Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 May 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an cruinniú seo ar siúl mar ghnáthchruinniú i seomra coiste 4 i dTithe an Oireachtais, cé go bhfuil gné fhíorúil ar Microsoft Teams mar chuid de freisin. Tá ceathrar comhaltaí i láthair sa seomra coiste agus ar líne, Teachtaí Dála agus Seanadóirí san áireamh. Tá mé féin agus an Teachta Catherine Connolly i seomra coiste 4. Feicim go bhfuil na Teachtaí Marc Ó Cathasaigh agus Joe McHugh agus an Seanadóir Seán Kyne ar líne.

Inniu breathnóidh muid ar an éileamh don Ghaelscolaíocht ag leibhéal na n-iarbhunscoil agus na bunscolaíochta nach bhfuil á shásamh ag an Stát, le hionadaithe ón bhfeachtas chun Gaelcholáistí a bhunú sna ceantair seo a leanas: Baile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8; deisceart chathair Bhaile Átha Cliath; tuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath; agus Sord i gContae Bhaile Átha Cliath. I ndiaidh sin, déanfaidh muid plé ar an éileamh Gaelscolaíochta ag leibhéal na bunscoileanna nach bhfuil á shásamh i mBaile Átha Cliath 10 agus 12. Pléifear é sin le hionadaithe ó Bhaile Átha Cliath 10 agus 12. Leanfaidh an cruinniú ar aghaidh go dtí 4.30 p.m. más gá. Níl aon leithscéal faighte agam.

Is mian liom fáilte a fhearadh roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh chomhaltaí eile atá ag freastail ar an gcruinniú, roimh ár lucht féachana ón taobh amuigh agus, dar ndóigh, roimh fhinnéithe an tseisiúin seo. Tá Cormac Chambers, Julian de Spáinn agus Clare Kavanagh anseo mar ionadaithe thar ceann an fheachtais chun Gaelcholáiste a bhunú i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8. Tá Eóin MacMaoilir agus Diane Hayes anseo mar ionadaithe thar ceann an fheachtais chun Gaelcholáiste a bhunú i ndeisceart chathair Bhaile Átha Cliath. Tá Rachel de Bhailís, Ciarán Mac Réamóinn agus Cormac Mac Cashin anseo mar ionadaithe thar ceann an fheachtais chun Gaelcholáiste a bhunú i Sord. Tá an Dr. Sinéad Nic Aindriú agus an tOllamh Pádraig Ó Duibhir anseo mar ionadaithe thar ceann an fheachtais chun Gaelcholáiste a bhunú i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath. Tá Treasa Ní Mhurchú agus Simon Ó Donnabháin anseo thar ceann an fheachtais chun Gaelscoil a bhunú i mBaile Átha Cliath 10 agus 12.

Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe seo ar fad ag freastal ar an gcruinniú ó seomra coiste 4, taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Sula leanaimid ar aghaidh le breathnú ar an éileamh ar an nGaelscolaíocht nach bhfuil á shásamh ag an Stát, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leagadh faoi bhráid na gcomhaltaí, na mball foirne agus na bhfinnéithe atá ag freastal ar gcruinniú. Meabhraím do chomhaltaí, d'fhinnéithe agus do bhaill foirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin soghluaiste múchta le linn na cruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar chóras craolacháin, eagarthóirtheachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad ag labhairt linn. Baineann an choinníoll seo leis na finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag labhairt.

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe inniu go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir le finnéithe braith ar an gcosaint sin agus fianaise á thabhairt acu taobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus iad ag tabhairt fianaise agus má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, go ndéanfar amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad don ordú sin láithreach. Má aontaíonn muid leis, tosóidh muid an cruinniú. An bhfuil sé sin aontaithe? Aontaithe.

Cuirfidh muid tús leis an gcruinniú. Feicim go bhfuil an Teachta Moynihan tar éis teacht isteach chomh maith céanna. Iarraim ar Chormac Chambers ón fheachtas chun Gaelchólaiste a bhunú i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8 a ráiteas tosaigh a dhéanamh.

Mr. Cormac Chambers:

Is mian liom, ar son an fheachtais chun Gaelcholáiste a bhunú i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8, buíochas a gabháil leis an gCathaoirleach, na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí as an deis a bheith anseo os comhair an choiste. Cuirfidh mé cás fíorláidir do Ghaelcholáiste i gceantar Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8 os comhair an choiste mar shampla cruinn d’éileamh ar an nGaelscolaíocht nach bhfuil á shásamh ag an Stát.

Cuireadh tús leis an bhfeachtas seo breis is trí bhliain ó shin de bharr an éilimh láidir do Ghaelcholáiste sa cheantar seo. Tá an t-éileamh seo bunaithe ar líon na bpáistí atá ag freastal ar chúig Gaelscoil sa cheantar agus ar an bhfás suntasach atá le teacht ar líon na bpáistí seo amach anseo. Is iad na scoileanna atá i gceist san fheachtas ná Gaelscoil Lios na nÓg; Scoil Bhríde; Gaelscoil Eoin; Bunscoil Sancta Maria, Sráid Synge; Gaelscoil Inse Chóir; agus Scoil Mológa.

Bhí sé le feiceáil agam fhéin agus ag na príomhoidí eile go raibh fíorshuim ag tromlach na bpáistí agus ag a gcuid tuismitheoirí leanúint leis an nGaeloideachas ag dara leibhéal ach nach raibh fáil ar an tseirbhís seo sa cheantar de bharr easpa Gaelcholáiste. Níl aon athrú ar an scéal seo ó shin, faraor. Cé go bhfreastalaíonn roinnt páistí ó na Gaelscoileanna sa cheantar ar Ghaelcholáistí taobh amuigh den cheantar faoi láthair, tá sé ríshoiléir ó bheith ag éisteacht le tuismitheoirí go leanúnach agus ó thorthaí suirbhéanna atá déanta ag an bhfeachtas go bhfuil go leor páistí á gcailliúint againn as an gcóras Gaelscolaíochta toisc nach bhfuil Gaelcholáiste acu ina gceantar fhéin. Ó bunaíodh an feachtas, tá an gá práinneach le Gaelcholáiste sa cheantar curtha os comhair polaiteoirí áitiúla, polaiteoirí ag an leibhéal náisiúnta agus os comhair an Aire Oideachais, an Teachta Norma Foley, faoi dhó. Cé go bhfuil an-tacaíocht faighte ag an bhfeachtas ó pholaiteoirí Rialtais agus ó pholaiteoirí an Fhreasúra, níl an t-éileamh do Ghaelcholáiste sa cheantar seo á shásamh ag an Stát.

Tá obair chrua déanta ag an bhfeachtas maidir le taighde a dhéanamh i measc tuismitheoirí sna Gaelscoileanna atá bainteach leis an bhfeachtas. Léiríonn torthaí an taighde seo go bhfuil éileamh ollmhór ann do Ghaelcholáiste i gceantar Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8. Mar chuid den taighde seo, rinneadh suirbhé ar na tuismitheoirí sna Gaelscoileanna sa cheantar. Tiocfaidh mé ar ais chuig torthaí an tsuirbhé i gceann tamaill.

Chomh maith leis seo, rinne an feachtas taighde mion maidir le háiteanna chónaithe na bpáistí sna Gaelscoileanna sa cheantar. Thaispeáin torthaí an taighde seo dúinn go raibh líon mór daltaí Gaelscoile ó cheantar Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8 nach raibh fáil acu ar Ghaelcholáiste. Is é sin le rá go mbeadh orthu suí i gcarranna ar maidin le haistear fada a dhéanamh taobh amuigh dá gceantar fhéin. Is gá tógáil san áireamh go bhfuil teaghlaigh i scoileanna atá bainteach leis an bhfeachtas a thagann ó cheantair atá faoi mhíbhuntáiste agus níl carr nó dhá charr ag na teaghlaigh sin le taisteal go Gaelcholáiste taobh amuigh den cheantar. Chomh maith leis seo, tá sé ag teacht salach ar dhualgais an Stáit maidir le cúrsaí aeráide, dar ndóigh.

Maidir le láthair do Ghaelcholáiste nua, tá an-obair déanta ag an gcoiste ag iniúchadh na bhféidearthachtaí a bheadh ann. Tá an taighde sin ar fáil má theastaíonn sé.

Tá clúdach suntasach faighte ag an bhfeachtas seo sna meáin náisiúnta de bharr an scéil a bheith chomh práinneach agus de bharr an iarrachta móire atá déanta ag na páistí agus tuismitheoirí ó na scoileanna na fadhbanna a bhaineann le heaspa Gaelcholáiste ina gceantar a chur chun cinn ar bhealaí éagsúla. Is feachtas é seo atá fréamhaithe sna Gaelscoileanna agus atá á thiomáint ag tuismitheoirí agus comhphobail na scoileanna.

Léiríonn torthaí an tsuirbhé a rinneadh i measc na dtuismitheoirí go bhfuil éileamh iontach láidir ar Ghaelcholáiste sa cheantar seo. I measc na dtuismitheoirí a bhfuil páistí acu i naíonáin bheaga go rang a haon, dúirt os cionn 85% acu go bhfuil spéis acu a gcuid páistí a chur chuig Gaelcholáiste ina scoilcheantar féin. Is léiriú cruinn é seo ar an éileamh atá ar Ghaelcholáiste sa cheantar seo. Léirigh torthaí an tsuirbhé gur tháinig laghdú suntasach ar líon na dtuismitheoirí a dúirt go raibh spéis acu a gcuid páistí a chur chuig Gaelcholáiste de réir mar a chuaigh na páistí go dtí na ranganna níos sinsearaí sna scoileanna.

De bharr an bhrú mór atá ar spásanna scoile dara leibhéal sa cheantar, déanann go leor tuismitheoirí cinneadh faoi mheánscoil thart ar rang a trí. Toisc nach bhfuil Gaelcholáiste sa cheantar, cailltear go leor páistí as an gcóras Gaelscolaíochta ag an bpointe seo. Is scannal é seo agus taispeánann sé easpa measa an Stáit agus na Roinne Oideachais ar fhorbairt na Gaeilge agus na Gaelscolaíochta. I mo scoil fhéin, Gaelscoil Lios na nÓg, feicim an pictiúr seo go bliantúil. Maraon leis na Gaelscoileanna eile sa cheantar, cuirimid an-bhéim ar an teanga agus ar an gcreat cultúrtha atá ag teastáil le comhthéacs a thabhairt don teanga do na páistí. Cuirimid an-bhéim chomh maith ar phobal a thógáil timpeall ar an gcultúr agus an teanga atá mar chroílár na scoile. Faoin am go dtagann na páistí go dtí rang a sé, bíonn an-chuid oibre déanta ag múinteoirí agus foireann uile na scoile leis na páistí chun iad a fhréamhú sa teanga agus sa chultúr Gaelach. Nuair a fheiceann muid os cionn leath de na páistí sin ag bogadh ar aghaidh go dtí meánscoileanna Béarla ina dhiaidh seo, briseann sé ár gcroíthe toisc go bhfuil an cinneadh déanta ag na tuismitheoirí ar bhonn phraiticiúil agus tuigimid go bhfanfadh siad sa chóras Gaelscolaíochta dá mbeadh an rogha acu.

Tá a fhios againn, ón taighde a luaigh mé níos luaithe, go mbíonn an cinneadh maidir le scoil dara leibhéal déanta ag tuismitheoirí roinnt blianta roimhe sin. Cothaíonn an easpa Gaelcholáiste sa cheantar cultúr ina bhfuil sé inghlactha go mbeidh go leor de na páistí ag freastal ar scoileanna dara leibhéal éagsúla Béarla. Briseann sé seo suas an comhphobal láidir atá tógtha thar ocht mbliain sna bunscoileanna. Dá mbeadh fáil ar Ghaelcholáiste sa cheantar, léiríonn an taighde go mbeadh os cionn 80% de na páistí ag bogadh ar aghaidh leis an nGaelscolaíocht le tógáil ar an mbunchloch a tugadh dóibh sa bhunscoil. Tá sé ríshoiléir go bhfuil an-éileamh ar an nGaelcholáiste i gceantair Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8 agus nach bhfuil an t-éileamh seo á shásamh ag an Stát.

Mar fhocal scoir, is mian liom, ar son an fheachtais do Ghaelcholáiste i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8, díriú ar fhreagra na Roinne Oideachais ar an gceist seo. Díríonn freagraí na Roinne ar spásanna a deir sí go bhfuil ar fáil i nGaelcholáiste i Ráth Fearnáin. Tá Ráth Fearnáin go hiomlán taobh amuigh den cheantar ina bhfuil na páistí s’againne ag freastal ar an mbunscoil. Níl sé praiticiúil do thuismitheoirí agus ní dhéanann sé ciall ar bith más mian linn pobal úsáide Gaeilge a fhorbairt thart ar Ghaelcholáiste nua a fhreastalaíonn ar na páistí i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8. Tá an cur chuige seo ón Roinn Oideachais ag teacht salach ar pholasaí an Rialtais seo i dtreo na Gaelscolaíochta agus i dtreo na Gaeilge. Chomh maith leis sin, tá sé ag déanamh neamhaird ar na cearta teanga atá ag na páistí i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8 agus an ceart atá acu leanúint lena n-aistear oideachais lán-Ghaelach ina gceantar fhéin.

Mr. E?in MacMaoilir:

Tá mé ag labhairt leis an gcoiste mar chathaoirleach ar Ghaelscoil Shliabh Rua agus mar ionadaí on grúpa Gaelcholáiste4Cherrywood. Bhunaigh muid an grúpa seo mar gheall ar easpa áiteanna Gaelcholáiste i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Is ceantar mór é Baile Átha Cliath theas ina bhfuil eastáit mhóra tithíochta á dtógáil go leanúnach ann. Tá seacht nGaelscoil sa cheantar agus bunaíodh trí cheann acu le 11 bliain anuas. Áirítear leis seo ceithre scoil faoi phátrúnacht Chaitliceach - is scoil DEIS í ceann acu siúd – agus trí scoil nua ilchreidmheach.

Tá méadú 48% tagtha ar líon na ndaltaí Gaelscoile i gceantar Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin ó 2015. Anois, tá 2,062 dalta ag dul go dtí na scoileanna seo agus tá an figiúr sin ag méadú bliain i ndiaidh bliana. Tá a lán éagsúlachta sa daonra seo. Tá go leor tuismitheoirí ó thíortha eile agus tuismitheoirí gan Gaeilge líofa agus ó chúlraí éagsúla. Léiríonn sé seo fíorfhás i bpobal na Gaeilge agus an poitéinseal atá ag an nGaeilge mar uirlis chomhtháthaithe. Is é an trua ná, nuair a chríochnaíonn na daltaí rang a sé, ní bhíonn an deis acu dul ar aghaidh le chéile ag foghlaim trí Gaeilge mar gheall ar an easpa spáis i nGaelcholáiste sa cheantar.

Ach tá deis ag an Rialtas an pobal Gaelach nua seo a fhorbairt le Gaelcholáiste nua i gCoill na Silíní. Tá trí Ghaelcholáiste sa cheantar ach tá siad measartha lán le paistí ó na Gaelscoileanna níos sine sa cheantar. Le deich mbliana anuas, tá an fás is mó ar líon na daltaí Gaelscoile sa tír i mórcheantar Bhaile Átha Cliath theas. Rinne tuismitheoirí an rogha a bpáistí a chur chuig scoil lán-Ghaelach ach, nuair a chríochnaíonn na páistí an bhunscoil, ní hamháin nach bhfuil deis acu dul chuig Gaelcholáiste, ach tá níos lú rogha ag na tuismitheoirí cá háit a bpáistí a sheoladh ná atá ag teaghlaigh eile, fiú ó thaobh na meánscoileanna Béarla. Tá siad ar bun polasaithe iontrála na meánscoileanna go léir. Baineann easpa Gaelcholáiste an bonn de spriocanna an Stáit féin i leith na teanga freisin.

Is Gaelscoileanna ilchreidmheacha agus ionchuimsithigh iad na bunscoileanna is nua sa cheantar. Sna scoileanna seo, tá méadú faoi dhó tagtha ar líon na ndaltaí le ceithre bliana anuas, ó 382 in 2019 go 795 in 2023. Tá daltaí ó gach cearn den domhan ag freastal ar na scoileanna seo. I mo Ghaelscoil, Gaelscoil Shliabh Rua, bhí roinnt de na cathaoirligh den chumann tuismitheoirí ó thíortha eile. Tá na daltaí ag taisteal ó cheantar mór go dtí an bhunscoil agus tá Gaelcholáiste ag teastáil dóibh le naisc iompair mhaithe. Is féidir le daoine taisteal chuig Coill na Silíní ar an Luas nó leis an gcarr, leis an mbus nó leis an rothar ar an M50 nó an N11. Is siúlóid 25 nóiméad é ó Bhaile Breac, áit a bhfuil Gaelscoil Phádraig, Gaelscoil DEIS, suite.

