge i gcónaí. Cén chaoi a ndéanann siad déileáil le sin ar bhealach atá taidhleoireach agus éifeachtach, ag tabhairt san áireamh go bhfuil siad thar a bheith gnóthach cheana féin agus go bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu cheana féin? An bhfuil sé ar an agenda acu cur le saibhreas agus barr feabhais sa teanga chomh maith leis an obair atá ar siúl acu?

Ms ?ine Lally:

Bíonn muid ag déanamh an-imní faoin dtuiseal ginideach i TG4. Bíonn cúrsaí gramadaí á ndéanamh againn de shíoraí seasta agus is maith ann iad. Ní hamháin sin, ach déanaimid ranganna Spáinnise freisin. Chuir duine de na hintéirnigh a bhí againn anuraidh agus fostaí TG4 anois, Rút Ní Theimhneáin - chuir sibh aithne uirthi níos túisce - ranganna Spáinnise ar fáil dúinn ag am lóin chuile Chéadaoin. Mar sin, tá an dá rud ann. Táimid ag foghlaim faoi cé chomh deacair is atá sé teangacha eile a fhoghlaim; mar sin, nílimid ag glacadh leis go bhfuil sé éasca. Ar an lámh eile, nílim ag rá go bhfuilim iontach agus go bhfuil muid 100% ó thaobh cúrsaí gramadaí nó tada ar an gcaoi sin.

Déanaimid cúrsaí gramadaí. Nuair a thagann na hintéirnigh isteach, déanann siad dioplóma i gcúrsaí margaíochta agus PR, cúrsaí gramadaí agus traenáil mojo, is é sin, mobile journalism. Déanann siad cúrsaí bainistiú ama. Cad iad na cúrsaí eile a bhíonn ar bun acu? AI.

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an bainistiú ama tábhachtach.

Ms ?ine Lally:

Tá sé thar a bheith tábhachtach, mar a tharlaíonn sé.

Ms Caitr?ona Nic an tSaoir:

Fuair roinnt againn deis anuraidh cúrsa le Gaelchultúr a dhéanamh agus tá a fhios agam go raibh plé ann faoi sin a dhéanamh arís i mbliana. Cúrsa deich seachtaine a bhí ann. Tugadh am dúinn le linn an ghnáthlae oibre chun é sin a dhéanamh. Bhí cúpla uair i gceist gach seachtain ar an gCéadaoin. Chuidigh sé go mór linn. Chlúdaigh sé go leor rudaí a bhaineann le gramadach agus rudaí mar sin. Cé go bhfuilimid uilig líofa go pointe, tuigeann muid ar fad go gcaithfear a bheith ag obair air sin i gcónaí agus go bhfuil i gcónaí rudaí le foghlaim agus le feabhsú againn. Bhí an deis sin iontach anuraidh. Tá a fhios agam gur tugadh arís i mbliana é.

Ms ?ine Lally:

Nuair a thagann intéirnigh isteach go TG4, bíonn struchtúr leagtha amach dóibh don bhliain. Oibríonn siad go han-chrua. Faigheann siad íocaíocht go maith. Níor chuir muid lóistín ar fad-----

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé chomh maith?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl an ceardchumann os ár gcomhair.

Ms ?ine Lally:

