Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 20 March 2024

Joint Committee on Tourism, Culture, Arts, Sport And Media

Support for Development of Regional Film and Television Production: Discussion

Mr. Alan Esslemont:

Is é TG4 phríomh-mhaoinitheoir na hearnála scáileáin i réigiúin na hÉireann i gcomhlachtaí Éireannacha atá lonnaithe taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin. Tá an infheistíocht seo ina thiománaí forbartha san eacnamaíocht chruthaitheach réigiúnach, a leagannn síos bonn láidir don nuálaíocht dhigiteach agus theicniúil. D’fhéadfadh eacnamaíocht chruthaitheach agus chultúrtha rathúil i réigiúin na hÉireann íomhá na réigiún a athrú ó bhonn. Is féidir leis an tionscal cruthaitheach closamhairc tionchar a imirt ar thurasóireacht, na healaíona, cultúr, spórt agus an Ghaeilge agus iad a threisiú, chomh maith le cur leis na tionscail chruthaitheacha trí clusters agus comhshuíomh.

Chomh maith le toradh cruthaitheach agus eacnamaíoch ar infheistíocht TG4, tá toradh teanga le fáil ar an infheistíocht freisin. Tugaimid linguistic return on investment air sin. Déanann TG4 infheistíocht ar 80% dá caiteachas léiriúcháin ar chomhlachtaí atá lonnaithe taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath agus 70% ar chomhlachtaí atá i gceantair Gaeltachta.

Molann TG4 na deontais "nationwide" réigiúnacha atá tugtha isteach ag Fís Éireann ach tá na buntáistí céanna ar fáil do chomhlachtaí atá bunaithe taobh istigh de 65 km ó Shráid Uí Chonaill agus atá ag an chuid atá bunaithe taobh amuigh den limistéar sin. Mar sin, tá ardú réigiúnach ag teastáil ar alt 481. I gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, creideann TG4 go bhfuil deis ann ardú Gaeltachta ar alt 481 a thabhairt isteach do chomhlachtaí atá lonnaithe i nGaeltacht na hÉireann, agus tá mioneolas ar an moladh seo le fáil mar cheangaltán leis an ráiteas tosaigh seo.

Creideann TG4 freisin go bhfuil tábhacht faoi leith maidir le tallann nua a fhorbairt sna réigiúin. Tá scéimeanna rathúla forbartha againn le hÚdarás na Gaeltachta, le intéirnigh bliana, atá bunaithe ar shaineolas Northern Ireland Screen sa réimse seo, agus tá breis is 70 duine tagtha tríd na scéimeanna intéirnigh ó 2018. Tá deis ann dlús a chuir leis an bhforbairt tallainne sa Ghaeltacht agus moladh againn straitéis aontaithe idir TG4, Údarás na Gaeltachta agus Screen Ireland leis seo a bhaint amach.

Mar chlabhsúr, ba mhaith le TG4 díriú ar an trí sprioc seo a leanas a chuirfeadh borradh breise faoi an earnáil closamhairc sna réigiúin seo: scála maoinithe TG4 a mhéadú le tacú le straitéis TG4 agus infheistíocht TG4 san earnáil léirithe a mhéadú; ardú Gaeltachta a thabhairt chun cinn faoi alt 481; agus straitéis páirtíochta idir TG4, Fís Éireann agus Údarás na Gaeltachta le dlús a chur le forbairt na h-earnála closamhairc Gaeltachta agus Gaeilge.

Gabhaim buíochas le baill an choiste as éisteacht leis an ráiteas tosaigh seo i nGaeilge agus cuirfidh muid fáilte roimh cheisteanna i nGaeilge agus i mBéarla.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.