Tá staid an oideachais casta i mBaile Átha Cliath theas, áit a bhfuil meánscoileanna difriúla le haghaidh daoine difriúla de réir aicme shóisialta. Tá go leor roghanna ag roinnt daoine agus easpa roghanna ag daoine eile. Tá an chuid is mó de na meánscoileanna sa cheantar ina scoileanna aonghnéis. Tá cead pleanála don suíomh i gCoill na Silíní. Is deis é seo meánscoil ilchreidmheach ionchuimsitheach a bhunú trí mheán na Gaeilge agus seans chun scéal oideachais Bhaile Átha Cliath theas a athrú. Tá sé fógartha ag an Rialtas go mbeidh ceann den dá bhunscoil atá beartaithe do Choill na Silíní ina Gaelscoil. Neartaíonn sé seo ár gcás ar son Gaelcholáiste i gCoill na Silíní.

Tá an Roinn Oideachais ag déanamh beag is fiú de spriocanna agus seasamh an Stáit leis an easpa gnímh i leith na Gaelscolaíochta. Tá tuismitheoirí ar mian leo a bpáistí a chur chuig scoileanna lán-Ghaeilge fágtha as an bpróiseas mar gheall ar an modh ina reáchtálann an Stát na comórtais phátrúnachta. Tá sé cosúil le gerrymandering. Tá an próiseas tógtha ar bhealach ina dtéann ár nguth amú. Ba chóir go mbeadh an deis ag gach páiste sa Stát oideachas a fháil trí Ghaeilge.

Mar a dúirt mé, tá pobal ilghnéitheach Gaeilge lán le Gaeilgeoirí nua á chothú ag na bunscoileanna. Shamhlaigh dá ligfí don phobal seo fás le chéile le linn na meánscoile. Tá a fhios againn go bhfuil an tréimhse aistrithe scoile an-tábhachtach ó thaobh folláine daoine óga agus go laghdaíonn sé strus nuair is féidir leat do chuid chairde a thabhairt leat. Faraor, ag an am seo, briseann muid suas na pobail nua seo. B'fhéidir go bhfuil an deis ag duine nó beirt dul chuig Gaelcholáiste ach téann an chuid is mó chuig meánscoileanna éagsúla meán-Bhéarla. Tá na Gaelscoileanna seo ar bun an liosta nuair atáthar ag caint faoi na polasaithe iontrála le haghaidh roinnt de na Gaelcholáistí sa cheantar agus gach meánscoil eile. Ní hamháin go gcuireann sé sin stop le deiseanna daltaí aonair, ach bíonn tionchar diúltach aige ar bhunscoileanna nua. Go minic, bogann daltaí ó na scoileanna nua seo go dtí scoileanna eile atá níos airde ar pholasaithe iontrála na nGaelcholáistí. Muna raibh easpa spáis ann, ní tharlódh é seo. Molaimid go dtabharfar isteach próiseas chun scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú, go mbeadh ceart dlíthiúil ag daoine ar oideachas lán-Ghaeilge agus go dtabharfar isteach dualgas reachtúil chun líon na scoileanna lán-Ghaeilge a ardú

Tá an Stát tar éis infheistiú sa cheantar seo ag an mbunleibhéal. Inár gceantar, tá 2,062 dalta sna Gaelscoileanna agus tá an uimhir sin ag fás. Caithfear an infheistíocht chéanna a dhéanamh ag an dara leibhéal chun an luach a bhaint as. Tá easpa comhtháthaithe sa cheantar agus tá daoine ag lorg é sin. Laghdódh Gaelcholáiste nua an brú a chuireann liostaí feithimh ar scoileanna agus tuismitheoirí sa cheantar. Tá an suíomh ann, tá na páistí ann agus anois tá an deis ann. Is é an Gaelcholáiste an t-aon rud atá in easnamh. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis ionadaíocht a dhéanamh ar son fheachtas Gaelscoil4Cherrywood.

Ms Rachel de Bhail?s:

Is múinteoir agus tuismitheoir mé ach inniu is duine mé atá ag iarraidh rochtain chothrom a fháil ar oideachas lán-Ghaeilge do mo pháistí agus do na clanna uilig i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Táim anseo inniu thar ceann na dtuismitheoirí sin chun an teachtaireacht a scaipeadh go bhfuil éagóir ar siúl sa tír seo, éagóir ar phobal na Gaeilge. Baineann an éagóir le daoirse agus le réamhchlaonadh mar nach bhfuil clanna sa tír seo in ann rochtain chothrom a fháil ar oideachas lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal.

Tá éileamh i bpobal thuaisceart Bhaile Átha Cliath ar oideachas lán-Ghaeilge. Is iontach an rud é go bhfeiceann daoine na buntáistí a bhaineann le dátheangachas, le cultúr na tíre, le hoidhreacht na tíre agus leis an bhféiniúlacht a shealbhaíonn daltaí san oideachas lán-Ghaeilge. Tá an t-éileamh ar aon dul leis an gclár Rialtais agus le spriocanna agus polasaithe an Stáit. Is díomách an rud é nach bhfeiceann an Roinn Oideachas an luach céanna. Tá an Roinn Oideachais ag déanamh beag is fiú de spriocanna agus seasamh an Stáit leis an easpa gnímh i leith na Gaelscolaíochta. Mar gheall ar an dímheas seo ón Roinn Oideachas, tá neart clann amuigh sa phobal gan rogha áitiúil acu a bpáistí a sheoladh ar aghaidh chuig Gaelcholáiste tar éis ocht mbliana a chaitheamh ag dul tríd oideachas lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal. Tá mé féin ionadaíoch ar go leor tuismitheoirí eile sa cheantar mórthimpeall ar Shord. I mo cheantar, tá trí Ghaelscoil ann: Gaelscoil Bhrian Boróimhe, Scoil an Duinnínigh, agus Gaelscoil na Mara a bunaíodh in 2020. Tá 921 dalta ag freastal ar na scoileanna sin i mbliana ach beidh 1,100 dalta ag freastal orthu nuair a bheidh Gaelscoil na Mara forbartha.

Go stairiúil, bhí líon áirithe daoine sásta taisteal amach ón gceantar chun freastal ar Ghaelcholáiste mar gheall nach bhfuil ceann sa cheantar. Bíonn ar na daltaí sin dúiseacht go moch ar maidin chun tabhairt faoin taisteal agus níl siad in ann freastal ar imeachtaí iarscoile mar go mbíonn orthu bus scoile a fháil abhaile. Léiríonn na staitisticí go bhfuil an líon daltaí sna bunscoileanna lán-Ghaeilge anois ag dul i méid agus ní bheidh an rogha sin ann amach anseo. Ní chuirtear taisteal bus ar fáil ach amháin don Ghaelcholáiste is cóngaraí. Má tá ró-éileamh ar an scoil sin, ní bhfaighidh tú tairiscint freastal ar aon scoil eile. Is é an eochairphointe gur mhaith liom a chur in iúl ná go bhfuil tairseach chriticiúil againne le 1,000 dalta nach féidir le haon mheánscoil reatha freastal air agus is cóir Gaelcholáiste a bhunú sa cheantar anois.

De réir Ráiteas Straitéise 2023-2025 an Roinn Oideachas, tá sé mar sprioc nó fís ag an Roinn "córas oideachais ar ardchaighdeán, ina mothaíonn gach ball dár bpobail oideachais, lena n-áirítear ár leanaí agus ár ndaoine óga, a dteaghlaigh agus na baill fhoirne go léir a bhíonn i dteagmháil leo, go bhfuil siad luachmhar agus go bhfuil tacaíocht á fáil acu." Níl lucht na Gaeilge i mBaile Átha Cliath in ann an tacaíocht sin a fheiceáil, faraor. Cén fáth nach bhfuil bunscoil agus meánscoil Ghaeilge i ngach ceantar nuair atá an t-éileamh ann? Gheall an Rialtas reatha an méid sin sa chlár Rialtais. Cén fáth a gcaitheann páistí mhuintir na Gaeilge taisteal fada a dhéanamh chun dul ar scoil? Cén fáth a gcaithfidh ár gcuid páistí fulaingt mar gheall nach bhfuil siad in ann páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí i ndiaidh na scoile toisc go gcaitheann siad bus scoile a fháil abhaile chuile lá? Cén fáth a bhfuil clanna Éireannacha in 2024 faoi bhois an chait de dheasca go ndearna siad cinneadh dul i dtreo oideachais lán-Ghaeilge?

Molaim féin gur chóir don Stát tús a chur leis na hullmhúcháin anois chun Gaelcholáiste a bhunú i mo cheantar féin. Chomh maith leis sin, ag an leibhéal náisiúnta, molaim próiseas chun scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú a thabhairt isteach, go mbeadh ceart dlíthiúil ag daoine ar oideachas lán-Ghaeilge agus dualgas reachtúil a thabhairt isteach chun líon na scoileanna lán-Ghaeilge a ardú. I dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, tá na huimhreacha againn a shásaíonn gach critéar chun Gaelcholáiste a bhunú. Múineann gá seift agus leanfaimid orainn ar son ár bpáistí chun cothromaíocht sa chóras oideachas lán-Ghaeilge a bhaint amach.

Dr. Sin?ad Nic Aindri?:

Gabhaim buíochas le baill an choiste as ucht an deis a thabhairt dom teacht anseo inniu chun labhairt leo. Tá mé ag labhairt leo mar thuismitheoir ar bheirt pháistí i nGaelscoil Áine, bunscoil lán-Ghaeilge idirchreidmheach i mBaile Átha Cliath 9 a bhunaíodh in 2019 de bharr éileamh sa cheantar ar an nGaeloideachas. Is scoil ilchreidmheach agus ionchuimsitheach í Gaelscoil Áine. Tá daltaí ó chúlraí éagsúla agus tuismitheoirí ó gach cearn den domhan ag freastal ar an scoil. Tá mé anseo chomh maith inniu ag labhairt leis an gcoiste mar oideachasóir in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus tá suim ollmhór agam sa Ghaeloideachas agus san oideachas ionchuimsitheach. Tá mé ag éileamh Gaelcholáiste do cheantar thuaisceart Bhaile Átha Cliath - Baile Átha Cliath 9 - agus is mian liom na cúiseanna a bhfuil gá le Gaelcholáiste a bhunú sa cheantar sin a chur os comhair na baill.

Is ceantar mór é Baile Átha Cliath 9. Tá éileamh ar an nGaelscolaíocht sa cheantar seo agus tá sé sin soiléir ó thaobh an ró-éileamh bliantúil a bhíonn ar áiteanna sna bhunscoileanna agus san iarbhunscoil lán-Ghaeilge atá sa cheantar. Bíonn liosta feitheamh sna scoileanna lán-Ghaeilge gach bliain. In ainneoin sin, níl ach iarbhunscoil lán-Ghaeilge amháin sa cheantar a bhunaíodh in 1972 agus tá naoi iarbhunscoil a múineann trí mheán an Bhéarla sa cheantar. Níl deis ag an-chuid páistí a fuair oideachas trí Ghaeilge ag an mbunleibhéal leanúint ar aghaidh chuig iarbhunscoil lán-Ghaeilge. Laistigh den cheantar, tá trí bunscoil lán-Ghaeilge. Tá Gaelscoil Áine, Scoil Mobhí, agus Scoil an tSeachtar Laoch lonnaithe i mBaile Átha Cliath 9. Chomh maith leis sin, tá Gaelscoil Bhaile Munna, atá i mBaile Átha Cliath 11, Gaelscoil Cholmcille i mBaile Átha Cliath 17, agus Scoil Neasáin atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath 5. Tá na háiteanna sin go léir gar don cheantar chomh maith. Tá 1,352 áit scoile iontu san iomlán. De bharr an easpa Ghaelcholáistí sa cheantar, tá ráta aistrithe ó bhunscoileanna lán-Ghaeilge go hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge íseal toisc nach bhfuil an rogha sin ann do na tuismitheoirí agus na páistí. I mbliana, beidh 149 dalta ag fágáil na mbunscoileanna lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath 5, 9 agus 11, agus gan ach áit ann do 96 dalta sa Ghaelscoil amháin atá bunaithe sa cheantar. Tiocfaidh fás ar na figiúirí seo chomh maith de réir mar atá Gaelscoil Áine ag fás agus ag forbairt mar níl ach suas go rang trí sa scoil faoi láthair. Beidh an líon daltaí ag méadú.

Tá géarghá le hoideachas iarbhunscoile lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath 9 a leathnú ar chúiseanna éagsúla. Ar an gcéad dul síos, tá an t-éileamh ar oideachas trí mheán na Gaeilge sa cheantar ag dul i méid, rud a léiríonn treocht náisiúnta níos leithne. De réir mar a aithníonn níos mó tuismitheoirí na buntáistí cultúrtha, cognaíocha agus oideachais a bhaineann leis an dátheangachas, lorgaíonn siad oideachas trí mheán na Gaeilge dá bpáistí. Mar sin féin, níl an soláthar reatha d’iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath 9 maith go leor chun freastal ar an éileamh seo. De bharr seo, níl páistí an cheantair in ann rochtain a fháil ar na buntáistí a thagann le freastal ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge agus is éagóir é na buntáistí seo a cheilt ar na páistí sa cheantar. Tá sé ríthábhachtach oideachas trí mheán na Gaeilge a thairiscint i mBaile Átha Cliath 9 agus i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath chun an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chaomhnú agus a chur chun cinn i suíomh uirbeach. Tá oidhreacht shaibhir Ghaelach ag Baile Átha Cliath 9, agus dá gcuirfí níos mó scoileanna lán-Ghaeilge ar fáil sa cheantar, chuideodh sé leis an bhféiniúlacht chultúrtha seo a neartú. Trí líofacht sa Ghaeilge agus tuiscint níos doimhne ar chultúr na hÉireann a chothú, cuireann na scoileanna seo le caomhnú ár n-oidhreacht náisiúnta. Ina theannta sin, tá rochtain ar iarbhunoideachas trí mheán na Gaeilge i mBaile Átha Cliath 9 tábhachtach do ghnóthachtáil oideachais agus cuimsiú sóisialta na dteaghlach a labhraíonn Gaeilge.

Ba chóir go mbeadh an ceart ag gach páiste freastal ar scoil lán-Ghaeilge ina theanga nó teanga náisiúnta. Ba chóir go mbeadh sé de cheart ag gach páiste, na daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachas acu san áireamh, freastal ar scoileanna ionchuimsitheacha. Tá iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil ranganna speisialta iontu ag teastáil chun tabhairt faoi seo sa cheantar. Faoi láthair, ní bhíonn an rogha ag roinnt daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachas acu freastal ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge mar níl aon ranganna speisialta ar fáil dóibh sa Ghaelcholáiste áitiúil.

Na moltaí atá againn ná gur cheart próiseas cothrom chun scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú a thabhairt isteach; go mbeadh ceart dlíthiúil ag daoine ar oideachas lán-Ghaeilge; dualgas reachtúil a thabhairt isteach maidir leis an líon scoileanna lán-Ghaeilge a ardú; agus oideachas ionchuimsitheach lán-Ghaeilge a chur ar fáil trí iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge a bhunú a bhfuil ranganna speisialta iontu, mar shampla. Tá sé soiléir ó na figiúirí thuas go bhfuil an-éileamh ar an nGaelscolaíocht i mBaile Átha Cliath 9 agus i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Tá ró-éileamh ar na bunscoileanna lán-Ghaeilge sa cheantar agus, in ainneoin sin, níl ann ach iarbhunscoil lán-Ghaeilge amháin sa cheantar, a bhfuil ró-éileamh uirthi. Níor osclaíodh aon iarbhunscoil lán-Ghaeilge sa cheantar ó 1972. Is iarbhunscoileanna meán-Bhéarla a bunaíodh. I mBaile Átha Cliath 9 agus i dtuaisceart na cathrach, tá na huimhreacha againn a shásódh aon chritéar a úsáideadh chun Gaelcholáiste nua a bhunú. Ba cheart sprioc an Rialtais, is é sin líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas trí Ghaeilge a dhúbailt, a chur i bhfeidhm. Laghdú atá tar éis teacht ar líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas trí Ghaeilge den chéad uair le 50 bliain anuas agus níl sé seo maith go leor.

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis an cur i láthair a dhéanamh ar son an fheachtais i mBaile Átha Cliath 9 agus tuaisceart Bhaile Átha Cliath.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Leanfaimid le téama an easpa bunscolaíochta lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath 10. Iarraim ar Threasa Ní Mhurchú ráiteas tosaigh a dhéanamh. Go dtí seo, táimid ag caint faoi Ghaelcholáistí. Mar sin beimid ag cur leis seo agus comhthéacs eile á thaispeáint.

