Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 17 April 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Taithí Oibre agus Intéirneachtaí do Chéimithe Tríú Leibhéal i TG4 - Féidearthachtaí agus Deiseanna: TG4

Ms Cl?odhna Nic Gafraidh:

Is mian liom mo bhuíochas a ghabháil le Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge as an gcuireadh a thug sé dúinn labhairt anseo inniu.

Táim ag obair faoi láthair i mo chomhordaitheoir ar na meáin shóisialta le Cúla4 mar chuid de scéim taithí oibre TG4. Is é Cúla4 an chéad chainéal Gaeilge do dhaoine óga agus is pribhléid dom a bheith ag obair leis an gcainéal, go háirithe le linn a chéad bhliana ar an aer. Beidh mé ag leanúint orm ag obair le Cúla4 tar éis m’intéirneachta i mo chúntóir léirithe agus táim iontach sásta go mbeidh an deis sin agam.

Inniu, is mian liomsa labhairt faoin nGaeilge agus an t-aos óg. Is as an Muileann gCearr dom. D’fhreastail mé ar Ghaelscoil An Mhuillin agus ansin ar Choláiste Loreto. Níl mórán Gaeilge sna contaetha lár tíre agus ní haon eisceacht í an Iarmhí. Tá dá Ghaelscoil sa Mhuileann gCearr anois, ach fós níl Gaelcholáiste ann, cé go raibh sé seo geallta agus mise ag imeacht ón mbunscoil thart ar 12 bhliain ó shin. Is cinnte go raibh an Ghaeilge le cloisteáil i mo shaol agus mé ag fás aníos, ach sa scoil amháin a bhí sé sin. Tá seans mór ann nach bhfuil Gaeilge iomlán líofa ag gach duine a bhí ar an mbunscoil liom anois toisc nach raibh an deis ag gach duine acu freastal ar Ghaelcholáiste nó ar chúrsa Gaeltachta, b’fhéidir. Tuigim go raibh an t-ádh dearg orm go raibh mé in ann leanúint ar aghaidh le mo chuid Gaeilge le Coláiste Spleodar i gConamara. Ní bhíonn an eispéireas seo ag gach duine agus is trua ollmhór é sin.

Sular thosaigh mise ag obair le Cúla4, bhí post agam i mo chomhordaitheoir dara leibhéal le Conradh na Gaeilge. Laistigh den bhliain sin ag obair leis, thug mé cuairt ar bhreis is 150 meánscoil. Bíonn sé deacair tuiscint a fháil ar an leibhéal Gaeilge a bhíonn ag daoine agus iad ag críochnú na meánscoile. Má dhéanann tú staidéar ar theanga eile don ardteist, cosúil leis an Spáinnis nó an Fhraincis, an-chuid den am tagann tú amach le leibhéal B2. Ní sin an cás leis an nGaeilge agus níl aon amhras ann gur gá go mbeadh athrú air seo. Is gá go mbeidh nasc ann idir an Ghaeilge agus an comhchreat tagartha na hEorpa um teangacha.

Ón tréimhse atá caite agam ag obair le daltaí meánscoile, tuigim an géarghá atá ann ní hamháin do Ghaelscoileanna ach do Ghaelcholáistí freisin. Ón am atá caite agam ag obair le Cúla4 agus le Coláiste Spleodar, tuigim an difríocht a dhéanann an tumoideachas. Caithfimid tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sa teanga. Caithfimid a chinntiú go mbeidh an deis ag gach dalta sa tír seo tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht. Caithfimid a chinntiú go mbeidh fáil ar gach páiste sa tír seo ar oideachas trí Ghaeilge sa bhunscoil agus sa mheánscoil. Gan é seo, níl muid ag tabhairt an deis do dhaoine óga a bheith mar chuid den phobal iontach seo, is é sin, pobal na Gaeilge.

Cuirim fáilte roimh aon cheisteanna dom nó do mo chomhghleacaithe. Gabhaim buíochas leis an gcoiste.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.