Is é bun agus barr an scéil ná go bhfuil siad ann le bheith ag foghlaim. Tá siad ag foghlaim don bhliain uilig. Réitíonn an taobh eile den bhliain, amach i dtreo dheireadh Lúnasa nó Meán Fómhair, le dul amach sa saol leis na scileanna seo ar fad. Níl deireadh leis an gcuid scileanna a bhíonn acu. Beidh chuile dhuine de na hintéirnigh anseo ag cuidiú ag gradam ceoil TG4. B'fhéidir go mbeidh an príomhról ag an intéirneach ceoil. Tá LGFA cúig bliana ar an bhfód. Táimid fite fuaite go mór leis sin. Beidh Oisín Ó Conaill chun tosaigh ansin i dtaobh cúrsaí meán sóisialta agus ag cur LGFA, TG4 agus peil na mban chun cinn ón taobh sin de. Tá siad ag fáil na deiseanna seo chun go mbeidh siad réidh le dul amach san earnáil. Cibé cosán atá siad ag iarraidh tabhairt faoi nuair a fhágann siad TG4, beidh siad breá ábalta dó, má tá poist ag dul in aon áit ag deireadh Lúnasa nó Meán Fómhair agus muna bhfuil muid in ann greim a fháil orthu. Cuirfidh formhór acu isteach ar phoist i TG4, mar a rinne leithéidí Rút Ní Theimhneáin agus Risteárd Ó hAodha. Is as Cathair na Mart i gContae Mhaigh Eo é Risteárd agus bhí sé mar intéirneach ceoil againn anuraidh. Chuir sé isteach ar phost mar fhorbróir bogearraí. Tá an post sin faighte aige agus tá sé ar ais arís. Tarlaíonn rudaí ar an gcaoi sin. Bíonn deiseanna ann tríd an scéim intéirneachta seo. I mí na Bealtaine, an mhí seo chugainn, beidh muid ag fógairt arís go bhfuil na scéimeanna seo ag teacht aníos. B'fhéidir go mbeidh ochtar intéirneach nua os comhair an choiste an t-am seo an bhliain seo chugainn agus b'fhéidir go mbeidh daoine eile fostaithe againn in TG4 faoin tráth sin. Maidir leis an gcéad phointe a bhí ag an Seanadóir, a bhain le cúrsaí gramadaí agus barr feabhais a chur ar an nGaeilge, tá sé sin idir lámha chuile lá i TG4.

Mr. Trevor ? Clochartaigh:

Ardaíonn an méid a luaigh an Seanadóir rud níos leithne maidir le cur chuige TG4 ón gcéad lá riamh. Fiú ó thaobh an lucht féachana, d'aithin TG4 ón tús go raibh an croílucht féachana an-tábhachtach. Is é sin an dream a labhraíonn an Ghaeilge gach lá den tseachtain agus atá ag súil go mbeidh cláir nuachta, na sobaldrámaí agus cláir faisnéise le hardchaighdeán Gaeilge ann. Tá sé seo fíorthábhachtach ach d'aithin muid freisin go raibh go leor daoine a raibh roinnt Gaeilge acu a bhí ag iarraidh cláir spóirt, cláir shiamsaíochta agus cláir cheoil. Táimid ag déanamh iarracht na daoine sin a mhealladh chugainn. Léiríonn sé sin an tsúil eile.

Luaigh an Seanadóir rud eile agus is cloch mhór ar ár bpaidrín i mbliana é. Tá formhór na gcomhlachtaí a bhfuil muid ag obair leo lonnaithe taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Táimid ag cruthú fostaíochta sna réigiúin. Ó thaobh na hionadaíochta atá anseo, tá duine amháin as Baile Átha Cliath mar intéirneach i mbliana. Léiríonn an chuid eile an scaipeadh tíreolaíochta ó thaobh daoine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge atá tagtha chun cinn. Léiríonn sé an cur chuige uile-oileánda atá ag TG4 chomh maith. Breathnaíonn muid ar an oileán ina iomláine ó thaobh na Gaeilge de.