Ms Treasa N? Mhurch?:

Go raibh míle maith agaibh. Chaith mé thart ar deich mbliana mar chathaoirleach ar bhord bainistíochta Gaelscoil Inse Chór so tá an-aithne agam ar an gcás i mBaile Formaid. Le 40 bliain anuas, bhain páistí ó Bhaile Formaid agus Droimeanach sult as oideachas trí Ghaeilge i nGaelscoil Inse Chór agus i Scoil Mológa. Ach mar gheall ar éileamh áitiúil ina gceantar féin, níl áiteanna ar fáil níos mó. Tá sé in am ag Baile Formaid agus Droimeanach Gaelscoil dá gcuid féin a bheith acu. Bhunaigh grúpa tuismitheoirí agus tacadóirí an cumann Gaelscoil 10 agus 12 in 2021 chun feachtasaíocht a dhéanamh ar son Gaelscoile i mBaile Formaid agus Droimeanach. Is iad Baile Átha Cliath 10 agus 12 na ceantair phoist amháin i mBaile Átha Cliath nach bhfuil Gaelscoil acu. Ba mhaith linn go mbeadh Baile Formaid agus Droimeanach mar chuid den fás mór ar leas na Gaeilge ó chósta thoir na hÉireann agus ba mhaith linn a bheith páirteach sa ghluaiseacht chun an chéad ghlúin eile de chainteoirí Gaeilge a thógáil, mar a bhí uair amháin. Táimid ag iarraidh go mbeadh deis ag ár páistí i mBaile Átha Cliath 10 agus 12 oideachas a fháil trí Ghaeilge. Osclaíodh Naíonra An Teanga Bheo i mBaile Formaid in 2017 agus tá sé ag feidhmiú go lánacmhainneach ó shin i leith. Ach ní fhaigheann an chuid is mó de na páistí seo áit sa Ghaelscoil is cóngaraí dúinn, in Inse Chór agus Cluain Dolcáin, toisc nach bhfuil cónaí orthu sa cheantar. Mar chuid dár bhfeachtas d'fhéachamar ar shruth lán-Ghaelach. Ciallaíonn sé seo rang sóisearach co-ed a shruthú trí Ghaeilge isteach i scoil atá ann cheana féin. Rinneadh é seo go han-rathúil i mBunscoil Ghaeilge Santa Maria i Sráid Synge. Tá ranganna acu suas go dtí rang 5 anois sa scoil sin agus tá siad anois mar eiseamláir do shruthú rathúil. Tá dúshlán mór roimh Ghaelscoileanna nach féidir leo teacht ar mhúinteoirí atá sásta múineadh trí Ghaeilge. Muna bhfuil dóthain páistí againn ag teacht tríd na Gaelscoileanna, ní bheimid in ann múinteoirí a sholáthar do scoileanna amach anseo.

Chuamar i dteagmháil le boird bainistíochta na scoileanna go léir i gceantar Bhaile Formaid agus Droimeanach. Bhí líon na scoileanna a ndeachamar i dteagmháil leo ag titim agus bhraitheamar gur deis mhaith a bhí ann dóibh teaghlaigh nua a mhealladh chuig ranganna nua comhbhunaithe agus deis a thabhairt do thuismitheoirí páirt a ghlacadh i gcultúr na Gaeilge trí oideachas a bpáiste. Ach anois tá brú láidir ar na ranganna seo so chailleamar an deis sin. Bhíomar i mbun cainte le Scoil Chailíní Naomh Louise i mBaile Formaid, agus bhuaileamar leis an mbord bainistíochta, leis an bhfoireann agus leis an bpríomhoide, ach chinn an scoil gan rang a shruthú toisc nach raibh na múinteoirí Gaeilge le fáil. Don bhliain atá romhainn áfach, tá cinneadh déanta acu seisiún iarnóin lán-Ghaeilge a chur ar fáil mar chuid dá Early Start programme mar gheall ar an éileamh ar áiteanna naíonra.

Iarraimid ar an gcoiste seo ceist a chur ar an Roinn féachaint ar nósanna imeachta chun rang a shruthú isteach i ranganna scoile atá ann cheana féin. Tá cead ag teastáil faoi láthair ó thrí rannóg éagsúla laistigh den Roinn. Is dóigh linn go bhféadfaí é seo a shruthlíniú chun é a dhéanamh níos éasca do scoileanna an próiseas a nascleanúint.

Sa phlean forbartha ceantair áitiúil nua do Bhaile Formaid agus Droimeanach, tá soláthar do thrí scoil nua. An féidir leis an gcoiste soiléiriú a thabhairt, lena thoil, don Roinn Oideachais maidir lena seasamh ar scoileanna nua ag teacht isteach i gceantar ina bhfuil an daonra ag dul i méid? Tá sé beartaithe go mbeidh os cionn 1,500 aonad cónaithe nua ag Baile Formaid agus i nGort na Silíní agus tá 800 aonad cónaithe nua beartaithe ag Droimeanach faoi láthair. An bhfuil soláthar ann do scoil nua ag teacht go ceantar le bheith ina Ghaelscoil mura bhfuil Gaelscoil ann? An bhfuil seasamh ag an Roinn maidir le scoileanna de chineál pobail? Ba mhaith linn go dtabharfaí freagraí ar na ceisteanna sin.

Sa deireadh, is mian linn rogha níos fearr a thairiscint do thuismitheoirí inár gceantair agus na deiseanna oideachais trí Ghaeilge a mhéadú do pháistí. Go raibh míle maith ag an gcoiste.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Anois, tá an deis againn ceisteanna a chur ar na finnéithe chun cur leis an méid atá ráite acu.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim míle buíochas leis na finnéithe arís. Tá teipthe orm smaoineamh ar cheisteanna mar is dea-scéal amach is amach go bhfuil éileamh ann agus go bhfuil an t-éileamh sin ag méadú an t-am uilig. Is dúshlán iontach agus dea-scéal é sin ach, ag an am céanna, níl an t-éileamh sin á shásamh ag an Rialtas agus tá sé sin ráite go soiléir ag na finnéithe.

Léigh mé na ráitis tosaigh, d'éist mé agus is dócha nach bhfuil ceist ar bith agam mar tá an cás leagtha amach go soiléir ag na finnéithe. Tá trí nó ceathair moladh leagtha amach agus tá siad soiléir. Tá jab le déanamh againne mar choiste agus tá súil agam go mbeidh an tAire Oideachais ag teacht ós ár gcomhair.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé i gceist go mbeidh sí ag teacht ach níor ghlac sí go fóill leis an dáta a thugamar di. Tá súil againn go mbeidh sí os ár gcomhair roimh an samhradh. Is í aidhm na gcruinnithe seo ná a léiriú go bhfuil ceantair sa tír, ní díreach i mBaile Átha Cliath ach i gcontaetha eile agus in áiteanna ina bhfuil feachtas ann, a bhfuil na critéir bhí ann comhlíonta, go bhfuil an Stát ag loiceadh ar chearta oideachas trí Ghaeilge a sholáthar agus gur gá don Stát cloí leis an riachtanas seo. Luaigh beirt ansin ar a laghad an méid a bhí sa chlár Rialtais maidir le dúbailt a dhéanamh ar lion na bpáistí atá ag dul trí Ghaeloideachas. Is é sin an fáth leis na cruinnithe seo, agus nuair a thiocfaidh an tAire os ár gcomhair, is féidir linn a chur in iúl di cad atá luaite ag na finnéithe, cén t-éileamh atá ann agus gur gá roinnt de na rudaí atá luaite acu a dhéanamh. Beidh tuarascáil ag teacht uaidh sin ina dhiaidh sin ag léiriú an méid atá ráite ag na finnéithe agus na freagraí a thug an Roinn nó an tAire dúinn.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is rud chomh bunúsach é ceann de na moltaí gur cheart próiseas chun scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú a thabhairt isteach. Is rud bunúsach é sin atá ag teastáil go géar. Ansin freisin, ba cheart go mbeadh ceart dlíthiúil ag duine chun oideachas lán-Ghaeilge a fháil. Cheap mé go raibh an ceart sin ann; b'fhéidir go bhfuil dul amú orm. Go teoiriciúil, ar aon nós, tá-----

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an tOllamh Pádraig Ó Duibhir ag croitheadh a chloiginn agus is dócha go mbeidh sé in ann míniú a thabhairt don Teachta.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

-----agus ansin dualgas reachtúil a thabhairt isteach maidir le líon na scoileanna lán-Ghaeilge a ordú. Arís, is rudaí bunúsacha iad sin. Cheap mé go raibh an ceart sin ann ach is í an easpa ar an talamh atá ag teacht salach ar an gceart sin.

Is é an rud eile a léim amach ná an tionchar atá ann ó thaobh na Gaeilge de nuair atá scoileanna lán-Ghaeilge taobh amuigh de cheantar duine, mar a bhfuil do Threasa Ní Mhurchú ansin. Tá bunscoileanna Ghaeilge sna ceantair eile ach tá an ceangal á bhriseadh idir an bhunscolaíocht agus na ceantair seo. Tá briseadh sa phobal i gceist freisin sa mhéid is go bhfuil na daoine óga ag fágáil na háite. Tá sé sin ag teacht iomlán salach ar an bpolasaí oideachas do na Gaeltachtaí. Tá a fhios agam go bhfuilimid ag caint mar gheall ar scoileanna taobh amuigh agus is é an téama atá ansin ná go mbeadh an scoil mar chroílár aon phlean teanga agus mar bhunús don todhchaí. Ba mhaith liom a chloisteáil ón na finnéithe cad is féidir linn a dhéanamh chomh maith leis na moltaí atá anseo, nó b'fhéidir tuilleadh sonraí a thabhairt faoin gcaoi chun é sin a dhéanamh?

Professor P?draig ? Duibhir:

Gabhaim buíochas leis an Teachta as na pointí sin a ardú agus chun treisiú ar na rudaí-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal, ach is é an rud eile a thug mé suntas dó nó an éagsúlacht. De ghnáth, mar shampla, i nGaillimh agus i gcontaetha eile, cuirtear ina leith nach bhfuil na Gaelcholáistí nó na bunscoileanna Gaeilge ag freastal ar dhaoine le héagsúlacht. Is maith an rud go bhfuil trácht ar an rud sin le cloisteáil anseo. An féidir píosa a rá faoi sin mar is dócha gur fadhb é sin i nGaillimh, dar lena lán daoine, go bhfuil pribhléidí ag cailíní agus buachaillí faoi leith freastal ar scoileanna agus níl an phribhléid chéanna ag daoine eile?

Professor P?draig ? Duibhir:

Maidir le stádas dlíthiúil, ní dóigh liom go bhfuil a leithéid sin ann. B'fhéidir go bhfuil sé in ainm is a bheith ann ach, go praiticiúil, níl sé ann. Léiríonn cur chuige na Roinne Oideachais i leith an ruda, cé go bhfuil sprioc ag an Rialtas mar atá ráite líon na n-áiteanna a dhúbailt, gur a mhalairt atá tarlaithe. Tá laghdú tagtha den chéad uair le 50 bliain, mar a dúirt an Dr. Sineád Nic Aindriú, le cúpla bliain anuas ar líon na ndaltaí atá ag freastal ar oideachas trí mheán na Gaeilge. Tá sé go breá rud a bheith i bpolasaí an Rialtais ach caithfear acmhainní a chur ar fáil agus is léir nach bhfuil na hacmhainní ag an Roinn Oideachais mar is é an polasaí atá á fheidhmiú aici ná mura bhfuil fás ar an daonra, níl sí ag éisteacht le forbairt ar scoileanna nua. Is sampla maith de sin é mBaile Átha Cliath 10 agus 12. In ainneoin na streachailte agus na troda atá déanta ar fud Bhaile Átha Cliath agus na cathrach ag an mbunleibhéal, níl freagairt ag an iarbhunleibhéal. Arís, mar a dúirt an Dr. Sineád Nic Aindriú, bunaíodh iarbhunscoil in 1972 i mBaile Átha Cliath 9 agus cé go bhfuil tuismitheoirí ag an mbunleibhéal ag obair leo agus ag cur leis an soláthar, níl an Roinn ag freagairt don éileamh sin agus tá sé soiléir go bhfuil éileamh ann.

Mar a dúirt an Dr. Sineád Nic Aindriú chomh maith, bunaíodh iarbhunscoileanna trí Bhéarla ach níor bunaíodh aon scoil trí Ghaeilge. Níl an Stát ag freastal ar na riachtanais atá ag na daoine. Dár liom, is obair an Stáit atá ar siúl ag na daoine seo ar an talamh mar, má tá oideachas ann trí mheán an Bhéarla, ní gá dom faic a dhéanamh ach clárú leis an scoil síos an bóthar, an áit is gaire dom, agus déanann an Stát, na pátrúin nó mar sin de an obair. Má tá oideachas trí Ghaeilge uait, caithfidh tú féin an-chuid den obair a dhéanamh agus cur suas le droch-choinníollacha agus droch-chaighdeán, agus níl tú cinnte cá mbeidh tú an bhliain seo chugainn ó thaobh scolaíochta agus mar sin de. Tá íobairt an-mhór ag teastáil chun scolaíocht trí Ghaeilge a roghnú ar an gcéad dul síos, agus ansin, agus tar éis ocht mbliana, mar a dúirt Cormac Chambers, tá na pobail sin á mbriseadh suas mar nach féidir leo dul níos faide.

Is ceart dúinn féachaint ar céard atá ar siúl i dtíortha eile. Tá a fhios agam go bhfuil an fócas inniu ar Bhaile Átha Cliath, ach braithim mura bhfuilimid chun foghlaim ó áiteanna eile, beidh dreamanna eile ó cheantair dhifriúla ar fud na tíre istigh, mar a bhí i laethanta eile. Dá réir, beidh ceantair eile i mBaile Átha Cliath agus beidh na fadhbanna céanna acu. In Albain, mar shampla, chun oideachas trí mheán Gaeilge na hAlban a fháil, má thagann cúigear tuismitheoirí ag leibhéal aoisghrúpa an naíonra ann i gceantair bhardais agus má léiríonn siad éileamh, tá dualgas ar an údarás áitiúil ansin freagairt ar an éileamh sin. Is é sin rud nach bhfuil againn in Éirinn ó thaobh ceart dlíthiúil de má tá éileamh ann ag tuismitheoirí, mar a bhí sna seachtóidí agus na hochtóidí nuair a bhí bhí ceart ann bunscoil a bhunú nuair nach raibh 20 páiste ag fáil oideachas trí mheán na Gaeilge cheana ann. B’shin an critéar an-soiléir a bhí leagtha síos. Tá an critéir sin imithe, mar atá léirithe ag daoine eile, mar go bhfuil smacht faighte ag an Roinn Oideachais anois ar an gcóras. Ní raibh sí coinneáil suas roimhe leis an méid scoileanna a bhí le bunú, ach anois tá smacht ag an Roinn ar an gcóras agus tá sí in ann a rá nach bhfuil sí chun scoil a bhunú, mar shampla, i mBaile Átha Cliath 2, 4 nó 6 mar, ar pháipéar, go bhfuil spásanna ann. Mhínigh Cormac Chambers go han-mhaith ansin ina shampla cén fáth nach leor spásanna mar chritéar anois. Táimid ag caint faoi phobail, faoi thaisteal agus a leithéidí sin.

I dTír na mBascach, b'fhéidir an eiseamláir is fearr, ag deireadh na seascaidí bhí 8% de mhúinteoirí cumsach sa Bhaiscis chun í a mhúineadh. Anois tá breis is 90% ag leibhéal C1 ar an TEG. Téann sé suas chomh fada le C2. Tá 91% ag leibhéal C1 nó níos fearr. Conas a rinne siad é sin? Infheistíocht. Chuir siad oiliúint ar 23,000 múinteoir sa tréimhse sin sna hochtóidí agus na nóchaidí. Chuir siad tacaíocht teanga ar fáil. Mar a dúirt Treasa Ní Mhurchú leis an bhfeachtas le haghaidh Baile Átha Cliath 10 agus 12, má tá sruthanna le bunú i mbunscoileanna, caithfear tacaíocht a thabhairt do na múinteoirí. B'fhéidir go mbraitheann múinteoirí sna scoileanna sin nach bhfuil siad cumasach sa Ghaeilge, ach dá mbeadh tacaíocht ar fáil dóibh i bhfoirm cúrsaí Gaeilge nach mbeadh orthu féin íoc astu, b'fhéidir go mbeidís sásta iad a dhéanamh. I dTír na mBascach, tá an ceart ann oideachas trí mheán na Baiscise a fháil má lorgaíonn daoine é, agus sin a roghnaíonn formhór na ndaoine.

Go bunúsach, is é sin an áit a fheicim an fhadhb. Tá réiteach ag teastáil ó na daoine seo agus gach aon duine againn anseo. Nuair atá tú ceithre nó cúig bliana d'aois, tá deis agat oideachas a fháil trí Ghaeilge. Nuair atá tú 12 nó 13, tá deis agat bogadh ar aghaidh go dtí an meánscoil. Ní haon mhaith é rud éigin a bheith ar fáil i gceann deich mbliana do mo pháistí nó do pháistí an chéad duine eile. Beidh an deis caillte. Tá freagraí ag teastáil ó gach aon duine againn anseo láithreach. Anuas air sin tá freagraí níos faide tréimhsí de dhíth le nach mbeidh ar dhaoine cosúil linne teacht isteach ag áitiú ar an gcoiste nach bhfuil an Roinn Oideachais ag éisteacht linn nó fiú ag tabhairt aird ar spriocanna an Rialtas.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agat. Ar mhaith le haon duine eile teacht isteach?

