Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 April 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Riachtanas Gaeilge: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Cuirim míle fáilte roimh na finnéithe. Tá plé an-bhunúsach agus an-tábhachtach á dhéanamh tráthnóna. Ó tharla go bhfuilimid i dTithe an Oireachtais, an áit a dhéantar dlí na tíre, is dóigh liom gur cheart dúinn breathnú siar ar céard a deireann an dlí a d'achtaigh an Teach seo sa bhliain 2006. Is é an dualgas a leagadh ar an ollscoil ag an am seo ná "The governing authority of the College shall ensure that one of the principal aims for the operation and development of the College set out in each strategic development plan ... is the provision of education at the College through the medium of the Irish language". Cuimhnigh céard atá ráite, "through the medium of the Irish language". Níl siad ag caint ansin sa reachtaíocht ar mhúineadh na Gaeilge. Tá siad ag caint ar mhúineadh trí Ghaeilge is é sin cúrsaí, nach cúrsaí Gaeilge iad, a mhúineadh trí Ghaeilge. Bhí sé sin le déanamh ag leibhéal na bunchéime agus na hiarchéime.

Caithfidh mé a adhmháil, sa bplean straitéiseach 2003 agus 2008, deirtear go bhfuil sé mar thosaíocht straitéiseach ag an ollscoil struchtúir agus cur chuige nua a fhorbairt chun tacú le forbairt inmhartana an teagaisc agus gníomhaíochtaí taighde trí Ghaeilge. I dtaca leis seo deirtear go nglacfar céimeanna agus leagtar amach iad.

Sa phlean straitéiseach 2009 agus 2014, leanadh an múnla céanna. Spéisiúil go leor, sa bhliain 2015, nuair a leagadh amach an plean straitéiseach 2015-2020, ba léir, in ainneoin an dlí - cuimhnigh is dlí na tíre é, ní raibh rogha ag an ollscoil, ní mian atá ann ach dualgas reachtúil - in ainneoin sin ar fad is léir go bhfuil tarraingt siar ar an tiomantas seo cúrsaí nua céime agus iarchéime a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Mar shampla, sa slat tomhais reatha a leagtar síos ar leathanach 43 don mhír faoi phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, níl aon tagairt le fáil do chúrsaí nua iomláine a chur ar fáil trí Ghaeilge. Tá na slata tomhais atá luaite bainteach den chuid is mó le breis cúrsaí a chur ar fáil sa Ghaeilge féin agus do ghearrchúrsaí Gaeilge a chur ar fáil d'ábhair oidí, cúrsaí atá tánaisteach don aidhm seo, mar a luadh cheana. D'athraigh an bhéim ó bheith ag múineadh trí Ghaeilge, an dualgas reachtúil, go múineadh na Gaeilge, nach duagas reachtúil é. Loic siad ar an dualgas reachtúil.

Feicfimid an cúlú céanna san athrú a rinneadh ar statute Acadaimh na hOllscolaíochta Gaeilge i 2016. Nuair a bhunaíodh an t-acadamh sa bhliain 2004, leagadh cúram orthu mar seo.

Ba í feidhm Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ceannródaíocht a léiriú agus a spreagadh trí ghníomhaíochtaí acadúla i measc pobal na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus lasmuigh de, a chuirfidh le forbairt shóisialta, cultúrtha, eacnamaíochta agus teanga an phobail sin agus na tíre trí chéile. Chuige sin, beidh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge freagrach, faoi údarás na hollscoile, as forbairt inbhuanaithe a dhéanamh ar chúrsaí ollscoile, ar thaighde agus ar sheirbhísí agus ar ghníomhaíochtaí ollscoile trí mheán na Gaeilge agus iad sin a sheachadadh agus a riaradh. D'éirigh go maith le sin. Bhí siad ag éirí go maith. Bhí sé chúrsa iarchéime agus trí chúrsa fochéime ann a bhí á reachtáil go hiomlán trí Ghaeilge. Nílim ag caint ar mhúineadh na Gaeilge. Bhain an t-acadamh cáil náisiúnta amach. Bhí 130 mac léinn ag déanamh cúrsaí iarchéime. Bhí 123 mac léinn ag déanamh cúrsaí fochéime.

Go tobann anuraidh tháinig an dara athrú. Is éard an rud a fheictear san athrú, ó thaobh plean straitéiseach na hollscoile agus an bhéim reachtúil a bhí leagtha orthu de, ná rinneadh leasú ar an statute a bhaineann le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Deireann mír 2 don statute go n-aithnítear an t-Acadamh mar institiúid teagaisc de chuid na hollscoile. Cé go ndeirtear chuile áit san ollscoil go bhfuil an ollscoile tiomanta ar thaighde a bheith mar chuid den mhúineadh, níl aon tagairt do thaighde i gceist le ról an acadaimh níos mó. Is ar teagasc na Gaeilge is mó atá an t-údarás ag díriú anois. Mar sin, tá tarraingt siar ollmhór ag an ollscoil ón ndualgas reachtúil atá uirthi.

Cuireann sé iontas orm i gcónaí an chaoi go gceapann daoine nach bhfuil reachtaíocht a bhaineann le Gaeilge dáiríre. Tá rannóg ollmhór dlí agus cearta daonna ag an ollscoil. Shílfí go dtuigeadh an ollscoil, nuair a dhéanann stát daonlathach dlíthe, go bhfuil dualgas ar gach áisíneacht de chuid an Stáit, agus atá ag fáil maoiniú ón Stát, na dlíthe sin a chomhlíonadh.

Mar sin, an cheist atá agamsa ná an bhfuil na finnéithe sásta go bhfuil siad ag comhlíonadh an dlí anois? An bhfuil pleananna acu chun cur leis na cúrsaí atá á dteagasc trí Ghaeilge sa deich mbliana atá romhainn? Cén clár taighde atá acu a bheas ar bun trí mheán na Gaeilge sa deich mbliana atá romhainn? Feictear domsa go bhfuil an ollscoil seo sásta airgead an Stáit a thógáil ach nach bhfuil sí seo ró-dhírithe ar dhlí an Oireachtais a chomhlíonadh. B'fhéidir go bhféadfadh siad an ceist ollmhór sin a fhreagairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.