Luaigh an Seanadóir nuacht agus an chaoi ina dtugtar aird faoi leith ar scéalta ó thaobh amuigh de Bhaile Átha Cliath nó taobh amuigh den dioscúrsa náisiúnta a bhíonn ag craoltóirí eile. Is rud mór ag TG4 é go ndearna an Coimisiún um Thodhchaí na Meán moladh go mbeadh neamhspleáchas nuachta ag TG4. Níl sé sin bainte amach againn. Táimid ag iarraidh é a bhaint amach. Tá plé ar siúl le Coimisiún na Meán faoi láthair. Beidh sé fíorthábhachtach. Tiocfaidh sé sin anuas go dtí ceist pholaitiúil. Beidh plé sna Tithe seo air sin. Dá mbeadh an tacaíocht sin ann, b'fhéidir linn an t-iolrachas sin a thabhairt ó thaobh cúrsaí nuachta, bheadh na hacmhainní againn chuige sin agus bheadh deis againn déanamh cinnte go bhfuil an tsúil eile sin ann ó thaobh na nuachta agus na gclár chomh maith céanna. Dar linne, tá sé sin fíorthábhachtach. Is é sin an dearcadh a bhí ag TG4 agus an fhealsúnacht atá taobh thiar dó. Tá ár gceannáras lonnaithe san iarthar ach tá na comhlachtaí sna réigiúin éagsúla ag fostú daoine áitiúla, ag coinneáil na bpobal sin beo agus ag spreagadh daoine eile cosúil leis an dream iontach atá anseo linn teacht chun cinn agus teacht ag obair linn.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist amháin agam. Ní dóigh liom go mbeidh na finnéithe in ann é a fhreagairt. In ainneoin sin, ba mhaith liom a rá, mar atáim tar éis a rá aon uair a bhí dream ó TG4 os ár gcomhair, go bhfuil éacht á dhéanamh. Tá éacht á dhéanamh. Is bealach eile chun an t-éacht sin a léiriú ná an dream atá os ár gcomhair inniu. Gabhaimid buíochas leo as teacht os ár gcomhair agus a smaointe a roinnt linn. Thug sé léiriú dúinn go bhfuil todhchaí ann. Uaireanta, ní thuigeann muid an tionchar a bhíonn againn agus tá tionchar as cuimse ag TG4 ó bunaíodh é. Beidh muid in ann é sin a fheiscint sna glúinte atá romhainn. Táimid á fheiscint os ár gcomhair inniu. Tá sé iontach go bhfuil daoine ag teacht nár fhreastail ar scoileanna Gaeilge. Bhí roinnt ar scoileanna Gaeilge ach tá easpa ollmhór cúrsaí ollscoile. Tá an coiste chun déileáil leis sin. Luadh an titim maidir le daoine ag teacht ó bhunscoil Ghaeilge, Gaelscoil, ar aghaidh go dtí an meánscoil. Tá teip iomlán ó thaobh na gcúrsaí atá ar fáil. Thuigfeadh TG4 é sin níos mó ná mise mar níl mise ag fostú daoine. Ní féidir innealtóir atá tar éis cúrsa a dhéanamh trí Ghaeilge a fháil. B'fhéidir go mbeifear in ann innealtóir le Gaeilge a fháil ach bheadh air nó uirthi athrú go dtí an Béarla san ollscoil tar éis na meánscoile. Is ualach breise é sin. Is léiriú ar rud éigin go bhfuil daoine le Gaeilge sásta an íobairt bhreise sin a dhéanamh, mar is é sin atá ann. Is mar sin a bhí cúrsaí don chuid is mó go dtí seo.

Luaigh duine éigin go raibh daoine ag dul tríd an gcóras oideachais agus ag féachaint ar na háiteanna ina mbeadh poist le fáil. Is sa mhúinteoireacht agus in áiteanna áirithe sa státseirbhís a bheadh siad. Má tá an t-ádh leat, b'fhéidir go mbeidh post ann sa Gharda Síochána. Táimid ag súil go mbeidh bealach eile ann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a bhfuilimid tar éis bliain iomlán ag déileáil leis. Táimid ag súil go mbeidh 20% dóibh siúd a earcófar don státchóras ina iomláine amach anseo a bheith líofa sa Ghaeilge. Chun go n-earcófar iad sna poist chuí, caithfidh na cúrsaí a bheith ann. Táimid chun díriú isteach air sin, conas is féidir linn déanamh cinnte de, leis na hollscoileanna agus leis an Aire Oideachais. Táimid tar éis cloisteáil faoi na scileanna ar leith. Níl cúrsaí trí Ghaeilge sna hollscoileanna ó thaobh roinnt acu. Cuirfimid é sin ar aghaidh nuair atáimid ag labhairt leis an Aire Oideachais agus leis an gcoiste comhairleach atá ag déanamh cinntí i mí an Mheithimh maidir leis an gcur chuige i leith an 20% a shroicheadh.