Dr. Sin?ad Nic Aindri?:

Ó thaobh oideachas ionchuimsitheach agus gach duine a bheith páirteach, níor smaoinigh mé ar seo go dtí go raibh mé ag teacht anseo agus go raibh mé ag labhairt le Pádraig Ó Duibhir. D'fhreastail mé ar Scoil an tSeachtar Laoch a bhunaíodh in 1973 agus bhí ar na tuismitheoirí dul in agóide agus feachtas a reáchtáil leis an scoil sin a bhunú. Bhí an t ádh liom gur fhreastail mé ar an scoil sin agus go raibh an deis agam Gaeilge a labhairt. Bhí an scoil bunaithe i mBaile Munna, ceantar faoi mhíbhuntáiste. Ag an am, má léann tú an t-alt atá scríofa ag Ciarán Ó Luain, dúradh nárbh chóir go mbeadh daltaí faoi mhíbhuntáiste ag foghlaim trí Ghaeilge. Leis an scoil a bhunú, chuaigh na tuismitheoirí go dtí an Roinn Oideachais gach maidin, leis na pramanna agus gach rud, agus osclaíodh é. Tá mise suite anseo 50 bliain níos déanaí ag lorg iarbhunscoil trí mheán na Gaeilge do mo pháiste. Níl aon athrú tarlaithe ansin. Tá suim agamsa i dtaighde a dhéanamh agus atá déanta ar pháistí a bhfuil riachtanais oideachais speisialta acu atá i scoileanna lán-Ghaeilge agus in iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge. Ceann de na rudaí a deireann an taighde linn ó thaobh oideachas ionchuimsitheach de ná go bhfuil a lán buntáistí ann do na páistí seo, buntáistí b'fhéidir nach mbeadh ar fáil dóibh agus iad ag freastal ar scoileanna lán-Bhéarla, mar shampla, an dátheangachas agus an deis an Ghaeilge a labhairt. Tá sé sin soiléir ó thaobh na díolúintí agus an droch-chleachtas go mb'fhéidir go bhfuil ar siúl ansin. Ní bheidh na deiseanna sin ag na páistí chun buntáistí cognaíocha, cultúrtha, féiniúlacht agus bród a fháil, nó rudaí eile, fiú. Mar shampla, b'fhéidir gur tusa an duine is laige sa rang an t am ar fad agus déanann tú an ardteist agus éiríonn leat A a fháil sa Ghaeilge. Is rud iontach mór é sin do na páistí, go mbeadh an deis sin acu an leibhéal is fearr atá acu a bhaint amach agus a bheith go maith ag rud éigin.

Níl na hiarbhunscoileanna ar fáil le freastal ar na páistí seo. Tá bunscoileanna agus iarbhunscoileanna lán-Bhéarla á bhunú i ngach áit agus tá ranganna speisialta sna scoileanna sin. Tá na páistí in ann freastal ar na scoileanna sin ceart go leor, ach samhlaigh go bhfuil do dheartháir nó do dheirfiúr ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge agus níl tusa ábalta freastal ar an scoil sin toisc nach bhfuil an rang speisialta nó an tacaíocht ann. Níl sé sin maith go leor ó thaobh cultúr, ionchuimsitheacht nó a bheith páirteach de. Tá níos mó i gceist ná cultúr. Baineann sé seo le páistí a bheith le chéile agus clanna a bheith le chéile.

Ó thaobh taighde de, sna hiarbhunscoileanna, tá buntáistí ann do na páistí seo chomh maith má bhíonn an deis acu freastal ar scoil lán-Ghaeilge agus iar-bhunscoil lán-Ghaeilge. An fhadhb atá ann ná nach bhfuil an deis sin ann. Táimid ag déanamh rud éigin iontach tábhachtach agus buntáiste iontach dháiríre a cheilt uathu. Níl muid ag cur an leibhéal céanna oideachas ar gach duine ná ag tabhairt na deiseanna céanna do ghach duine. Is mí-éagóir atá ann. Cinnte, táimid ag lorg freagra ó thaobh más féidir linn iar-bhunscoileanna a bhunú, ach chomh maith leis sin, más féidir linn smaoinmeamh ar na ranganna speisialta, na hacmhainní a sholáthar, na múinteoirí a thabhairt isteach, an oiliúint a thabhairt dóibh, cúntóirí riachtanais speisialta a earcú agus mar sin de. Tuigim go bhfuil i bhfad níos mó i gceist, ach tá sé tuillte ag gach duine. Sin an rud is tábhachtaí.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá beirt Cormac ann. Glaom ar Chormac Mac Cashin.

Mr. Cormac Mac Cashin:

Cormac dathúil a bhí i gceist agat, a Chathaoirligh. Díreach chun an pointe a d'ardaigh an Teachta, ag ceistiú an pobal bán meánaicmeach Chaitliceach atá ag freastal ar na Gaelscoileanna, a fhreagairt, má bhreathnaíonn tú ar an gceantar go bhfuil mé féin agus mo chomhbhádóirí ag déanamh tagairt dó anseo inniu, sin ceantar Sord, tá trí Ghaelscoil ann. Tá Gaelscoil Chaitliceach ann faoin eaglais, tá Gaelscoil ilchreidmheach ann a bhfuil ina chomhaontas Caitliceach agus Protastúnach, agus bunaíodh an scoil sin ar Aoine an Chéasta in 1998, agus tá Gaelscoil nua idirchreidmheach ann, Gaelscoil na Mara. Tá réimse leathan roghanna ann do thuismitheoirí atá ag iarraidh teacht ar oideachas lán-Ghaeilge le haontais éagsúla. Léiríonn na figiúirí de chuid na Roinne féin go bhfuil an méid is mó agus an céatadán is airde pobail éagsúla, is iad sin daoine as tíortha eile, le teangacha eile agus le creidimh éagsúla, ag freastal ar scoil a bhfuil aontas ilchreidmheach acu, agus gach ceann de na feachtais atá i láthair anseo inniu, tá ar a laghad Gaelscoil ilchreidmheach amháin sna ceantair sin.

An dara pointe, ó thaobh ionchuimse de, ná, i ngach ceann de na ceantair atá anseo, tá ar a laghad rang speisialta nó rang uathchais amháin bunaithe ann agus tá tuilleadh le teacht. Chomh maith le sin, feicimid go bhfuil patrúin éagsúla bainteach leis na scoileanna.

B'fhéidir go bhfuil sé níos deacra do Ghaelscoileanna an Ghaelscolaíocht a dhíol le theaghlaigh ó thíortha eile. Níl an Stát ag díol na Gaelscolaíochta leis na pobail nua, cé go bhfuil feachtais ann, mar shampla, feachtas atá á reachtáil ag Conradh na Gaeilge, le pobail nua don tír seo a mhealladh isteach. I ndáríre, léiríonn na figiúirí, go háirithe ar an taobh seo den tír, go bhfuil pobail ilchineálach ag freastal ar Ghaelscoileanna agus, b'fhéidir mar iontas don Teachta, go bhfuil scoil amháin ann i mBaile Átha Cliath óna dtagann móramh de na daltaí, níos mó ná leath dóibh, ó theaghlaigh de bhunú tíortha eile. Is mionlach d'Éireannaigh atá ag freastal ar an scoil sin. Déanann daoine a dó agus a dó a chur le chéile agus faigheann siad cúig, nach mbíonn ach Éireannaigh ag freastal ar Ghaelscoileanna mar go mbaineann siad le Gaeilge agus cultúr na hÉireann, ach níl sé sin fíor. Má siúlann tú isteach in aon cheann de na scoileanna, tiocfaidh tú ar dhaltaí ó thíortha eile le teangacha, creidimh agus cultúir éagsúla. Déantar jab níos fearr, sílim, de na cultúir sin a cheiliúradh sna suíomhanna lán-Ghaeilge toisc go mbíonn an méid sin feasacht sna scoileanna lán-Ghaeilge ar luach an chultúr sa chéad dul síos. Is cuma más cultúr na hÉireann atá ann nó cultúr eile, déanann na scoileanna sár-jab as ceiliúradh a dhéanamh ar éagsúlacht mar ábhar.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glaom ar Chormac Chambers.

Mr. Cormac Chambers:

Aontaím leis an méid a bhí le rá ag Cormac Mac Cashin ansin. Bhí mé ar tí rud éigin cosúil leis sin a rá. Tiocfaidh mé chuige seo mar phríomhoide scoile. Maidir leis an bpointe go bhfuil Gaelscoileanna bán agus Caitliceach agus mar sin de, ní fíor an scéal é sin ar chor ar bith.

Chomh maith leis sin, is bealach í an Ghaelscolaíocht le comhthéacs agus cineál áit a thabhairt don Ghaeilge ar bhonn domhanda, má táimid ag iarraidh breathnú air mar sin. I mo thuairimse, tá na Gaelscoileanna fíorthábhachtach freisin le daoine a thógáil isteach sa tír seo agus taispeáint dóibh go bhfuil cultúr eile - cultúr s'againn féin - anseo. Chaithfeadh go mothódh siad go bhfuil siad sa bhaile agus mar chuid den tír seo agus iad ag freastail ar Ghaelscoileanna. Seachas a bheith mar eagraíocht nó scoileanna a choinníonn daoine amach, is a mhalairt atá ann. Tógann Gaelscoileanna daoine isteach agus tugann sé mothúchán náisiúnta dóibh go bhfuil siad mar chuid de rud éigin, seachas a mhalairt. Deirim é sin mar fhreagra ar an gcéad phointe ar na mionlaigh agus mar sin de.

An dara pointe atá agam ná is dócha go bhfuil an Roinn Oideachais ag caitheamh le páistí Gaelscoile mar mhionlach agus mar mhionlach gur cuma leo fúthu, ar bealach, fiú amháin sna teachtaireachtaí atá á dtabhairt amach. Má tugtar le fios go bhfuil díolúine éasca ar fáil agus nach bhfuil aon luach ag baint le teanga sa dara leibhéal, táthar ag rá gur cuma faoin teanga sin agus nach bhfuil aon luach ag baint léi. Mar a luaigh mé i mo chaint féin, ní teanga amháin atá i gceist. Tá an Teachta Connolly ag caint faoi chultúr, faoi fhéiniúlachas agus faoi rud éigin fíorshaibhir a thabhairt do pháistí. Má tá an Roinn i gcónaí á dhéanamh deacair, agus más gá dúinn teacht anseo inniu le caint faoi seo agus a bheith ag brú agus ag brú, tá sí go bunúsach ag rá go ligfear linn troid ar son na scoile seo mar ní chuireann an Roinn nó an Stát aon luach ar an rud atá ar siúl sna scoileanna. Is é sin an pointe.

Mar fhocal deiridh, labhróidh mé faoin smaoineamh go bhféadfaí deileáil le Gaelscoileanna agus scoileanna Béarla sa bhealach céanna maidir le figiúirí, uimhreacha agus daltaí. Is é sin an áit ina bhfuil fréamh na faidhbe, i mo thuairim - ní thuigeann siad gur pobal iad na scoileanna, na Gaelcholáistí agus na háiteanna. Má tharlaíonn an Gaelcholáiste i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8, mar shampla, beidh scoileanna faoi mhíbhuntáiste agus scoileanna ó áiteanna níos saibhre ar fad ag teacht isteach sa rud agus cothóidh sé a chultúr féin, seachas páistí ó Ghaelscoil Lios na nÓg a bheith ag taisteal taobh amuigh den cheantar go dtí áit ina bhfuil cultúr bunaithe ann cheana féin agus nach bhfuil ionchur ar na bunscoileanna sin ar an gcultúr sin. Ceapaim go bhfuil an pointe sin an-thábhachtach maidir le daoine a fhréamhú sa chultúr agus rud éigin atá cineál teibí ach luachmhar a thabhairt dóibh.

Mr. Julian de Sp?inn:

I gcuid mhaith den chaint inniu agus an uair dheireanach, táimid ag breathnú ar na réitigh fhadtéarmacha ar na fadhbanna atá os ár gcomhair. Tá na fadhbanna sin ag dul ar aghaidh le 50 bliain, mar a luaigh duine níos luaithe. Aontaím leo. Bhí mé ag caint faoi na réitigh sin an uair dheireanach a bhí mé os comhair an choiste. Tá gá le reachtaíocht, próiseas ceart agus polasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá an polasaí thar a bheith déanach ag an bpointe seo. Nuair a thagann sé, beidh gá le spriocanna intomhaiste ar nós iad siúd atá acu sa Bhreatain Bheag ionas go mbeimid in ann a fheiceáil go mbeidh fás suntasach ar an nGaelscolaíocht.

Don lá atá inniu ann, agus mé mar chathaoirleach ar cheann de na feachtais anseo agus mé ag breathnú air agus ag labhairt ar son na dtuismitheoirí agus na ndaltaí atá inár scoileanna, caithfidh mé a ra gurb é an rud is práinní nó an rud is gaire don scornach dúinne, agus muid ag plé leis an Aire Oideachais agus ag teacht os bhur gcomhair, ná go bhfuil cinneadh ag teastáil go mbogfar ar aghaidh anois chun Gaelcholáistí a chur ar bun sna hocht gceantar agus Gaelscoil a chur ar bun i mBaile Átha Cliath 10 agus 12. Caithfear é sin a dhéanamh anois, gan cheist, gan mhoill nó gan aon chaint faoi pholasaí atá le teacht agus straitéis atá le cur le chéile. Tá rud ar bith eile le déanamh. Tá an t-éileamh go bhfuil gá leis na Gaelcholáistí agus Gaelscoileanna anois léirithe againn. Is gá an cinneadh a ghlacadh.

Tuigim ó thaobh a bheith ag plé le polaitíocht le roinnt mhaith blianta anois go mbaineann sé seo ar fad le cinneadh aireachta. Ní bhaineann sé le haon rud eile. Má tá an tAire báúil, is féidir le hAire cinneadh a ghlacadh. Chonaiceamar é sin fiú leis an Teachta McHugh, atá ag freastal ar an gcoiste ar líne, nuair a bhí sé ina Aire. Thóg sé isteach an riail faoi Ghaelscoileanna nua i gceantair go bhfuil scoil le bheith curtha ar bun agus mura bhfuil Gaelscoil ann, beidh Gaelscoil sa cheantar sin. Rinne sé an gníomh agus d'éirigh toradh as sin. Is féidir leis an Aire a chinntiú go mbeidh Gaelcholáiste sna hocht gceantar os ár gcomhair agus go mbeidh Gaelscoil sa cheantar eile, má dhéanann sí an cinneadh. Is é sin an rud is mó domsa inniu - nuair a thagann an tAire os bhur gcomhair agus nuair atá pé tuarascáil á chur le chéile, beidh cinneadh ag teastáil láithreach bonn do na ceantair seo. Pé rud faoin scéal níos fadtéarmaí, aontaím leis an gcoiste agus leis na moltaí a cuireadh os bhur gcomhair, ach is gá cinneadh anois láithreach bonn don ocht gceantar sin agus don Ghaelscoil a luadh.

Mr. E?in MacMaoilir:

Aontaím le gach rud atá ráite anseo. Labhróidh mé as Béarla ar mhaithe le cruinneas.

One of the things that we are finding with parents who are very happy with the education their children have received in our Gaelscoil is that if they knew how difficult it would be for their kids to transition to any school, where they do not have the option for a Gaelscoil, they would not have sent them there. The National Council for Special Education, NCSE, has recognised that the transition point between primary and post-primary education is critically important for kids. When one is going to the meánscoil, one should be excited about it. There should be certainty. They should be able to plan from a distance out. However, I know in my case, with regard to my eldest child who needs educational support and gets great educational support in our school, that this uncertainty increases that anxiety. I cannot tell her where she will go. I am trying to keep the door open, hoping that a Gaelcholáiste will appear in Cherrywood. If it does not, she will also have to move away from her peer group. This is the experience of the vast majority of parents in our schools. It is not just that one should have a place in the Gaelcholáiste available; it is that it should be at the heart of the community. It should be an essential part of constructing these integrated communities where everyone is welcome.

Lots of the parents in the school are like me, such as my wife, who returned to Ireland from abroad. She had an exemption from Irish. I know some parents have children in the school who had Irish exemptions themselves. They want a different relationship with the language. They want their children to have a different relationship with the language from what they had. Sometimes, it feels like looking for education through Irish is some kind of niche desire or that one is being awkward. The frustration is that we have a site sitting there. I could only imagine the difficulties in other areas. All these areas deserve their own local schools where they can merge these little fledgling Irish-speaking communities in all these schools and build larger ones that radiate out into the wider communities.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith ag na finnéithe. Tá sé sin an-chabhrach agus aontaím libh.

Níl aon easaontas anseo. Luaigh na finnéithe teachtaireacht. Tá baol ann leis an rud a dúirt Eóin MacMaoilir ansin. Ní rud pearsanta é ach is é an rud a tharlaíonn i gcónaí ná go ndeir daoine gur mhaith leo a bheith cruinn agus déarfaidh siad i mBéarla é mar sin. Tá ceacht le foghlaim anseo dúinn go léir. Faraor, dúirt ceannaire TG4 an rud ceanann céanna - sé sin, má tá rud tábhachtach le rá, go ndeirtear i mBéarla é. Is botún é. Is féidir linn foghlaim ó sin. Má tá rud tábhachtach le rá, tá sé tábhachtach é a rá i nGaeilge, beag beann ar cé chomh deacair is atá sé nó céard iad na botúin atá á ndéanamh. Tá sé tábhachtach é a rá trí Ghaeilge mar gur féidir leis an nGaeilge teachtaireacht láidir a chur transa. Ní gá an Béarla a úsáid.

