Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 May 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé (Atógáil)

Ms Rachel de Bhail?s:

Is múinteoir agus tuismitheoir mé ach inniu is duine mé atá ag iarraidh rochtain chothrom a fháil ar oideachas lán-Ghaeilge do mo pháistí agus do na clanna uilig i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Táim anseo inniu thar ceann na dtuismitheoirí sin chun an teachtaireacht a scaipeadh go bhfuil éagóir ar siúl sa tír seo, éagóir ar phobal na Gaeilge. Baineann an éagóir le daoirse agus le réamhchlaonadh mar nach bhfuil clanna sa tír seo in ann rochtain chothrom a fháil ar oideachas lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal.

Tá éileamh i bpobal thuaisceart Bhaile Átha Cliath ar oideachas lán-Ghaeilge. Is iontach an rud é go bhfeiceann daoine na buntáistí a bhaineann le dátheangachas, le cultúr na tíre, le hoidhreacht na tíre agus leis an bhféiniúlacht a shealbhaíonn daltaí san oideachas lán-Ghaeilge. Tá an t-éileamh ar aon dul leis an gclár Rialtais agus le spriocanna agus polasaithe an Stáit. Is díomách an rud é nach bhfeiceann an Roinn Oideachas an luach céanna. Tá an Roinn Oideachais ag déanamh beag is fiú de spriocanna agus seasamh an Stáit leis an easpa gnímh i leith na Gaelscolaíochta. Mar gheall ar an dímheas seo ón Roinn Oideachas, tá neart clann amuigh sa phobal gan rogha áitiúil acu a bpáistí a sheoladh ar aghaidh chuig Gaelcholáiste tar éis ocht mbliana a chaitheamh ag dul tríd oideachas lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal. Tá mé féin ionadaíoch ar go leor tuismitheoirí eile sa cheantar mórthimpeall ar Shord. I mo cheantar, tá trí Ghaelscoil ann: Gaelscoil Bhrian Boróimhe, Scoil an Duinnínigh, agus Gaelscoil na Mara a bunaíodh in 2020. Tá 921 dalta ag freastal ar na scoileanna sin i mbliana ach beidh 1,100 dalta ag freastal orthu nuair a bheidh Gaelscoil na Mara forbartha.

Go stairiúil, bhí líon áirithe daoine sásta taisteal amach ón gceantar chun freastal ar Ghaelcholáiste mar gheall nach bhfuil ceann sa cheantar. Bíonn ar na daltaí sin dúiseacht go moch ar maidin chun tabhairt faoin taisteal agus níl siad in ann freastal ar imeachtaí iarscoile mar go mbíonn orthu bus scoile a fháil abhaile. Léiríonn na staitisticí go bhfuil an líon daltaí sna bunscoileanna lán-Ghaeilge anois ag dul i méid agus ní bheidh an rogha sin ann amach anseo. Ní chuirtear taisteal bus ar fáil ach amháin don Ghaelcholáiste is cóngaraí. Má tá ró-éileamh ar an scoil sin, ní bhfaighidh tú tairiscint freastal ar aon scoil eile. Is é an eochairphointe gur mhaith liom a chur in iúl ná go bhfuil tairseach chriticiúil againne le 1,000 dalta nach féidir le haon mheánscoil reatha freastal air agus is cóir Gaelcholáiste a bhunú sa cheantar anois.

De réir Ráiteas Straitéise 2023-2025 an Roinn Oideachas, tá sé mar sprioc nó fís ag an Roinn "córas oideachais ar ardchaighdeán, ina mothaíonn gach ball dár bpobail oideachais, lena n-áirítear ár leanaí agus ár ndaoine óga, a dteaghlaigh agus na baill fhoirne go léir a bhíonn i dteagmháil leo, go bhfuil siad luachmhar agus go bhfuil tacaíocht á fáil acu." Níl lucht na Gaeilge i mBaile Átha Cliath in ann an tacaíocht sin a fheiceáil, faraor. Cén fáth nach bhfuil bunscoil agus meánscoil Ghaeilge i ngach ceantar nuair atá an t-éileamh ann? Gheall an Rialtas reatha an méid sin sa chlár Rialtais. Cén fáth a gcaitheann páistí mhuintir na Gaeilge taisteal fada a dhéanamh chun dul ar scoil? Cén fáth a gcaithfidh ár gcuid páistí fulaingt mar gheall nach bhfuil siad in ann páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí i ndiaidh na scoile toisc go gcaitheann siad bus scoile a fháil abhaile chuile lá? Cén fáth a bhfuil clanna Éireannacha in 2024 faoi bhois an chait de dheasca go ndearna siad cinneadh dul i dtreo oideachais lán-Ghaeilge?

Molaim féin gur chóir don Stát tús a chur leis na hullmhúcháin anois chun Gaelcholáiste a bhunú i mo cheantar féin. Chomh maith leis sin, ag an leibhéal náisiúnta, molaim próiseas chun scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú a thabhairt isteach, go mbeadh ceart dlíthiúil ag daoine ar oideachas lán-Ghaeilge agus dualgas reachtúil a thabhairt isteach chun líon na scoileanna lán-Ghaeilge a ardú. I dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, tá na huimhreacha againn a shásaíonn gach critéar chun Gaelcholáiste a bhunú. Múineann gá seift agus leanfaimid orainn ar son ár bpáistí chun cothromaíocht sa chóras oideachas lán-Ghaeilge a bhaint amach.