Tá súil againn go mbeidh an tAire Oideachais os ár gcomhair i mí an Mheithimh. Tá a lán ceisteanna againn di. Baineann ceann amháin de na ceisteanna sin leis an bhfásach sin i lár na tíre ó thaobh na Gaelscolaíochta de. Tá roinnt Gaelscoileanna ach, i roinnt contaetha, níl ach ceann amháin ann agus níl faic ó thaobh Gaelcholáistí. Cén fáth go bhfuil ar thuismitheoirí, múinteoirí agus daltaí scoile a bheith os comhair Thithe an Oireachtais? Measaim go mbeidh dream ó Chluain Dolcáin os ár gcomhair ag lorg foirgnimh nua amárach. Tá feachtais dhifriúla tar éis teacht chugainn. Nílim ag caint thar ceann mo pháirtí ach is é tuairim an choiste é gur cóir go mbeadh soláthar níos fearr de Ghaelcholáistí ann. Caithfidh muidne agus an tAire díriú isteach ar choláistí agus ar na hollscoileanna ionas gur féidir linn déileáil leis an bhfadhb.

Tá ceist agam do TG4 sula sroichim é sin. Cé mhéad airgid atá TG4 ag fáil ón Roinn Oideachais as an ábhar oideachais atá á chothú aige? B'fhéidir nach bhfuil freagra air sin ag na finnéithe. Tiocfaidh mé ar ais chucu. Cé mhéad de na hintéirnigh a threoraigh múinteoir nó treoraí gairme i dtreo post sa Ghaeilge iad? An dtarlaíonn é sin in aon chor? Nuair a bhí muid ag déileáil leis An Garda Síochána, dúradh nach gcuireann daoine isteach ar phoist leis. D'fhiafraigh muid de an dtéann sé isteach sna scoileanna agus d'inis na finnéithe linn go dtéann. D'fhiafraigh muid an dtéitear isteach i scoileanna Gaeilge ag rá go bhfuil poist le Gaeilge sa Gharda Síochána ach ní dhéantar amhlaidh. Níl a fhios agam cé a théann isteach sna scoileanna agus cé a théann i dteagmháil leis na treoraithe gairme ag rá go bhfuil poist le Gaeilge ann ná go mbeidh chun déileáil leis an gceist a ardaíodh faoin tslí ina mbíonn tuismitheoirí uaireanta buartha nach mbeidh post ann dá mac ná dá n-iníon. Muna bhfuil na múinteoirí nó treoraithe gairme agus na heagrais ag craobhscaoileadh go bhfuil na poist ann, beidh tuismitheoirí den tuairim sin go dtí go bhfeiceann siad athrú éigin amach anseo.

Chuir mé dhá cheist: an ceann faoi threoraithe gairme agus an ceann faoin airgead a thagann ón Roinn Oideachais. An bhfuil éinne ag iarraidh ceann acu a fhreagairt?

Mr. Trevor ? Clochartaigh:

Is é an cheist is éasca ná an ceann a bhaineann leis an Roinn Oideachais. Níl aon mhaoiniú per se le fáil ón Roinn Oideachais maidir leis na cláir oideachasúla atáimid á ndéanamh. Baintear an maoiniú i gcomhair TG4 Foghlaim as an maoiniú reatha a bhíonn againn ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán. Baineann muid as an gciste sin é. Tá sé sin ar cheann de na rudaí móra atáimid ag iarraidh forbairt i bhfad níos mó a dhéanamh air mar tá an-éileamh ar an obair le TG4 Foghlaim agus ar na háiseanna ansin. Is fiú a rá go mbíonn an-chomhoibriú againn leis an Roinn féin ó thaobh cuid de na cláir a bhíonn ar siúl agus le COGG maidir leis an obair oideachasúil a bhíonn ar siúl. Bíonn comhoibriú leanúnach agus an-dearfach ansin. Ó thaobh maoiniú díreach de, níl aon mhaoiniú á fháil ón Roinn.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim é sin. Is é an fáth ar chuir mé an cheist ná go bhfuil TG4 ag tabhairt trealamh ná uirlis saor in aisce don Roinn. Níl mé ag rá gur gá don Roinn maoiniú a thabhairt ach caithfidh aitheantas breise a bheith ann go bhfuil an Roinn ag úsáid clár saor in aisce. Ag am éigin, ba chóir buíochas a ghabháil as sin. Is féidir leis an Roinn Oideachais brú a chur chun tuilleadh airgid a chur ar fáil. Muna bhfuil sí chun dul isteach san earnáil agus airgead a thabhairt do RTÉ, TG4 nó aon dream eile ó thaobh na gclár, ba chóir go mbeadh sí mar urlabhraí do TG4 chun cuidiú leis cur leis an méid atá á dhéanamh aige agus gan dearmad a dhéanamh air sin. An bhfuil aon duine anseo ar thug an treoraí gairme cuidiú leis nó léi ó thaobh an chinnidh a ghlac sé nó sí maidir leis an bhfostaíocht trí Ghaeilge atá aige nó aici nó a leithéid? Ar tharla sé sin d'aon duine?