Tá pointe tábhachtach eile le déanamh maidir leis an mhéid atá ráite agus scríofa ag na finnéithe ó thaobh na buntáistí atá ann ó thaobh na Gaeilge de. Aontaím leo go mbreathnaíonn an Roinn Oideachais ar an nGaeilge mar fhadhb de ghnáth. Is dócha nach bhfuil aon athrú ansin. Tá sí fós ag breathnú uirthi mar fhadhb agus mar mhionlach. Is é sin ceann de na croífhadhbanna atá ann.

Leis sin ráite, tá ceist agam anois faoin bpolasaí atá faoi chaibidil acu.

Chuala mé Julian de Spáinn ag rá go bhfuil cinneadh ag teastáil beag beann air sin agus aontaím leis. An raibh ionchur ag na finnéithe sa pholasaí atá faoi chaibidil faoi láthair? An bhfuil dóchas acu maidir leis an bpolasaí don Ghaeilge taobh amuigh de na Gaeltachtaí? Is é sin mo cheist dheireanach. Cad iad tuairimí na bhfinnéithe faoi sin?

Mr. Cormac Mac Cashin:

Tá a fhios agam go bhfuil an Teachta Ó Cuív i láthair. Bhí an-spéis agam sa rud a dúirt sé sa chruinniú deireanach, is é sin, go bhfuil na pleananna, na polasaithe agus na rudaí fadradharcaigh seo ar fad ag dul ó Aire go hAire agus ó rialtas go rialtas agus go bhfuiltear níos fearr as rud amháin a roghnú agus obair i dtreo na sprice amháin sin agus, nuair atá sé sin bainte amach, bogadh ar aghaidh chuig an gcéad rud eile. Níl aon chúis againn a bheith dóchasach as an bpolasaí don oideachas lán-Ghaeilge. Tá an dréacht tagtha amach agus tá sé feicthe againn agus is léir nach bhfuil an tAire, an Roinn ná aon duine ag obair i dtreo fadhb an easpa soláthair a leigheas. Tá siadsan ag caint faoi céard atá ag tarlú sna scoileanna reatha, soláthar múinteoirí agus fadhbanna eile atá ann ach, ag deireadh an lae, mar a dúirt an tOllamh Ó Duibhir ar ball, tá an chéad titim le 50 bliain tar éis teacht isteach. Tá sé tar éis teacht isteach mar gheall ar athrú poirt a tháinig isteach le linn tréimhse an Rialtais seo.

Luaigh an tOllamh Ó Duibhir ar ball an polasaí a bhí ag an Roinn Oideachais. Tá sé thar a bheith tábhachtach é seo a dhéanamh an-soiléir. Go dtí an cúlú eacnamaíochta deireanach, bhí tú in ann daoine a bhailiú, scoil a bhunú agus ar aghaidh leat - níor chuir an Stát bac ort. D'íoc sé as na múinteoirí agus mar sin de. Tháinig an cúlú eacnamaíochta agus, sa tréimhse ó 2011 go 2021, chinn an Roinn Oideachais, mar a dúirt an tOllamh Ó Duibhir, go nglacfadh sí seilbh ar an gcóras. Chinn sí, mar shampla, Gaelscoil nua a bhunú i mBaile Átha Cliath 9 agus ansin ritheadh feachtas, bunaíodh scoil agus mar sin de. Bhí tú teoranta ach bhí próiseas éigin ann chun scoil nua a bhunú sna ceantair inar aithin an Roinn go raibh gá le scoil nua. Is é an eochairphointe anseo ná go bhfuil sé sin thart - tá sé críochnaithe - agus níl aon phróiseas anois ann. Níl aon bhealach, foirm iarratais, teagmhálaí sa Roinn Oideachais nó státseirbhíseach sa Roinn sa Tulach Mhór a bhfuil sé mar dhualgas air nó uirthi féachaint ar cad atá le déanamh faoi scoileanna nua.

Ní hamháin sin, ach níor oscail cuid de na scoileanna a bhí fógartha cheana féin le bheith ag oscailt. Mar shampla, i gCoill na Silíní, bhí sé aitheanta ag an Roinn Oideachais le blianta go mbeadh gá le scoil nua. Bhí sé aitheanta freisin go mbeidh gá le scoil nua i mBaile Átha Cliath 2 agus 4. Anois, tá an Roinn go bunúsach tar éis iad a chur ar ceal. Chuaigh sí chomh fada le cead pleanála a fháil ar mheánscoil nua i gCoill na Silíní agus ansin stop sí. Is é an polasaí atá ag an Roinn Oideachais anois ná gan scoileanna nua a bhunú. Níl sí ag bunú bunscoileanna ná meánscoileanna. Cad a tharlaíonn má tá na scoileanna i gceantair faoi leith chun rith amach as spás? Tá an Roinn chun na scoileanna atá ann faoi láthair a dhéanamh níos mó agus níos mó. Mar a thuigfeadh an Teachta go maith, is í an fhadhb atá ann, má bhreathnaíonn tú ar na scoileanna timpeall ar Shord nó in aon cheann de na ceantair seo, ná gur scoileanna meán-Bhéarla atá ann don chuid is mó. Tá ró-sholáthar cheana féin de scoileanna meán-Bhéarla. Má tá tú chun an 92% de na scoileanna a fheidhmíonn trí Bhéarla a fhás 10% agus an céatadán beag de scoileanna lán-Ghaeilge a fhás, tá na scoileanna meán-Bhéarla le bheith níos mó fós. Nuair atá tú ag iarraidh a thuiscint cén fáth a bhfuil an líon scoileanna lán-Ghaeilge, an líon daltaí sa Ghaelscolaíocht agus an sciar daltaí sa Ghaelscolaíocht ón iomlán atá san oideachas ag titim den chéad uair le 50 bliain, tá sé ag tarlú mar go bhfuil an Roinn tar éis aon deis a bhí againn scoileanna nua a bhunú a bhaint agus ag díriú ar na scoileanna atá ann faoi láthair, scoileanna mean-Bhéarla don chuid is mó, a dhéanamh níos mó agus níos mó.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An raibh ionchur ag na finnéithe sa phróiseas nó sa pholasaí?

Mr. Cormac Mac Cashin:

Ní go speisialta.

Mr. Julian de Sp?inn:

Bhí ionchur againn ar fad sa bhealach go raibh deis ann aighneacht a chur isteach, freastal ar chruinnithe poiblí a d'eagraigh an Roinn agus eile ach níl an toradh le feiceáil fós. Níl sé feicthe agam ar aon nós. Tá rud sa bhreis agam le cur leis an méid a dúirt Cormac Mac Cashin. Tagann sé trasna i gcónaí gurb í an Roinn atá ag déanamh na cinntí seo ach caithfidh mé teacht ar ais go dtí an bunfhíric go bhfuil an stuif sin tar éis tarlú faoin Aire Oideachais reatha. Caithfidh an tAire Oideachais reatha cinntí a ghlacadh chun Gaelcholáistí a chur ar bun arís chun nach mbeidh an laghdú atá tar éis teacht ó thosaigh an Rialtas seo ag méadú, chun stop a chur leis sin agus chun iompú sa treo eile, i dtreo an ruda atá luaite sa chlár Rialtais, is é sin an líon daltaí atá ag freastal ar an nGaelscolaíocht a dhúbailt. Caithfidh an tAire Oideachais reatha é sin a dhéanamh seachas an Roinn Oideachais. Níl aon fhianaise go mbeidh státseirbhísigh sa Roinn Oideachais ag glacadh na cinntí seo. Caithfidh sé teacht ón Aire Oideachais reatha. Is ceann de na rudaí is mó le rá nuair a thagann an tAire Oideachais os comhair an choiste é sin. Beidh deis ag na baill iarraidh uirthi cinntí a ghlacadh chun tosú ag cur Gaelcholáistí agus Gaelscoileanna ar bun arís.

Professor P?draig ? Duibhir:

Tacaím le Julian de Spáinn. Is é an rud a bhí mé ag iarraidh a rá ná go bhfuil páistí ag aois áirithe, ceithre nó cúig bliana, i gceantar Bhaile Átha Cliath 10 agus 12 agus is é sin an seans atá acu bunscolaíocht a fháil trí Ghaeilge. Má chailleann siad an seans, tá sé caillte. Tacaím leis seo. Is é an rud a bhí i gceist agam maidir le daltaí atá 12 nó 13 bliain atá ag dul ar aghaidh go dtí an Gaelcholáiste ná go bhfuil seans amháin acu nó beidh siad imithe ar bhóthar eile. Mar a dúirt Julian de Spáinn, teastaíonn cinneadh ar na héilimh seo anois beag beann ar aon pholasaí. Mar is eol dúinn, téann státseirbhísigh i bhfolach nuair atá polasaí le ceapadh. Is féidir leo a rá go gcaithfidh siad fanacht ar an bpolasaí.

Pé scéal é, mar chúlra ar an bpolasaí, bhí méid áirithe foilsithe ar Tuairisc.ie sé, seacht nó ocht seachtaine ó shin. Ba é SEALBHÚ a rinne an taighde don pholasaí sin ar iarratas an Roinn Oideachais. Níl sé foilsithe ach fuair Tuairisc.ie cóip de faoin Acht um Shaoráil Faisnéise agus, mar sin, tá méid áirithe ar fáil go poiblí. Níl mé ag labhairt thar ceann SEALBHÚ ach amháin ar an méid atá ar fáil trí Tuairisc.ie agus atá scaipthe amuigh ansin, rud atá míshásúil ar bhealach. Bunaithe ar an eolas atá ar fáil go poiblí, is féidir liom a rá gur chuir breis agus 10,000 duine aighneachtaí isteach nó gur líon siad suirbhé. Chuaigh breis agus 5,000 duine astu sin go dtí deireadh an phróisis so bhí an-chuid spéise léirithe ag an bpobal sa pholasaí agus sa rud a bhí ag teastáil. Is ceann de na teachtaireachtaí a thagann amach go láidir ná nach bhfuil dóthain soláthair ann ag an mbunleibhéal nó ag an iarbhunleibhéal. Tá an fhianaise air sin anseo inniu. Ní bhaineann sé le Baile Átha Cliath amháin ach leis an tír ar fad.

Chuir an Teachta ceist faoin éagsúlacht. B'fhéidir go bhfreagróidh duine eile í níos fearr ach tá rud le rá agam faoi obair an Stáit. Is cuid d'obair an Stáit na roghanna atá acu ó thaobh oideachais de a chur os comhair daoine nua chun na tíre ach ní dóigh liom go bhfuil sé sin ag tarlú go forleathan. Chonaiceamar é sin nuair a bhí scoileanna á lorg do mhuintir na hÚcráine. Is beag Gaelscoileanna a iarradh orthu páistí ón Úcráin a thógáil ach amháin iad siúd a bhí lonnaithe sa Ghaeltacht. Tá meon an Stáit le feiceáil ansin. Toisc go mbíonn ró-éileamh ar na bunscoileanna, tá daoine de bhunadh na hÉireann nárbh fiú dóibh cur isteach air sin. Tháinig sé seo amach go láidir tríd an suirbhé a líon an pobal. Níor bhraith daoine gur fiú dóibh cur isteach ar bhunscoil lán-Ghaeilge muna raibh Gaeilge acu féin. Bhraith siad nach bhfaigheadh siad áit toisc go mbíonn na scoileanna rólán. D'fhéadfadh na príomhoidí agus na cathaoirligh caint faoi na cásanna ina gceantair féin. Gan trácht ar Ghaelcholáiste a lorg, tá na bunscoileanna rólán in an-chuid cásanna. Fiú sna scoileanna atá ag fás, beidh ranganna na naíonán beaga lán.

Anuas ar an suirbhé a bhí le líonadh, rinneamar anailís ar an gcleachtas i ndlínsí eile. Arís, tá cuid den taighde sin foilsithe ag Tuairisc.ie. Is cuid de sin ná go bhfuil pleananna an-chinnte sa Bhreatain Bheag agus i dTír na mBascach maidir le forbairt a dhéanamh ar oideachas tríd na teangacha sin agus go bhfuil spriocanna cinnte leagtha amach.

Tá sé sin luaite ag Julian de Spáinn ansin. Le cúnamh Dé, tiocfaidh sé sin. Caithfidh acmhainní a bheith ann. Mar a dúirt mé, tá sé go breá spriocanna a bheith i bpolasaí an Rialtais ach muna bhfuil acmhainní ann agus Aire Oideachais atá sásta an sprioc atá againn a bhaint amach agus na acmhainní a chur chuige, ní tharlóidh sé. Tá sampla iontach, faraor, de sin le cúig bhliain anuas.

Photo of Patrick CostelloPatrick Costello (Dublin South Central, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Le tosú, is mian liom a rá go bhfuil brón orm mar níl a lán Gaeilge agam. Bainfidh mé triail as Gaeilge briste. Tá a fhios agam go bhfuil Gaeilge i bhfad níos fearr ná Béarla cliste. Tá fadhb agam de bharr nach bhfuil a lán Béarla cliste agam either.

Gabhaim buíochas le gach cainteoir anseo. Tá a fhios agam go bhfuil fadhb mhór i mBaile Átha Cliath 8. Níl go leor spáis le haghaidh na ndaltaí atá ag lorg spáis sa scoil, bíodh sé sin aon scoil. Tá a fhios agam go bhfuil sé i bhfad níos deacra do na clainne atá ag lorg Gaelcholáistí. Ag deireadh an lae, is leis an Roinn Oideachais a luíonn an fhadhb anseo. Dúirt na finnéithe ón fheachtas chun Gaelcholáiste a bhunú i mBaile Átha Cliath 2 agus 4 go bhfuil an cur chuige ón Roinn Oideachas ag teacht salach ar pholasaí an Rialtais, ach ceapaim go bhfuil sé ag teacht salach ar pholasaí na Roinne Oideachais.

There is a real frustration for me because, when I have spoken to the Department of Education, it is just pure hypocrisy. I am going to lapse into Béarla because I do not know the Irish word for "hypocrisy". The Department sets out these rules and criteria and says it could not possibly do anything until these criteria are met. When it is shown how these criteria have been met, it completely dismisses them. The witnesses from Dublin 10 and 12 asked an bhfuil soláthar ann do scoil nua ag teacht go ceantar le bheith ina Ghaelscoil mura bhfuil Gaelscoil ann? This, to me, really cuts to the heart of it because there does not seem to be one. I would love this confirmed. I came down here to support some local campaigns, but this very question is something that I have been banging my head off a brick wall with the Department about. When it comes to the bunscoil level, there have been changes to policy and the patronage contests and competitions but this does not seem to have translated through to the patronage process at the meánscoil level. When I have raised this glaring hypocrisy with the Department, it has kind of just shrugged its shoulders and said that is how it is. This seems to be a simple fix.

Obviously there is a problem, as was mentioned, about how the Department is just not building new schools. This is again something we are seeing in Dublin 8 where there are extensions to existing schools instead of new schools despite the numbers being there. We now seem to have two polices from the Department of Education that are utterly undermining education in general but education through Irish especially. We are not building schools and when we do build schools, we are not taking the policy that worked at bunscoil, and which has massively increased and improved the bunscoil provision, and translated it across. One of the main reasons for me coming in today was to put that on record, namely, the hypocrisy of the Department of Education in this regard.

Any responses are welcome. Feel free to respond as Gaeilge. I have been kindly provided with translation equipment.

Mr. Simon ? Donnabh?in:

Tá sé sin ceart go leor. Ionas go mbeidh an pictiúr iomlán ag baill an choiste, is é seo an dara iarracht - bhí feachtas againn i mBaile Átha Cliath 10 agus 11 thart ar 20 bliain ó shín. Beidh cuimhne ag an gCathaoirleach air sin. Is í an fhadhb atá ann ná go bhfuiltear ag athrú na gcúl an t-am ar fad. Ar ais ansin, dúradh nár cheantar é ina raibh an daonra ag forbairt agus ag fás ag an am sin. Beidh a fhios ag an Teachta Costello, mar Theachta áitiúil, go bhfuil, probably, an tionscadal tithíochta is mó riamh ag teacht go dtí ár gceantar, is é sin, City Edge. Beidh suas le 70,000 duine i gceist leis sin. Beidh cabhair na dTeachtaí Dála áitiúla ag teastáil uainn agus muid ag dul ar aghaidh.

Chun an pictiúr a tharraingt do na daoine a tháinig go déanach, tá muid céim níos faide siar ná na daoine atá ag lorg meánscolaíochta. Bhí caint ann, agus tá tuiscint maith againn, ó thaobh pobail ag briseadh suas. Tá pictiúr ann anois. Tá ionad Gaeilge againn in Inse Chór agus tá grúpa tuismitheoirí agus leanaí ag feidhmiú ann agus tá sé go hiontach. Tá tuismitheoirí ann ó Chromghlinn, Baile Bhailcín, An Cloigín Gorm, Inse Chór agus an ceantar máguaird. Tá muid ag cruthú pobail dheis agus ag neartú an phobail Ghaeilge sa cheantar. Tá daoine ann le leanaí nua agus cé go bhfuil muid go léir ag iarraidh a bheith dóchasach faoin todhchaí, tá a fhios ag roinnt de na tuismitheoirí nach mbeidh spás ag an bpáiste. Tá mé ag iarraidh an pictiúr sin a tharraingt. Tá muid cúpla céim even níos faide siar ná na daoine eile.

