Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 17 April 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Taithí Oibre agus Intéirneachtaí do Chéimithe Tríú Leibhéal i TG4 - Féidearthachtaí agus Deiseanna: TG4

Ms ?ine Lally:

Tá an rannóg innealtóireachta i TG4 ag obair ar cheist na bhfotheideal faoi láthair. Táimid ag iarraidh córas a chur i bhfeidhm ionas go mbeidh na fotheidil, chomh luath is atá píosa cainte imithe amach, ag dul in éineacht leis. Tá an rannóg ag forbairt córas ar an gcaoi sin go hinmheánach faoi láthair. Cosúil le chuile shórt eile, tá maoiniú agus tacaíocht ag teastáil ó thaobh é seo a fhorbairt tuilleadh chun go mbeidh sé in úsáid chuile lá, go rialta agus amach anseo agus go mbeidh sé mar choincheap go bhféadfadh stáisiún nó eagraíocht eile a úsáid iad féin. Is rud é sin ar a bhfuilimid ag obair go hinmheánach faoi láthair.

Tugadh saineolaithe AI isteach ón mBreatain an tseachtain seo caite agus bhí deis ag na hintéirnigh uilig éisteacht leo. Bhí triúr ann; beirt as Meiriceá agus Éireannach. The Future Communicator an t-ainm a bhí ar an eagraíocht. Casadh orainn ionadaithe na heagraíochta seo thall sa Bhruiséil agus bhímid ag foghlaim uathu. Arís eile, bhí siad thar a bheith tógtha leis an dul chun cinn ó thaobh na teicneolaíochta atá á dhéanamh ag TG4 ar pingineacha beaga suaracha. Dá mbeadh an infheistíocht ceart curtha isteach, mar a chonaic baill an choiste, tá an fuinneamh, an dea-thoil agus na scileanna ann. Táimid ag iarraidh bheith mar dream ceannródaíoch ar a leithéid de rud. Mo phointe ná go bhfuil an dream seo, a tháinig anonn as Sasana agus atá ag cur comhairle ar Rialtas na Breataine agus ar eagraíochtaí ar fud na cruinne, thar a bheith tógtha leis an méid atáimid ag déanamh gan againn ach pingineacha beaga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.