Ms Laura N? Aoidhne:

Níor tharla sé domsa. Tuigim gur fhreastail muid ar fad ar chúrsaí difriúla. Más rud é go ndearna tú múinteoireacht, mar shampla, obviously beidh tú treoraithe i dtreo na múinteoireachta. Rinne mé féin baitsiléir ealaíon le Spáinnis agus Gaeilge. Ní raibh modúl nó rud ar bith mar sin a thug comhairle dúinn maidir leis an ngairm a bhí muid ag iarraidh leanúint ar aghaidh léi. Chuaigh mé féin chuig comhairleoir gairme agus, anuas air sin, fuair mé eolas ó mo chairde. Bhí orm an t-eolas a lorg maidir leis na gairmeacha atá ar fáil leis an nGaeilge. Is é Peig.ie an áit ina mbíonn muid ag lorg post.

Ms Cl?odhna Nic Gafraidh:

Is féidir liom rud éigin a rá ansin. Baineann an méid a bhí á rá ag an gCathaoirleach le mo sheanphost i gConradh na Gaeilge. Tá triúr fostaithe ag an gconradh a théann timpeall na meánscoileanna ag labhairt faoi na deiseanna atá ann do dhaoine le Gaeilge agus faoi na poist. Is cuimhin liom a bheith ag labhairt faoin intéirneacht seo le daltaí meánscoile. Chun an fhírinne a rá, níor chreid siad go raibh a leithéid ann. Níor chreid siad gur féidir níos mó ná múinteoireacht a dhéanamh leis an nGaeilge. Ba é sin an chéad rud a dúirt siad liom. Dá mba rud é gur chuir mé an cheist cén poist atá ann leis an nGaeilge, dúirt siad múinteoir nó garda i gcónaí. Níor thuig siad go raibh gá le hinnealtóirí le Gaeilge líofa, mar shampla. Níor thuig siad go raibh tú in ann dul thar lear agus do chuid Gaeilge a úsáid, mar a rinne Rút Ní Theimhneáin. Tá daoine á dhéanamh ach tá níos mó daoine ag teastáil. Is trua é nach gcreideann daltaí meánscoile na tíre seo go bhfuil na deiseanna sin ann leis an nGaeilge.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is ceann de na héilimh ar an Aire a bheith againn nuair a thagann sí os ár gcomhair ná go bhfuil gá le hinfheistíocht bhreise. Ní gá gur airgead a bheith i gceist ach tá infheistíocht san fhoireann de dhíth chun cuidiú leis na scoileanna craobhscaoileadh a dhéanamh ar na poist atá ann agus a bheidh ann ó thaobh na Gaeilge de má tá an coinníoll a bheidh ann amach anseo a chomhlíonadh. Baineann sé sin leis an earnáil Stáit amháin. Tá sé cruthaithe ag TG4 agus daoine eile go bhfuil poist agus gairmeacha ann agus go bhfuil luach saothair le fáil lasmuigh de sheanearnáil na Gaeilge é féin. Tá an fhostaíocht ann. Is léir é sin ó na comhlachtaí. Bhí roinnt comhlachtaí a chruthaíonn cláir do TG4 os ár gcomhair thar na blianta. Ní raibh Gaeilge ag roinnt acu ag an tús ach, faoi dheireadh, bhí.