Ms Treasa N? Mhurch?:

Aontaím go láidir. Nuair a bhím ag smaoineamh faoi, thógaim mo pháistí trí mheán na Gaeilge mar is eol don Chathaoirleach, a dhéanann amhlaidh. D’fhreastail siad ar Ghaelscoil Inse Chór in ainneoin go raibh cónaí orainn i lár Bhaile Átha Cliath in aice le St. Matthew’s. Ní bheidh a bpáistí in ann freastal ar aon Ghaelscoil. Tá mé chroíbhriste ag smaoineamh faoi sin. Ní bheidh ár gcéad glúin eile in ann freastal ar Ghaelscoil. Fiú má fhreastalaíonn siad ar an mbunscoil in Inse Chór, níl aon Ghaelcholáiste ar fáil because níl aon bhus ag dul ó Inse Chór nó Baile Formaid díreach go dtí Gaelcholáiste Chillian i gCluain Dolcáin. Ní bheidh siad in ann freastal air ach an oiread.

Is maith na rudaí iad Dublin Bus agus Transport for Ireland, ach tá sé just trína chéile go mbeidh ar pháistí óga ag 12 mbliain d’aois dhá bhus a fháil go dtí scoil gach lá ar feadh uair go leith in gach treo. Níl aon saghas joined-up thinking i gceist ar chor ar bith. Tá níos mó i gceist ná na scoileanna. Tá cúpla rud eile ba cheart a chur le chéile.

Is mór an trua é go mbeidh briseadh de chúig nó deich mbliain idir anois agus an t-am ina mbeidh, b’fhéidir, bunscoil eile le fáil do na páistí i mBaile Formaid agus Cluain Dolcáin agus sna tithe nua in Cherry Orchard. An féidir linne aon rud a dhéanamh faoi? Tá orainn rud a dhéanamh faoi.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Luaigh na finnéithe san aighneacht a rinne siad sa ráiteas tosaigh go bhfuil 800 tithe ag teacht. Cheana féin, tá 800 tithe shóisialta agus árasáin tar éis oscailt le bliain anuas i mBaile Átha Cliath 10 agus 12. Tá fás ag teacht ar an daonra cheana féin agus tá a lán suíomhanna, seachas an 800 a luaigh na finnéithe, in áiteanna fáis cosúil le Cherry Orchard. Ní é seo an 70,000 atá ag dul le City Edge i mBaile Átha Cliath 12 ach oiread. Fós, níl éisteacht ná treoir ann conas is féidir le feachtas deonach de thuismitheoirí, seanthuismitheoirí agus a leithéid cuidiú leis na páistí agus an céad glúin eile bunscoil nua a bhunú. Ní chuirfear síneadh le Gaelscoil Inse Chór. Tá sé tar éis ceithre sheomra ranga nua a thógaint cúpla bliain ó shín ach sin é.

Cosúil leis na Gaelcholáistí, tá folúntais agus fadhb bhunúsach ann nuair atá sé soiléir go bhfuil fás ag teacht, ní hamháin ar an éileamh don Ghaelscolaíocht ach ar an daonra cheana féin. Tá sé ar cheann de ceantair atá spéisiúil, mar a luaigh na finnéithe sa ráiteas tosaigh chomh maith, ó thaobh an phlean forbartha don cheantar mar go bhfuil spás ann do trí Ghaelscoil. De bhuntáiste an chinnidh a ghlac an Teachta Joe McHugh agus é mar Aire, níl aon Ghaelscoil ann i mBaile Átha Cliath 10 nó 12.

Caithfear díriú isteach ar an gceist seo. B'fhéidir go ndearnadh eisceacht. Táimid ag lorg eisceacht. Is cuma linn, ach ar deireadh thiar thall ní chóir go mbeidh sé bunaithe ar eisceacht gur seo ceann de na ceantair atá fágtha nach bhfuil aon Ghaelscoil ann. An bhfuil aon duine eile ag iarraidh teacht isteach ar an gceist?

Mr. Ciar?n Mac R?am?inn:

Ar dtús, ba mhaith liom aontú leis an méid a bhí ráite. Maidir le pobail a bheith briste, tá daltaí inár gceantar ag dul trí bhealach go dtí an iar-bhunscoil lán-Ghaeilge. Tá cuid acu ag dul ó Thuaidh, cuid acu ag taisteal 45 nóiméad an treo eile agus cuid acu ag dul i dtreo na cathrach. Tá éagóir á déanamh orthu. Tá scanradh ar na tuismitheoirí faoin áit a rachaidh siad. Is é scanradh an t-aon fhocal atá agam. Tá mise ag múineadh sa cheantar i scoil lán-Bhéarla. Tá na liostaí feithimh dochreidte, fiú sa scoil sin. Níl an spás againn agus is scoil mhór í. Ach tá na daltaí atá sa trí Ghaelscoil - dhá Ghaelscoil ach go háirithe mar tá ceann eile bunaithe ceithre bliana ó shin - ag titim sa bhearna baoil toisc go bhfuil muid lonnaithe san áit a bhfuilimid agus níl aon Ghaelcholáiste ar fáil. Níl aon rogha acu. Níl an iar-bhunscoil ann dóibh toisc go bhfuil siad ag freastal ar an dá Ghaelscoil sa cheantar. agus go luath an tríú ceann, nuair atá daltaí i rang a sé ag Gaelscoil na Mara. An rud is mó a fhaigheann muid i mórcheantar Shoird ná mothúchán na dtuismitheoirí. Tá siad scanraithe. Tá siad tar éis an rogha seo a dhéanamh agus níl aon áit le dul acu. Is mór an díomá é. Tá an méid a leanann ar aghaidh go dtí na hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge briste. Tá siad ag imeacht ón gceantar. Ní féidir linn pobal Gaelach ceart a thosú go dtí go bhfuil réiteach ceart ar an mbriseadh sin inár gceantar.

Mr. Cormac Mac Cashin:

Chuir an Teachta Costello cúpla ceist agus sílim gur féidir liom iad a fhreagairt. Ní raibh an Teachta in ann tuiscint cén fáth nach bhfuil na rudaí dearfacha a d'fhógair Joe McHugh mar Aire Oideachais ag an mbunleibhéal ann ag an meánleibheál. An rud go bunúsach a tharla ná, in 2016, rinne mé, mar a tharla, an t-iarratas chun Gaelscoil nua a bhunú i nDroim Conrach. Fuair muid 733 vóta agus dúirt an tAire ag an am, Richard Bruton, nach mbunófar Gaelscoil, go bhfuair scoil Educate Together níos mó vótaí agus gurb é sin a tharlódh. Mar chomparáid, fuair an scoil a bhfuil Eóin MacMaoilir ina chathaoirleach uirthi, Gaelscoil Shliabh Rua, 13 vóta agus bunaíodh an scoil. Chuaigh muid chuig an gCoimisinéir Teanga ag rá nach raibh sé seo ceart ná cóir, nach raibh aon rogha eile ar fáil do na daltaí sa cheantar seo a bhí ag iarraidh bunscolaíocht lán-Ghaeilge, agus go bhféadfaí an Gaelscoil nua a líonadh faoi thrí leis an líon vótaí a fuair muid. Bhí cás ann leis an gCoimisinéir Teanga agus is as sin a tháinig Joe McHugh, mar Aire Oideachais, amach le leasuithe ar an gcóras sin. Is leasuithe maithe a bhí iontu. Bhain an cás a bhí tógtha leis an gCoimisinéir Teanga le cinneadh a tógadh nach mbunófar bunscoil. Níor bhain sé le cinneadh nach mbunófar meánscoil. Is é sin an fáth gur socruithe don mheánleibhéal atá uainn, seachas don bhunleibhéal.

D'fhéadfaí a rá, leis na leasuithe a thóg Joe McHugh isteach mar Aire, go mbeadh réiteach i ndán do Bhaile Átha Cliath 10 agus 12. Is í sin an fhírinne. Ach níl aon luach ag na leasuithe sin a tháinig isteach nuair atá sé mar pholasaí ag an Roinn nach mbunófar aon scoil. Déanfaidh an Roinn Oideachais na bunscoileanna atá i mBaile Átha Cliath 10 agus 12 a dhéanamh níos mó agus níos mó. Tá an Roinn Oideachais ag déanamh beag is fiú den dul chun cinn a tháinig le tuarascáil an choimisinéara agus fhógra an Aire, an Teachta McHugh. Is é sin an fáth a raibh dul chun ann ag an mbunleibhéal. Bunaíodh roinnt scoileanna, Gaelscoil Eoin atá i mBaile Átha Cliath 4 agus Gaelscoil na Mara i Sord. Tháinig Gaelscoil Áine as an ngearán leis an gCoimisinéir Teanga freisin. Is comhtharlúint atá ann ach is léiriú é go raibh éifeacht ag an leasú ar an gcóras sin. Beidh breis agus 1,000 dalta ag freastal ar na scoileanna nua a d'eascair as sin. Ansin bhog an Roinn Oideachais agus dúirt sí nach mbunófar scoileanna, ach go ndéanfar na scoileanna atá ann faoi láthair a dhéanamh níos mó agus beidh níos mó áiteanna Béarla. Is é sin an fáth a bhfuil líon na ndaltaí sa Ghaelscoil ag titim cheana féin.

Mr. Julian de Sp?inn:

Labhróidh mé ar rud an-bheag a luaigh an bheirt finnéithe ansin. Nuair is mian leis an Roinn nó an Aire gníomhú ar rud a bhaineann le cúrsaí oideachais, is féidir leo. Mar shampla, na scoileanna nua a cuireadh ar bun nuair a bhí scoileanna bisigh, comórtas a bhí lochtach, bhí na scoileanna nua ar fad chun a bheith ina scoileanna ilchreidmheacha. Thóg siad an cinneadh go mbeidh rogha ag tuismitheoirí agus go mbeidh scoileanna ilchreidmheacha againn. Ní bheidh scoileanna Caitliceacha eile againn. Ní raibh aon fáth nach bhféadfadh siad rud a thabhairt isteach don iar-bhunscoil ar nós a bhfuil sa bhunscoil ó thaobh na Gaelscolaíochta freisin. Níor tógadh an cinneadh sin. Ach arís, tagann sé ar ais go dtí an Aire a chaithfidh na cinntí seo a ghlacadh le scoileanna nua a chur ar bun agus na coinníollacha ar nós sin a chur i bhfeidhm.

Photo of Patrick CostelloPatrick Costello (Dublin South Central, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith ag na finnéithe.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cloisfimid ón Teachta Ó Cuív anois.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith ag an gCathaoirleach. Cuirim fáilte roimh na finnéithe ar fad. Tá súil go mbeidh toradh ar obair an lae inniu.

Tá dhá cheist agam. Má chuirtear comórtas ar bun, ar ceart go mbeidh Gaelscoil i gcomórtas do scoil Bhéarla nó Gaelscolaíocht i gcomórtas do scolaíocht trí Bhéarla? Sa chás go bhfuil a dhóthain scoileanna Béarla ann, ann ba é shin le rá nach ceart scoil Ghaeilge a bheith ann? Ó thaobh polasaithe, agus is maith liom, b'fhéidir, rud á dhéanamh i mo chloigeann, is deas an rud é nuair atá polasaí taobh thiar den rud atá á dhéanamh. Go minic, nuair a fheictear rudaí oifigiúla ag teacht uaidh Aire, luaitear polasaí éigin mar chúis gur tógadh cinneadh áirthe. B'fhéidir go mbeadh an cinneadh le tógáil ar aon chaoi.

Tá abairt sa straitéis 20 bliain, agus tá sé i ráiteas an Rialtais in 2006, "déanfar forbairt ar sholáthar lán-Ghaeilge ag leibhéal na hiarbhunscoile chun freastal ar éileamh de réir mar is gá". Ní dheireann sé tada faoi chomórtas le scoileanna Béarla. Deireann sé go ndéanfar freastal ar éileamh do bhunscolaíocht trí Ghaeilge. Tá an polasaí ann agus chuile bhliain tagtar anseo go sollúnta agus deirtear go bhfuil an straitéis á cur i bhfeidhm, rud nach n-aontaím leis, mar is eol do chuid againn. Ach mar a deireann mé, tá sé ann. Níor shéan aon duine an ráiteas nó straitéis seo riamh. Is dóigh liom gurb í an cheist gur ceart go mbeidh againn mar choiste ná céard atá an Rialtas ag déanamh leis an ráiteas sin a chur i bhfeidhm, is é sin, go ndéanfar freastal ar an éileamh atá ann don Ghaelscolaíocht. Ar ndóigh le feidhmiú aon pholasaí, caitear a bheith réasúnach. Níl aon mhaitheas le rá le muintir áit amháin go míréasúnta go gcaithfidh siad dul as baile agus pobal a bhriseadh suas. Abraimis go mbeidh ceithre nó cúig Gaelscoil i gceantar a bhfuil eolas pearsanta agam féin faoi, Baile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8. D'fhéadfaidís dul trasna na cathrach. Níl aon amhras faoi sin. D'fhéadfaidís dul ó dheas, áit a bhfuil cuid de na scoileanna ach bheadh an pobal briste suas. Níl sé sin go maith agus ní ghlacann tuismitheoirí leis sin. Teastaíonn uathu go dtiocfaidh formhór na scoláirí ón mbunscoil go dtí an mheánscoil chéanna. Ní aontaím, caithfidh mé a rá, go n-éireodh le cur chuige nach bhfuil bunús éigin aige i bpolasaí an Stáit. Bhí an lá sin ann go bhféadfadh Aire rá go mbunófar scoil ansin. Mar is eol do na finnéithe, bheadh an pobal é féin ag tabhairt amach mura mbunófar é ar pholasaithe. Tá an polasaí ann.

An rud go gcaithfidh an Stát a leagadh amach ná céard é a dhóthain éilimh.

Cé chomh fada ó bhaile is ceart do scoláirí dul le hoideachas a fháil, go mórmhór i gcomhthéacs cathair? Cé chomh mór is chomh lárnach is atá sé go mbeidh an scoil taobh istigh den phobal agus den mhórphobal, go háirithe ag tógáil san áireamh na bunscoileanna atá ann? Is é an rud gur gá dúinn breathnú air ná critéir a cheapaimid a bheadh réasúnta maidir le céard is ea a dhóthain éileamh scoil a thógáil i gceantar. Caithfimid comhrá a bheith againn leis an Aire an mbeadh sí sásta glacadh leis an gcritéir sin. Más rud é go nglacann an tAire leis sin, caithfidh sé seo a bheith scun scan difriúl ó éileamh ar scoileanna Béarla. Más rud é go dteastaíonn ón Aire comórtas a chur ar bun idir pátrúnachtaí scoileanna lán-Ghaeilge mar a dhéantar le scoileanna Béarla, sin ceist eile ar fad. Glacfainn go pearsanta leis sin, ach caithfidh an dá rud a bheith go hiomlán scoite amach óna chéile. D'fhéadfaimis obair a dhéanamh anseo. Bheadh spéis agam a fháil amach an gceapann na finnéithe go mbeadh sé réalaíoch tuarascáil a bhunú faoin méid seo agus a rá nach bhfuil le déanamh anseo ach na critéir a leagan amach agus an polasaí a chur i bhfeidhm.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé atá ag iarraidh teacht isteach ansin?

Mr. Simon ? Donnabh?in:

Is mór an trua go bhfuil ár gcara ón gComhaontas Glas imithe, toisc go mbíonn a chairde ag caint uaireanta faoi chathair 15 nóiméad. B'fhéidir go mbeadh sé in ann é sin a ardú lna chomhghleacaithe.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is an-smaoineamh é sin. Is rud mar sin atá i gceist agamsa. Céard is ea ceantar réasúnta le haghaidh cathair? San áit ina bhfuil cónaí orm anois, ní cheapfadh éinne gur tada é dul 10 míle nó 15 míle ar scoil, ach tá sé sin difriúil toisc go bhfuil an pobal scaipthe. Istigh i gcathair, ní tharlaíonn sé sin. Is é sin an fáth go bhfuil mé á rá. Tá Simon Ó Donnabháin tar éis an-smaoineamh go deo a thabhairt don choiste maidir leis an gcathair 15 nóiméad. Tá súil agam go bhfuil muid tar éis nóta a dhéanamh faoi sin. Chomh fada is gur féidir, ba chóir go mbeadh scoil laistigh de 15 nóiméad de chuile dhuine agus muid ag bunú an chathair 15 nóiméad. Is an-smaoineamh é.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Luaigh Treasa Ní Mhurchú go bhfuil aistear bus uair go leith - seachas 15 nóiméad - i gceist. An cheist atá ag an Teachta Ó Cuív agus an rud atá i gceist againn ar deireadh, ná an féidir linn mar choiste an méid atá ráite ag na finnéithe a ardú leis an Aire agus moltaí a dhéanamh. Tá go leor moltaí ann agus tá aighneacht nó tuairisc le teacht go fóill. Más féidir linn díriú isteach ar an athrú is tapúla a chuideodh lenár bhfinnéithe chun na nGaelcholáistí atá á lorg acu ina gceantair difriúla a bhunú, is é sin an toradh a theastaíonn uainn a bhaint amach. Cén brú breise gur féidir linn a chruthú ionas go mbeidh tairbhe éigin as na comhráite seo inniu?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An pointe atá mise ag déanamh ná go bhfuil polasaí mór á lorg maidir le critéir Gaeilge do na meánscoileanna, ach tá an polasaí ann cheana féin. Níl le déanamh ach critéir a chur leis an bpolasaí. Céard a chiallaíonn an méid atá ráite sa pholasaí? Níl na mionpholasaithe leagtha amach. Tá an méid atá ráite maidir leis an gcathair 15 nóiméad an-ciallmhar, ach taobh istigh de sin cén líon daoine agus cén líon bunscoileanna atá ann? An ceantar nádúrtha é? Bheadh sé spéisiúil breathnú ar cá bhfuil na scoileanna Béarla suite. An bhfuil siad suite istigh sa phobal? D'fhéadfaí critéir a leagan amach agus táim cinnte go n-éireodh leo. Ní gá do scoileanna Béarla bheith ann.