An bhfuil an Teachta Ó Murchú ag iarraidh aon rud a rá? An raibh sé ag éisteacht?

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil a obair bhaile déanta aige?

Photo of Ruairi Ó MurchúRuairi Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl obair bhaile ar bith déanta agam. Tá brón orm faoi sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé ceart go leor. Ní gá aon rud a rá.

Photo of Ruairi Ó MurchúRuairi Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní féidir liom é sin a dhéanamh ar chor ar bith. An bhfuil pointe ar bith fágtha ag duine ar bith atá réidh le rá anois? Tá seans acu. Bheinn breá sásta más rud é go bhfuil duine éigin sásta é sin a dhéanamh.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil aon rud le rá chun clabhsúr a chur leis sin?

Ms L?s N? Dh?laigh:

Maidir leis an bpointe a bhí ag an gCathaoirleach, ó thaobh na meán Gaeilge agus cabhair a thabhairt do dhaoine atá ag smaoineamh ar career iontu, tá sé tábhachtach go mbeadh roadmap nó cosán saothair ann dóibh. Dá bhféadfaí aonad meán Gaeilge a fhorbairt a chabhródh le daoine ó thaobh oiliúna agus traenála isteach san earnáil, chabhródh sé sin go mór. Faoi láthair, is líonra mór é agus tá sé deacair do bhealach timpeall air a aimsiú. Chabhródh roadmap trí aonad um na meáin Ghaeilge le daoine atá ag iarraidh obair sna meáin trí mheán na Gaeilge.

Mr. Trevor ? Clochartaigh:

Díreach le cur leis sin, táimid ag caint ar chúrsaí tríú leibhéal ach tá tábhacht faoi leith le printíseachtaí. Táimid tar éis dhá phrintíseacht a dhéanamh go dtí seo. Go dtí seo, níl printíseacht faoi leith scríofa le haghaidh earnáil na teilifíse, mar shampla, ceamaradóir le Gaeilge, duine fuaime, stiúrthóir agus mar sin de. D'fhéadfaí forbairt a dhéanamh ar phrintíseachtaí chomh maith céanna. B'fhéidir gur cosán isteach é sin a bheidh níos oscailte do dhaoine difriúla. Ní bheadh gá dul ar aghaidh go dtí céim ollscoile. Bhí éileamh ollmhór ar an scéim intéirneachta seo. Táimid ag glacadh leis go mbeidh éileamh ollmhór ar an gcéad cheann eile. Dá bhrí sin, is fiú cur leis na scéimeanna intéirneachtaí seo, breis daoine a thógáil orthu agus iad a chur isteach i róil éagsúla linn agus le heagrais eile. Beidh tuilleadh daoine forbartha ar an gcaoi sin. Is moladh é sin.

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist bheag agam. Maith dom mo chuid aineolais ach, don té a bheadh ag éisteacht nó atá ag teacht isteach ó Mars, cad é an t-idirdhealú idir intéirneacht agus printíseacht?

Mr. Trevor ? Clochartaigh:

Tá curaclam ar leith leagtha síos i gcomhair printíseachtaí. Tá go leor béim á cur orthu sin ag an Roinn ardoideachais faoi láthair. Is scéim dha bhliain a bhíonn i gceist. Bíonn sé ceangailte le hollscoil. Bíonn an chéad tréimhse, a mhaireann sé mhí go hiondúil, san ollscoil. De réir a chéile, bíonn níos mó ama á chaitheamh leis an eagraíocht. Faigheann tú taithí agus do lámha salach ag plé leis an trealamh agus mar sin de. Bíonn béim i bhfad níos mó ar thaithí phraiticiúil. Le hintéirneacht, tugann muid daoine isteach ar feadh bliana. Ón gcéad lá a thagann siad isteach, bíonn siad ag obair ar BLOC, Cúla4, ceol nó spórt. Is jab é atá ann don bhliain.