Mr. Julian de Sp?inn:

Aontaím go huile is go hiomlán leis an Teachta maidir leis an bpolasaí; tá sé ann. Tháinig ráiteas ar dtús agus an straitéis ina dhiaidh. Maidir le critéir, tá na feachtais seo ar fad bunaithe ar chritéir a bhíomar ag plé leis an bhForas Pátrúnachta roimhe seo. D'fhéadfaimis teacht ar ais le moltaí faoi sin, cinnte. Táimid ar fad ag tagairt do roinnt scoileanna inár gceantair, agus táimid ar fad ag labhairt faoi na daltaí inár gceantair atá ag teacht amach agus nach bhfuil spásanna ann dóibh. Tá comóntacht eadrainn.

Mr. Cormac Mac Cashin:

Aontaím go hiomlán leis an Teachta. Tá an-chiall leis an méid ar mhol sé. Tá a fhios agam go bhfuil an Teachta McHugh imithe ach de réir mo thuiscine, bunaítear Gaelcholáiste ar an tuiscint go mbeidh 400 dalta ag freastal air. Caithfear a chruthú go mbeidh a dhóthain daltaí ag teacht ó bhunscoileanna Gaeilge le 400 dalta a sholáthar. Go bhfios dom, d’fhógair Joe McHugh mar Aire go mbeadh titim ar an líon sin síos go dtí 250. Má dhéantar cuardach ar líne - níl a fhios agam an bhfuil baint aige le education.ie a bheith imithe agus gov.ie tagtha isteach ina áit - ní féidir teacht ar an ráiteas sin. An é 250 an seasamh oifigiúil seachas 400? Taobh amuigh den mhionphointe sin, táimid anseo ag caint faoi cheantair ar nós Sord, ina bhfuil líon na ndaltaí ag fás ó 900 go dtí 1,200. Táimid i bhfad chun tosaigh ar na riachtanais a bhíodh ann go dtí seo. Ní dóigh liom go mbeadh aon fhadhb ann iarratas a dhéanamh ar an Aire go mbeadh próiséas ann ina leith seo. Ní féidir liom ríomhphost a sheoladh chuig an Aire inniu ag iarraidh uirthi scoil a bhunú - níl bealach ann le sin a dhéanamh. Bheadh muid go léir sásta dá mbeadh próiséas ann chun iarratas a sheoladh chuig an rannóg pleanála sa Tulach Mhór ionas gur féidir leo breathnú air. Bheadh muid in ann teacht le critéir - is cuma má tá 250 nó 400 i gceist - ós rud é go bhfuil na huimhreacha againn.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táimid ag moladh go traspháirtí go mbeadh critéir ann. Má deirimid 250, sin an méid gur ghá a bheith agat, agus caithfear cruthúnas réasúnta a chur ar bun. Is an chéad rud le breathnú air ná an méid dalta atá ag freastal ar oideachas bunleibhéal sa cheantar roghnaithe. Níl aon mhaitheas bheith ag breathnú ar céard atá na gasúir i láthair na huaire ag déanamh. Mura bhfuil aon Ghaelscoil ann, níl go leor acu chun taisteal i bhfad ón mbaile, ar go leor cúiseanna - tuismitheoirí ag obair agus mar sin de. Tiocfaimid ar ais aige sin. Is féidir linn tacú leis an gcathair 15 nóiméad, rud a chiallaíonn radius leathuair trasna. Má scríobhann muid na gcritéir, is féidir linn a cheistiú cén fáth nach nglactar leis an gcritéir sin mar thacaíocht don rud seo. Is féidir linn a thaispeáint go bhfuil an scolaíocht lánGhaeilge in ann seasamh leis féin. Ní gá tada a rá faoi aon scoil Béarla ansin. Tá buntáiste eile ag baint le cur chuige na gcritéir. Tá a fhios againn go bhfuil tacaíocht againn ón Aire maidir leis an 250. Cuirfear é sin tríd. Bheadh orthu a rá go bhfuil siad in ann é sin a chomhlíonadh. Tá toghchán ag teacht. Bheadh raic polaitiúil faoin cheist seo. Bheimid in ann an cheist dlisteanach seo a chur ar chuile pháirtí, agus daoine nach bhfuil i bpáirtí, atá ag seasamh sa thoghchán: an seasann tú le seo nó nach seasann?

Mr. Julian de Sp?inn:

Caithfidh mé a rá go mbeadh maitheas ag baint le cur chuige na gcritéir, agus gur fiú dúinn sin a dhéanamh. Tá taithí san earnáil gur fiú tógáil san áireamh chomh maith. In áiteanna nach bhfuil ach cúig nó sé scoileanna lán-Ghaeilge iontu - Muineachán nó Ceatharlach, mar shampla - tá meánscoileanna rathúla iontu. Tá cúinsí eile le tógáil san áireamh sna chritéir má tá critéir le cur le chéile. Caithfimid freastal ar áiteanna lasmuigh de na áiteanna uirbeacha.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí mise ag díriú isteach ar na scoileanna i mBaile Átha Cliath. Má tá bunscoil lán-Ghaeilge i mbaile mór, agus limistéar de 20 míle timpeall air sin gan aon Ghaelscolaíocht ann, glacaim leis go bhfuil critéir faoi leith i gceist. An faitíos atá ormsa sa chathair ná go mbeadh slat tomhais tuaithe i gceist, rud nach mbeadh réalaíoch.

Tá mo gharchlann féin ag dul ag Gaelscoil i Luimneach agus tá sé píosa i bhfad siar ó mo chontae thiar. Is é an leithscéal a úsáidtear i mBaile Átha Cliath ná a rá nach bhfuil fadhb ar bith ag dul ó Dhroichead na Dothra, ó Dhomhnach Broc, Ráth Garbh nó Raghnallach amach go Coláiste Eoin. Céard atá orthu, a deirtear, mar níl i gceist ach dhá mhíle agus tá daoine ag taisteal i bhfad níos faide ag dul ag an scoil, agus mar sin de. Ní dóigh liom gurb ionann an dá chás. Chaithfí straitéis a bheith ann don pobal tuaithe agus don phobal cathrach mar ní bhunófaí Gaelscoil i chuile áit a bhfuil scoil Bhéarla mar níl an t-éileamh ann.

Professor P?draig ? Duibhir:

Cuirim fáilte roimh an bpointe a rinne an Teachta go mbeadh critéir ann scun scan ar an soláthar Béarla mar is dócha gurb é sin ceann de na fadhbanna atá ann anois. Tá an Roinn ag breathnú ar uimhreacha iar-bhunscolaíochta agus ag rá go bhfuil go leor soláthar sa cheantar seo nó sa cheantar sin. Baineann sé le cúrsaí pátrúnachta freisin agus ní aontaím ach oiread go mba chóir go mbeadh pátrúnacht trí Ghaeilge i gcomórtas le pátrúnacht trí Bhéarla díreach ar son an ilchreidimh agus, dá réir, go mbeadh an rogha teanga á mheascadh ansin leis an éiteas pátrúnachta. Ba mhaith liom tacú leis na rudaí sin.

Mholfainn go mbeadh sé sin, más féidir, ina chuid den tuarascáil ón gcoiste, go mbeadh éileamh ar an nGaelscolaíocht scartha amach ó aon éileamh eile. Mar a fheicim féin é, tá na pátrúnachtaí i gcomórtas le chéile chun an status quo a athrú agus tá an status quo ag fanacht mar atá sé. Fanfaidh sé mar atá sé mar níl na scoileanna seanbhunaithe ag iarraidh a athrú mar níl aon ghá dóibh ina leith sin. Ar bhealach, braithim go bhfuil cúpla pátrúnacht ach go háirithe ag streachailt faoi na blúirí beaga atá ag titim den bhord, mar a déarfá, in áit an Roinn ag féachaint ar céard atá ann faoi láthair, má tá cúig iar-bhunscoil tri Bhéarla i gceantar agus mura bhfuil sí chun ceann nua a bhunú, agus soláthar a dhéanamh ar an bpobal seachas ligean don status quo fanacht mar atá agus an Ghaeilge, mar a fheicimid í, thíos leis.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar mhaith le haon duine eile labhairt air sin?

Ms Clare Kavanagh:

Tá 1,000 páiste i Ranelagh Gaels GAA at the moment ach níl aon áit nó pitch againn. We do not own any pitches. Má tá Gaelcholáiste inár gceantar, beidh áit freisin ann for Ranelagh Gaels. Tá a lán knock-on effects when you do not have a Gaelcholáiste, because you do not have a place for a lot of things to spring from. We are asking the Aire and saying we want a place and a building. We do not want what we have already. What we have already has given us what we have already. The teanga is not at the place where we want it. We have a lot ambition for the language and we want a Minister who has ambition for the language to come and meet us. She has no right to give us numbers that we have to come up with out of nowhere with no effort from the Rialtas or from the Department of Education to grow the numbers. I do not understand why she is telling grassroots campaigns to come up with 400 páistí líofa chun an Ghaelscoil nó an mheánscoil nua a oscailt, when she has done nothing to grow those numbers. We will give her numbers at the polls. We want a place and a building i mBaile Átha Cliath 2 go dtí 8 Cherrywood agus the northside. Is ceist faoi áit í seo. We need a place and the language needs new places, not the same ones.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé spéisiúil. Tá an bheirt againne atá fágtha as Dhumhach Thrá, is é sin idir Dhroichead na Dothra agus Domhnach Broc. Tá an bheirt díobh as Baile Átha Cliath 4. Tá Gaeilge ann, bhí Gaeilge ann agus beidh Gaeilge ann.

Ms Clare Kavanagh:

Nó Gaeilge bhriste.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Rud amháin go gcaithfimid cuimhneamh air anseo ná go bhfuil píosa eile polasaí anseo a dhéantar dearmad air, is é sin:

Dearbhaíonn an Rialtas a thacaíocht d’fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta tríd an ráiteas seo. Creideann an Rialtas go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an nGaeilge do phobal, do shochaí agus do chultúr na hÉireann.

Mar sin, sa ráiteas sin, bhí an Rialtas ag rá, agus níor shéan aon rialtas é riamh ó shin, go raibh dualgas dearfach ar an Rialtas i leith na Gaeilge, ní díreach freastal ar an éileamh ach go raibh dualgas air an dualgas a chothú. Is é an rud atá tarlaithe ná nach bhfuil polasaí an Rialtais á chur i bhfeidhm ach tá sé ar fad scríofa síos. Níor shéan aon Rialtas riamh é nó ní dúirt sé, go bhfios domsa, go hoifigiúil go bhfuil sé chun í a chaitheamh amach. Deireann chuile Rialtas tráth Lá le Pádraig cé chomh mór is atá sé ar son an Ghaeilge a chur chun cinn, cé mhéad Gaelscoileanna a bhunaíonn sé, agus mar sin de. Tá go leor armlóin le haghaidh feachtas dearfach chun polasaí an Rialtais a chur i bhfeidhm agus a rá leis nach bhfuil sé á dhéanamh.

Maidir le teacht ar na scoláirí agus cé mhéad atá ag iarraidh dul ar Ghaelscoil, deirim i gcónaí, nuair a bhí Alexander Graham Bell ag déanamh an chéad teileafón, nach ndearna sé vox pop le fáil amach an oibreodh an uirlis. Is ar éigean go ndéarfadh daoine go n-oibreodh sé, agus go ndéarfadh siad nach raibh gá leis mar go raibh daoine in ann cumarsáid a dhéanamh lena chéile tríd litir a chur sa phost agus mar sin de. Anois, is minic go bhfuil péire nó trí cinn curtha i bpóca chuile dhuine anois.

Go pointe, is deacair éileamh a chruthú nuair nach bhfuil rud ann, ach sílim féin má tá dóthain bunscoileanna ann, nó i mbaile mór tuaithe mura bhfuil ach bunscoil amháin ann, is freastal é sin atá sách mór agus, mar sin, is é sin an t-éileamh cruthaithe. I dtaca leis an gcathair, go hiondúil bíonn trí nó ceithre bhunscoil ag freastal ar mheánscoil amháin. Tá sé éasca go maith, dar liom, na critéir a leagan síos ach caithfidh an rud a bheith bunaithe ar dhearfacht nach bhfuil an Rialtas neodrach sa chás seo.

Mr. E?in MacMaoilir:

Tá sé an-tábhachtach a bheith ag caint faoi pholasaithe agus an todhchaí, ach más tuismitheoir nó múinteoir tú a bhfuil baint agat leis na scoileanna seo, is emergency é seo. Ní féidir linn fanacht ar an todhchaí. Nuair a tharlaíonn emergency i rudaí eile, bíonn response ón Rialtas. Caithfimid solution an-tapa a fháil do na daoine atá ansin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim, ach má táthar ag iarraidh é a dhéanamh go sciobtha, nár fhantar. Tá a fhios ag chuile dhuine sa Teach anseo - táim ar phéire coistí - an mífhoighne le bunú coimisiún agus mar sin de, ach nuair atá an polasaí ann cheana féin, úsáid é. Is é sin an difríocht idir an rud atáim ag moladh agus á rá go bhfanfaimid go dtí go mbeidh polasaí mór millteach forbartha. Táim ag rá nach bhfuil i gceist ach critéir do na polasaithe atá ann cheana féin. Úsáid iad mar tá siad úsáideach ar chomhaltaí na Státseirbhíse. Is í sin an chaoi a oibríonn an córas. Ní bheinn ag moladh ach tuigim an phráinn. Níl gasúr agam sa mheánscoil le sé bliana anois ach tuigim an phráinn.

Ms Rachel de Bhail?s:

Aontaím leis an Teachta Ó Cuív. Is iontach an rud é go bhfuil polasaithe agus go bhfuil rudaí i scríbhinn i gclár an Rialtas agus a leithéid sin le go bhféadfaimis a úsáid chun ár gcásanna a chur chun cinn. Is í an chúis go bhfuilimid anseo inniu, áfach, ná go bhfuil sé sin i scríbhinn le deich mbliana anuas agud ní hé gur thángamar le chéile le seachtain anuas. Tá muidne le chéile le trí bliana, deich mbliana nó 20 bliain anuas agus tá sé sin i scríbhinn le deich mbliana anuas. Is straitéis 20 bliain atá ann agus tá muidne ag troid ar son an fheachtais seo fad is atá an polasaí sin ann i scríbhinn. Is rud é go bhfuil ní áirithe i scríbhinn ach rud ar leith eile é nuair nach bhfuil aon rud ag tarlú dá bharr. Cé go bhfuil an polasaí ann, tá trí bhunscoil lán-Ghaeilge inár gceantar ach níl scoil iar-bhunscoil Gaeilge, Gaelcholáiste, fós againn. Tá na huimhreacha agus na polasaithe againn ach níl éinne ag éisteacht linn. B'fhéidir nach bhfuilimid glórmhar go leor.

Fiú amháin maidir leis na scoileanna seo, tá Gaelcholáiste gar dúinn thuas an bóthar thart fá uair a chloig ar an mbus scoile uainn, agus tá daltaí ag freastal ar an scoil sin ónár gceantar, ach fiú maidir leis an scoil sin, tá sí breis is 20 bliain ag fanacht ar fhoirgneamh cé go bhfuil na polasaithe ann.

Tá lucht na Gaeilge i gcónaí ag troid i gcomhar rudaí agus ní chóir go mbeadh sé mar sin. Ní hamháin go bhfuilimid anseo ag troid ar son cearta teanga agus cearta oideachais is a leithéid sin atá práinneach, mar a dúirt Eóin MacMaoilir, do na daltaí i ranganna trí, ceathair agus cúig anois sna trí bunscoile i gceantar Sord, ach tá na scoileanna amuigh ansin atá bunaithe ag fulaingt chomh maith de bharr easpa spáis, easpa seomraí folláine, easpa riachtanas oideachais speisialta, easpa múinteoirí, easpa trealamh spóirt agus gach uile rud. Táimid ag troid ar son na rudaí sin gach uile lá chomh maith. Tá sé práinneach anois, mar a dúirt Eóin. Sásaímid na critéir anois so tá práinn ag baint leis.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim é sin. An rud atá mise ag iarraidh a sheachaint ná go bpiocfar scoil anseo agus scoil ansiúd agus go bhfágfar an chuid eile agus go gcaithfidh siad tosú arís. Caithfimid géarú ar na critéir. Is é sin an dearcadh a bheadh agam ón taithí atá agam ar an suíomh. Bhí mise páirteach in airgead a bhailiú do Ghaelscoil Bhaile Munna i bhfad ó shin nuair a bunaíodh an scoil an chéad uair. Níor mhaith a rá cé chomh fada siar is atá sé sin; tá a fhios ag Simon Ó Donnabháin ansin. Bhíodh muid ag rith céilithe anseo sa chathair agus ag tabhairt an fuílleach as na céilithe le haghaidh bunú na scoile. Bhí aithne mhaith agam ar an bunaitheoirí. Tuigim an fheachtasaíocht atá ar bun le bheith i do Ghaeilgeoir ach is maith an rud é struchtúr a bheith leis, sa rud atá á dhéanamh.