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I gcás duine amháin, thiocfadh an intéirneacht tar éis na printíseachta seachas a mhalairt.

Mr. Trevor ? Clochartaigh:

Is dócha go mbreathnaítear air ó thaobh na ndaoine iad féin agus cad é an rud is fearr a fheileann do dhaoine. Tá daoine áirithe a bhfuil an ardteist déanta acu agus ar éirigh go maith leo agus chuaigh siad go dtí an ollscoil. Tá daoine eile nár éirigh leo an ardteist a dhéanamh agus tá go leor daoine ag obair sna meáin nach ndeachaigh an bóthair sin ó thaobh oideachais tríú leibhéal. Tugann an printíseacht deis do dhaoine dul isteach ar an mbóthar sin. Tá na hintéirneachtaí dírithe ar dhaoine a tháinig tríd an córas tríú leibhéal agus a bhfuil céim acu cheana féin, b’fhéidir. Tá muid díreach ag breathnú air go mbeidh cosáin éagsúla ag daoine éagsúla le teacht isteach sa tionscadal.

Photo of Ruairi Ó MurchúRuairi Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Intéirneacht agus printíseacht, right. Thosaigh an finné ag caint faoi roadmap atá de dhíth. Cén sórt acmhainní atá de dhíth chun é seo a chur i bhfeidhm i gceart?

Ms L?s N? Dh?laigh:

Tá muid ag breathnú ar scála le go mbeadh, idir an t-údarás, TG4 agus Fís Éireann, infheistíocht os cionn €1 milliún ag dul isteach ina threo in aghaidh na bliana. Is é sin an múnla atá leagtha amach dó.

Photo of Ruairi Ó MurchúRuairi Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déanfaidh sé sin cúis. Gabhaim mo leithscéal, bhí mé gnóthach ag déanamh cúpla rud eile. Tá brón orm. Níl sé maith go leor ar chor ar bith.

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist eile agam. Iarraim ar na finnéithe pictiúr a dhearadh dom; cá mhéad duine a bheadh lonnaithe? An é go mbuailfeadh daoine isteach agus thiocfadh siad amach agus ní fhanfadh siad san áit? An mbeadh siad ag obair chun cabhrú le daoine a thagann tríd an doras nó ar an bhfón nó cad a bheadh i gceist go díreach agus go praiticiúil?

Ms L?s N? Dh?laigh:

Tá muid ag breathnú ar mhúnla mar atá ag Northern Ireland Screen leis an Irish-language screen unit atá aige thuas ó Thuaidh. Is aonad é atá suite laistigh de Northern Ireland Screen a fhorbraíonn na hearnála. Forbraíonn sé daoine, leagann sé amach cúrsaí ó thaobh daoine agus treoraíonn sé daoine isteach san earnáil neamhspleách. Ní hamháin go bhfuil daoine ag déanamh cúrsa agus tá deireadh leis ag deireadh na bliana a dhéanann siad an cúrsa, ach tá sé á gcothú tríd an earnáil agus tá forbairt ag teacht orthu ina ngairmeacha thar tréimhse blianta.

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cá mhéad duine a bheadh ag obair go lánaimseartha ina leithéad d’aonad i dtuairim an fhinné?

Ms L?s N? Dh?laigh:

Is dócha nach mbeadh ach beirt nó triúir ag obair san aonad, ach is é an rud a bheadh siad ag déanamh ná cúrsaí agus traenála a chothú agus bheadh upskilling ag tarlú i gcónaí laistigh den earnáil.

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim. Gabhaim buíochas leis an bhfinné.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil na comhaltaí sásta?

Photo of Ruairi Ó MurchúRuairi Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Breá sásta.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil focail scoir ag aon duine de na finnéithe?

Mr. Trevor ? Clochartaigh:

Thar ceann TG4, tá muid thar a bheith buíoch as obair an chomhchoiste seo agus as an tacaíocht a fhaigheann muid uaidh go háirithe, ó Theachtaí Dála agus Seanadóirí sna Tithe seo, agus ón fhoireann a bhíonn acu. Murach iad, ní bheadh muid i mbéal an phobail. Tá an tacaíocht a thugann siad thar a bheith tábhachtach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam go mbeadh TG4 i mbéal an phobail.