Mr. Julian de Sp?inn:

Aontaím leis an bpráinn. Ní féidir linn an phráinn a chur ar leataobh ach mar cuid den rud atá á rá ag Teachta, ní dóigh liom go mbeadh aon fhadhb againn teacht ar ais an tseachtain seo chugainn le critéir agus a léiriú cén áit a sheasann gach feachtas atá anseo agus a bhí anseo an uair deireanach agus cá bhfuil siad sa critéir sin. D’fhéadfaí sin a dhéanamh laistigh d’achar an-ghairid. Is féidir linn sin a dhéanamh mar chuid den chur chuige atá ar siúl ag an gcoiste. Ach ní athraíonn sé sin an phráinn nó an gá leis an gcinneadh ón Aire ar gach ceann. Má láidríonn sé an cás atá á dhéanamh againn, is fiú é sin a dhéanamh mar sin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam go maith an fhadhb.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cad iad an figiúr atá ann ó thaobh siúd atá ag freastal ar Ghaelscoileanna nach féidir dul chuig Gaelcholáiste, ag cur san áireamh páistí i scoileanna Béarla a bhíonn ag iarraidh dul go dtí Gaelcholáiste chomh maith? An féidir linn díriú ar an titim agus ar cé mhéad dalta atá an Stát ag loic orthu toisc nach bhfuil spás ann dóibh? Is é sin an dream a bhfuil strus orthu anois, mar a dúirt Eóin MacMaoilir, agus an dream atá ag iarraidh an comhluadar ina bhfuil siad a choimeád. Chuaigh mise ar scoil i Scoil Lorcáin fadó fadó agus chuaigh muid go dtí Coláiste Eoin ina dhiaidh. Ní raibh aon dabht ann ag an am. Bhí spás ann. Ní raibh fadhb ar bith ann. Chuaigh na páistí agamsa go dtí Coláiste Chilliain nó sa deireadh thiar chuaigh duine amháin acu go Coláiste Íosagáin. In ainneoin go raibh Coláiste Mhuire níos giorra de réir an Roinn Iompair, dúradh linn dul ansin. Bhí spás ann dóibh ach bhí a fhios agam ag an am go raibh páistí ann nach raibh spás ann dóibh i gceantair eile. Tá sé sin 20 bliain ó shin agus i roinnt cásanna deich mbliain ó shin ó thaobh mo pháistí de. Níl siad ach críochnaithe le tamall de bhlianta ach, mar sin, tá athrú suntasach tar éis tarlú. Bhí a fhios ag an Stát nuair a thug sé cead nó nuair a bunaíodh na bunscoileanna go mbeadh éileamh ann. Is é sin an rud nach dtuigeann mise. Tugadh cead agus bunaíodh bunscoil. Ocht mbliana níos déanaí, tá daltaí ag críochnú sa bhunscoil, tá siad ag lorg spás i nGaelcholáiste agus níl aon Gaelcholáiste ann. Tá a fhios ag an Stát faoi sin le blianta anuas. Ní rud nua é. Ní hé gur chuir Eóin nó aon duine anseo a gcuid páistí ar scoil gan smaoineamh. Ghlac siad leis go gcothódh an Stát spás mar gurb é seo an plean. Tá an géarchéim seo tagtha. Rud difriúil é nach bhfuil an Stát ag tacú le Gaelscoileanna a bhunú fiú, ar eagla go mbeadh níos mó éilimh ar Ghaelcholáistí, b’fhéidir. An bhfuil tuairim ag aon duine cad é a difríocht idir líon na ndaltaí a fhreastalaíonn ar Ghaelscoileanna agus iad siúd a fhreastalaíonn ar Gaelcholáistí?

Professor P?draig ? Duibhir:

Is dócha gur léirigh Eóin MacMaoilir é go maith ansin ina chuid cainte. Tá an ráta aistrithe íseal mar gheall go bhfuil cinntí á dhéanamh ag daoine i rang trí, ceathair agus cúig. Níl siad cinnte an mbeidh Gaelcholáiste ann nó nach mbeidh so bíonn orthu a gcuid páistí a aistriú ón mbunscoil i rang a cúig nó rang a sé chun go mbeadh siad istigh i scoil atá ag soláthar don iar-bhunscoil nó feeder school mar a thugann siad orthu. Tá an ráta aistrithe oifigiúil níos lú nó 50% i láthair na huaire ach tá sé sin ar fud na tíre agus ag cur san áireamh nach bhfuil rogha réadúil ag an-chuid daoine. Bhí sé sin an-láidir sa chomhairliúchán poiblí. Bhí 1,500 tuismitheoir a d’fhreagair an suirbhé sin don chomhairliúcháin a raibh a bpáistí ag dul chuig iar-bhunscoil trí Bhéarla mar gheall nach raibh roghanna acu. Baineann sé leis an t-éileamh. Is é sin ceann de na freagraí a bhí mé ag iarraidh a thabhairt don Teachta Connolly freisin. Stopann an ró-éileamh ag an mbunleibhéal go leor daoine ag smaoineamh faoin nGaeloideachas ar chor ar bith mar ceapann siad nár fiú dóibh smaoineamh faoi dá bharr. Tá daoine eile sna hiar-bhunscoileanna ag rá nár fiú dóibh smaoineamh faoi freastal ar Ghaelcholáiste mar go bhfuil Coláiste Chilliain, mar shampla, ró-fhada uatha, nó seo, siúd agus uile. Tá roinnt figiúirí ag Cormac Mac Cashin.

Mr. Cormac Mac Cashin:

Tá. Sílim gurb í an cheist atá ag an gCathaoirleach ná cé mhéad dalta atá ag freastal ar Ghaelscoil agus atá ag leanúint ar aghaidh go Gaelcholáiste. Níl an figiúr agam anseo ach tá an taighde déanta ag an Roinn agus tá sé sa tuarascáil a ullmhaíodh agus an polasaí d’oideachas lán-Ghaeilge á chruthú.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá na figiúir sin bunaithe ar rang a sé. Tá Pádraig Ó Duibhir tar éis ceist a ardú anseo. Má thógann tú líon na ndaltaí atá ag rang a trí, abair 10,000 páiste atá i rang a trí i nGaelscoileanna timpeall na tíre, nó pé figiúr atá ann, agus má fhéachann tú ar an méid spáis atá i mbliain a haon i ngach uile Gaelcholáiste, tá a fhios agat go bhfuil fadhb bunúsach ann nach bhfuil an spás ann, is cuma a n-athraíonn na tuismitheoirí a n-aigne nó nach n-athraíonn. Tá tuismitheoirí i scoileanna Béarla atá ag iarraidh a gcuid páistí a chur chuig Gaelcholáiste chomh maith céanna. Is é sin an áit atá an fhadhb.

Mr. Cormac Mac Cashin:

Tá an-chiall ag baint leis an bhfigiúr sin a dhéanamh amach go soiléir. Sílim go bhfuil sé roinnte leis an gcomhchoiste ach i gcuid den taighde atá déanta, ag breathnú ar thuaisceart Áth Cliath, is é sin ón Life suas chomh fada le Baile Brigín, má chuirtear san áireamh an chomparáid idir líon na spásanna atá sna Gaelcholáistí agus an líon daltaí atá ag fágáil na Gaelscoileanna, feictear an bhearna. Tá na Gaelcholáistí in ann 360 páiste a thógáil gach bliain. Is é sin an líon iomlán i ngach Gaelcholáiste. Sa scoilbhliain seo caite, d’fhág 579 páiste rang a sé. Ach an rud atá ann, mar gheall ar na scoileanna atá bunaithe agus scoileanna a bhogann ó foirgneamh ocht rang go dtí 16 rang agus mar sin de, tá an líon daltaí sin chun ardú ó 579 go dtí 774. Bhí 360 spás ann siar deich mbliana ó shin. Ó shin, tá líon na ndaltaí sna Gaelscoileanna ag fás agus ag fás agus tá an pátrún ag leanacht ar aghaidh. Tá na huimhreacha ag fás bliain ar bhliain. In 2023, bhí 4,624 páiste sna Gaelscoileanna i dtuaisceart Áth Cliath agus tá an figiúir sin ag fás go 6,188. Tá a fhios ag an Roinn Oideachais go bhfuil an fás seo ag tarlú.

Mr. Julian de Sp?inn:

Ardaíonn sé sin ceist. Léiríonn an taighde a rinneamar ar na scoileanna, mar a luaigh Cormac Mac Cashin níos luaithe, go mbeadh an-spéis ag 85% de na tuismitheoirí suas go dtí rang a haon a gcuid páistí a chur ar aghaidh go dtí Gaelcholáiste dá mbeadh ceann ina scoilcheantar. Ina dhiaidh sin, tosaíonn an céatadán ag titim mar tosaíonn na fachtóirí eile ar fad ag teacht i bhfeidhm. Is iad sin na daoine a fuair isteach sna scoileanna ar dtús. Mar a dúirt Pádraig Ó Duibhir, bhí daoine ann nach raibh sna scoileanna ar dtús. Sílim gur luaigh an Teachta Ó Cuív níos luaithe é. Caithfear an scoil a thógáil agus ansin tiocfar ar na daltaí. Tá siad againn agus cruthaithe go bhfuil siad againn, ach tiocfaidh níos mó. Níl muid ag labhairt faoi na scoláirí a thagann ó na scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Tarlaíonn sé sin i gColáiste Eoin agus Íosagáin agus i nGaelcholáistí eile. Táimid díreach ag labhairt faoi na Gaelscoileanna anseo. Tá an oiread sin éileamh ann. Nuair atá mé ag plé le tuismitheoirí eile i nGaelscoil Lios Na nÓg, ní labhraím faoin dara leibhéal leo mar níl mé ag iarraidh comhrá a thosú áit a mbeadh siadsan ag breathnú orm ag ceapadh go bhfuil níos mó seans agam, mar go bhfuil Gaeilge sa bhaile agam, spás a fháil i gceann de na Gaelcholáistí. Níl aon chaint ann faoin dara leibhéal. Níl aon chultúr á chruthú. Níl muid ag iarraidh daoine a mhealladh chun teacht linn go dtí an dara leibhéal mar is beag seans go mbeidh na daltaí le chéile ag an bpointe sin.

Mr. Cormac Chambers:

Tá sé actually níos measa ná sin. Labhraíonn muid le gach tuismitheoir sula dtagann siad isteach sa scoil agus bíonn siad ag rá cá freastalóidh a gcuid páistí freastal ar mheánscoil – tá mé ag caint faoi na Gaelscoileanna – agus ní bhíonn aon fhreagra againn air sin. Uaireanta, déanann siad cinneadh páistí a sheoladh chuig an scoil Béarla mar tá a fhios acu go mbeidh siad le cairde an bealach ar fad tríd isteach sa mheánscoil céanna. Tá sé sin ann chomh maith. Déanann sé sin damáiste do na bunscoileanna ó thaobh uimhreacha de chomh maith.

Professor P?draig ? Duibhir:

Díreach ar an bpointe faoin ráta aistrithe, mar a dúirt Julian de Spáinn agus mar a bhí luaite ag Cormac Chambers ina ráiteas tosaigh, tá sé breis is 80%. I gcás Scoil Chaitlín Maude, a bhfuil baint agam féin léi, téann breis is 80% ar aghaidh go dtí an iar-bhunscoil mar tá iar-bhunscoil i dTallaght, is í sin, Coláiste de hÍde. Nuair atá iar-bhunscoil ann agus tá a fhios ag tuismitheoirí go bhfuil sí ann, bíonn ráta aistrithe i bhfad níos mó ann. Is pointe an-tábhachtach é mar tá a fhios agam – tá sé feicthe agam – go n-úsáideann oifigigh na Roinne an pointe sin i bhfreagraí cheana féin. Deir siad nach bhfuil ach ráta aistrithe de 40%. Tá an ráta oifigiúil a d’fhoilsigh an Roinn féin thart ar 40% ach caithfear na cúinsí ar fad a chur san áireamh.

Rinne mé féin agus Laoise Ní Thuairisg taighde do Ghaeloideachas thart ar ocht mbliain ó shín ar an leanúnachas ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil. Bíodh is go bhfuil muid ag caint faoi rang a trí, is mian liom é sin a chur ar an taifead. Bhí breis is 300 tuismitheoir sa staidéar. Ó na daoine sin a roghnaigh an iar-bhunscoil, rinne go leor dóibh an cinneadh sular thosaigh an páiste ar an mbunscoil ar chor ar bith. Is é sin an pointe an rinne Cormac Chambers. Tagann na tuismitheoirí isteach agus is pacáiste dóibh ón naíonra – más féidir leo áit a fháil i naíonra - suas go dtí an ardteistiméireacht, agus is é sin an rogha le han-chuid tuismitheoirí. An dream a roghnaigh iar-bhunscoil trí Bhéarla, is i rang a chúig agus a sé, den chuid is mó, a rinne siad an cinneadh sin. Bhain cuid de sin le heaspa roghanna nó b’fhéidir gur bhain sé leis an bpointe a rinne Sinéad Nic Aindriú maidir le riachtanas oideachais speisialta agus mar sin de. Is ag an tús a thógann an-chuid tuismitheoirí an cinneadh. Bhí an céatadán an-ard roimh rang a haon. Is pacáiste é seo a leanfaidh ar aghaidh muna dtagann dris chosáin éigin ar nós riachtanas speisialta nó nach bhfuil teacht acu. Tá sé an-tábhachtach an pointe sin a dhéanamh don Roinn.

Chuir Clare Kavanagh síos ar an bpointe sin go han-mhaith. Tá an Roinn ag fanacht linn na huimhreacha a chruthú seachas mar atá i bpolasaí an Stáit, agus atá léirithe ag an Teachta Ó Cuív, gur cheart don Stát sin a dhéanamh. Mar a dúirt mé roimhe seo, tá muid ag déanamh obair an Stáit sa chás seo agus an Stát ag cur bac romhainn seachas a mhalairt ar fad.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as sin. An bhfuil aon duine eile anseo nó ar líne atá ag iarraidh aon rud a rá? Okay, is féidir linn críoch a chur leis an chuid seo den chruinniú. Gabhaim buíochas le gach duine atá anseo. Chuala mé Eóin MacMaoilir go háirithe agus an strus a bhí air mar thuismitheoir. Tá a lán daoine mar é atá ag dul tríd plean a dhéanamh don todhchaí ó thaobh na bpáistí de agus ó thaobh a gcairde de, mar is é sin a bhíonn ann. Is léir ón méid a chuala muid inniu nach bhfuil an Stát ag déanamh mar ba chóir dó. Tá cairde sa chúirt ag na finnéithe istigh sa choiste seo. Déanfaidh muid pé rud is féidir linn. Mar a dúirt mé, beidh an tAire os ár gcomhair roimh an samhradh. Is é sin an plean atá i gceist. Ghlac muid cinneadh chun cuireadh a thabhairt don méid grúpaí agus feachtas difriúla timpeall na tíre gur féidir linn ó thaobh na nGaelscolaíochta de. Cuirfidh muid na fíricí atá bronnta orainn faoi bhráid an Aire roimh an samhradh. Níl mé ag rá go ndéanfaidh sí cinneadh ceart roimh an samhradh ach tá súil agam go dtabharfaidh sí éisteacht dúinn agus b’fhéidir go mbeidh níos mó tuisceana aici agus ag na hoifigigh a bheidh léi ar an gcruachás faoi láthair ó thaobh na ngrúpaí a bhí os ár gcomhair maidir le Gaelcholáistí, Gaelscoileanna agus an Gaeloideachas ina iomláine. Sin é. Mo bhuíochas le Cormac Chambers, Julian de Spáinn, Clare Kavanagh, Eoin MacMaoilir, Diane Hayes, Sinéad Nic Aindriú, Pádraig Ó Duibhir, Rachel de Bhailís, Ciarán Mac Réamóinn, Cormac Mac Cashin, Treasa Ní Mhurchú agus Simon Ó Donnabháin as an gcuireadh a thug siad don choiste inniu.

Níl aon ghnó eile againn inniu. Beidh ár gcéad cruinniú eile i seomra coiste a 4 an tseachtain seo chugainn, an 22 Bealtaine. Tosóidh an cruinniú sin i seisiún príobháideach ag 12 meánlae nó níos luaithe, nuair a dhéanfaidh muid déileáil le gnó príobháideach. Beidh muid ar ais ag 1.30 p.m. sa seomra coiste seo, áit a mbeidh plé againn ar ár dtuarascáil maidir leis an earnáil scríbhneoireacht, foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge leis an Aire Stáit nua na Gaeltachta, an Teachta Thomas Byrne.

Cuireadh an comhchoiste ar athó ar 3.45 p.m. go dtí 1.30 p.m., Dé Céadaoin, an 22 Bealtaine 2024.