Mr. Trevor ? Clochartaigh:

Cuidíonn siad go mór linn.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil aon fhocail scoir ag na finnéithe eile? An bhfuil rud ar leith gur gá dúinn déanamh?

Ms R?t N? Theimhne?in:

Tá mé ag iarraidh pointe a dhéanamh. Mar chomhordaitheoir na meán sóisialta TG4, gach cúpla seachtain bíonn cruinniú agam leis na comhordaitheoirí ó na stáisiúin teilifíse eile san Eoraip agus bíonn daoine i gcónaí ag labhairt faoin fhoireann atá acu ar na meáin shóisialta. Feicfidh comhaltaí an choiste anseo go bhfuil intéirneacht amháin ann le haghaidh gach branda, nó fo-bhranda. Samhlaigh dá mbeadh níos mó ná duine amháin taobh thiar den scáileán. Tá na meáin shóisialta ag athrú an t-am uilig agus b’fhéidir gur rud é sin le smaoineamh air. Samhlaigh dá mbeadh níos mó ná duine amháin ann.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Leis sin ráite, caithfidh mé críoch a chur leis an gcruinniú seo. Gabhaim buíochas le gach duine ar fad a bhí anseo. Bhí a lán Teachtaí Dála agus Seanadóirí anseo nach mbíonn ann de ghnáth agus gabhaim buíochas leo as teacht, suí isteach ar roinnt de, agus páirt a ghlacadh ann chomh maith céanna. Tá sé go maith dóibh siúd nach bhfuil ar an gcoiste é seo a fheiscint agus go bhfuil léargas acu ar an obair a bhíonn ar siúl, agus an cur chuige, atá ag TG4, agus an cur chuige atá ag na finnéithe ó thaobh na hintéirneachta seo.

Molaim go dtabharfaidh an Rialtas, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, an Teachta Catherine Martin, agus an tAire Oideachais, an Teachta Norma Foley, gach cúnamh agus tacaíocht d’fhorbairt scéim na n-intéirneachtaí i TG4 agus RTÉ araon agus molaim go leagfaidh muid an moladh seo faoi bhráid na n-Airí. An bhfuil sé sin aontaithe? Tá. Is féidir linn é sin a dhéanamh. Beidh mé in ann litir a chur.

Tá sé i gceist go mbeidh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, an Teachta Catherine Martin, os ár gcomhair an tseachtain seo chugainn. Tar éis dúinn éisteacht le roinnt grúpaí, beidh an tAire Oideachais, an Teachta Norma Foley, os ár gcomhair ag deireadh mhí an Mheithimh faoi réimse d’ábhair maidir leis an gcóras oideachais agus an Ghaeilge. Déanfaidh muid an litir sin a sheoladh amach a luaithe is atá sé clóscríofa, is é sin, an lá amárach.

Leis sin, cuirfidh muid clabhsúr leis an seisiún seo. Bhí sé i gceist agam seisiún príobháideach a bheith againn ach níl muid chun déileáil leis sin inniu. Gabhaim buíochas le gach duine. Tá an cruinniú seo ar athló go dtí 1.30 p.m. ar an gCéadaoin seo chugainn, an 24 Aibreán, nuair a bheidh muid ag déileáil le héilimh don Ghaelscolaíocht nach bhfuil á sásamh ag an Stát. Sa chéad séisiún, beidh ionadaithe ón bhForas Pátrúnachta, Conradh na Gaeilge agus Gaeloideachas. Sa dara séisiún, beidh ionadaithe ó fheachtais chun Gaelcholáistí a bhunú i gCaisleán an Bharraigh i gContae Mhaigh Eo, i gCloich na gCoillte i gContae Chorcaí, i gCill Dhéagláin i gContae na Mí agus sa Tulach Mhór i gContae Uíbh Fhailí.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 3.57 p.m. go dtí 1.30 p.m. Dé Céadaoin, an 24 Aibreán 2024.